European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1532

31.7.2025

Comhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Phoblacht na Cóiré i gCláir an Aontais

AN tAONTAS EORPACH (dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta),

de pháirt, agus

POBLACHT NA CÓIRÉ (dá ngairtear ‘an Chóiré’ anseo feasta),

den pháirt eile,

dá ngairtear ‘Páirtí’ ar bhonn aonair agus ‘Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,

AR MIAN LEO creat marthanach um chomhar idir na Páirtithe a bhunú, ar creat é lena ngabhfaidh coinníollacha soiléire maidir le rannpháirtíocht na Cóiré i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, mar aon le sásra lena n-éascaítear bunú na rannpháirtíochta sin i gcláir nó i ngníomhaíochtaí aonair an Aontais,

I bhFIANAISE spriocanna coiteanna, luachanna agus naisc láidre na bPáirtithe, a bunaíodh san am atá thart tríd an gCreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile, agus an Comhaontú maidir leis an gComhar Eolaíoch agus Teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na Cóiré, lena soláthraítear creat ginearálta le haghaidh comhar i réimse an taighde agus na nuálaíochta idir na Páirtithe,

AG AITHINT DÓIBH mian chomhchoiteann na bPáirtithe a gcaidreamh agus an comhar eatarthu a fhorbairt, a neartú, a spreagadh agus a leathnú a thuilleadh ann,

AG AITHINT DÓIBH an ríthábhacht a bhaineann leis na luachanna agus na prionsabail bhunúsacha chomhroinnte atá ina mbonn leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Páirtithe sa taighde agus sa nuálaíocht amhail eitic agus sláine sa taighde, comhionannas inscne agus comhdheiseanna, agus cuspóir comhroinnte na bPáirtithe comhar idir eagraíochtaí i réimse an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear ollscoileanna, agus malartú dea-chleachtas agus gairmeacha taighde tarraingteacha a chothú agus a éascú, soghluaisteacht trasteorann agus idirearnálach taighdeoirí a éascú, saorghluaiseacht eolais eolaíoch agus nuálaíochta eolaíche a chothú, an urraim don tsaoirse acadúil agus do shaoirse an taighde eolaíoch a chur chun cinn, agus tacú le hoideachas eolaíochta agus gníomhaíochtaí cumarsáide,

AG AITHINT DÓIBH rún na bPáirtithe oibriú i gcomhar go frithpháirteach agus rannchuidiú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus le misin an Aontais arb é is aidhm dóibh tacú le hacmhainneachtaí taighde agus iad a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomh maith lena n-iomaíochas tionsclaíoch féin a dhoimhniú, agus, dá réir sin, chun tionchar claochlaitheach sistéamach a bhaint amach dá sochaithe chun tacú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (NA), agus oibriú le chéile sna réimsí tosaíochta le haghaidh comhair a leagtar amach sa Chomhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré a seoladh an 28 Samhain 2022 agus sa Chomhpháirtíocht Ghlas idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré a seoladh an 22 Bealtaine 2023,

I bhFIANAISE iarrachtaí na bPáirtithe an fhreagairt a stiúradh trí dhul i gcomhar lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda i gcomhréir leis an bplean gníomhaíochta ar mhaithe le daoine, an pláinéad agus an rathúnas sa Rún ó Chomhthionól na Náisiún Aontaithe ‘An Domhan a Chlaochlú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’  (1), agus á admháil dóibh gur uirlisí fíor-riachtanacha iad an taighde agus an nuálaíocht agus gurb iad is mó a spreagann an fás inbhuanaithe a bheidh á threorú ag an nuálaíocht, an t-iomaíochas agus an tarraingteacht eacnamaíoch,

DE BHRÍ gur bunaíodh clár an Aontais, Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) (dá ngairtear ‘Fís Eorpach’ anseo feasta) – le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

AG AITHINT DÓIBH na bprionsabal ginearálta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695,

AG CUR I dTÁBHACHT ról na gComhpháirtíochtaí Eorpacha a thugann aghaidh ar roinnt de na dúshláin is práinní atá san Eoraip trí thionscnaimh chomhbheartaithe thaighde agus nuálaíochta lena rannchuidítear go mór le tosaíochtaí an Aontais i réimse an taighde agus na nuálaíochta ina bhfuil gá le mais chriticiúil agus fís fhadtéarmach agus tábhacht rannpháirtíocht na dtíortha comhlachaithe sna Comhpháirtíochtaí sin, agus

AG AITHINT DÓIBH gur cheart go dtiocfadh sochair fhrithpháirteacha as rannpháirtíocht chómhalartach i gcláir thaighde agus nuálaíochta a chéile, agus á admháil dóibh go bhforchoimeádann na Páirtithe a gceart chun teorainn nó coinníoll a chur le rannpháirtíocht ina gcláir thaighde agus nuálaíochta; lena n-áirítear, go háirithe, teorainn nó coinníoll i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an gComhaontú seo, bunaítear na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le rannpháirtíocht na Cóiré in aon chlár nó in aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais a chumhdaítear le Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘bunghníomh’:

(i)

gníomh dlí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais, seachas moladh nó tuairim, lena mbunaítear clár, lena soláthraítear bunús dlí le haghaidh gníomhaíochta agus le haghaidh chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh arna iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais (dá ngairtear ‘buiséad an Aontais’ anseo feasta) nó chur chun feidhme na ráthaíochta buiséadaí nó an chúnaimh airgeadais a dtacaíonn buiséad an Aontais leo, lena n-áirítear aon leasú agus aon ghníomh ábhartha d’institiúid de chuid an Aontais a fhorlíonann nó a chuireann an gníomh sin chun feidhme, seachas na gníomhartha sin lena nglactar cláir oibre, nó

(ii)

gníomh dlí ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais, seachas moladh nó tuairim, lena mbunaítear gníomhaíocht arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais seachas cláir, lena n-áirítear aon leasú agus aon ghníomh ábhartha d’institiúid de chuid an Aontais a fhorlíonann nó a chuireann an gníomh dlí sin chun feidhme, seachas na gníomhartha sin lena nglactar cláir oibre;

(b)

ciallaíonn ‘comhaontú cistiúcháin’ comhaontuithe a bhaineann le cláir agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais faoi na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo, a nglacann an Chóiré páirt iontu, lena gcuirtear cistiú ón Aontas chun feidhme, amhail comhaontuithe deontais, comhaontuithe ranníocaíochta, comhaontuithe comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, comhaontuithe maoiniúcháin agus comhaontuithe ráthaíochta;

(c)

ciallaíonn ‘rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chlár agus ghníomhaíocht an Aontais’ rialacha arna leagan síos i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais’ anseo feasta) a bhfuil feidhm acu maidir le buiséad an Aontais, agus sa chlár oibre nó sna glaonna nó i nósanna imeachta dámhachtana eile de chuid an Aontais;

(d)

ciallaíonn ‘nós imeachta dámhachtana de chuid an Aontais’ nós imeachta maidir le cistiú ón Aontas a dhámhachtain, ar nós imeachta é a sheolfaidh an tAontas nó daoine nó eintitis a bhfuil sé de chúram orthu cistiú ón Aontas a chur chun feidhme;

(e)

ciallaíonn ‘eintiteas de chuid na Cóiré’ aon chineál eintitis, cibé acu duine nádúrtha, duine dlítheanach nó eintiteas eile, a fhéadfaidh a bheith rannpháirteach i gclár nó gníomhaíocht de chuid an Aontais i gcomhréir leis an mbunghníomh agus a bhfuil cónaí air sa Chóiré nó atá bunaithe ansin;

(f)

ciallaíonn ‘bliain airgeadais’ an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig.

Airteagal 3

An rannpháirtíocht a bhunú

1.   Ceadófar don Chóiré páirt a ghlacadh i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais agus rannchuidiú leo, nó, i gcásanna eisceachtúla, sna codanna díobh atá oscailte le haghaidh rannpháirtíocht na Cóiré i gcomhréir leis na bunghníomhartha agus mar a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.   Leagtar síos na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Cóiré i bhFís Eorpach sa Phrótacal maidir le Comhlachas Phoblacht na Cóiré le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) a ghabhann leis an gComhaontú seo (dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais’ anseo feasta). De mhaolú ar Airteagal 17(8) den Chomhaontú seo, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 14 den Chomhaontú seo (dá ngairtear ‘an Comhchoiste’ anseo feasta) an Prótacal sin a leasú.

3.   De mhaolú ar Airteagal 17(8) den Chomhaontú seo, leagfar síos na téarmaí agus na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Cóiré in aon chlár nó in aon ghníomhaíocht áirithe eile de chuid an Aontais sna Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo atá le glacadh agus le leasú ag an gComhchoiste.

4.   Leis na Prótacail:

(a)

sainaithneofar cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, na codanna díobh, a nglacfaidh an Chóiré páirt iontu;

(b)

leagfar síos fad na rannpháirtíochta, lena dtagrófar don tréimhse ar lena linn a fhéadfaidh an Chóiré agus eintitis na Cóiré iarratas a dhéanamh ar chistiú ón Aontas nó a fhéadfar cur chun feidhme chistiú ón Aontas a chur de chúram orthu;

(c)

leagfar síos coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Cóiré agus eintitis na Cóiré, lena n-áirítear módúlachtaí sonracha maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha airgeadais mar a shainaithnítear faoi Airteagail 6 agus 7 den Chomhaontú seo, módúlachtaí sonracha an tsásra ceartúcháin mar a shainaithnítear faoi Airteagal 8 den Chomhaontú seo, agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i struchtúir arna gcruthú chun críocha na gclár agus na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais a chur chun feidhme; comhlíonfaidh na coinníollacha sin an Comhaontú seo agus na bunghníomhartha agus na gníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais lena mbunaítear na struchtúir sin; agus

(d)

i gcás inarb infheidhme, leagfar síos méid ranníocaíocht airgeadais na Cóiré le clár de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme trí ionstraim airgeadais nó trí ráthaíocht bhuiséadach.

