|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1506 |
25.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1506 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Iúil 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 18 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 214/2013 (3), d’fhorchuir an Chomhairle, go comhthreomhar, dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh na Síne. Tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair idir 0 % agus 26,1 %. |
|
(3) |
Tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, an 2 Bealtaine 2019, d’ath-fhorchuir an Coimisiún na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh na Síne le Rialachán (AE) 2019/688 (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’) (4). Tá na dleachtanna frithdhumpála frithchúitimh atá i bhfeidhm faoi láthair idir 13,7 % agus 44,7 %. |
|
(4) |
Tá leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais le chéile idir 13,7 % agus 58,3 %. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(5) |
Tar éis fhoilsiú an Fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta frithchúitimh atá i bhfeidhm (5), fuair an Coimisiún iarraidh chun athbhreithniú éaga a thionscnamh ar na bearta frithchúitimh de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán (‘an iarraidh’). |
|
(6) |
Is é an Comhlachas Eorpach Cruach (‘EUROFER’ nó ‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 2 Feabhra 2024 thar ceann thionscal an Aontais i leith táirgí cruach le bratú orgánach orthu de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán, arb ionann é agus níos mó ná 70 % de tháirgeadh iomlán an Aontais de tháirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu. Bhí an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil do thionscal an Aontais, nó go ndéanfaí an athuair iad ar dhul i léig do na bearta frithchúitimh. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(7) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, d’fhógair an Coimisiún an 30 Aibreán 2024, le Fógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) (‘an fógra tionscnaimh’), gur tionscnaíodh athbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh is infheidhme de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(8) |
Sular tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga, agus i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe ar athbhreithniú faighte aige agus d’iarr sé ar Rialtas na Síne comhairliúcháin a dhéanamh leis i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán. Ní bhfuair an Coimisiún aon iarraidh ar chomhairliúcháin réamhthionscnaimh. |
1.4. Imscrúdú i gcomhthráth
|
(9) |
Trí Fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 30 Aibreán 2024 (7), d’fhógair an Coimisiún freisin go gcuirfí tús le hathbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (8) na bearta frithdhumpála cinntitheacha atá i bhfeidhm maidir le hallmhairiú isteach san Aontas táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh na Síne. |
1.5. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(10) |
An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú nó go ndéanfar an athuair é, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). Leis an imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go ndéanfaí an athuair í, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.6. Páirtithe leasmhara
|
(11) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta de chuid an Aontais, na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta san Aontas, úsáideoirí neamhchomhlachaithe san Aontas arb eol iad a bheith bainteach, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus údaráis na Síne ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(12) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil laistigh de na teorainneacha ama a socraíodh san fhógra tionscnaimh. Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara freisin iarraidh i scríbhinn ar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a dhéanamh. |
1.7. Sampláil
|
(13) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán. |
1.7.1. Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(14) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún gur roghnaigh sé go sealadach sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán. Roimh an tionscnamh, sholáthair 14 tháirgeoir de chuid an Aontais an fhaisnéis a iarradh chun an sampla a roghnú agus chuir siad in iúl go raibh siad toilteanach dul i gcomhar leis an gCoimisiún. Ar an mbonn sin, roghnaigh an Coimisiún sampla sealadach ina raibh trí tháirgeoir a fuarthas a bheith ionadaíoch ar thionscal an Aontais i dtéarmaí mhéid táirgeachta agus dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas. B’ionann táirgeoirí sampláilte an Aontais agus 26 % de tháirgeacht iomlán mheasta thionscal an Aontais agus 28 % de mhéid díolachán iomlán thionscal an Aontais le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (RIP). D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúlacha agus deimhníodh an sampla sealadach dá bhrí sin. |
1.7.2. Allmhaireoirí a shampláil
|
(15) |
D’fhonn a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar an deich n-allmhaireoir neamhchomlachaithe a sainaithníodh san iarraidh an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig aon cheann díobh chun cinn. |
1.7.3. Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín
|
(16) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(17) |
Níor chuir aon táirgeoir onnmhairiúcháin an fhoirm samplála ar ais. Ina dhiaidh sin, an 2 Lúnasa 2024, chuir an Coimisiún Rialtas na Síne ar an eolas nach raibh aon chomhar ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín agus, dá bhrí sin, go gcuirfeadh sé forálacha Airteagal 28 den bhun-Rialachán i bhfeidhm maidir leis na torthaí gur leanadh den fhóirdheonú. |
1.8. Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin
|
(18) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig trí tháirgeoir sampláilte an Aontais, chuig an iarratasóir agus chuig Rialtas na Síne. Cuireadh ceistneoirí le haghaidh táirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, úsáideoirí agus le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín ar fáil ar líne (9) freisin lá tionscnaimh an imscrúdaithe. |
|
(19) |
Fuarthas freagraí ar na ceistneoirí ó thrí tháirgeoir sampláilte an Aontais agus ón iarratasóir. |
|
(20) |
An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le tástáil ar leas an Aontais, rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a lorg agus a fhíorú. Rinneadh cuairteanna fíorúcháin ag áitreabh na bpáirtithe leasmhara seo a leanas:
|
1.9. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(21) |
An 6 Meitheamh 2025, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige na dleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(22) |
Níor thug aon pháirtí aon bharúil maidir leis an nochtadh deiridh. Níor iarr aon pháirtí éisteacht. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(23) |
Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh, is é sin táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu, i.e. táirgí cothromrollta cruach neamh-chóimhiotail agus cóimhiotail (gan cruach dhosmálta a áireamh) atá péinteáilte, vearnaiseáilte nó brataithe le plaistigh ar thaobh amháin ar a laghad, seachas ‘painéil srathaithe’, mar a thugtar orthu, de chineál a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tógála agus arb é atá iontu dhá leathán miotail sheachtracha a bhfuil croíleacán cobhsaithe d’insliú cisealaithe eatarthu, seachas na táirgí sin le bratú críochnaitheach de dheannach since orthu (péint ar mhórán since, ina bhfuil cion since 70 % nó níos mó de réir meáchain), agus seachas na táirgí sin ag a bhfuil foshraith le bratú miotalach cróimiam nó stáin, a thagann faoi chóid AC ex 7210 70 80 , ex 7212 40 80 , ex 7225 99 00 agus ex 7226 99 70 faoi láthair (cóid TARIC 7210 70 80 11, 7210 70 80 91, 7212 40 80 01, 7212 40 80 21, 7212 40 80 82, 7225 99 00 11, 7225 99 00 91, 7226 99 70 11 agus 7226 99 70 91) (‘an táirge faoi athbhreithniú’ nó ‘OCS’). |
|
(24) |
Faightear an táirge faoi athbhreithniú trí bhratú orgánach a chur ar tháirgí cothromrollta cruach. Tugann an bratú orgánach cosaint agus airíonna aeistéitiúla agus feidhmiúla do tháirgí cruach. |
|
(25) |
Is san earnáil foirgníochta a úsáidtear OCS go príomha agus le haghaidh tuilleadh próiseála i dtáirgí a úsáidtear san fhoirgníocht. I measc na bhfeidhmeanna eile atá ag OCS tá fearais tí. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(26) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(27) |
Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh agus mar a deimhníodh san athbhreithniú éaga roimhe seo, athdheimhníodh leis an imscrúdú seo ar an athbhreithniú éaga go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán. |
3. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ
|
(28) |
I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san fhógra tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún ar dtús an dócha go leanfar den fhóirdheonú de bharr dhul in éag na mbeart atá ann cheana. |
3.1. Neamh-chomhoibriú agus úsáid na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán
|
(29) |
An 21 Bealtaine 2024 sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne mar aon le foscríbhinní sonracha ar iarradh ar Rialtas na Síne iad a chur ar aghaidh i gcomhair bainc agus institiúidí airgeadais eile arb eol do Rialtas na Síne gur thug siad iasachtaí don tionscal lena mbaineann agus do na táirgeoirí agus dáileoirí cruach teorollta agus fuar-rollta a tháirgeann ionchuir chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. |
|
(30) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ar na ceistneoirí thuas ó Rialtas na Síne ná ó institiúidí airgeadais ná ó chuideachtaí réamhtheachtacha. |
|
(31) |
