|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1527 |
30.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1527 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2025
maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 agus údarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach dhá iarratas maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 agus údarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais. |
|
(3) |
Baineann na hiarratais le húdarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 agus údarú ullmhóide arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar sna hiarratais sin go n-aicmeofaí na breiseáin sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 26 Samhain 2024 (2) maidir le húsáid na n-ullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 agus Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148, go bhfuil siad sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig sé ar an gconclúid freisin nach greannaitheoirí craicinn iad na breiseáin, gur cheart a mheas go bhféadfadh sé gur íogróirí craicinn agus riospráide iad, go bhfuil riosca ag gabháil le haon nochtadh tríd an gcraiceann agus an chonair riospráide don bhreiseáin sin agus nach bhféadfaí teacht ar chonclúid maidir leis an ngreannú súl a d’fhéadfadh siad a dhéanamh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfaí feabhas a chur ar tháirgeadh sadhlais d’ábhar úr trí Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 agus Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148 a chur leis ar íosleibhéal 1 × 109 ADC/kg (aonad déanta coilíneachta) d’ábhar plandaí úr. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún maidir leis na hullmhóidí arb é atá iontu Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 agus Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148, go gcomhlíonann siad na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na n-ullmhóidí sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Na hullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóidí a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA], 22(12), e9142. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9142.
EFSA Journal [Iris EFSA] 22(12), e9143. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9143.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||||||
|
1k20713 |
Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 ina bhfuil íosmhéid 7 × 1010 ADC/g de bhreiseán. Foirm sholadach --------------------------------- Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028 ---------------------------------- Modh anailíse (1) Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028:
Áireamh Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 41028:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 19 Lúnasa 2035 |
||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin beathaithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||
|
ADC/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||||||||
|
1k20714 |
Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148 ina bhfuil íosmhéid 7 × 1010 ADC/g de bhreiseán Foirm sholadach --------------------------------- Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148 ---------------------------------- Modh anailíse (2) Sainaithint Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148:
Áireamh Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30148:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
19 Lúnasa 2035 |
||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1527/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)