Airteagal 4

Comhlíontacht le rialacha chlár nó ghníomhaíocht an Aontais

1.   Glacfaidh an Chóiré páirt i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó codanna díobh, a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo faoi na téarmaí agus na coinníollacha a bhunaítear sa Chomhaontú seo, sna Prótacail a ghabhann leis, sna bunghníomhartha agus sna rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais.

2.   Áireofar an méid seo a leanas sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

incháilitheacht eintitis na Cóiré agus aon choinníoll incháilitheachta eile a bhaineann leis an gCóiré, go háirithe leis an tionscnamh, leis an áit ghníomhaíochta nó leis an náisiúntacht; agus

(b)

na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais a chur isteach, a mheasúnú agus a roghnú agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ag eintitis incháilithe na Cóiré.

3.   Beidh na téarmaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha sin is infheidhme maidir le heintitis incháilithe Bhallstáit an Aontais (dá ngairtear ‘Ballstáit’ anseo feasta), lena n-áirítear urraim do bhearta sriantacha an Aontais (4), mura bhforáiltear a mhalairt sna téarmaí agus sna coinníollacha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 5

Rannpháirtíocht na Cóiré i rialachas clár nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais

1.   Mura rud é go mbaineann sé le pointí a fhorchoimeádtar do Bhallstáit, agus dóibh sin amháin, nó i ndáil le clár nó gníomhaíocht de chuid an Aontais, nó codanna díobh, nach nglacann an Chóiré páirt ann nó inti, ceadófar d’ionadaithe nó do shaineolaithe na Cóiré, nó do shaineolaithe arna n-ainmniú ag an gCóiré, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí, i gcoistí, i gcruinnithe na ngrúpaí saineolaithe nó i gcruinnithe comhchosúla eile a nglacann ionadaithe nó saineolaithe ó Bhallstáit, nó saineolaithe arna n-ainmniú ag Ballstáit, páirt iontu, agus a thugann cúnamh don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme agus bainistiú na gclár nó na ngníomhaíochtaí, nó codanna díobh, nó atá bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach i leith chur chun feidhme dhlí an Aontais i ndáil leis na cláir nó na gníomhaíochtaí sin, nó codanna díobh, a nglacann an Chóiré páirt iontu i gcomhréir le hAirteagal 3. Ionadaithe nó saineolaithe na Cóiré, nó na saineolaithe arna n-ainmniú ag an gCóiré, ní bheidh siad i láthair tráth na vótála. Cuirfear toradh na vótála in iúl don Chóiré.

2.   I gcás nach ar bhonn náisiúntachta a cheapfar saineolaithe nó meastóirí, ní bheidh náisiúntacht ina cúis le náisiúnaigh de chuid na Cóiré a eisiamh.

3.   Faoi réir choinníollacha mhír 1, rialófar rannpháirtíocht ionadaithe na Cóiré sna cruinnithe dá dtagraítear i mír 1, nó i gcruinnithe eile a bhaineann le cur chun feidhme chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais, rialófar í leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe Bhallstáit, a mhéid a bhaineann le cearta labhartha, faisnéis a fháil, agus doiciméadacht mura rud é go mbaineann sé le pointí a fhorchoimeádtar do Bhallstáit, agus dóibh sin amháin, nó i ndáil le clár nó gníomhaíocht de chuid an Aontais, nó codanna díobh, nach nglacann an Chóiré páirt ann nó inti. Leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfar módúlachtaí breise a shainmhíniú chun costais taistil agus chothaithe a aisíoc.

4.   Sna Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfar módúlachtaí breise le haghaidh rannpháirtíocht saineolaithe a shainmhíniú, mar aon le rannpháirtíocht na Cóiré, i mboird rialúcháin agus i struchtúir arna gcruthú chun críocha chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais a shainmhínítear sa Phrótacal a chur chun feidhme.

Airteagal 6

Coinníollacha airgeadais

1.   Rannpháirtíocht na Cóiré nó rannpháirtíocht eintitis na Cóiré i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, beidh sí faoi réir ranníocaíocht airgeadais ón gCóiré leis an gcistiú comhfhreagrach faoi bhuiséad an Aontais.

2.   Beidh an ranníocaíocht airgeadais, i leith gach cláir nó gníomhaíochta de chuid an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, i leith codanna de, i bhfoirm shuim na méideanna seo a leanas:

(a)

ranníocaíocht oibríochtúil; agus

(b)

táille rannpháirtíochta.

3.   Beidh an ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm íocaíochta bliantúla a dhéanfar i dtráthchuid amháin nó níos mó.

4.   Gan dochar do mhír 9 den Airteagal seo agus d’Airteagal 7, is 4 % den ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil a bheidh sa táille rannpháirtíochta agus ní bheidh sí faoi réir coigeartuithe cúlghabhálacha. Ó 2028 ar aghaidh, féadfaidh an Comhchoiste leibhéal na táille rannpháirtíochta a choigeartú.

5.   Cumhdófar leis an ranníocaíocht oibríochtúil caiteachas oibríochtúil agus caiteachas tacaíochta agus beidh sí sa bhreis, i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí araon, ar na méideanna arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais a ghlacfar go cinntitheach le haghaidh clár nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, arna méadú, i gcás inarb iomchuí, le hioncam sannta seachtrach nach n-eascraíonn as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile, méideanna a chumhdaítear le gach Prótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo.

6.   Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar threoir ranníoca arna sainiú mar an cóimheas idir Olltáirgeacht Intíre (OTI) na Cóiré ag praghsanna an mhargaidh agus OTI an Aontais ag praghsanna an mhargaidh. Is iad seirbhísí tiomnaithe an Choimisiúin Eorpaigh a chinnfidh an OTI ag praghsanna an mhargaidh a bheidh le cur i bhfeidhm bunaithe ar na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil do ríomhanna buiséid sa bhliain roimh an mbliain ina mbeidh an íocaíocht bhliantúil le híoc. Féadfar coigeartuithe ar an treoir ranníoca sin a leagan síos sna Prótacail faoi seach.

7.   Beidh an ranníocaíocht oibríochtúil bunaithe ar chur i bhfeidhm na treorach ranníoca ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas tosaigh, a mhéadófar mar a thuairiscítear i mír 5 agus arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacfar go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a mhaoiniú, a nglacann an Chóiré páirt iontu.

8.   De mhaolú ar mhíreanna 6 agus 7, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil bhliantúil na Cóiré le Fís Eorpach le haghaidh na mblianta 2025 go 2027 a shocrú i méideanna socraithe mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Comhlachas na Cóiré le Fís Eorpach.

9.   Is é an luach seo a leanas an luach a bheidh ar an táille rannpháirtíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), ó 2025 go 2027:

2025: 2,5 %;

2026: 3 %;

2027: 4 %.

10.   Arna iarraidh sin, soláthróidh an tAontas Eorpach faisnéis don Chóiré i ndáil lena ranníocaíocht airgeadais mar a áirítear san fhaisnéis bhuiséadach, chuntasaíochta, feidhmíochta agus mheastóireachta arna soláthar d’údaráis bhuiséadacha agus d’údaráis um urscaoileadh an Aontais maidir le cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a nglacann an Chóiré páirt iontu. Soláthrófar an fhaisnéis sin agus aird chuí á tabhairt ar rialacha rúndachta agus cosanta sonraí an Aontais agus na Cóiré agus tá sí gan dochar don fhaisnéis atá an Chóiré i dteideal a fháil faoi Airteagal 10.

11.   Is in euro a dhéanfar aon ranníocaíochtaí airgeadais ón gCóiré nó na híocaíochtaí uile ón Aontas agus is in euro a ríomhfar na méideanna a bheidh dlite nó le fáil.

12.   Leagtar amach forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo sna Prótacail faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Airteagal 7

Cláir nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag sásra coigeartaithe na ranníocaíochta oibríochtúla maidir leo

1.   I gcás ina bhforáiltear amhlaidh i bPrótacal sonrach a ghabhann leis an gComhaontú seo, féadfar ranníocaíocht oibríochtúil chláir nó ghníomhaíochta de chuid an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna de, le haghaidh bhliain N a choigeartú go cúlghabhálach i mbliain amháin nó níos mó blianta ina dhiaidh sin ar bhonn na ngealltanas buiséadach a dhéanfar maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh na bliana sin, agus ar bhonn chur chun feidhme a ngealltanas dlíthiúil agus a ngealltanas saortha.

2.   Sa bhliain N+1 a dhéanfar an chéad choigeartú, nuair a choigeartófar an ranníocaíocht oibríochtúil de réir na difríochta idir an ranníocaíocht agus ranníocaíocht choigeartaithe arna ríomh trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú trí chur i bhfeidhm comhéifeachta i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i bPrótacal sonrach a ghabhann leis an gComhaontú seo, a chur i bhfeidhm maidir le suim:

(a)

mhéid na ngealltanas buiséadach a rinneadh maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a údaraíodh i mbliain N faoi bhuiséad an Aontais a vótáladh agus maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do ghealltanais saortha a chuirtear ar fáil arís; agus

(b)

aon leithreasú ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile a chumhdaítear le gach Prótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo agus a bhí ar fáil ag deireadh bhliain N.

3.   Gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh na gealltanais bhuiséadacha uile a mhaoinítear faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a thionscnaítear ó bhliain N íoctha nó saortha, agus 3 bliana ar a dhéanaí tar éis dheireadh an chláir nó tar éis dheireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil a chomhfhreagraíonn do bhliain N, cibé acu is túisce, ríomhfaidh an tAontas coigeartú ar ranníocaíocht bhliain N trí ranníocaíocht na Cóiré a laghdú faoin méid a fuarthas trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo, a chur i bhfeidhm maidir leis na gealltanais saortha a rinneadh gach bliain i ndáil le gealltanais bhliain N a mhaoinítear faoi bhuiséad an Aontais nó ó ghealltanais saortha a cuireadh ar fáil arís.