Mar a mhínítear in aithris 17, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne, trí Nóta Briathartha an 2 Lúnasa 2024 i ndiaidh neamh-chomhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú, go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún a thorthaí a bhunú ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán. Cuireadh in iúl dóibh freisin go bhféadfadh toradh bunaithe ar na fíorais atá ar fáil a bheith níos neamhfhabhraí ná mar a bheadh dá mba rud é gur chomhoibrigh Rialtas na Síne agus táirgeoirí onnmhairiúcháin. |
|
(32) |
Ní bhfuarthas aon bharúlacha maidir leis sin. Mheas an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, go raibh gá leis na fíorais atá ar fáil a úsáid lena shuí gur leanadh de chleachtais fhóirdheontais na Síne sa tionscal cruach le bratú orgánach uirthi. |
|
(33) |
Maidir le húsáid na bhfíoras atá ar fáil, mheabhraigh an Buanchomhlacht Achomhairc go gceadaítear le hAirteagal 12.7 de Chomhaontú SCM na fíorais ar taifead a úsáid chun faisnéis a d’fhéadfadh a bheith in easnamh a ionadú, agus chun na críche sin amháin, chun teacht ar chinneadh cruinn maidir le fóirdheonú nó díobháil. Go háirithe, mhínigh an Buanchomhlacht Achomhairc ‘go gcaithfidh ceangal a bheith ann idir an ‘fhaisnéis riachtanach’ atá in easnamh agus na ‘fíorais atá ar fáil’ ar a ndéantar cinneadh faoi Airteagal 12.7 a bhunú.’ Dá bhrí sin, ‘ní mór d’údarás imscrúdúcháin úsáid a bhaint as na ‘fíorais atá ar fáil’ ‘lena gcur in ionad na faisnéise go réasúnach nár sholáthair pháirtí leasmhar’, d’fhonn teacht ar chinneadh cruinn.’ Mhínigh an Buanchomhlacht Achomhairc freisin go dtagraíonn ‘na fíorais atá ar fáil’ do na fíorais sin atá i seilbh an údaráis imscrúdúcháin agus ar a thaifead i scríbhinn. Ós rud é go bhfuil cinntí arna ndéanamh faoi Airteagal 12.7 le déanamh ar bhonn ‘na fíorais atá ar fáil, ‘ní féidir iad a dhéanamh ar bhonn boinn tuisceana nó tuairimíocht neamhfhíorasach.’ Ina theannta sin, agus na fíorais is féidir a chur in ionad na faisnéise atá in easnamh a réasúnú agus a mheas, ‘ní mór d’údarás imscrúdúcháin gach fíoras a bhfuil bunús leis ar an taifead a chur san áireamh’. Mhínigh an Buanchomhlacht Achomhairc go mbaineann próiseas réasúnaíochta agus meastóireachta le ‘cur in ionad réasúnach don ‘fhaisnéis riachtanach’ atá in easnamh’ ar thaobh an údaráis imscrúdúcháin. I gcás ina mbeidh roinnt fíoras ar fáil d’údarás imscrúdúcháin ar gá roghnú astu, ‘is cosúil go mbeadh sé nádúrtha go mbeadh méid áirithe comparáide i gceist leis an bpróiseas réasúnaíochta agus meastóireachta’ chun teacht ar chinneadh cruinn. Braitheann an mheastóireacht ar na ‘fíorais atá ar fáil’ a theastaíonn, agus an cineál a bhféadfadh a bheith i gceist léi, ar imthosca ar leith cáis ar leith, lena n-áirítear cineál, cáilíocht agus méid na fianaise ar an taifead agus na cinntí ar leith atá le déanamh. Is amhlaidh a athrófar cineál agus fairsinge an mhínithe agus na hanailíse is gá idir cinneadh amháin agus cinneadh eile (10). |
|
(34) |
Dá réir sin, d’úsáid an Coimisiún na fíorais uile a bhí ar fáil dó dá anailís, go háirithe:
|
3.2. Ráitis ghinearálta maidir le hearnáil na cruach sa tSín
|
(35) |
Sula ndearna an Coimisiún anailís ar an bhfóirdheonú líomhnaithe i bhfoirm fóirdheontas nó cláir fóirdheontais (ranna 3.4 agus ar lean thíos) rinne sé measúnú ar phleananna, tionscadail agus doiciméid eile an rialtais, nithe a bhí ábhartha maidir le níos mó ná ceann amháin de na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais. Chinn sé go bhfuil na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais uile atá á measúnú ina gcuid de chur chun feidhme phleanáil lárnach Rialtas na Síne ar na cúiseanna seo a leanas. |
3.2.1. An 14ú Plean Cúig Bliana
|
(36) |
Dheimhnigh an Coimisiún san imscrúdú seo gurbh é an doiciméad is mó ábharthachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe an 14ú Plean Cúig Bliana maidir leis an tionscal amhábhar, amhail cruach, a fhorbairt. Ós rud é go bhfuil an tionscal cruach ina chuid thábhachtach den tionscal amhábhar, is príomhréimse é lena múnlaítear imill iomaíochta idirnáisiúnta na Síne, agus is é an ‘príomh-láthair’ chun an bonn tionsclaíoch agus an fhorbairt thionsclaíoch ghlas a athstruchtúrú. Cuirtear béim sa Phlean ar ghrúpa príomhfhiontar a chothú sa slabhra tionsclaíoch ag a mbeidh ceannaireacht éiceolaíoch agus croí-iomaíochas. |
|
(37) |
Deimhnítear leis an mBrollach a ghabhann le 14ú Plean Cúig Bliana na Síne, a foilsíodh i mí an Mhárta 2021 agus lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ról straitéiseach na cruach i ngeilleagar na Síne sna blianta atá le teacht: ‘Is é tionscal na n-amhábhar (15) bunchloch an fhíorgheilleagair, tionscal bunúsach a thacaíonn le forbairt an gheilleagair náisiúnta agus réimse lárnach chun buntáistí iomaíocha idirnáisiúnta a bhaint amach. Is é an príomhfhórsa é maidir le hathstruchtúrú an bhoinn thionsclaíoch agus an ‘phríomh-láthair’ le haghaidh forbairt ghlas an tionscail. Is chun an ‘Ceathrú Plean Déag Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne agus an Achoimre ar Spriocanna Fadtéarmacha do 2035’ a chur chun feidhme, agus chun cáilíocht agus éifeachtúlacht fhorbairt thionscal na n-amhábhar a fheabhsú, a ceapadh an plean seo’. |
|
(38) |
Sa bhreis ar an méid thuas, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na 14ú Plean Cúig Bliana a ghlac Réigiúin agus Cathracha ar fud na Síne agus tháinig sé ar an gconclúid go leanann na heintitis sin, le linn dóibh 14ú Plean Cúig Bliana náisiúnta na Síne a chur chun feidhme, de bheartais tacaíochta a bhaineann go sonrach le cruach a ghlacadh. Luaitear sleachta thíos as cuid de na doiciméid sin mar léiriú ar shamplaí díobh seo a leanas:
|
|
(39) |
I bplean Chúige Hebei ó 2023 foráiltear don mhéid seo a leanas: ‘Chun dlús a chur le bunú acmhainneachtaí nuálacha na bhfiontar cruach, uirlis thábhachtach a chruthú chun an nua-thionsclú a fhorbairt, an croí-iomaíochas a fheabhsú tuilleadh, claochlú “cruach go hábhair, monarú go seirbhísí” a chur chun cinn, agus forbairt ardcháilíochta, chliste agus ghlas a chur chun cinn bunaithe ar staid iarbhír ár gcúige...’ |
|
(40) |
Luaitear an méid seo a leanas i bplean Chathair Chongqing: ‘Ardábhair chruach. Forbairt bhríomhar a dhéanamh ar chruach tógála ardcháilíochta, ar chruach gluaisteán agus gluaisrothar, cruach speisialta ardcháilíochta, agus cruach dhosmálta den scoth chomh maith le córas athchúrsála dramhchruach. [I réimse na] cruach foirgníochta ardcháilíochta, díriú ar chruach a fhorbairt aimsirdhíonach, cruach mhórstráice, cruach le haghaidh innealtóireacht eischósta agus cruach struchtúrtha ardnirt, agus dlús a chur le barraí cruach ardnirt a fhorbairt a bheidh frithsheasmhach in aghaidh creathanna talún, barraí cruach easnacha fuar-rollta ar ardleibhéal insínteachta agus táirgí eile chun struchtúir a thógáil. Tacaíocht d’fheidhmeanna amhail leatháin éighníomhaithe le galbhánú teothumtha saor ó chróimiam agus plátaí le bratú datha saor ó chróimiam orthu. I réimse na cruach gluaisteán agus gluaisrothar, dlús a chur le T&F agus tionsclú cruach ultra-ardnirt agus cruach teofhoirmithe, tacú le forbairt barraí agus slat sreinge lena gcur i ngluaisteáin agus i ngluaisrothair, agus dlús a chur le forbairt agus úsáid cruach le haghaidh feithiclí coigilte fuinnimh agus feithiclí nuafhuinnimh, ardtrealamh idirthurais iarnróid agus táirgí eile. I réimse na cruach speisialta ardcháilíochta, díriú ar chruach ardteochta fhrithsheasmhach a fhorbairt, cruach fhrithchreimneach, cruach shileacain neamhdhírithe, cruach imthaca, cruach ardfheidhmíochta uirlise agus dísle, cruach leictreach dhírithe ardfheidhmíochta, cruach bheagbhorrtha, cóimhiotal éagruthach, cóimhiotal ardteochta, agus táirgí eile. Púdair chóimhiotail iarainn-bhunaithe ardcháilíochta agus cruach ardcháilíochta a shaothrú agus a fhorbairt lena n-úsáid i monarú leathsheoltóirí. I réimse na cruach dosmálta ardleibhéil díriú ar leatháin, stialla, sreanga agus slata cruach dosmálta a fhorbairt chomh maith leis an gcruach dhosmálta a úsáidtear i bpíopaí maisiúla, i bpíopaí sreabháin táite agus i bpíopaí gan uaim. Tacú le córas athchúrsála dramhchruach a thógáil, an tionscal infhéitheach a fhorbairt go bríomhar [tionscail ina leagtar béim ar leith ar dhramhábhair a athúsáid agus a athchúrsáil] agus bruithniú gearrphróisis a spreagadh chun cruach speisialta agus cruach dhosmálta ar ardchaighdeán a tháirgeadh’. |
|
(41) |
Leagtar síos spriocanna fadtéarmacha go dtí 2035 sa 14ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Chathair Anshan. Déantar ceiliúradh mar seo a leanas sa bhrollach ar ar baineadh amach leis an 13ú plean cúig bliana: ‘Le hoptamú agus uasghrádú na dtionscal traidisiúnta a bhaineann le cruach, maignéisít agus monarú trealaimh, mar ‘leathsciathan’, baineadh torthaí suntasacha amach. D’éirigh linn roinnt mórthionscadal chun uasghrádú tionsclaíoch a chur chun cinn, amhail leatháin mótarfheithiclí ardnirt Kobe Steel agus iarnród cruach Zizhu, a chur chun feidhme. [...] Baineadh torthaí suntasacha amach le hathchóiriú struchtúrach ó thaobh an tsoláthair de. díchóimeáladh fiontair ‘ditiaogang’ [cruach fhochaighdeánach], díchuireadh 4,6 milliún tona de dhrochacmhainneacht táirgeachta, agus baineadh torthaí suntasacha amach de bharr feabhas a chur ar ‘líon mór mianach beag, scaipthe, anordúla’. |
|
(42) |
