|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1520 |
28.7.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/1520 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 15 Iúil 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí ar fáil i ndlí an Aontais (BCE/2016/4) (BCE/2025/24)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagail 4(3) agus 6 agus Airteagal 9(1) agus (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (2) scriosadh an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 178(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ón gComhairle (3) maidir le húdaráis inniúla síneadh a chur leis an líon laethanta thar téarma go 180 sula measfar oibleagáid chreidmheasa ábhartha dá dtagraítear ann a bheith ar mainneachtain. Chun Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/4) (4) a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis an rogha a scriosadh, is gá, dá bhrí sin, an fhoráil chomhfhreagrach i Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a scriosadh. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2024/1623 leasaíodh Airteagal 138 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí cheanglas a chur leis, ceanglas is infheidhme ón 1 Eanáir 2025, maidir le risíochtaí ar institiúidí, chun críocha an cur chuige caighdeánaithe a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh, nach mór d’institiúid gan úsáid a bhaint as measúnú creidmheasa institiúide seachtraí um measúnú creidmheasa (IMCS) a ionchorpraíonn toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe, ach amháin i gcás ina dtagraíonn sé d’institiúid atá faoi úinéireacht rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil nó atá bunaithe agus urraithe acu. Foráiltear thairis sin le hAirteagal 138 leasaithe, i gcás inarb iad measúnuithe creidmheasa IMCS a ionchorpraíonn toimhdí tacaíochta rialtais intuigthe an t-aon mheasúnú creidmheasa IMCS atá ann d’institiúid nach dtagann faoi chatagóir eiscthe na n-institiúidí, nach mór risíochtaí ar institiúid den sórt sin a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúid gan rátáil, i gcomhréir le hAirteagal 121 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(3) |
Measann BCE gur gá cead a thabhairt leanúint de mheasúnuithe creidmheasa IMCS a úsáid ina n-ionchorpraítear toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe i gcás nach dtagann an institiúid dá dtagraítear faoi chatagóir eiscthe na n-institiúidí, agus é mar éifeacht leis sin nach gá risíochtaí ar institiúid den sórt sin a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúid gan rátáil. Ba cheart leanúint de mheasúnuithe creidmheasa IMCS den sórt sin a úsáid ar feadh tréimhse theoranta tar éis dháta chur i bhfeidhm an leasaithe ar Airteagal 138 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bhrí sin, is gá Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a leasú chun feidhmiú na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 495e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chumasú, go dtí an 1 Eanáir 2027, chun go bhféadfar leanúint de mheasúnuithe creidmheasa IMCS den sórt sin a úsáid go dtí an dáta sin. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) mar a leanas:
|
(1) |
Scriostar Airteagal 4; |
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal 24a seo a leanas isteach: ‘Airteagal 24a Airteagal 495e de Rialachán (AE) 575/2013: Socruithe idirthréimhseacha do mheasúnuithe creidmheasa IMCS ar institiúidí De mhaolú ar Airteagal 138, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí leanúint de mheasúnú creidmheasa IMCS a úsáid i ndáil le hinstitiúid a ionchorpraíonn toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe go dtí an 1 Eanáir 2027.’ |
Airteagal 2
Forálacha críochnaitheacha
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Maim, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann Chomhairle Rialaithe BCE
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 287, 29.10.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1024/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Márta 2016 maidir le roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú (BCE/2016/4) (IO L 78, 24.3.2016, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/445/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1520/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)