4.   I gcás ina gcuirfear ar ceal na leithreasuithe ó ioncam sannta seachtrach nach dtagann as ranníocaíochtaí airgeadais le cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais ó dheontóirí eile a chumhdaítear le gach Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú seo, déanfar ranníocaíocht na Cóiré leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht de chuid an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a laghdú faoin méid a fuarthas trí threoir ranníoca bhliain N, arna coigeartú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú seo, a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a cuireadh ar ceal.

Airteagal 8

Cláir nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo

1.   Beidh feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch i ndáil leis na cláir nó na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, ar ina leith a dhéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm an tsásra ceartúcháin uathoibríoch sa Phrótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo. Féadfar cur i bhfeidhm an tsásra uathoibríoch ceartúcháin sin a theorannú do chodanna de chlár nó de ghníomhaíocht an Aontais a shonraítear sa Phrótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo, codanna a chuirtear chun feidhme trí dheontais ar ina leith a eagraítear glaonna iomaíocha. Rialacha mionsonraithe maidir le sainaithint na gcodanna sin den chlár nó den ghníomhaíocht de chuid an Aontais a mbeidh nó nach mbeidh feidhm ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo, feadfar iad a bhunú sa Phrótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo.

2.   Is éard a bheidh i méid an cheartúcháin uathoibríoch le haghaidh cláir nó gníomhaíochta, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, an difríocht idir méideanna tosaigh na ngealltanas dlíthiúil a dhéanfar iarbhír leis an gCóiré nó le heintitis na Cóiré a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana atá i gceist agus an ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach a íocfaidh an Chóiré de réir mar a choigeartófar de bhun Airteagal 7 den Chomhaontú seo, má fhoráiltear sa Phrótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir le coigeartú den chineál sin, cé is moite de chaiteachas tacaíochta lena gcumhdaítear an tréimhse chéanna.

3.   Rialacha mionsonraithe maidir le bunú mhéideanna ábhartha na ngealltanas dlíthiúil dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear i gcás cuibhreannas, agus rialacha mionsonraithe maidir le ríomh an cheartúcháin uathoibríoch, féadfar iad a leagan síos sa Phrótacal faoi seach a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Airteagal 9

Athbhreithnithe agus iniúchtaí

1.   I gcomhréir leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais agus a mhéid a fhoráiltear sa chomhaontú cistiúcháin ábhartha agus in aon chonradh eile is infheidhme, beidh sé de cheart ag an Aontas athbhreithnithe agus iniúchtaí teicniúla, eolaíocha, airgeadais, nó cineálacha eile athbhreithnithe agus iniúchtaí, a dhéanamh ar áitreabh aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Chóiré nó ar áitreabh aon eintitis atá bunaithe sa Chóiré agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcistiú ón Aontas a chur chun feidhme atá ina chónaí nó atá bunaithe sa Chóiré. Féadfaidh gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh, nó féadfaidh daoine eile iad a dhéanamh, ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh i gcomhréir le dlí an Aontais. Agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu i gcríoch na Cóiré, gníomhóidh gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais agus na daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh ar shlí atá comhsheasmhach le dlí na Cóiré.

2.   Agus iniúchadh nó athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh, beidh rochtain iomchuí ag gníomhairí institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe gníomhairí an Choimisiúin Eorpaigh agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus na daoine eile ar thug an Coimisiún Eorpach sainordú dóibh, ar láithreáin, oibreacha agus doiciméid, i leaganacha leictreonacha agus i leaganacha páipéir, agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh, lena n-áirítear an ceart chun cóip fhisiceach nó leictreonach a fháil d’aon doiciméad nó d’ábhar aon mheán sonraí, agus sleachta ó na doiciméid sin, atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi iniúchadh nó ag an tríú páirtí atá faoi iniúchadh.

3.   Ní chuirfidh an Chóiré cosc ná aon bhac ar leith ar an gceart iontrála sa Chóiré ná ar rochtain ar áitreabh na ngníomhairí nó na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 2 ar fhorais fheidhmiú a ndualgas dá dtagraítear san Airteagal seo.

4.   Féadfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí a dhéanamh freisin tar éis chur i bhfeidhm an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí de bhun Airteagal 17(4) den Chomhaontú seo, tar éis scor chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo nó tar éis fhoirceannadh an Chomhaontaithe seo. Déanfar na hathbhreithnithe agus na hiniúchtaí sin i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar síos sna gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí nó comhlachtaí an Aontais agus dá bhforáiltear i gcomhaontuithe agus/nó i gconarthaí ábhartha a bhaineann le haon ghealltanas dlíthiúil lena gcuirtear chun feidhme buiséad an Aontais, ar gealltanas é a bheidh déanta ag an Aontas roimh an dáta óna ngabhfaidh éifeacht le fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha, le scor chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo nó le foirceannadh an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 10

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar neamhrialtachtaí

1.   Beidh an Coimisiún Eorpach agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i dteideal imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar chríoch na Cóiré, ar eintiteas de chuid na Cóiré atá ina pháirtí i gcomhaontú cistiúcháin ábhartha nó ar thríú páirtí d’eintiteas de chuid na Cóiré a chuireann an comhaontú cistiúcháin chun feidhme faoi chonradh i gcomhréir leis an gcomhaontú cistiúcháin ábhartha agus le haon chonradh eile is infheidhme, agus a mhéid a fhoráiltear iontu. Déanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha arna mbunú leis na gníomhartha is infheidhme ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais. Agus a ndualgais á bhfeidhmiú acu i gcríoch na Cóiré, gníomhóidh an Coimisiún Eorpach agus OLAF ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí na Cóiré.

2.   Cuirfidh pointe teagmhála na Cóiré a ainmníodh faoi mhír 11 an Coimisiún Eorpach nó OLAF ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnach ama faoi aon fhíoras nó amhras atá tugtha faoi deara acu i ndáil le neamhrialtacht, calaois nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile a bhaineann leis an gcomhaontú cistiúcháin nó leis an gconradh dá dtagraítear i mír 1 lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.

3.   Agus imscrúdú riaracháin dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh, féadfar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh an eintitis de chuid na Cóiré dá dtagraítear sa mhír sin agus ar aon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcistiú ón Aontas a chur chun feidhme atá ina chónaí nó atá bunaithe sa Chóiré.

4.   Is é an Coimisiún Eorpach nó OLAF, i ndlúthchomhar le húdarás inniúil na Cóiré arna ainmniú ag Rialtas na Cóiré, a ullmhóidh agus a thabharfaidh na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair i gcrích. Tabharfar fógra, tréimhse réasúnach roimh ré, d’údarás inniúil na Cóiré faoi aidhm, cuspóir agus bunús dlí na seiceálacha agus na gcigireachtaí, ionas go mbeidh sé in ann cúnamh a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla na Cóiré páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair.

5.   Arna iarraidh sin d’údaráis inniúla na Cóiré, féadfar na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach leis an gCoimisiún Eorpach nó le OLAF.

6.   Agus imscrúdú riaracháin á dhéanamh ag oifigigh an Aontais faoin Airteagal seo, beidh rochtain acu ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht uile, lena n-áirítear sonraí ríomhaireachta, maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann, atá riachtanach chun na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh mar is cuí. Féadfaidh siad, go háirithe, doiciméid ábhartha a chóipeáil.

7.   I gcás ina gcuireann duine, eintiteas nó páirtí eile i gcoinne seiceáil nó cigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na Cóiré cúnamh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, don Choimisiún Eorpach nó do OLAF, ionas gur féidir leo a ndualgas a chomhlíonadh maidir le seiceáil nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh. Áireofar leis an gcúnamh sin na bearta réamhchúraim iomchuí a dhéanamh faoin dlí náisiúnta, go háirithe chun fianaise a chosaint.

8.   Cuirfidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF pointe teagmhála ainmnithe na Cóiré ar an eolas faoi thoradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin. Go sonrach, tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF a luaithe is féidir do phointe teagmhála na Cóiré maidir le haon fhíoras nó aon amhras a bhaineann le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara acu le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair.

9.   Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil na Cóiré, féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta agus pionóis riaracháin a fhorchur ar eintiteas de chuid na Cóiré dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le dlí an Aontais.

10.   Chun críocha chur chun feidhme cuí an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus pointe teagmhála ainmnithe na Cóiré faisnéis a mhalartú go rialta agus, arna iarraidh sin do cheann de na Páirtithe, rachaidh siad i gcomhairle le chéile.

11.   Chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach le OLAF a éascú, ainmneoidh an Chóiré pointe teagmhála.

12.   Maidir leis an malartú faisnéise idir an Coimisiún Eorpach nó OLAF agus pointe teagmhála ainmnithe na Cóiré, déanfar é agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht. Aon sonraí pearsanta a áireofar sa mhalartú faisnéise, cosnófar iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

Airteagal 11

Comhar maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais

Oibreoidh údaráis na Cóiré i gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, i ndáil le hábhair a thagann faoina hinniúlacht, ionas go mbeidh sí in ann a dualgas a chomhlíonadh maidir le déantóirí cionta coiriúla, agus a gcomhchoirithe, i gcionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais, os comhair chúirteanna inniúla na mBallstát. Beidh an comhar sin i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta um chomhar is infheidhme, lena n-áirítear na hionstraimí idir an Chóiré agus na Ballstáit nó an tAontas, nó de réir mar a cheadaítear seachas sin faoi na rialacha is infheidhme.