Is é seo a leanas an plean le haghaidh Cruach i réigiún Anshan, as seo go 2035: ‘Iomaíochas an tionscail cruach i gcoitinne a fheabhsú. Tacú le hoptamú agus uasghrádú tháirgí Angang Group (16), agus feabhas cuimsitheach a chur ar iomaíochas idirnáisiúnta agus intíre táirgí ‘den scoth’, amhail cruach longthógála, agus cruach le haghaidh iarnróid throma agus mótarfheithiclí ultra-ardnirt. Plean tacaíochta príobháideach fiontair cruach Anshan a chur chun feidhme, comhghuaillíocht fiontraíochta a bhunú, a bheith gníomhach i mbun mórthionscadail a thógáil, amhail acmhainneacht Houying Group a ionadú agus cruach aimsirdhíonach Zizhu Group le haghaidh piolóin agus túir tarchurtha. Treoir a thabhairt maidir le feabhsú cáilíochta agus uasghrádú, agus forbairt dhifreáilte, shainiúil agus bheachtaithe a bhaint amach. Fiontair chruach agus mhiotalóireachta a chomhtháthú sa gheilleagar cúigeach agus i ngeilleagar an réigiúin thoir thuaidh ina iomláine chun braisle domhain tionscal próiseála cruach a thógáil ina mbeidh Angang Group ina cheannaire agus ‘FBManna speisialaithe agus sofaisticiúla a dhéanann táirgí nua uathúla’ i ról tacaíochta. An slabhra tionscal cruach agus an slabhra soláthair a leathnú. An tionscal cruach éadroim a fhorbairt, díriú ar na táirgí cruach a theastaíonn ó mhargaí áitiúla speisialtachta, amhail margadh na bpeataí, táirgí tomhaltais críochnaitheacha a dhéantar as ábhair chruach a fhorbairt, agus leathnú táirgí cruach idir bhulctháirgí troma agus táirgí éadroma, beaga, mínphróiseáilte a bhaint amach. An tionscal dramhchruach a fhorbairt go gníomhach, tacú go bríomhar le forbairt fiontar áitiúil dramhchruach i gCathair Anshan, fiontair phróiseála dramhchruach a thabhairt isteach go gníomhach, logánú margaí acmhainní dramhchruach in oirthuaisceart na Síne a chur chun cinn, agus bonn athchúrsála acmhainní dramh-chruach ar leibhéal náisiúnta a thógáil a bheidh ag brath ar Chrios Forbartha Eacnamaíche Lishan. An margadh lóistíochta cruach a chlaochlú agus a uasghrádú tuilleadh agus margadh nua-aimseartha trádála cruach a thógáil ina gcomhtháthaítear spot-thrádáil, lóistíocht trádstórála, ríomhthráchtáil, seirbhísí tacaíochta agus feidhmeanna eile. Slabhra forbartha thionscal cruach Anshan a thabhairt chun críche agus a fheabhsú, slabhra iomlán a chruthú le haghaidh seirbhísí mianadóireachta, táirgthe agus seirbhísí nasctha, an slabhra tionscail cruach agus an bonn slabhra soláthair is cuimsithí sa tír [...] Comhtháthú an ‘Double Anshan’ a dhoimhniú go cuimsitheach. Tacú go hiomlán le hathchóiriú agus forbairt Angang Group agus a shaincheisteanna oidhreachta a réiteach go gníomhach. Agus é i gceannas ar 113 fhiontar aistrithe, bunaíodh an Anshan Metallurgical Industry Chain Group Company chun freastal ar Angang Group chun a phríomhoibríochtaí cruach a leathnú. An t-athchóiriú ar éagsúlú cothromais dhá threo idir fiontair áitiúla agus Angang Group a threorú, leithdháileadh acmhainní mianadóireachta, caipitil, paitinní teicneolaíochta, ardáin mhargaidh agus acmhainní eile a fheabhsú chun sochair a uasmhéadú. Tionscail neamhchruach a fhorbairt go comhpháirteach, bheith gníomhach i mbun páirceanna tionsclaíocha a thógáil go comhpháirteach, agus díriú ar thógáil fuinnimh hidrigine, dramhchruach, domhainphróiseáil tarra guail agus tionscadal eile a chur chun cinn. Bunaithe ar Ardán Soláthair Luacha Angang Group, ardán malartáin agus comhair a bhunú d’fhiontair áitiúla agus ardán spot-thrádála ceannródaíoch tríú páirtí ar líne a thógáil lena dtairgtear seirbhísí cuimsitheacha le haghaidh an tslabhra tionscail cruach agus an tslabhra soláthair go léir. Dul i gcomhar le Angang Group chun iarrachtaí T&F, conraitheoireacht tionscadail, dearadh innealtóireachta, cigireacht agus tástáil agus lóistíocht nua-aimseartha a neartú. Claochlú áitiúil éachtaí teicneolaíochta Angang Group a spreagadh. Grinn-ghníomhaíochtaí cur chun cinn infheistíochta a dhéanamh le haghaidh shlabhra tionsclaíoch agus shlabhra soláthair Angang Group chun feabhas a chur ar éagsúlacht na dtáirgí a sholáthraíonn fiontair áitiúla. |
|
(43) |
Déanfar plean réigiúnach Anshan a chur i gcrích trí fhóirdheonú mar a fheicfear sa mhéid seo a leanas: ‘Tacaíocht bheartais a mhéadú. Fiontair a spreagadh chun infheistíocht T&F a mhéadú, agus beartais a chur chun feidhme go gníomhach, amhail sár-asbhaintí le haghaidh cistí T&F, fóirdheontais iar-infheistíochta le haghaidh T&F, laghduithe ar cháin ioncaim agus díolúintí le haghaidh fiontair ardteicneolaíochta agus laghduithe cuimsitheacha cánach chomh maith le díolúintí le haghaidh fiontair bheaga agus micrifhiontar. Bearta athchóirithe a bhaineann le tacaíocht náisiúnta don nuálaíocht a chur chun feidhme go cuimsitheach. Tacú leis an taighde ar phríomhtheicneolaíochtaí lárnacha agus roinnt mórthionscadal a chur chun feidhme lena léirítear na rúin straitéiseacha náisiúnta agus lena gcuirtear i dtábhacht na buntáistí eolaíocha agus teicneolaíocha atá ag Anshan. Gach iarracht a dhéanamh roinnt príomhtheicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí scrogaill a shárú agus roinnt mórtháirgí nuálacha a fhorbairt. Ról iomlán a thabhairt do ról ceannasach na nuálaíochta corparáidí, Angang Group agus príomhfhiontair áitiúla a threorú chun iarrachtaí T&F a dhúbailt, agus T&F a bhaineann le táirgí, uasghrádú próisis agus próisis eile a bhrostú. Bealaí nua forbartha amhail ‘páirceanna imfhálaithe’ agus ‘gorlanna lasmuigh den láthair’ a fhiosrú go gníomhach, treoir a thabhairt acmhainní nuálacha a shaothrú lasmuigh den láthair agus a ghoradh go háitiúil, agus tacú le fiontair chun bunáiteanna T&F a bhunú i mBéising, Shang-hai, Nanjing agus i réigiúin eile. Bealaí tacaíochta airgeadais a leathnú. Seirbhísí láidre airgeadais eolaíochta agus teicneolaíochta a sholáthar, ról iomlán a thabhairt do ról treorach chistí an rialtais, caipiteal airgeadais agus infheistíocht phríobháideach a ghiaráil chun éachtaí eolaíocha agus teicneolaíocha a athrú ó bhonn, tacaíocht mhaoiniúcháin a mhéadú d’fhiontair eolaíochta agus teicneolaíochta, agus tionsclú agus cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua ar mhórscála a éascú. Cistí speisialta éagsúla a chomhtháthú le haghaidh tacaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch agus acmhainní airgeadais a dhíriú ar mhórnuálaíochtaí teicneolaíochta i bpríomhthionscail agus i bpríomhréimsí. Feabhas nuálach a chur ar an tsamhail chreidmheasa teicneolaíochta, ról iomlán a thabhairt d’fheidhm cúitimh riosca an chreidmheasa teicneolaíocht-bhunaithe, agus úsáid mhaith a bhaint as táirgí airgeadais amhail ‘iasachtaí don nuálaíocht theicneolaíochta’, gealltanas maoinithe don mhaoin intleachtúil agus árachas teicneolaíochta chun creidmheas a fheabhsú, rioscaí a éagsúlú, agus costais a laghdú d’fhiontair atá dírithe ar an teicneolaíocht. Creidmheas luacha eolais a chur chun cinn le haghaidh fiontair teicneolaíocht-bhunaithe agus féachaint ar shamhlacha nua maoinithe fiachais atá éadrom ar shócmhainní, creidmheas-bhunaithe agus áisiúil’. |
3.2.2. Ordú Uimh. 35
|
(44) |
Ordú Uimh. 35 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú – Doiciméad beartais eile is ea Policies for the development of Iron and Steel Industry [Beartais chun Tionscal Iarainn agus Cruach a fhorbairt] (2005) (‘Ordú Uimh. 35’). Arna ghlacadh ag an gComhairle Stáit, clúdaítear ann gnéithe éagsúla de rialú Rialtais na Síne ar an tionscal, lena n-áirítear:
|
3.2.3. Cinneadh Uimh. 40
|
(45) |
Is éard is Cinneadh Uimh. 40 ann ná Ordú ón gComhairle Stáit lena n-aicmítear, chun críche infheistíochta, na hearnálacha tionsclaíocha ina gcatagóirí éagsúla, mar atá ‘tionscadail spreagtha, tionscadail shriantacha agus tionscadail a dhíchuireadh’. Sonraítear sa Chinneadh sin go bhfuil an ‘Chatalóg Threorach maidir le hOiriúnú an Struchtúir Thionsclaíoch’, ar beart cur chun feidhme le Cinneadh Uimh. 40 é, ina bunús tábhachtach chun treoracha infheistíochta a threorú. Treoraítear Rialtas na Síne léi freisin maidir le tionscadail infheistíochta a riar, agus beartais maidir le hairgeadas poiblí, cánachas, creidmheas, talamh, allmhairiú agus onnmhairiú a cheapadh agus a fhorfheidhmiú (17). Léirítear an tionscal cruach mar thionscal spreagtha i gCaibidil VIII den Chatalóg Treorach sin. Maidir lena chineál dlíthiúil, thug an Coimisiún faoi deara gur Ordú ón gComhairle Stáit é Cinneadh Uimh. 40, arb é an comhlacht riaracháin ar an leibhéal is airde sa tSín é. Chuige sin, tá an cinneadh ceangailteach ó thaobh dlí do chomhlachtaí poiblí eile agus do na hoibreoirí eacnamaíocha (18). |
3.2.4. An Plean Athbheochana
|
(46) |
Is plean gníomhaíochta don tionscal cruach é an Treoirphlean um Choigeartú agus um Athbheochan an Tionscail Cruach (2009). Tá sé d’aidhm ag an bplean déileáil leis an ngéarchéim airgeadais idirnáisiúnta agus tugtar aghaidh leis ar cheanglais fhoriomlána bheartais Rialtas na Síne fás a choinneáil ar bun. Chomh maith leis sin, féachtar leis le ‘feidhmiú cobhsaí an tionscail a ráthú’ toisc go meastar ‘é a bheith ina chrann taca tábhachtach don gheilleagar náisiúnta’. Foráiltear an méid seo a leanas leis an doiciméad:
|
3.2.5. Catalóg Threorach um choigeartú an struchtúir thionsclaíoch
|
(47) |
De réir chaibidil VIII sa Chatalóg Threorach um choigeartú an struchtúir thionsclaíoch (2019), is earnáil spreagtha í an earnáil cruach. |
3.2.6. Conclúidí foriomlána maidir le hidirghabháil Rialtas na Síne sa earnáil cruach
|
(48) |
Agus na doiciméid thuasluaite agus a bhforálacha á gcur san áireamh d’athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúid ón imscrúdú bunaidh go raibh tionscal cruach na Síne fós ina phríomhthionscal/ina thionscal straitéiseach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá Rialtas na Síne ag tabhairt faoina fhorbairt go gníomhach agus á threorú mar chuspóir straitéiseach beartais. |
3.3. Fóirdheontais agus cláir fhóirdheontais a scrúdaíodh san imscrúdú seo
|
(49) |
Mar gheall nár chomhoibrigh Rialtas na Síne ná táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a shonraítear in aithrisí 17 agus 31, chinn an Coimisiún scrúdú a dhéanamh féachaint ar leanadh den fhóirdheonú mar a leanas. Ar an gcéad dul síos, scrúdaigh an Coimisiún an amhlaidh a bhí na fóirdheontais a frithchúitíodh sa chéad athbhreithniú éaga fós ag dul chun tairbhe don tionscal cruach le bratú orgánach uirthi. Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar bhain an tionscal sin tairbhe as fóirdheontais nár frithchúitíodh sa chéad athbhreithniú éaga (‘fóirdheontais bhreise’) mar a líomhnaíodh san iarraidh. |
|
(50) |
Chinn an Coimisiún, i bhfianaise na dtorthaí lena ndeimhnítear go bhfuiltear ag leanúint d’fhóirdheonú maidir leis an gcuid is mó de na fóirdheontais a frithchúitíodh sa chéad athbhreithniú éaga, nach gá imscrúdú a dhéanamh ar na fóirdheontais eile uile ar líomhain an t-iarratasóir gur ann dóibh. Go deimhin, de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil fianaise ann go bhfuiltear ag leanúint le fóirdheonú, gan beann ar a mhéid. |
3.4. Soláthar earraí nó seirbhísí ar íocaíocht neamhleor (19)
3.4.1. Soláthar cruach teorollta agus fuar-rollta ar íocaíocht neamhleor
3.4.1.1.