Airteagal 12

Aisghabháil agus forfheidhmiú

1.   Féadfaidh an Coimisiún Eorpach cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear oibleagáid airgeadais ar eintiteas de chuid na Cóiré cé is moite den Stát, i ndáil le haon éileamh a eascraíonn as an gcomhaontú cistiúcháin. Mura ndéanann an t-eintiteas sin íocaíocht laistigh den tréimhse fhorordaithe, tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh sin don eintiteas de chuid na Cóiré i gcomhréir le hAirteagal 13, tabharfaidh an Coimisiún Eorpach fógra faoin gcinneadh sin do phointe teagmhála ainmnithe na Cóiré, agus íocfaidh an Chóiré leis an gCoimisiún Eorpach méid aon oibleagáide airgid agus iarrfaidh sí aisíoc an mhéid sin ar an eintiteas de chuid na Cóiré.

2.   Chun in-fhorfheidhmitheacht breithiúnas agus orduithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna dtabhairt i gcur i bhfeidhm clásail eadrána atá i gconradh nó i gcomhaontú i ndáil le cláir, gníomhaíochtaí, gníomhartha nó tionscadail de chuid an Aontais a áirithiú, i gcás ina bhfuil fógra tugtha don eintiteas ábhartha de chuid na Cóiré faoi na breithiúnais nó na horduithe sin i gcomhréir le rialacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le fógra a thabhairt, agus nach n-íocann an t-eintiteas sin na méideanna arna mbunú laistigh de thréimhse 2 mhí agus 10 lá, tabharfaidh an Coimisiún Eorpach fógra thar a cheann féin nó thar ceann na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin ábhartha nó chomhlachtaí an Aontais arna mbunú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), faoi bhreithiúnas nó ordú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do phointe teagmhála ainmnithe na Cóiré. Íocfaidh an Chóiré méid aon oibleagáide airgid leis an gCoimisiún Eorpach ansin agus iarrfaidh sí aisíoc an mhéid sin ar an eintiteas de chuid na Cóiré.

Cuirfidh Rialtas na Cóiré a phointe teagmhála ainmnithe in iúl don Choimisiún Eorpach.

3   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí ón gCoimisiún Eorpach dá dtagraítear i mír 1 agus forfheidhmiú na gcinntí sin a chur ar fionraí.

Airteagal 13

Cumarsáid agus malartú faisnéise

Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais atá rannpháirteach i gcur chun feidhme chláir nó ghníomhaíochtaí an Aontais, nó i rialú na gclár nó na ngníomhaíochtaí sin, beidh siad i dteideal cumarsáid a dhéanamh go díreach, lena n-áirítear cumarsáid trí chórais malartaithe leictreonaigh, le haon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Chóiré nó le haon eintiteas atá bunaithe sa Chóiré agus a fhaigheann cistiú ón Aontas, chomh maith le haon tríú páirtí atá rannpháirteach i gcistiú ón Aontas a chur chun feidhme agus a bhfuil cónaí air sa Chóiré nó atá bunaithe sa Chóiré. Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na tríú páirtithe sin an fhaisnéis agus an doiciméadacht ábhartha uile a chur go díreach faoi bhráid institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, ar faisnéis agus doiciméadacht iad a gceanglaítear orthu a chur isteach ar bhonn reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le clár nó gníomhaíocht an Aontais agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe cistiúcháin arna dtabhairt i gcrích chun an clár nó an ghníomhaíocht sin a chur chun feidhme.

Airteagal 14

An Comhchoiste

1.   Leis seo, bunaíonn na páirtithe Comhchoiste. Beidh an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas agus ón gCóiré.

2.   Gníomhóidh an Comhchoiste i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.   Áireofar an méid seo a leanas i gcúraimí an Chomhchoiste:

(a)

measúnú, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus a Phrótacal, go háirithe:

(i)

rannpháirtíocht agus feidhmíocht eintitis na Cóiré i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais;

(ii)

i gcás inarb ábhartha, leibhéal oscailteachta (frithpháirtí) na n-eintiteas de chuid na Cóiré nó an Aontais atá bunaithe i ngach Páirtí páirt a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail, i ngníomhartha agus i ngníomhaíochtaí an Pháirtí eile, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh;

(iii)

cur chun feidhme an tsásra ranníocaíochta airgeadais agus, i gcás inarb ábhartha, an tsásra ceartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir le cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo; agus

(iv)

malartú faisnéise agus, i gcás inarb ábhartha, scrúdú a dhéanamh ar aon cheist a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le saothrú torthaí, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;

(b)

plé a dhéanamh, arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, ar shrianta arna gcur i bhfeidhm nó arna mbeartú ag na Páirtithe ar an rochtain ar a gcláir thaighde agus nuálaíochta féin, lena n-áirítear go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann lena sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil;

(c)

scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir comhar a fheabhsú agus a fhorbairt;

(d)

plé comhpháirteach a dhéanamh ar threoshuíomhanna agus ar thosaíochtaí na mbeartas a bheidh ann amach anseo a bhaineann le cláir nó gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(e)

malartú faisnéise, inter alia, maidir le reachtaíocht nua, cinntí nua nó cláir náisiúnta nua atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus a Phrótacal;

(f)

Na prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha i dtaca le rannpháirtíocht na Cóiré i gcláir nó i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a ghlacadh, nó Prótacail den sórt sin a leasú de réir mar is gá, trí bhíthin cinnidh; agus

(g)

Airteagail 9 agus 10 a leasú, go háirithe chun athruithe ar ghníomhartha ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais a chur san áireamh, trí bhíthin cinnidh.

4.   Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí an Chomhchoiste.

5.   Féadfaidh an Comhchoiste meitheal nó comhlacht comhairleach a bhunú ar bhonn ad hoc ar leibhéal na saineolaithe a bheidh in ann cúnamh a thabhairt an Comhaontú seo a chur chun feidhme.

6.   Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina n-éileofar sin le himthosca speisialta, arna iarraidh sin do Pháirtí.

Airteagal 15

An Dlí is infheidhme

Cuirfear an Comhaontú seo chun feidhme i gcomhréir le dlí is infheidhme gach Páirtí ina dhlínse féin.

Airteagal 16

Comhairliúcháin

1.   Féachfaidh na Páirtithe, de mheon macánta, le haon cheist eatarthu a eascraíonn as léirmhíniú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a réiteach go cairdiúil, trí phlé sa Chomhchoiste.

2.   Má eascraíonn ceist as léirmhíniú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo nach féidir í a réiteach trí phlé sa Chomhchoiste laistigh de 2 mhí ó d’ardaigh ceachtar den dá Pháirtí í, féadfaidh Páirtí comhairliúcháin leis an bPáirtí eile a iarraidh faoin gceist. Is trí chaibidlíocht a réiteoidh na Páirtithe aon mhalairt tuairime eatarthu.

Airteagal 17

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an dáta a thabharfaidh an dá Pháirtí fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

2.   Féadfaidh an tAontas agus an Chóiré an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus reachtaíochta féin, chun gur féidir leis an gCóiré a bheith rannpháirteach i gcláir nó gníomhaíochtaí an Aontais. Cuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm sealadach ar an dáta a bheidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin.

3.   Sa chás go dtabharfaidh an Chóiré fógra don Aontas nach gcuirfidh sí i gcrích a nósanna imeachta inmheánacha is gá le haghaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige ar an dáta a gheobhaidh an tAontas an fógra sin, agus is éard a bheidh sa dáta sin an dáta scoir chun críocha an Chomhaontaithe seo.

Scoirfidh cinntí an Chomhchoiste d’fheidhm a bheith acu ar an dáta céanna.

4.   Féadfaidh an tAontas cur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo a chur ar fionraí i gcás neamhíocaíocht pháirteach nó neamhíocaíocht iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá le híoc ag an gCóiré faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht an Aontais lena mbaineann.

I gcás neamhíocaíocht a d’fhéadfadh cur chun feidhme agus bainistiú chlár nó ghníomhaíocht ábhartha an Aontais a chur i mbaol go mór, seolfaidh an Coimisiún Eorpach litir mheabhrúcháin fhoirmiúil. I gcás nach ndéanfar aon íocaíocht laistigh de 20 lá oibre tar éis na litreach meabhrúcháin foirmiúla, tabharfaidh an Coimisiún Eorpach fógra don Chóiré maidir le fionraí chur i bhfeidhm an Phrótacail ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo trí litir fógra fhoirmiúil, fionraí a thiocfaidh i bhfeidhm 15 lá tar éis don Chóiré an fógra sin a fháil.

I gcás ina gcuirfear cur i bhfeidhm Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo ar fionraí faoin mír seo, ní bheidh eintitis na Cóiré incháilithe páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana de chuid an Aontais nach mbeidh tugtha i gcrích go fóill nuair a chuirfear an fhionraí i bhfeidhm. Measfar nós imeachta dámhachtana de chuid an Aontais a bheith tugtha i gcrích nuair a ghlacfar gealltanais dhlíthiúla de láimh mar thoradh ar an nós imeachta sin. Leis an bhfionraí faoin mír seo, ní dhéanfar difear do na gealltanais dhlíthiúla arna nglacadh de láimh le heintitis na Cóiré faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm. Leanfaidh an Prótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú seo d’fheidhm a bheith aige maidir le gealltanais dhlíthiúla den sórt sin. Tabharfaidh an tAontas fógra don Chóiré láithreach a luaithe a gheobhaidh an tAontas méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá dlite. Cuirfear deireadh leis an bhfionraí faoin mír seo le héifeacht láithreach ar an bhfógra sin a thabhairt. Ón dáta a chuirfear deireadh leis an bhfionraí, beidh eintitis na Cóiré incháilithe arís le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana de chuid an Aontais a sheolfar faoi chlár nó faoi ghníomhaíocht ábhartha an Aontais tar éis an dáta sin agus le haghaidh nósanna imeachta dámhachtana a seoladh roimh an dáta sin, ar nósanna imeachta dámhachtana iad nach bhfuil na sprioc-amanna chun iarratais a chur isteach dulta in éag.

5.   Féadfaidh ceachtar Páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile go bhfuil sé beartaithe aige é a fhoirceannadh. Ní fhéadfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh, ach amháin ina iomláine. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm 3 mhí féilire tar éis an dáta a gheobhaidh an Páirtí eile an fógra. Is éard a bheidh sa dáta foirceanta chun críocha an Chomhaontaithe seo, an dáta a thiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm.

6.   I gcás ina scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige i gcomhréir le mír 3 nó i gcás ina ndéanfar é a fhoirceannadh i gcomhréir le mír 5, comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas:

(a)

leanfar le tionscadail, gníomhartha nó gníomhaíochtaí, nó codanna díobh, a ndearnadh gealltanais dhlíthiúla a ghlacadh de láimh ina leith le linn chur i bhfeidhm sealadach agus/nó tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus sula scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige nó sula ndéanfar é a fhoirceannadh, leanfar leo go dtí go dtabharfar i gcrích iad faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú seo;

(b)

ranníocaíocht bhliantúil airgeadais bhliain N leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ar lena linn a scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige nó a dhéanfar é a fhoirceannadh, íocfar í ina hiomláine i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú seo agus le haon riail ábhartha sna Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú seo; i gcás ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil bhliain N leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha de chuid an Aontais a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7; i gcás cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe agus ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch araon, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil ábhartha bhliain N a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 8; i gcás Cláir nó gníomhaíochtaí an Aontais nach mbeidh feidhm ach ag an sásra ceartúcháin maidir leo, déanfar ranníocaíocht oibríochtúil ábhartha bhliain N a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 8; an táille rannpháirtíochta a íocfar le haghaidh bhliain N mar chuid den ranníocaíocht airgeadais leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha, ní dhéanfar í a choigeartú ná a cheartú; agus

(c)

i gcás ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe, tar éis na bliana ar lena linn a scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm shealadach a bheith aige nó a dhéanfar é a fhoirceannadh, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla leis an gclár nó leis an ngníomhaíocht ábhartha de chuid an Aontais, a íocadh le haghaidh na mblianta ar lena linn a bhí feidhm ag an gComhaontú seo, a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7; i gcás cláir nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais ina mbeidh feidhm ag an sásra coigeartaithe agus ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch araon, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla ábhartha a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 7 agus a cheartú go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 8; i gcás cláir nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais nach mbeidh feidhm ach ag an sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo, déanfar na ranníocaíochtaí oibríochtúla ábhartha a cheartú go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 8.

7.   Socróidh na Páirtithe de chomhthoil aon iarmhairt eile a ghabhann le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a fhoirceannadh nó a scor.

8.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe. Leanfaidh teacht i bhfeidhm na leasuithe an nós imeachta céanna is infheidhme maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo mar a fhoráiltear le mír 1.

9.   Cuid dhílis den Chomhaontú seo a bheidh sna Prótacail dá dtagraítear in Airteagal 3 agus an Iarscríbhinn.

10.   Tarraingeofar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus sa Chóiréis, agus comhúdarás ag gach téacs. I gcás ina mbeidh malairt tuairime ann maidir le léirmhíniú, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

Image 1

Image 2


(1)  Rún A/RES/70/1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015.

(2)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013, (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(4)  Is bearta sriantacha iad bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach nó an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


IARSCRÍBHINN

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOMHCHOISTE

Riail 1

Cúraimí

An Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 14(1) den Chomhaontú seo déanfaidh sé na cúraimí agus na dualgais dá dtagraítear in Airteagal 14(3) den Chomhaontú seo.

Riail 2

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

1.

Beidh an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ón Aontas agus ón gCóiré.

2.

Beidh oifigigh shinsearacha nó a n-ainmnithe, ag gníomhú dóibh mar ionadaithe de chuid an Aontais agus na Cóiré faoi seach, ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste.

3.

Tabharfaidh an tAontas agus an Chóiré fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhchathaoirleach ar an gComhchoiste thar ceann an Aontais agus na Cóiré faoi seach. Measfar go leanfaidh an t-oifigeach sin de bheith ag gníomhú mar chomhchathaoirleach thar ceann an Aontais nó na Cóiré, faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an gCóiré don Pháirtí eile faoi chomhchathaoirleach nua.

4.

Measfar go mbeidh an t-údarú ag comhchathaoirleach ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais nó na Cóiré faoi seach, go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha don Pháirtí eile maidir le comhchathaoirleach nua.

Riail 3

Rúnaíocht

1.

Beidh Rúnaíocht an Chomhchoiste (dá ngairtear ‘an Rúnaíocht’ anseo feasta) comhdhéanta d’oifigeach ón Aontas agus d’oifigeach ón gCóiré. Feidhmeoidh an Rúnaíocht na cúraimí arna dtabhairt di leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

2.

Tabharfaidh an tAontas agus an Chóiré fógra dá chéile faoi ainm, faoi phost agus faoi shonraí teagmhála an oifigigh atá ina chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Aontais agus na Cóiré faoi seach. Measfar go leanfaidh an t-oifigeach sin de bheith ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Aontais nó na Cóiré faoi seach go dtí an dáta a bheidh fógra tugtha ag an Aontas nó ag an gCóiré maidir le hoifigeach nua.

Riail 4

Cruinnithe

1.

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad, agus, i gcás ina n-éileofar sin le himthosca speisialta, ar iarraidh ó cheachtar de na Páirtithe.

2.

Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile, i bprionsabal, gach re seach sa Bhruiséil agus sa Chóiré mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Féadfar cruinnithe a thionól freisin trí fhíschomhdháil nó trí theileachomhdháil, má chomhaontaíonn na comhchathaoirligh amhlaidh.

3.

Idir na cruinnithe a bheidh ag an gComhchoiste, oibreoidh sé ar bhonn leanúnach trí aon mhodh cumarsáide, go háirithe trí mhalartú ríomhphost.

Riail 5

Rannpháirtíocht i gcruinnithe

1.

Tráth réasúnach roimh gach cruinniú, cuirfidh an tAontas agus an Chóiré, tríd an Rúnaíocht, comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí féin in iúl dá chéile agus sonróidh siad ainm agus feidhm gach comhalta den toscaireacht.

2.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na comhchathaoirligh, de chomhthoil, cuireadh a tabhairt do shaineolaithe (i.e. saineolaithe nach oifigigh rialtais iad) freastal ar chruinnithe de chuid an Chomhchoiste chun faisnéis a sholáthar maidir le hábhar sonrach agus chun bheith i láthair sna codanna sin den chruinniú ina bpléifear na hábhair shonracha sin.

3.

Is é ionadaí an Pháirtí a bhfuil an cruinniú á eagrú agus á óstáil aige, tar éis formheas a fháil ón bPáirtí eile, a shocróidh dáta agus ionad an chruinnithe.

Riail 6

Doiciméid

Déanfaidh an Rúnaíocht doiciméid i scríbhinn ar a mbeidh pléití an Chomhchoiste bunaithe a uimhriú agus a scaipeadh ar an Aontas agus ar an gCóiré.

Riail 7

Comhfhreagras

1.

Seolfaidh an tAontas agus an Chóiré a gcomhfhreagras arna dhíriú chuig an gComhchoiste tríd an Rúnaíocht. Féadfar an comhfhreagras sin a sheoladh in aon fhoirm chumarsáide i scríbhinn, lena n-áirítear ríomhphost.

2.

Áiritheoidh an Rúnaíocht go ndéanfar an comhfhreagras atá dírithe ar an gComhchoiste a sheoladh chuig na comhchathaoirligh agus go ndéanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 6.

3.

Déanfar gach comhfhreagras ó na comhchathaoirligh nó a bheidh dírithe chucu a chur ar aghaidh chuig an Rúnaíocht agus déanfar é a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Riail 6.

Riail 8

Clár oibre

1.

Dréachtóidh an Rúnaíocht dréachtchlár oibre sealadach le haghaidh gach cruinnithe. Chuige sin, 4 seachtaine ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, is é an t-oifigeach a bheidh ag gníomhú mar chomhalta de Rúnaíocht an Pháirtí a mbeidh an cruinniú á óstáil aige a ullmhóidh an chéad dréacht de chlár oibre sealadach, mar aon leis na doiciméid a bhaineann le gach mír ar an gclár oibre agus déanfar é a tharchur chuig comhalta Rúnaíocht an Pháirtí eile chun barúlacha a fháil. A luaithe a ullmhóidh an Rúnaíocht an dréachtchlár oibre sealadach, tarchuirfear é i dteannta aon doiciméad ábhartha, chuig na comhchathaoirligh lena bhformheas tráth nach déanaí ná 10 lá roimh dháta an chruinnithe.

2.

Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a d’iarr na Páirtithe. Déanfar aon iarraidh den sórt sin, i dteannta na ndoiciméad ábhartha, a chur chuig an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 15 lá roimh thús an chruinnithe.

3.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú na tréimhsí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 a laghdú.

4.

Glacfaidh an Comhchoiste a chlár oibre ag tús gach cruinnithe.

5.

Is féidir pointí nach bhfuil ar an dréachtchlár oibre a chur leis, agus féadfar pointí ar an dréachtchlár oibre a scriosadh, a chur siar nó a leasú ag an gcruinniú, ar choinníoll go gcomhaontaíonn an dá Pháirtí déanamh amhlaidh.

Riail 9

Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid

1.

Ní thionólfar cruinnithe an Chomhchoiste go poiblí, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt.

2.

Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le cinntí an Chomhchoiste a fhoilsiú ina iris oifigiúil féin nó ar líne, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis an bPáirtí eile.

3.

I gcás ina gcuirfidh an tAontas nó an Chóiré faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar faisnéis rúnda í nó ar faisnéis í atá cosanta ar nochtadh faoina ndlíthe agus rialacháin ábhartha, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an páirtí eile leis an bhfaisnéis.

4.

Déanfaidh gach Páirtí iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid an Chomhchoiste a láimhseáil i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin ábhartha.

5.