|
(51) |
San imscrúdú bunaidh (20), shuigh an Coimisiún, de réir na tástála atá leagtha amach ag Buanchomhlacht Achomhairc EDT (21), gur comhlachtaí poiblí iad cuideachtaí faoi úinéireacht stáit a sholáthraíonn cruach theorollta agus fhuar-rollta do tháirgeoirí OCS ós rud é go ndéanann siad feidhmeanna rialtais agus, ar an gcaoi sin, go mbíonn údarás rialtais á fheidhmiú acu. |
|
(52) |
Shuigh an Coimisiún freisin go gcuireann Rialtas na Síne de chúram ar tháirgeoirí príobháideacha cruach teorollta agus fuar-rollta sa tSín agus go dtugann sé treoir dóibh earraí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagail 3.1(a)(iii) agus 3.1(a)(iv) den bhun-Rialachán agus chun gníomhú ar an mbealach céanna le cuideachtaí cruach faoi úinéireacht stáit (22). |
|
(53) |
San anailís a rinneadh ina dhiaidh sin (23), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dearfach gur ann do shochar le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin OCS de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. D’eascair an tairbhe sin as amhábhair a bheith á soláthar ar íocaíocht neamhleor ag táirgeoirí cruach teorollta agus fuar-rollta, bídís ina gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit ag gníomhú mar chomhlachtaí poiblí nó ina gcuideachtaí príobháideacha ar chuir Rialtas na Síne de chúram orthu nó ar thug sé treoir dóibh é sin a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3.1(a)(iv) den bhun-Rialachán. |
|
(54) |
Chun an sochar sin a ríomh, rinne an Coimisiún comparáid idir na praghsanna a íocann táirgeoirí onnmhairithe OCS lena mbaineann ar chruach theorollta agus fhuar-rollta agus an tagarmharc ábhartha. Dheimhnigh an Buanchomhlacht Achomhairc, i gcás ina bhfuil margadh na tíre is soláthraí saofa mar gheall ar ról an rialtais, go gceadaítear tagarmharcanna seachtracha a úsáid. |
|
(55) |
Ar bhonn na faisnéise ar comhad san imscrúdú bunaidh, suíodh gur saobhadh na praghsanna ar chruach theorollta agus fhuar-rollta arna ndíol ag cuideachtaí faoi úinéireacht stáit sa tSín. Bhí sé sin mar thoradh ar cheannasacht láidir na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit sa mhargadh cruach teorollta agus fuar-rollta sa tSín agus toisc go raibh praghsanna chruach theorollta agus fhuar-rollta na soláthróirí príobháideacha ailínithe le praghsanna na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. |
|
(56) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon phraghas margaidh iontaofa ann sa tSín le haghaidh cruach theorollta agus fhuar-rollta agus ríomh sé an tagarmharc ar bhonn phraghsanna cruach theorollta agus fhuar-rollta ar an margadh domhanda, a fhoilsítear go rialta in irisleabhair speisialaithe cruach éagsúla amhail Steel Business Briefing, MEPS agus CRU. |
|
(57) |
Léiríodh i gcomparáid idir na praghsanna ó tháirgeoirí cruach comhréidhe teorollta agus fhuar-rollta leis an tagarmharc lasmuigh den tír go raibh na praghsanna sa tSín i bhfad faoi bhun na bpraghsanna tagarmhairc agus, dá bhrí sin, gur thairbhigh táirgeoirí onnmhairiúcháin OCS na Síne de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. |
|
(58) |
Thairis sin, fuarthas go raibh an clár fóirdheontais sin sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta tionscal agus fiontar sa tSín a úsáideann cruach theorollta agus fhuar-rollta ina bpróiseas táirgthe. |
|
(59) |
D’athraigh an ráta fóirdheontais a suíodh san imscrúdú bunaidh do tháirgeoirí onnmhairiúcháin OCS sampláilte ó 23,02 % go 27,63 %, agus is ráta 32,44 % a bhí ann le haghaidh cuideachtaí neamh-chomhoibríocha. |
|
(60) |
Sa chéad athbhreithniú éaga, thángthas ar an gconclúid gur raibh táirgeoirí OCS na Síne ag tairbhiú go fóill den soláthar cruach theorollta agus fhuar-rollta ar íocaíocht neamhleor chun OCS a tháirgeadh, agus gur cumhdaíodh na ceannacháin ó chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus ó chuideachtaí nach raibh faoi úinéireacht stáit. |
3.4.1.2.
|
(61) |
Mar chéad chéim, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur comhlachtaí poiblí i gcónaí iad na soláthróirí cruach theorollta agus fhuar-rollta faoin tástáil arna bhunú ag Buanchomhlacht Achomhairc EDT (féach aithris 51). Thug an t-iarratasóir le fios go rialaíonn agus go mbainistíonn Rialtas na Síne cuideachtaí faoi úinéireacht stáit ar bhealaí éagsúla. |
|
(62) |
Ar an gcéad dul síos, chuir an creat institiúideach ar chumas Rialtas na Síne cuideachtaí faoi úinéireacht stáit a rialú go docht trí chomhlachtaí éagsúla. |
|
(63) |
Is le Coimisiún na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní atá faoi úinéireacht an Stáit (‘SASAC’) ar deireadh gach cuideachta faoi úinéireacht stáit sa tSín. Is é Páirtí Cumannach na Síne a cheapann stiúrthóirí agus bainisteoirí uile SASAC. Tá ról ceannasach ag SASAC maidir le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit a bhainistiú, lena n-áirítear faireachas araíonachta, agus áirithíonn sé go leanann cuideachtaí faoi úinéireacht stáit na cuspóirí atá leagtha síos ag Rialtas na Síne. Bíonn baint aige freisin le cinntí infheistíochta, agus le hidirbhearta stoc agus scaireanna. Dá bhrí sin, is féidir SASAC a áireamh ina rialtóir Stáit ar na cuideachtaí faoi úinéireacht stáit. |
|
(64) |
Is údarás rialála eile é an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú (‘NDRC’) lena rialaítear cuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Tá de chúram ar NDRC na straitéisí maicreacnamaíocha agus forbartha tionsclaíche a fhorbairt agus a áirithiú go gcuireann na gníomhaithe áitiúla beartas Rialtas na Síne chun feidhme i gceart. Glacann NDRC treoirlínte agus treoracha agus formheasann sé tionscadail infheistíochta mhóra. Ní mór gach infheistíocht ó tháirgeoirí cruach sa tSín a bheith formheasta ag NDRC. |
|
(65) |
Oibríonn NDRC i ndlúthchomhar le Comhlachas Iarainn agus Cruach na Síne (‘CISA’). Déanann CISA ionadaíocht ar an tionscal cruach os comhair Rialtas na Síne agus gníomhaithe margaidh eile. Mar sin féin, tá ról leath-rialtasach ag CISA sa mhéid go mbíonn sé rannpháirteach in ullmhú treoirlínte forbartha agus i bhformheas idirbheart a mbíonn táirgeoirí eachtracha bainteach leo. Is é CISA comharba bhrainse cruach Aireacht na dTionscal Miotalóireachta. |
|
(66) |
Ar an dara dul síos, feidhmíonn Rialtas na Síne dianrialú ar an tionscal cruach de réir dlí. Aicmítear an earnáil cruach faoi na ‘tionscail bhunúsacha agus tábhachtacha’ áit a gcaithfidh an Stát ‘cumhacht rialaithe sách láidir a choinneáil ar bun’ (24). Tá sé ar na tionscail ‘atáthar a spreagadh’ freisin agus, a bhuí leis an stádas sin, tairbhíonn sé de bhuntáistí éagsúla, mar shampla, i ndáil le hiasachtaí, cearta úsáide talún, agus beartais fhabhracha chánach. Treisiú ar an rialú sin is ea an toirmeasc san earnáil cruach ar úinéireacht tromlaigh eachtrach, rud a d’fhéadfadh rialú Rialtas na Síne a laghdú. |
|
(67) |
Ba cheart a chur i dtábhacht go mbunaítear an fhianaise thuasluaite uile maidir le treo, bainistiú agus rialú iarbhír na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit ag Rialtas na Síne ar an anailís ar na príomhdhoiciméid, na príomhdhlíthe agus na príomhrialacháin chéanna a bhí san imscrúdú bunaidh agus atá fós i bhfeidhm le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (25). Is é an t-aon mhórleasú ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh go bhfuil an 14ú Plean Cúig Bliana ann in ionad an 13ú Plean Cúig Bliana. Mar sin féin, le hionadú den sórt sin níor modhnaíodh ról ceannasach Rialtas na Síne san earnáil cruach. |
|
(68) |
Mar dhara céim, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil maidir le láithreacht mhór agus ceannasacht leanúnach na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit san earnáil cruach i gcoitinne agus in earnálacha na cruach le bratú orgánach agus na cruach teorollta go háirithe. Rinneadh achoimre san iarraidh ar na torthaí a fuarthas le déanaí ó na himscrúduithe a rinne údaráis na hAstráile (26) agus na Stát Aontaithe (27) ina leith sin. |
|
(69) |
Mar thríú céim, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur lean Rialtas na Síne de chúram a chur ar chuideachtaí príobháideacha san earnáil cruach fhuar-rollta agus theorollta earraí a sholáthar agus treoir a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 3.1(a)(iii) agus 3.1(a)(iv) den bhun-Rialachán agus go bhfuil a bpraghsáil cosúil le praghsáil cuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Dá bhrí sin, tá torthaí an Choimisiúin san imscrúdú bunaidh bailí i gcónaí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(70) |
Chun tacú lena iarraidh, thug an t-iarratasóir le fios gur tugadh spreagadh fós do tháirgeoirí nach cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad na pleananna 5 bliana náisiúnta agus áitiúla a leanúint agus go mbíonn siad faoi réir cur isteach láidir ó Rialtas na Síne ar an margadh agus maidir lena struchtúir chorparáideacha freisin. Chun a chruthú go raibh idirghníomhaíochtaí láidre leanúnacha idir na húdaráis phoiblí, an Páirtí Cumannach agus na táirgeoirí nach cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad, d’agair an t-iarratasóir torthaí ón imscrúdú frith-fhóirdheontais a rinne na Stáit Aontaithe le déanaí (28) agus doiciméid cur chun feidhme maidir leis an 14ú Plean Cúig Bliana ar leibhéil réigiúnacha. |
|
(71) |
Is léir ar an bhfianaise thuas go n-iompraíonn na cuideachtaí faoi úinéireacht stáit in earnálacha fhuar-rollta agus theorollta iad féin mar chomhlachtaí poiblí i gcónaí agus go gcuirtear cúram ar na táirgeoirí nach cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad nó go dtugtar treoir dóibh. De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, níor cuireadh aon argóintí i láthair a chaithfeadh amhras ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair ina leith sin. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtairbhíonn táirgeoirí OCS de sholáthar amhábhar ó tháirgeoirí cruach fhuar-rollta agus theorollta ar íocaíocht neamhleor i gcónaí mar a suíodh san imscrúdú bunaidh. |
|
(72) |
Thairis sin, sa Tuarascáil maidir leis an tSín maidir leis an earnáil cruach i gcoitinne (29), deimhníodh na saincheisteanna criticiúla maidir le bunú an chláir fhóirdheonaithe sin agus maidir le leanúint ar aghaidh leis, ceisteanna amhail: cuideachtaí faoi úinéireacht stáit á n-iompar féin mar chomhlachtaí poiblí, a gceannasacht san earnáil lena mbaineann, cúram a chur ar tháirgeoirí nach cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad agus treoir a thabhairt dóibh, agus saobhadh praghsanna. |
3.4.1.3.
|
(73) |
Is fóirdheontas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) den bhun-Rialachán é cruach fhuar-rollta agus theorollta a bheith á soláthar ag comhlachtaí poiblí ar íocaíocht neamhleor do tháirgeoirí OCS. Spreagann soláthar an ábhair chéanna ag cuideachtaí príobháideacha fóirdheontas de réir Airteagal 3(1)(a)(iv) ós rud é go gcuireann Rialtas na Síne cúram ar na comhlachtaí príobháideacha sin é sin a dhéanamh nó go dtugann sé treoir dóibh é sin a dhéanamh ar luach níos lú ná luach an mhargaidh. |
|
(74) |
Bíonn tairbhe ann faoin gclár sin do tháirgeoirí OCS, tairbhe nach féidir a thomhas ar mhargadh OCS intíre na Síne toisc gur margadh saofa é. Ní mór an sochar sin a ríomh le tagarmharc idirnáisiúnta a chomhdhéantar de na tíortha céanna a bhí sa chás bunaidh. De cheal comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bhonn sin a d’fhéadfadh sé méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, maidir leis an toradh a fuarthas san athbhreithniú éaga seo gur leanadh den fhóirdheonú, ní mheasann an Coimisiún gur gá na méideanna sin a ríomh. |
3.4.1.4.
|
(75) |
Is fóirdheontas sonrach é an fóirdheontas i gceist de réir bhrí Airteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán agús é á chur san áireamh go mbaineann líon teoranta tionscal sa tSín úsáid as cruach fhuar-rollta agus theorollta ina dtáirgeadh. |
|
(76) |
Maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, baineann an fóirdheontas le táirgeoirí cruach le bratú orgánach nach táirgeoirí cruach iad atá comhtháite go hingearach, is é sin nach bhfuil acu ach (i) líne fuar-rollta agus nach mór dóibh cruach theorollta a cheannach mar fhoshraith don fhuar-rolláil nó (ii) líne bhrataithe agus nach mór dóibh cruach fhuar-rollta a cheannach mar fhoshraith. |
3.4.1.5.
|
(77) |
Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil fianaise leordhóthanach ann a léiríonn gur leanadh de chruach theorollta agus fhuar-rollta a sholáthar ar íocaíocht neamhleor mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.4.2. Soláthar ceart úsáide talún ar íocaíocht neamhleor
3.4.2.1.
|
(78) |
San imscrúdú bunaidh (30), chinn an Coimisiún gur cheart cearta úsáide talún arna soláthar ag Rialtas na Síne a mheas mar bheart fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. Ós rud é nach bhfuil aon mhargadh feidhmiúil do thalamh sa tSín, soláthraíonn Rialtas na Síne cearta úsáide talún ar íocaíocht neamhleor, agus ar an gcaoi sin tugtar tairbhe do na cuideachtaí is faighteoirí. Léiríodh le húsáid tagarmhairc sheachtraigh go bhfuil an méid a íocann táirgeoirí OCS as cearta úsáide talún i bhfad níos ísle ná gnáthráta an mhargaidh. |
|
(79) |
Shuigh an Coimisiún freisin go bhfuil an fóirdheontas ina fhóirdheontas sonrach faoi Airteagal 4.2(a) agus 4.2(c) den bhun-Rialachán, toisc go bhfuil an rochtain ar thalamh tionsclaíoch teoranta de réir dlí ach do chuideachtaí a urramaíonn na beartais thionsclaíocha arna leagan síos ag an Stát. Ina theannta sin, ní raibh ach idirbhearta áirithe faoi réir próiseas tairisceana, ba iad na húdaráis a shocraigh na praghsanna go minic, agus tá cleachtais rialtais sa réimse sin doiléir agus neamh-thrédhearcach. |
|
(80) |
Agus úsáid á baint as praghsanna talún sa Téaváin mar thagarmharc, suíodh go raibh an ráta fóirdheontais maidir leis an mbeart sin san imscrúdú bunaidh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin OCS sampláilte sa raon 0,34 % go 1,12 % agus go raibh an ráta le haghaidh cuideachtaí neamh-chomhoibríocha ar leibhéal 1,36 %. |
|
(81) |
Sa chéad athbhreithniú éaga, thángthas ar an gconclúid go raibh táirgeoirí OCS na Síne ag tairbhiú go fóill de chearta úsáide talún a bhí á soláthar ar íocaíocht neamhleor. |
3.4.2.2.
|
(82) |
San iarraidh, sholáthair an t-iarratasóir fianaise go raibh táirgeoirí OCS na Síne ag tairbhiú go fóill de chearta úsáide talún ar íocaíocht neamhleor. |
|
(83) |
Thug an t-iarratasóir le fios nár tháinig aon athrú ar an dlí lena rialaítear an t-ábhar sin san imscrúdú bunaidh. Tá toirmeasc ar úinéireacht phríobháideach talún sa tSín. Foráiltear fós leis an Dlí Riaracháin Talún, agus le hAirteagal 2 go háirithe, gur le Rialtas na Síne ar deireadh an talamh uile sa tSín toisc go bhfuil sé faoi chomhúinéireacht na Síne. Sonraítear sa Dlí Maoine (Airteagail 45-48) go bhfuil talamh sa tSín ‘faoi chomhúinéireacht’ nó ‘faoi úinéireacht stáit’. Ní féidir aon talamh a dhíol ach is féidir cearta úsáide talún a shannadh trí thairiscint phoiblí, luachan nó ceant. |
|
(84) |
Níor sholáthair Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise lena dtugtar le tuiscint gur scoir an tionscal OCS de thairbhe a bhaint as cearta úsáide talún a sholáthar ar íocaíocht neamhleor. |
|
(85) |
Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear conclúidí na Tuarascála maidir leis an tSín (31) ina leith sin agus torthaí ón imscrúdú ar chruach comhréidhe teorollta i ndáil le roinnt cuideachtaí cruach a tháirgeann OCS (32) chomh maith leis na himscrúduithe is déanaí maidir le feithiclí ceallra-leictreacha agus MAE (33), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leanadh d’fhóirdheonú a dhéanamh ar na rátaí a íoctar as úsáid talún toisc nach gcloíonn an córas arna forchur ag Rialtas na Síne le prionsabail an mhargaidh. |
3.4.2.3.
|
(86) |
I bhfianaise nach ann do mhargadh talún sa tSín, ní mór tagarmharc seachtrach a úsáid chun praghas margaidh iomchuí a chinneadh agus chun méid an fhóirdheontais a deonaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6(d)(ii) den bhun-Rialachán. Rinneadh praghsanna talún thuasluaite na Téaváine, a úsáidtear de ghnáth mar thagarmharc sna ríomhanna sin, a nuashonrú agus a choigeartú suas ag éirí as torthaí ó na himscrúduithe frithchúitimh is déanaí. |
|
(87) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, maidir leis an toradh a fuarthas san athbhreithniú éaga seo gur leanadh den fhóirdheonú, ní mheasann an Coimisiún gur gá na méideanna sin a ríomh. É sin ráite, ós rud é go raibh na praghsanna tagarmhairc sa Téaváin níos airde ná na praghsanna a úsáideadh san imscrúdú bunaidh agus sa chéad athbhreithniú éaga, is dócha gur leanadh den fhóirdheonú ar na leibhéil chéanna ar a laghad. |
3.4.2.4.
|
(88) |
Tá an fóirdheontas ina fhóirdheontas sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán. Ní dheonaítear cearta úsáide talún ach do ghrúpa teoranta cuideachtaí. Ina theannta sin, tagann an earnáil cruach, atá ina cuid den chatagóir spreagtha faoi chuimsiú Chinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit, laistigh de na hearnálacha a thairbhíonn de chearta úsáide talún. Ina theannta sin, tá an soláthar ceart úsáide talún sa tSín neamh-thrédhearcach i gcónaí. |
3.4.2.5.
|
(89) |
Dá réir sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur leanadh de chearta úsáide talún a sholáthar ar íocaíocht neamhleor mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.4.3. Soláthar leictreachais ar íocaíocht neamhleor
3.4.3.1.