Má chuireann an Coimisiún Eorpach faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste atá rúnda nó atá cosanta ar nochtadh faoina reachtaíocht ábhartha maidir le slándáil faisnéise 1 , áiritheoidh an Chóiré leibhéal inchomparáide rúndachta agus cosanta don fhaisnéis a gheofar. I gcás ina gcuirfidh an Chóiré faisnéis faoi bhráid an Chomhchoiste, ar faisnéis rúnda í nó ar faisnéis í atá cosanta ar nochtadh faoina ndlíthe agus rialacháin ábhartha, is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh an Coimisiún Eorpach leis an bhfaisnéis.

Riail 10

Miontuairiscí

1.

Scríobhfar miontuairiscí de gach cruinniú den Chomhchoiste.

2.

Maidir leis an oifigeach atá ag gníomhú mar chomhalta den Rúnaíocht thar ceann an Pháirtí atá ina óstach ar an gcruinniú, dréachtóidh sé dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú laistigh de 15 lá ó dheireadh an chruinnithe, mura gcinnfidh na comhchathaoirligh a mhalairt. Seolfar na dréacht-mhiontuairiscí chuig comhalta Rúnaíocht an Pháirtí eile ar mhaithe le barúlacha a fháil. Féadfaidh Rúnaíocht an Pháirtí sin barúlacha a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a fhaightear na dréacht-mhiontuairiscí.

3.

Tabharfar achoimre sna miontuairiscí ar gach mír atá ar an gclár oibre, agus sonrófar an méid seo a leanas iontu, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na doiciméid a cuireadh isteach chuig an gComhchoiste;

(b)

aon ráiteas ar iarr ceann de na páirtí go gcuirfí sna miontuairiscí é; agus

(c)

na cinntí a glacadh, na ráitis a cinneadh agus na conclúidí oibríochtúla a glacadh maidir le míreanna sonracha.

Áireofar sna miontuairiscí liosta tinrimh ina mbeidh ainmneacha, teidil agus cáil na rannpháirtithe uile sa chruinniú.

4.

Déanfaidh na comhchathaoirligh na miontuairiscí a fhormheas agus a shíniú laistigh de 2 mhí tar éis an chruinnithe nó faoi aon dáta eile a chinnfidh go comhpháirteach na comhchathaoirligh. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas maidir le síniú. Déanfar an leagan barántúil de na miontuairiscí a chaomhnú i gcomhaid gach Páirtí.

5.

Laistigh de 2 lá oibre tar éis chruinniú an Chomhchoiste, ullmhóidh an Rúnaíocht achoimre ar na miontuairiscí freisin lena bhformheas ag na comhchathaoirligh a luaithe is féidir. A luaithe a bheidh téacs na hachoimre formheasta ag comhchathaoirligh an Chomhchoiste, féadfaidh na Páirtithe an achoimre ar na miontuairiscí a phoibliú.

Riail 11

Cinntí

1.

I gcás ina bhforáiltear amhlaidh faoi Airteagal 14 den Chomhaontú seo, déanfaidh an Comhchoiste cinntí de chomhthoil. Déanfaidh an Rúnaíocht taifead ar aon chinneadh faoi shraithuimhir, mar aon le tagairt don dáta a glacadh é.

2.

Féadfaidh an Comhchoiste cinntí a dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn trí mhalartú nótaí idir na comhchathaoirligh má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh. Déanfaidh comhchathaoirleach amháin téacs an dréachtchinnidh a chur i láthair an chomhchathaoirligh eile i scríbhinn i dteanga oifigiúil an Chomhchoiste, i gcomhréir le Riail 14. Beidh mí amháin, nó tréimhse níos faide a shonróidh an Páirtí a mholann an dréachtchinneadh, ag an bPáirtí eile lena chur in iúl go n-aontaíonn sé leis an dréachtchinneadh. Mura gcuirfidh an Páirtí eile in iúl go gcomhaontaíonn sé leis an gcinneadh, pléifear an cinneadh atá beartaithe ag an gcéad chruinniú eile den Chomhchoiste agus féadfar é a ghlacadh ag an gcruinniú sin. Measfar an dréachtchinneadh a bheith glactha a luaithe a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leis agus déanfar sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chéad chruinnithe eile den Chomhchoiste.

3.

Síneoidh comhchathaoirligh an Chomhchoiste gach cinneadh. Féadfaidh na comhchathaoirligh a chomhaontú go gcomhlíonann síniú agus malartú cóipeanna leictreonacha an ceanglas maidir le síniú.

4.

Sonrófar i gcinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste an dáta a ghabhfaidh éifeacht leo.

Riail 12

Cosaint sonraí pearsanta

Foilseofar na doiciméid dá dtagraítear i Rialacha 9, 10 agus 11 i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme ag an dá Pháirtí, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta.

Riail 13

Meithleacha agus comhlachtaí comhairleacha

1.

I gcomhréir le hAirteagal 14(5) den Chomhaontú seo, féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh meitheal nó comhlacht comhairleach a bhunú nó a dhíscaoileadh ar leibhéal na saineolaithe. Cinnfidh an Comhchoiste comhdhéanamh agus dualgais gach meithle nó comhlachta chomhairligh agus féadfaidh sé iad a leasú de réir mar is gá.

2.

Rannchuideoidh an mheitheal nó an comhlacht comhairleach le hobair an Chomhchoiste agus cuideoidh leis a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear – má chuireann an Comhchoiste de chúram air – an méid sin a dhéanamh trí thuarascálacha nó dréachtchinntí a ullmhú lena bhformheas ag an gComhchoiste.

3.

Tiocfaidh an mheitheal nó an comhlacht comhairleach le chéile de réir mar is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh agus tuairisceoidh sé nó sí don Chomhchoiste.

4.

Ní chuirfidh bunú ná feidhmiú meithle nó comhlachta chomhairligh cosc ar na Páirtithe aon ábhar a thabhairt go díreach don Chomhchoiste.

5.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste maidir leis na meithleacha agus na comhlachtaí comhairleacha arna mbunú ag an gComhchoiste.

Riail 14

Teangacha

1.

Béarla a bheidh i dteanga oibre oifigiúil an Chomhchoiste.

2.

Is i mBéarla a dhéanfar plé an Chomhchoiste. Is i mBéarla a dhréachtófar clár oibre an chruinnithe, na doiciméid a chuirfear faoi bhráid an Chomhchoiste agus miontuairiscí an chruinnithe.

3.

Is i mBéarla a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí.

Riail 15

Caiteachas

1.

Seasfaidh gach Páirtí na costais a thabhóidh sé as rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus i gcruinnithe na meithleacha agus na gcomhlachtaí comhairleacha atá bunaithe.

2.

Is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le cruinnithe a eagrú.

Riail 16

Leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta

De mhaolú ar Airteagal 17(8) den Chomhaontú seo, féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, i gcomhréir le Riail 11.


Prótacal maidir le Comhlachas Phoblacht na Cóiré le Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)

Airteagal 1

Raon feidhme an chomhlachais

Maidir le Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ de Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) (dá ngairtear ‘Fís Eorpach’ anseo feasta) dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus a chuirtear chun feidhme trí bhíthin an chláir shonraigh arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (2), sna leaganacha is cothroime le dáta díobh, glacfaidh an Chóiré páirt mar thír chomhlachaithe sa Cholún sin agus rannchuideoidh sí leis.

Airteagal 2

Coinníollacha breise na rannpháirtíochta i bhFís Eorpach

1.   Sula ndéanfar cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil eintitis na Cóiré incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais faoi Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/695, féadfaidh an Coimisiún Eorpach faisnéis nó dearbhuithe sonracha a iarraidh, amhail:

(a)

faisnéis maidir le cé acu a deonaíodh nó a dheonófar rochtain chómhalartach d’eintitis an Aontais ar chláir, ar thionscadail, ar ghníomhartha agus ar ghníomhaíochtaí na Cóiré, nó ar chodanna díobh, atá ann cheana agus atá beartaithe, ar cláir, tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí iad atá coibhéiseach leis an ngníomhaíocht Fís Eorpach lena mbaineann;

(b)

faisnéis maidir le sásra náisiúnta um scagadh ar infheistíocht a bheith ag an gCóiré agus dearbhuithe go ndéanfaidh an Chóiré tuairisciú chuig an gCoimisiún Eorpach agus go rachaidh sí i gcomhairle leis maidir le haon chás féideartha i gcás, agus sásra den chineál sin á chur i bhfeidhm, ina bhfaighidh siad eolas faoi infheistíocht eachtrach nó an táthcheangal atá beartaithe ag eintiteas atá bunaithe lasmuigh den Chóiré, nó atá á rialú ó lasmuigh di, ar eintiteas de chuid na Cóiré, a fuair cistiú ó Fhís Eorpach i ngníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais, ar choinníoll go soláthróidh an Coimisiún Eorpach don Chóiré liosta de na heintitis ábhartha de chuid na Cóiré tar éis shíniú na gcomhaontuithe deontais leis na heintitis sin; agus

(c)

dearbhuithe nach mbeidh aon cheann de na torthaí, na teicneolaíochtaí, na seirbhísí nó na táirgí arna bhforbairt faoi na gníomhaíochtaí lena mbaineann ag eintitis na Cóiré faoi réir srianta ar a n-onnmhairiú chuig Ballstáit le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta; roinnfidh an Chóiré liosta cothrom le dáta de na hábhair maidir le srianta náisiúnta ar onnmhairiú ar bhonn bliantúil, le linn na gníomhaíochta agus ar feadh 4 bliana tar éis dheireadh na gníomhaíochta.

2.   Féadfaidh eintitis na Cóiré páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), faoi théarmaí agus coinníollacha atá coibhéiseach leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis an Aontais ach amháin má tá gá le teorainneacha chun comhsheasmhacht a áirithiú le raon feidhme na rannpháirtíochta a eascraíonn as cur chun feidhme mhír 1.