|
(90) |
San imscrúdú bunaidh (34), shuigh an Coimisiún gur shocraigh NDRC na praghsanna leictreachais is infheidhme sna cúigí éagsúla. Fuarthas nach bhfeidhmíonn na biúrónna praghsanna áitiúla ach mar bhrainse feidhmiúcháin den chinneadh a rinne NDRC ar an leibhéal lárnach. Deimhníodh é sin freisin toisc gur eisigh NDRC fógraí ina socraíonn sé na praghsanna iarbhír a shocraítear le haghaidh gach cúige. Trasuitear na fógraí sin go foirmiúil ansin i bhfógraí áitiúla a ghlacann na biúrónna praghsanna áitiúla agus a chuirtear chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. |
|
(91) |
Ina theannta sin, suíodh leis an imscrúdú bunaidh go socraítear na rátaí leictreachais difreálacha is infheidhme maidir le hearnálacha áirithe agus/nó ar leibhéal na gcúigí agus an leibhéal áitiúil i gcomhréir le tosca áirithe, lena n-áirítear saothrú na spriocanna beartais thionsclaíoch arna leagan síos ag an rialtas láir agus ag rialtais áitiúla ina bpleananna 5 bliana agus sna pleananna earnála. |
|
(92) |
Thairis sin, shuigh an Coimisiún go raibh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte comhoibríocha ag tairbhiú de ráta leictreachais a bhí níos ísle ná an ráta is infheidhme go ginearálta maidir le húsáideoirí tionsclaíocha móra. Fuarthas go raibh fochatagóir d’úsáideoirí tionsclaíocha áirithe sa limistéar sonrach ina raibh an t-onnmhaireoir sin lonnaithe, lena n-áirítear iad siúd a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú, i dteideal an ráta níos ísle sin. Is é sin, fuair an chuideachta ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) den bhun-Rialachán, sa mhéid is gur sholáthair an rialtas leictreachas tríd an gcuideachta soláthair leictreachais phoiblí áitiúil. B’ionann sin agus ranníocaíocht rialtais i bhfoirm soláthar earraí seachas bonneagar ginearálta de réir bhrí an bhun-Rialacháin. |
|
(93) |
Fuarthas amach go raibh an fóirdheontas ina fhóirdheontas sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(3) den bhun-Rialachán. Leagadh amach an ráta leictreachais níos ísle san Fhógra ábhartha ó NDRC agus ionchorpraíodh é san Fhógra a d’eisigh an Biúró Praghsanna áitiúil. Is é sin, is údarás lárnach a shainordaigh é agus riaradh é ar an leibhéal áitiúil. Teorannaíodh an ráta níos ísle sin d’fhiontair áirithe in earnálacha sonraithe áirithe. Teorannaíodh an fóirdheontas do réigiún áirithe freisin sa mhéid nach bhfuil feidhm aige ach amháin i limistéar geografach ainmnithe teoranta áit a raibh an táirgeoir onnmhairiúcháin lonnaithe. |
|
(94) |
Sa chéad athbhreithniú éaga dheimhnigh an Coimisiún nár tháinig aon athrú ar an dlí maidir le praghsáil an leictreachais (35) agus go raibh sochar á fháil i gcónaí ag táirgeoirí OCS ó phraghsanna ísle ar leictreachas. |
3.4.3.2.
|
(95) |
San iarraidh, chuir an t-iarratasóir in iúl nár athraíodh an dlí lena rialaítear an t-ábhar sin ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh agus an t-athbhreithniú éaga. |
|
(96) |
Níor sholáthair Rialtas na Síne ná táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne fianaise lena dtugtar le tuiscint gur scoir an tionscal OCS de thairbhiú de sholáthar leictreachais ar íocaíocht neamhleor. |
|
(97) |
Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear conclúidí na Tuarascála maidir leis an tSín (36), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbraitheann na rátaí leictreachais fabhracha a íoctar ar na fiontair aonair, ar an earnáil tionscail, nó ar a suíomh geografach. |
3.4.3.3.
|
(98) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, maidir leis an toradh a fuarthas san athbhreithniú éaga seo gur leanadh den fhóirdheonú, ní mheasann an Coimisiún gur gá na méideanna sin a ríomh. É sin ráite, is cosúil nár laghdaigh leibhéal an fhóirdheonaithe nuair a chuirtear i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh é. |
3.4.3.4.
|
(99) |
Mar a míníodh in aithris 93, is scéim shonrach a bhí sa scéim de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus 4(3) den bhun-Rialachán. |
3.4.3.5.
|
(100) |
Dá réir sin, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur leanadh de leictreachas a sholáthar ar íocaíocht neamhleor mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.5. Aistriú díreach cistí (37)
3.5.1. Iasachtú fabhrach agus rátaí fabhracha úis
3.5.1.1.
|
(101) |
San imscrúdú bunaidh (38), shuigh an Coimisiún gur chomhlachtaí poiblí iad bainc faoi úinéireacht an Stáit toisc gur chomhlíon siad feidhmeanna rialtais agus, le linn dóibh déanamh amhlaidh, gur fheidhmigh siad údarás rialtais. Thairis sin, thángthas ar an gconclúid go raibh níos mó ná leath earnáil baincéireachta na Síne i gceist leis na cúig bhanc thráchtála is mó faoi úinéireacht an Stáit le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. |
|
(102) |
Maidir leis na bainc a chuir iasachtaí ar fáil do tháirgeoirí comhoibríocha onnmhairiúcháin OCS, bhí a bhformhór mór faoi úinéireacht an Stáit. Léiríodh leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil gur bhainc faoi úinéireacht an Stáit a bhí in 14 bhanc ar laghad as na 17 mbanc a tuairiscíodh, lena n-áirítear na príomhbhainc thráchtála sa tSín, amhail Bank of China, Construction Bank agus Industrial and Commercial Bank of China. Ina theannta sin, fuarthas freisin go raibh áit cheannasach sa mhargadh ag na bainc thráchtála sin faoi úinéireacht an Stáit agus ina gcáil mar chomhlachtaí poiblí go raibh iasachtaí á dtairiscint acu ag rátaí úis faoi bhun an mhargaidh. Dá réir sin, thángthas ar an gconclúid go raibh beartas ag Rialtas na Síne maidir le hiasachtú fabhrach a sholáthar don earnáil OCS. |
|
(103) |
Shuigh an Coimisiún freisin, ar bhonn, inter alia, Airteagail 34 agus 38 den Dlí maidir le Baincéireacht Tráchtála agus Airteagail 24 agus 25 d’Ordú Uimh. 35 – Beartais chun Tionscal Iarainn agus Cruach a fhorbairt, gur chuir Rialtas na Síne de chúram ar bhainc thráchtála phríobháideacha sa tSín iasachtaí fabhracha a sholáthar do na táirgeoirí OCS agus gur thug sé treoir dóibh é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3.1(a)(iv) den bhun-Rialachán. |
|
(104) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún: go ndearnadh ranníocaíocht airgeadais le táirgeoirí OCS i bhfoirm aistriú díreach cistí ón rialtas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán; agus gur chuir an rialtas de chúram freisin ar bhainc faoi úinéireacht phríobháideach ranníocaíochtaí airgeadais a sholáthar do na táirgeoirí céanna nó gur thug sé treoir dóibh é sin a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán. |
|
(105) |
Fuarthas go raibh tairbhe de réir bhrí Airteagail 3(2) agus 6(b) den bhun-Rialachán ann sa mhéid gur deonaíodh na hiasachtaí rialtais ar théarmaí níos fabhraí ná mar a d’fhéadfadh an faighteoir a fháil ar an margadh. Ós rud é gur suíodh nach soláthraítear tagarmharc margaidh iomchuí le hiasachtaí neamh-rialtais sa tSín (bainc faoi úinéireacht phríobháideach arna gcur faoi chúram agus faoi ordú ag Rialtas na Síne), ríomhadh tagarmharc den sórt sin ar bhonn ráta iasachta caighdeánach People’s Bank of China. Coigeartaíodh an ráta sin chun gnáthriosca margaidh a léiriú tríd an biseach iomchuí measta ar bhannaí arna n-eisiúint ag gnólachtaí a bhfuil rátáil bannaí ‘grád neamh-infheistíochta’ acu (ag ráta BB) a chur leis. |
|
(106) |
San imscrúdú bunaidh (39), fuarthas go raibh an clár fóirdheontais sin sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc gur bhain an tionscal cruach leis an gcatagóir spreagtha de réir Chinneadh Uimh. 40 agus nach raibh forálacha na n-iasachtaí teoranta ach d’fhiontair chruach a chomhlíon na beartais forbartha don tionscal iarainn agus don tionscal cruach go hiomlán (Ordú Uimh. 35). |
|
(107) |
Ina theannta sin, fuarthas go raibh an clár ina chlár sonrach faoi Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, toisc go rabhthas ag spreagadh agus ag treorú tacaíocht airgeadais don tionscal cruach, i réigiúin gheografacha shonracha na Síne freisin, leis na pleananna agus doiciméid áirithe rialtais. |
|
(108) |
D’athraigh an ráta fóirdheontais a suíodh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin OCS sampláilte san imscrúdú bunaidh ó 0,25 % go 0,89 % agus bhí an ráta le haghaidh cuideachtaí neamh-chomhoibríocha ar leibhéal 0,97 %. |
|
(109) |
Sa chéad athbhreithniú éaga, sholáthair an t-iarratasóir fianaise go raibh bainc a bhí faoi úinéireacht an stáit ina gcomhlachtaí poiblí i gcónaí agus go raibh láithreacht mhór agus ceannasacht mhargaidh acu i gcónaí i gcóras baincéireachta na Síne, agus gur lean Rialtas na Síne de chúram a chur ar bhainc phríobháideacha iasachtaí fóirdheonaithe a sholáthar agus treoir a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Thairis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur chomhlíon an tionscal baincéireachta cuspóirí straitéiseacha náisiúnta a leagtar síos sna treoirlínte agus sna moltaí ceangailteacha éagsúla lena n-áirítear sa 13ú Plean Cúig Bliana don earnáil cruach. Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid go raibh táirgeoirí OCS na Síne ag tairbhiú go fóill d’iasachtú fabhrach agus rátaí fabhracha úis. |
3.5.1.2.