3.   Cuirfear an Chóiré ar an eolas ar bhonn rialta maidir le gníomhaíochtaí JRC a bhaineann le rannpháirtíocht na Cóiré i bhFís Eorpach, go háirithe i gcláir oibre ilbhliantúla JRC. Féadfar iarraidh ar ionadaí ón gCóiré freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe Bhord Gobharnóirí JRC i ndáil le pointe a bhaineann le rannpháirtíocht na Cóiré i bhFís Eorpach.

4.   I gcás ina gcuirfidh an tAontas Fís Eorpach chun feidhme trí Airteagail 185 agus 187 de CFAE a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chóiré agus eintitis na Cóiré páirt a ghlacadh sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais a glacadh nó a ghlacfar chun na struchtúir dhlíthiúla sin a bhunú.

5.   I bhfianaise rannpháirtíocht na Cóiré i gColún II d’ Fhís Eorpach, ba cheart an ceart a bheith ag ionadaithe ón gCóiré páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 14 de Chinneadh (AE) 2021/764 gan cearta vótála agus maidir le pointí a bhaineann leis an gCóiré nuair a bheidh saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme Cholún II d’ Fhís Eorpach á bplé ag an gcoiste. Beidh an rannpháirtíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chomhaontú. Is de réir ráta aicme barainne a aisíocfar costais taistil ionadaithe na Cóiré chuig cruinnithe an Choiste. Maidir le gach ábhar eile, beidh aisíoc costais taistil agus speansais chothaithe faoi réir na rialacha céanna sin is infheidhme maidir leis na hionadaithe ó Bhallstáit.

6.   Déanfaidh na Páirtithe gach iarracht, laistigh de chreat na bhforálacha atá ann cheana, chun saorghluaiseacht agus áit chónaithe na ndaoine a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a éascú agus chun gluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá ceaptha lena n-úsáid i ngníomhaíochtaí den sórt sin a éascú.

Airteagal 3

Cómhalartacht

1.   Féadfaidh eintitis atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh i gcláir, i dtionscadail, i ngníomhartha agus i ngníomhaíochtaí na Cóiré, nó i gcodanna díobh, atá coibhéiseach leis na cláir, leis na tionscadail agus leis na gníomhartha sin faoi Cholún II d’Fhís Eorpach, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na Cóiré.

2.   Soláthraítear liosta neamh-uileghabhálach de chláir, de thionscadail, de ghníomhartha agus de ghníomhaíochtaí coibhéiseacha na Cóiré, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPrótacal seo.

3.   Eintitis a bhunaíonn an Chóiré san Aontas, beidh cistiú na n-eintiteas sin faoi réir dhlíthe agus rialacháin na Cóiré lena rialaítear oibriú na gclár, na dtionscadal, na ngníomhartha agus na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, nó codanna díobh. I gcás nach soláthrófar cistiú, féadfaidh eintitis atá bunaithe san Aontas páirt a ghlacadh trí bhíthin a gcuid acmhainní féin.

Airteagal 4

Cearta Maoine Intleachtúla

Áiritheoidh gach Páirtí, faoina dhlíthe agus faoina rialacháin is infheidhme, go mbeidh na cearta agus na hoibleagáidí coibhéiseacha ag eintitis de chuid ceachtar Páirtí, a bheidh rannpháirteach sna cláir thaighde agus nuálaíochta a oibreoidh an Páirtí eile, maidir le maoin intleachtúil atá i seilbh eintitis an Pháirtí eile.

Airteagal 5

An Eolaíocht Oscailte

Déanfaidh na Páirtithe cleachtais eolaíochta oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh go frithpháirteach ina gcuid clár, tionscadal, gníomhartha agus gníomhaíochtaí, nó, i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, i gcomhréir le rialacha Fís Eorpach agus le dlíthe agus rialacháin na Cóiré.

Airteagal 6

Rialacha mionsonraithe maidir le ranníocaíocht airgeadais, an sásra coigeartaithe agus an sásra ceartúcháin uathoibríoch

1.   Beidh feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch i ndáil le ranníocaíocht oibríochtúil na Cóiré le Fís Eorpach. Ní bheidh feidhm ag an sásra coigeartuithe dá bhforáiltear faoi Airteagal 7 den Chomhaontú seo i ndáil le rannpháirtíocht oibríochtúil na Cóiré le Fís Eorpach.

2.   Beidh an sásra ceartúcháin uathoibríoch bunaithe ar fheidhmíocht na Cóiré agus ar fheidhmíocht eintitis na Cóiré sna codanna sin de Cholún II d’Fhís Eorpach a chuirtear chun feidhme trí dheontais iomaíocha.

3.   Leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an tsásra ceartúcháin uathoibríoch in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Airteagal 7

Fionraí de chomhthoil

1.   Más airde ná 50 % den ranníocaíocht oibríochtúil chomhfhreagrach i mbliain N an méid a ríomh an Coimisiún Eorpach arna iarraidh sin don Chóiré i mbliain N+1, i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Airteagal 8 den Chomhaontú seo, féadfaidh an Chóiré a iarraidh go gcuirfear cur i bhfeidhm an Phrótacail seo ar fionraí le haghaidh na bliana airgeadais tar éis na bliana ina ndéantar an iarraidh.

2.   Má dhéanann an Chóiré iarraidh ar fhionraí de bhun mhír 1, seolfaidh an tAontas freagra i scríbhinn laistigh de 30 lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Má dhearbhaíonn an tAontas go nglacann sé le hiarraidh na Cóiré, gabhfaidh éifeacht le fionraí an Phrótacail seo ar an gcéad lá de mhí Eanáir na bliana tar éis dó an iarraidh ar fhionraí a fháil.

3.   Gan dochar d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/695 agus do na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23(2) den Rialachán sin, i gcás ina gcuirfear an Prótacal seo ar fionraí de bhun mhír 2 den Airteagal seo, ní bheidh eintitis na Cóiré incháilithe chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta dámhachtana arna maoiniú le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana airgeadais a gcuirtear an Prótacal seo ar fionraí lena linn.

4.   Maidir leis an mbliain a gcuirtear an Prótacal seo ar fionraí lena linn de bhun mhír 2 agus a n-íocfadh an Chóiré táille rannpháirtíochta ina leith mura gcuirfí ar fionraí í, ní íocfaidh an Chóiré an ranníocaíocht oibríochtúil. Mar sin féin, íocfaidh an Chóiré táille rannpháirtíochta bhliantúil le haghaidh na bliana a raibh an fhionraí ann lena linn a chomhfhreagraíonn do tháille rannpháirtíochta na bliana sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm, móide aon phointe céatadáin amháin (1,0 ppt).

5.   Féadfaidh an Chóiré a iarraidh tráth ar bith go scoirfear den fhionraí de bhun mhír 2. Seolfaidh an tAontas freagra i scríbhinn laistigh de 30 lá tar éis dó an iarraidh sin a fháil. Nuair a ghlacfaidh an tAontas le hiarraidh na Cóiré, scoirfidh an fhionraí d’éifeacht a bheith aici ar an gcéad lá den bhliain dár gcionn nó, go cúlghabhálach, ón gcéad lá den bhliain reatha má chinneann na Páirtithe amhlaidh i gcomhpháirt. Má thagann deireadh leis an bhfionraí go cúlghabhálach, beidh an ranníocaíocht airgeadais iomlán le haghaidh na bliana comhfhreagraí dlite ag an gCóiré. Aon táille rannpháirtíochta bhliantúil a d’íoc an Chóiré cheana féin le haghaidh na bliana atá i gceist, déanfar í a fhritháireamh in aghaidh na táille rannpháirtíochta arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Airteagal 6 den Chomhaontú seo.

6.   Beidh eintitis na Cóiré incháilithe i nósanna imeachta dámhachtana arna maoiniú le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na bliana airgeadais ábhartha ón dáta a scoirfidh an fhionraí d’éifeacht a bheith aici de bhun mhír 5, ar choinníoll nach bhfuil na sprioc-amanna chun iarratais a chur isteach dulta in éag.

7.   Leis an bhfionraí i mír 2, ní dhéantar difear do na gealltanais dhlíthiúla a rinneadh le heintitis na Cóiré faoin bPrótacal seo sular tháinig an fhionraí i bhfeidhm. Leanfaidh téarmaí an Phrótacail seo d’fheidhm a bheith acu maidir le gealltanais dhlíthiúla den sórt sin.

Airteagal 8

Forálacha críochnaitheacha

1.   Fanfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm chomh fada agus is gá chun go dtabharfar i gcrích na tionscadail, na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí uile, nó i gcásanna eisceachtúla, codanna díobh, a mhaoineofar ó Cholún II d’Fhís Eorpach, na gníomhartha uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus na hoibleagáidí airgeadais uile a eascraíonn as cur chun feidhme an Phrótacail seo idir na Páirtithe.

2.   Is cuid dhílis den Chomhaontú seo é an Prótacal seo.

3.   Is cuid dhílis den Phrótacal seo iad na hIarscríbhinní seo a leanas:

(a)

Iarscríbhinn I: Rialacha lena rialaítear ranníocaíocht airgeadais na Cóiré le Fís Eorpach (2021-2027);

(b)

Iarscríbhinn II: Liosta de chláir, tionscadail, gníomhartha agus gníomhaíochtaí na Cóiré, nó cuid díobh.


(1)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO AE L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

(2)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO AE L 167I, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/764/oj).


IARSCRÍBHINN I

RIALACHA LENA RIALAÍTEAR RANNÍOCAÍOCHT AIRGEADAIS NA CÓIRÉ LE FÍS EORPACH (2021-2027)

I.   Ranníocaíocht airgeadais na Cóiré a ríomh

1.

Bunófar ranníocaíocht airgeadais na Cóiré le Colún II d’Fhís Eorpach ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chomhaontú seo.

2.

Is mar a leanas a bheidh an ranníocaíocht oibríochtúil atá le híoc ag an gCóiré le haghaidh na mblianta airgeadais 2025-2027:

2025 – EUR 6 000 000;

2026 – EUR 7 500 000;

2027 – EUR 9 000 000.