|
(110) |
Deimhníodh sna torthaí ó na himscrúduithe frith-fhóirdheontais a rinneadh le déanaí maidir le cruach comhréidhe teorollta, feithiclí ceallra-leictreacha agus MAE (40) agus sna conclúidí faoi seach sa Tuarascáil maidir leis an tSín (41) go bhfuil na torthaí thuas maidir le saobhadh in earnáil baincéireachta na Síne dá dtagraítear in aithris 109 fós i bhfeidhm. |
|
(111) |
Ina theannta sin, san iarraidh agus san iarscríbhinn chomhfhreagrach (42), chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go raibh táirgeoirí OCS na Síne ag tairbhiú go fóill d’iasachtú fabhrach agus rátaí úis faoi bhun an mhargaidh ó bhainc intíre sa tSín. Bunaítear an corpas fianaise ar phreaseisiúintí ó tháirgeoirí OCS agus ó bhainc faoi úinéireacht stáit a thugann iasachtaí don táirgeoir OCS lena bhfógraítear a socruithe creidmheasa frithpháirteacha. Ní hamháin go léiríonn an fhianaise sin go leanann bainc faoi úinéireacht an stáit de chistí a sholáthar do tháirgeoirí OCS ach go ndéantar an cistiú chun beartas an Stáit a chomhlíonadh chun tacú le monaraíocht cruach sa tSín. |
|
(112) |
An 20 Feabhra 2020, d’fhógair Brainse Shang-hai de Export-Import Bank of China go raibh iasacht RMB 1,5 billiún tugtha aige do Baoshan Iron and Steel Co. Ltd (43). ‘D’eisigh Brainse Shang-hai de Export-Import Bank of China iasacht RMB 1,5 billiún le déanaí do Baoshan Iron and Steel Co., Ltd. chun an leachtacht is gá a sholáthar chun táirgeadh a atosú agus le haghaidh táirgeadh forlíontach le linn na paindéime.’ Luadh an méid seo a leanas sa phreaseisiúint freisin: ‘Tar éis dó eolas a fháil faoi riachtanais airgeadais an chustaiméara, chuir Brainse Shang-hai de Export-Import Bank of China bealach glas ar bun, arna chomhordú go héifeachtúil le ranna éagsúla, chuir sé dlús le dul chun cinn eisíoc na hiasachta, agus chuir sé iasacht RMB 1,5 billiún ar fáil do Baosteel Co., Ltd. laistigh de thréimhse réasúnta gearr chun freastal ar riachtanais chaipitil táirgeachta na cuideachta le linn na heipidéime agus chun a áirithiú gur féidir leis na fiontair an táirgeadh a atosú ar bhealach ordúil. Sa chéad chéim eile, leanfaidh Brainse Shang-hai den Export-Import Bank of China air ag neartú freagrachtaí na n-institiúidí airgeadais le linn na paindéime, ag méadú ar thacaíocht cistiúcháin iasachtaí, agus ag cuidiú le cuideachtaí an phaindéim a chomhrac agus an táirgeadh a atosú’ |
|
(113) |
An 20 Eanáir 2023, léirigh an Export-Import Bank of China (44) go ndearna sé iasachtaí CNY 1,5 trilliún agus gur bhain 80 % díobh sin leis an earnáil monaraíochta. Chuir sé in iúl ansin gur bunaíodh fócas iomlán a bheartais iasachtaithe don mhonaraíocht ar bheartas an Stáit tacaíocht a thabhairt don mhonaraíocht intíre agus idirnáisiúnta araon. ‘Is é atá taobh thiar de, a thábhachtaí atá sé do choiste an pháirtí san Export-Import Bank of China [i.e. coiste de Pháirtí Cumannach na Síne nach mór dul i gcomhairle leis de réir dlí maidir le gach cinneadh laistigh d’fhiontair] tacú le forbairt an tionscail monaraíochta. Seo mar a labhair Fulin Wu, cathaoirleach an Export-Import Bank: ‘Is í an mhonaraíocht bunchloch tíre agus is riachtanas í do thír láidir. Tugann an Import-Export Bank áit tosaíochta i gcónaí don obair a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt ardcháilíochta an tionscail monaraíochta, agus oibríonn sé go dian ag díriú air. [...] Trí shraith beartas ‘comhcheangailte’ amhail pleananna seirbhíse speisialta a cheapadh, pleananna creidmheasa speisialta a shocrú, táirgí creidmheasa eisiacha a chruthú agus beartais tionscail a bheachtú, tá tosaíocht tugtha ag an Export-Import Bank of China do leithdháileadh acmhainní creidmheasa sa mhonaraíocht agus i bhfíor-réimsí eacnamaíocha eile. [..] Cuireann sé soláthar creidmheasa cobhsaí agus éifeachtúil ar fáil i gcónaí, cuidíonn sé le fiontair a gcumais leathnaithe idirnáisiúnta a neartú ó thaobh na teicneolaíochta, an bhranda, an mhargaidh agus gnéithe eile de, agus feabhas a chur ar a n-iomaíochas idirnáisiúnta.’ Níl amhras ann ach gur cuireadh an cistiú sin ar fáil don tionscal OCS, agus gur glacadh leis, in earnáil a spreagtar laistigh de mhonaraíocht na Síne. D’fhógair an Export-Import Bank of China seimineár i bpreaseisiúint ar an 23 Deireadh Fómhair 2023 (45): ‘An 20 Deireadh Fómhair, d’éirigh leis an Export-Import Bank of China seimineár a reáchtáil maidir le forbairt ardcháilíochta an tionscail cruach. Is é is aidhm don imeacht sin cinntí agus socruithe na Comhdhála Lárnaí um Obair Eacnamaíoch a chur chun feidhme, tacú le hoibriú rianúil an tionscail cruach, agus féachaint conas forbairt ardcháilíochta an tionscail a chur chun cinn.’ |
|
(114) |
Deimhníodh iasachtaí ó Bhanc Onnmhairiúcháin-Allmhairiúcháin na Síne do HBIS, táirgeoir OCS, in alt ó China Metallurgical News an 5 Eanáir 2022 (46): ‘Ar an gcéad lá oibre de 2022, an 4 Eanáir, i gceanncheathrú HBIS Group, tionóladh searmanas síniúcháin HBIS Group, China Development Bank agus Export Import Bank of China, chun tacú le tionscadal HBIS Group a bhain le claochlú agus uasghrádú. Is beart cumhachtach é an síniú sin ag na trí pháirtí chun comhtháthú na tionsclaíochta agus an airgeadais a dhoimhniú agus chun an fhorbairt a chomhordú. Beidh na trí pháirtí gníomhach i mbun caidreamh comhoibritheach de chineál nua a thógáil agus cruthóidh siad tagarmharc agus samhail nua le haghaidh comhar bainc-fiontair agus bainc-bainc. D’fhreastail Yong Yu, rúnaí choiste an pháirtí agus cathaoirleach HBIS Group, Hongyan Guan, rúnaí choiste an pháirtí agus uachtarán bhrainse Hebei den China Development Bank, agus Xiaoyong Xu, rúnaí choiste an pháirtí agus uachtarán bhrainse Hebei den Export-Import Bank of China ar an searmanas sínithe agus thug siad óráidí.’ |
|
(115) |
Ar deireadh, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil nach bhfuil an córas rátála creidmheasa sa tSín iontaofa fós (47). |
|
(116) |
De réir Pháipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó 2016 (48), tugann gníomhaireachtaí creidmheasa áitiúla sa tSín rátáil AA go AAA do bhreis agus 90 % de bhannaí na Síne. Thug CAI dá aire nach raibh an rátáil sin ach ag 2 % de na gnólachtaí sna Stáit Aontaithe. |
|
(117) |
Léirigh páipéar Market Insight, arna chur ar fáil ag Bloomberg, ó 2021 (49) go dtugann cúig ghníomhaireacht rátála áitiúla ainmnithe rátáil AAA ar 90 % de na bannaí. Is ó A go BBB do na rátálacha a thugann Standard and Poor le haghaidh na n-ionstraimí céanna. Ní ar bhonn riosca creidmheasa ach ar bhonn na tábhachta straitéisí do Rialtas na Síne nó do Pháirtí Cumannach na Síne a chinntear na rátálacha. |
|
(118) |
Chuir an t-iarratasóir liostú ar fáil de na rátálacha creidmheasa a bhí ag táirgeoirí OCS na Síne faoi chóras rátála áitiúil na Síne. I gcás 2023 is rátáil AA+ a bhí sa rátáil is ísle a fuair na cuideachtaí sin agus is AAA a bhí sa mheánrátáil ualaithe. Luadh gur rátálacha ‘cobhsaí’ iad. Ar na cúiseanna sin, mheas an t-iarratasóir nach bhféadfaí costas margaidh na n-iasachtaí féin a chinneadh ar bhonn na rátaí úis a mhuirearaítear ar iasachtaí ón gcomhlacht poiblí nó ó bhainc ar cuireadh cúram orthu agus a treoraíodh, agus ar rátaí iad a bhunaítear ar rátálacha creidmheasa neamhiontaofa. |
|
(119) |
Deimhníodh saincheist an chórais rátála creidmheasa neamhiontaofa sa tSín le torthaí na n-imscrúduithe frith-fhóirdheontais a rinneadh le déanaí i gcás feithiclí ceallra-leictreacha agus MAE (50). |
|
(120) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, níor cuireadh aon argóint i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir le staid chóras baincéireachta na Síne faoi láthair agus leanúint d’iasaschtú fabhrach a sholáthar le haghaidh táirgeoirí OCS. |
3.5.1.3.
|
(121) |
De cheal comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bhonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, maidir leis an toradh a fuarthas san athbhreithniú éaga seo gur leanadh den fhóirdheonú, ní mheasann an Coimisiún gur gá na méideanna sin a ríomh. Ní léirítear le haon ní ar an taifead, áfach, gur tháinig laghdú ar leibhéal an fhóirdheonaithe nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an imscrúdú bunaidh. |
3.5.1.4.
|
(122) |
Bhí an clár fóirdheontais i dtrácht fós sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán, ós rud é nár athraíodh an staid dhlíthiúil a thuairiscítear in aithris 106 agus i bhfianaise an 14ú Plean Cúig Bliana lena ndeimhnítear gur tionscal spreagtha é an tionscal cruach. |
3.5.1.5.
|
(123) |
Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur leanadh den iasachtú fabhrach mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.5.2. Deontais agus fóirdheontais ad-hoc
3.5.2.1.
|
(124) |
San imscrúdú bunaidh (51), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuair roinnt táirgeoirí cruach, lena n-áirítear táirgeoirí OCS, deontais faoi cheithre scéim: Clár na Síne don Sárbhranda Domhanda, an clár Brandaí Cáiliúla, ciste an Phríomhthionscadail Teicneolaíochta Stáit, agus cláir chun táillí dlí frithdhumpála a lacáistiú. Ina theannta sin, fuarthas amach gur bronnadh roinnt deontas ar tháirgeoirí OCS faoi na cláir réigiúnacha (i measc cláir eile i gcúigí Liaoning, Jiangsu agus Hebei). |
|
(125) |
Ós rud é nár sholáthair Rialtas na Síne aon fhaisnéis faoin gclár sin, bhunaigh an t-imscrúdú bunaidh a thorthaí maidir leis na cláir sin ar an bhfaisnéis atá san iarraidh, ar thorthaí údaráis na Stát Aontaithe in imscrúduithe frith-fhóirdheontais eile (52), agus ar thorthaí an Choimisiúin féin san imscrúdú maidir le páipéar mín brataithe (53). |
|
(126) |
Thángthas ar an gconclúid dhearfach san imscrúdú bunaidh freisin gur deonaíodh roinnt fóirdheontas ad hoc do tháirgeoirí áirithe OCS a liostaíodh san iarraidh, bunaithe ar an anailís ar chuntais iniúchta na gcuideachtaí a bhí i gceist. Deontais nó díolúintí cánach eile nó laghduithe a bhí sna fóirdheontais sin chun tionscadail nó sócmhainní áirithe a mhaoiniú. De réir na hiarrata, deonaíodh iad i gcomhthéacs an bheartais straitéisigh i gcoitinne, chun an tionscal cruach a uasghrádú. |
|
(127) |
Fuarthas amach gur fóirdheontais iad na deontais sin agus na fóirdheontais ad hoc eile go léir de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán, i bhfoirm aistriú díreach cistí maidir leis na deontais agus aistrithe acmhainní comhchosúla. Thairis sin, ba fhóirdheontas iad de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) den bhun-Rialachán i bhfoirm ioncaim ligthe thar ceal le haghaidh na ndíolúintí nó na laghduithe éagsúla ar chánacha agus/nó táillí ar an leibhéal lárnach, cúigeach nó bardasach a bhí dlite murach sin. |
|
(128) |
Fuarthas go raibh siad sonrach freisin faoi Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán, mar gheall ar theorainneacha ar rochtain le haghaidh fiontair shonracha amháin, nó faoi Airteagal 4(2)(b), ós rud é gur cosúil nach bhfuil critéir agus coinníollacha oibiachtúla ann maidir le cur i bhfeidhm na gclár sin ag an údarás deonúcháin. |
|
(129) |
Fuarthas gur fóirdheontais shonracha cuid de na fóirdheontais sin de bhun Airteagal 4(3) den bhun-Rialachán, ós rud é go raibh an rochtain orthu teoranta d’fhiontair áirithe a bhí lonnaithe i réigiúin gheografacha ainmnithe i gcúige áirithe, nó de bhun Airteagal 4(4)(a), toisc go bhfuarthas go raibh an sochar ag brath ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin (mar shampla i gcás táirgí ar ‘brandaí cáiliúla’ iad). |
|
(130) |
Sa chéad athbhreithniú éaga sholáthair an t-iarratasóir liosta mionsonraithe d’fhóirdheontais ad hoc in aghaidh gach táirgeoir OCS, lena n-áirítear tagairtí do línte sonracha thuarascálacha bliantúla iniúchta na gcuideachtaí a bhí i gceist. Go bunúsach, is deontais a bhaineann le sócmhainní nó a bhaineann le hioncaim a bhí sna fóirdheontais a bhí i gceist. Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid gur lean táirgeoirí OCS de dheontais a fháil mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar an gcéad athbhreithniú éaga. |
3.5.2.2.