3.

Bunófar táille rannpháirtíochta na Cóiré agus déanfar í a chéimniú isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus (9) den Chomhaontú seo.

II.   Ranníocaíocht oibríochtúil na Cóiré a cheartú go huathoibríoch

1.

Chun an ceartúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 8 den Chomhaontú seo agus in Airteagal 6 den Phrótacal seo a ríomh, beidh feidhm ag na módúlachtaí seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘deontais iomaíocha’ deontais a dhámhtar trí ghlaonna ar thograí a sheoltar faoi Cholún II d’Fhís Eorpach inar féidir na tairbhithe deiridh a shainaithint tráth a ríomhtar an ceartúchán uathoibríoch; eisiatar tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe mar a shainmhínítear in Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais;

(b)

i gcás ina síneofar gealltanas dlíthiúil le cuibhreannas, is iad na méideanna carnacha a leithdháiltear ar thairbhithe is eintitis de chuid na Cóiré na méideanna a úsáidfear chun méideanna tosaigh an ghealltanais dhlíthiúil a bhunú i gcomhréir le miondealú táscach buiséid an chomhaontaithe deontais;

(c)

bunófar méideanna uile na ngealltanas dlíthiúil a chomhfhreagraíonn do dheontais iomaíocha trí úsáid a bhaint as córas leictreonach an Choimisiúin Eorpaigh, eCorda, agus asbhainfear iad ar an dara Céadaoin i mí Feabhra na bliana N+2;

(d)

ciallaíonn ‘costais neamh-idirghabhálacha’ costais Fís Eorpach seachas deontais iomaíocha, lena n-áirítear caiteachais tacaíochta, riarachán clárshonrach agus gníomhartha eile (1);

(e)

measfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad na méideanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar eintitis arb iad an tairbhí deiridh (2) iad.

2.

Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:

(a)

ceartúcháin uathoibríocha le haghaidh bhliain N i ndáil le forghníomhú leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i leith bhliain N, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo, cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar shonraí bhliain N agus ar shonraí bhliain N+1 ó eCorda dá dtagraítear i mír 1, pointe c), den roinn seo i mbliain N+2; is é an méid a bhreithneofar méid na ndeontas iomaíoch faoi Cholún II d’Fhís Eorpach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, tráth a ríomhtar an ceartúchán;

(b)

ag tosú in N+2 agus suas go dtí 2029, déanfar méid an cheartúcháin uathoibríoch a ríomh le haghaidh bhliain N tríd an difríocht idir na nithe seo a leanas a ghlacadh:

(i)

méid iomlán na ndeontas iomaíoch arna gcionroinnt leis an gCóiré nó le heintitis na Cóiré faoi Cholún II d’Fhís Eorpach mar ghealltanais a rinneadh maidir le leithreasuithe buiséid bhliain N; agus

(ii)

méid ranníocaíocht oibríochtúil na Cóiré le haghaidh bhliain N arna iolrú faoin gcóimheas idir:

(A)

méid na ndeontas iomaíoch arna dtabhairt ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhliain N faoi Cholún II d’Fhís Eorpach, arna méadú i gcomhréir le hAirteagal 6(5) den Chomhaontú seo; agus

(B)

iomlán na leithreasuithe buiséadacha údaraithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh bhliain N faoi Cholún II d’Fhís Eorpach, lena n-áirítear costais neamh-idirghabhálacha.

III.   Íocaíocht rannaíocht airgeadais na Cóiré agus íocaíocht an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir le ranníocaíocht oibríochtúil na Cóiré

1.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Chóiré a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná tráth eisiúna an ghlao ar chistí na bliana airgeadais:

(a)

méid na ranníocaíochta oibríochtúla dá dtagraítear i mír 2 de roinn I den Iarscríbhinn seo;

(b)

méid na táille rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(9) den Chomhaontú seo;

(c)

ó bhliain N+2 maidir leis an gcuid d’Fhís Eorpach ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun an ceartúchán uathoibríoch, leibhéal na ngealltanas a tugadh i bhfabhar eintitis na Cóiré faoi Cholún II d’Fhís Eorpach arna miondealú de réir bhliain chomhfhreagrach na leithreasuithe buiséadacha agus leibhéal iomlán gaolmhar na ngealltanas a ríomh.

2.

I mí an Mheithimh gach bliain airgeadais ar a dhéanaí, eiseoidh an Coimisiún Eorpach glao ar chistí chuig an gCóiré a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht faoin bPrótacal seo. Leis an nglao ar chistí, déanfar foráil maidir le híocaíocht ranníocaíocht na Cóiré tráth nach déanaí ná 45 lá tar éis eisiúint an ghlao ar chistí. Má shínítear an Comhaontú seo tar éis an 1 Meitheamh 2025, i gcás na chéad bhliana de chur chun feidhme an Phrótacail seo, eiseoidh an Coimisiún Eorpach an glao aonair ar chistí laistigh de 60 lá ó shíniú an Chomhaontaithe seo.

3.

Gach bliain, ó 2028 amach, léireofar sna glaonna ar chistí méid an cheartúcháin uathoibríoch is infheidhme maidir leis an ranníocaíocht oibríochtúil a íocfar le haghaidh bhliain N-3. I gcás gach ceann de na blianta airgeadais 2028, 2029 agus 2030, an méid a thagann as an gcoigeartú uathoibríoch a chur i bhfeidhm maidir leis na ranníocaíochtaí oibríochtúla a íocfaidh an Chóiré in 2025, 2026 agus 2027, beidh an méid sin dlite don Chóiré nó dlite uaithi.

4.

Íocfaidh an Chóiré a ranníocaíocht airgeadais faoin bPrótacal seo i gcomhréir leis an roinn seo. In éagmais íocaíocht na Cóiré faoin dáta dlite, seolfaidh an Coimisiún Eorpach litir mheabhrúcháin fhoirmiúil. Is é an toradh a bheidh ar aon mhoill ar íocaíocht na ranníocaíochta go n-íocfaidh an Chóiré ús mainneachtana ón dáta dlite ar aghaidh ar an méid atá gan íoc. Is é an ráta úis ar mhéideanna is infhaighte nach n-íoctar ar an dáta dlite an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, a bheidh i bhfeidhm ar an gcéad lá féilire den mhí ina mbeidh an dáta dlite, agus é sin méadaithe faoi thrí phointe céatadáin go leith (3,5 ppt).

(1)  I measc na ngníomhaíochtaí eile, áirítear go háirithe soláthar, duaiseanna, ionstraimí airgeadais, gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, síntiúis (an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), an Ghníomhaireacht Eorpach um Chomhordú Taighde (Eureka), an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta um Chomhar maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (IPEEC), an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), etc.) agus saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail).

(2)  Ní mheasfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más tairbhithe deiridh iad. Ní bheidh feidhm aige sin i gcás inar comhordaitheoir ar thionscadal í an eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh ar chomhordaitheoirí eile).


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE CHLÁIR, TIONSCADAIL, GNÍOMHARTHA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ NA CÓIRÉ, NÓ, CUID DÍOBH

Is mar chláir, tionscadail, gníomhartha nó gníomhaíochtaí na Cóiré, nó codanna díobh, atá coibhéiseach le Colún II d’Fhís Eorpach, a mheasfar an liosta neamh-uileghabhálach seo a leanas:

Clár um Theicneolaíocht Bhunaidh, Clár um Theicneolaíocht Leasa Shóisialaigh, Clár um Thaighde Comhpháirteach (cláir arna mbainistiú ag Fondúireacht Náisiúnta Taighde na Cóiré);

Cláir Thaighde agus Forbartha le haghaidh forbairt agus caighdeánú teicneolaíochta sa réimse digiteach (cláir arna mbainistiú ag an Institiúid um Pleanáil agus um Meastóireacht na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide);

Cláir Thaighde agus Forbartha le haghaidh Teicneolaíocht Chandamach (cláir arna mbainistiú ag Fondúireacht Náisiúnta Taighde na Cóiré agus ag an Institiúid um Pleanáil agus um Meastóireacht na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide);

Clár um Thaighde agus um Fhorbairt i leith Cúram Sláinte agus Leas Sóisialach (clár arna bhainistiú ag an Institiúid um Fhorbairt Thionscal Sláinte na Cóiré);

Clár Comhair Idirnáisiúnta um Thaighde agus um Fhorbairt i leith na Teicneolaíochta (clár arna bhainistiú ag Institiúid na Cóiré um chur chun cinn na Teicneolaíochta);

Clár Comhpháirteach Idirnáisiúnta um Thaighde agus um Fhorbairt i leith an Fhuinnimh, Clár um Fhuinneamh In-athnuaite, Clár um Thaighde agus um Fhorbairt i leith na Hidrigine agus Breosla-Cheall, Clár um Fheabhsú na hÉifeachtúlachta Fuinnimh, Clár um Eangach Chliste, Clár um Thaighde agus um Fhorbairt i leith Córas Stórála Fuinnimh, Clár Athchúrsála um Acmhainní Fuinnimh (cláir arna mbainistiú ag Institiúid na Cóiré um Meastóireacht agus um Pleanáil na Teicneolaíochta Fuinnimh);

Clár um Theicneolaíocht Ábhair, Comhpháirteanna agus Trealaimh, Clár Príomhtheicneolaíochta um Laghdú Carbóin le haghaidh Claochlú Glas sa Tionscal Déantúsaíochta, Clár na gCroíthionscal (cláir arna mbainistiú ag Institiúid na Cóiré um Pleanáil agus um Meastóireacht na Teicneolaíochta Tionsclaíche);

Cláir Thaighde agus Forbartha le haghaidh Teicneolaíocht Bonneagair, Tógála, Cathracha Cliste, Ailtireachta, Iompair agus Lóistíochta, Iarnróid agus Eitlíochta (cláir arna mbainistiú ag Gníomhaireacht na Cóiré um chur chun cinn Teicneolaíochta Bonneagair).


ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/1532/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)