|
(131) |
San iarraidh ar athbhreithniú éaga, sholáthair an t-iarratasóir fianaise go raibh 23 tháirgeoir OCS ar a laghad ag tairbhiú de chláir deontais cé nach ionann na príomhscéimeanna a úsáidtear éagsúil agus na príomhscéimeanna a aimsíodh san imscrúdú bunaidh agus sa chéad athbhreithniú éaga. |
|
(132) |
Go bunúsach, is deontais a bhaineann le sócmhainní nó a bhaineann le hioncaim a bhí sna fóirdheontais a bhí i gceist. |
|
(133) |
Cuirtear chun sochair cuntais ioncaim iarchurtha fóirdheontais a bhaineann le sócmhainní. Scaoiltear iad chuig an ráiteas ioncaim reatha/na brabúis agus caillteanais reatha mar ioncam neamhoibriúcháin i gcaitheamh shaolré úsáide ionchasach na sócmhainne ábhartha i dtráthchodanna bliantúla comhionanna, nó asbhaintear iad ó shuim ghlanluacha na sócmhainne agus scaoiltear chuig an ráiteas ioncaim iad mar mhuirir dímheasa laghdaithe. |
|
(134) |
Fóirdheontais a bhaineann le hioncam agus úsáid chun na costais nó caillteanais chomhlachaithe amach anseo a chúiteamh, aithnítear iad mar ioncam iarchurtha agus áirítear sa bhrabúis agus caillteanais reatha iad, agus áirítear iad sin a úsáidtear chun na costais chomhlachaithe nó na caillteanais a tabhaíodh a chúiteamh go díreach i mbrabúis agus caillteanais reatha na tréimhse cuntasaíochta ábhartha. |
|
(135) |
Aithnítear fóirdheontais a thugtar chun costais nó caillteanais roimhe seo a chúiteamh sa ráiteas ioncaim sa tréimhse ar lena linn a fhaightear an fóirdheontas. Ba cheart an t-iarmhéid deimhneach idir na híocaíochtaí cúitimh agus méid an chúitimh a aistrítear chuig ioncam iarchurtha a mheas mar chúlchiste caipitil. |
|
(136) |
De réir an chineáil deontais, sholáthair an t-iarratasóir cainníochtú an tairbhe a fuair gach táirgeoir OCS ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh, chun a léiriú nár tháinig laghdú ar na fóirdheontais i bhfoirm deontas a fuair na táirgeoirí OCS ó rinneadh an t-imscrúdú bunaidh. |
|
(137) |
Na deontais agus na fóirdheontais ad hoc eile uile a ndearnadh anailís orthu thuas, ba fhóirdheontas iad de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán, i bhfoirm aistriú díreach cistí maidir leis na deontais agus aistrithe acmhainní comhchosúla. |
|
(138) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, níor cuireadh aon argóint i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir leis na tairbhí leanúnacha do na táirgeoirí OCS de bharr deontas, cibé ar tugadh iad chun ró-acmhainneacht a laghdú nó faoi chláir shonracha, nó ar dámhadh ar bhonn ad hoc iad. |
3.5.2.3.
|
(139) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, maidir leis an toradh a fuarthas san athbhreithniú éaga seo gur leanadh den fhóirdheonú, ní mheasann an Coimisiún gur gá na méideanna sin a ríomh. É sin ráite, ar bhonn Thuarascálacha Bliantúla tháirgeoirí OCS, is méideanna iad nach bhfuil diomaibhseach. |
3.5.2.4.
|
(140) |
Measadh go raibh na fóirdheontais sin sonrach ó thaobh dlí nó ó thaobh fíorais de, laistigh de théarmaí Airteagal 4(2) den bhun-Rialachán. De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, meastar gur deonaíodh iad do líon teoranta cuideachtaí cruach san earnáil cruach atáthar a spreagadh, agus/nó mar gheall ar an mbealach inar feidhmíodh discréid na n-údarás deonúcháin chun iad a dheonú. |
3.5.2.5.
|
(141) |
Dá réir sin, chinn an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear gur lean na táirgeoirí OCS de dheontais a fháil mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.6. Ioncam rialtais atá ligthe thar ceal nó nár bailíodh agus atá dlite ar bhealach eile
3.6.1. Torthaí ó na himscrúduithe roimhe seo
|
(142) |
San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún go raibh fóirdheontais in-fhrithchúitithe á bhfáil ag táirgeoirí OCS a bhain le cóir fhabhrach faoi chláir agus beartais maidir le cáin ioncaim agus cánacha díreacha eile. |
|
(143) |
Maidir le dhá chlár shonracha: Beartais Chánach maidir le Costais Taighde agus Forbartha a Asbhaint, agus Lamháltais Chánach do na Réigiúin Láir agus Iartharacha, bhunaigh an Coimisiún, le comhar leordhóthanach ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, a thorthaí maidir le bunús dlí, incháilitheacht, cineál agus sainiúlacht an fhóirdheontais ar na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir agus bhí sé in ann rátaí fóirdheontais aonair a ríomh le haghaidh na gcuideachtaí sampláilte. |
|
(144) |
Maidir leis na hocht gclár agus beartas eile, de cheal easpa comhair ó Rialtas na Síne, bhunaigh an Coimisiún a thorthaí ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh agus ar thorthaí imscrúduithe frith-fhóirdheontais údaráis na Stát Aontaithe ar phíobán líne cruach táite ciorclach ar chaighdeán carbóin (54), rothaí cruach áirithe (55), deiceáil sreinge (56), grúmaeirí faiche áirithe ar tarraingt (57), agus imscrúdú an Choimisiúin féin ar pháipéar brataithe mín. Ba cheart a lua maidir le dhá chlár as na hocht gclár sin go bhfuarthas nach raibh siad in-fhrithchúitithe. |
|
(145) |
Sa chéad athbhreithniú éaga, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil go leor táirgeoirí Síneacha cruach, lena n-áirítear trí tháirgeoir OCS ar a laghad, a thairbhíonn i gcónaí de dhá chlár fóirdheontais cánach dírí a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh, is é sin Beartais Chánach Fhabhracha le haghaidh na gCuideachtaí a Spreagtar mar Ardteicneolaíocht agus Nuatheicneolaíocht, agus Beartais Chánach um Chostais Taighde agus Forbartha a Asbhaint. Deimhníodh freisin go bhfuil an bunús dlí céanna leis na scéimeanna i gcónaí agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon athrú ar na conclúidí maidir le hincháilitheacht, cur i bhfeidhm praiticiúil na scéimeanna, na tairbhí a thugtar nuair a úsáidtear iad agus an sainiúlacht a bhaineann leo. |
|
(146) |
Sa chéad athbhreithniú éaga, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil freisin go raibh roinnt táirgeoirí OCS ag baint tairbhe as trí bheartas cánach ioncaim fhabhracha bhreise, nár frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh, is é sin Pribhléidí Cánach Ioncaim Fiontair le haghaidh Táirgí Acmhainní ó Úsáid Shineirgeach, Díolúine ó Cháin ar Úsáid Talún agus Laghdú Cánach ar Amhiarann. Bunaíodh an fhianaise i ndáil leis sin ar thorthaí an imscrúdaithe bunaidh HFR agus ar chuntais iniúchta na gcuideachtaí a bhí i gceist. |
|
(147) |
Mar gheall ar chomhar neamhleor ó Rialtas na Síne agus toisc nach raibh na cuideachtaí sampláilte ag tairbhiú de na scéimeanna sin san imscrúdú bunaidh, bhunaigh an Coimisiún a thorthaí maidir le bunús dlí, incháilitheacht, cineál an fhóirdheontais agus sainiúlacht an fhóirdheontais ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh agus ar thorthaí imscrúdú frith-fhóirdheontais a rinne údaráis na Stát Aontaithe ar shaorpháipéar brataithe (58) agus ar imscrúdú an Choimisiúin féin ar pháipéar mín brataithe (59). |
|
(148) |
San imscrúdú bunaidh, shuigh an Coimisiún go raibh fóirdheontais in-fhrithchúitithe á bhfáil ag táirgeoirí OCS freisin a bhain le cóir fhabhrach faoi dhá chlár cánach indírí agus taraife allmhairiúcháin:
|
|
(149) |
Ina theannta sin, rinneadh scéim réigiúnach amháin eile agus roinnt pribhléidí cánach ad hoc eile a bhain le cánacha indíreacha a fhrithchúiteamh. |
|
(150) |
Sa chéad athbhreithniú éaga, ar bhonn an imscrúdaithe bunaidh ar chruach comhréidhe teorollta, thángthas ar an gconclúid go raibh cuideachtaí áirithe, ar tháirgeoirí cruach comhréidhe teorollta agus OCS iad ag an am céanna, ag tairbhiú i gcónaí den chéad scéim ar a laghad a liostaítear in aithris 148. Deimhníodh freisin nár tháinig aon athrú ar bhunús dlí na scéime agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon athrú ar na conclúidí maidir le hincháilitheacht, cur i bhfeidhm praiticiúil na scéime, na tairbhí a thagann as a húsáid agus as sainiúlacht na scéime. |
|
(151) |
Fuarthas gur fóirdheontais iad an clár cánach indírí agus an clár cánach dírí an clár taraife allmhairiúcháin dá dtugtar tuairisc orthu thuas de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí is infhaighteoirí. |
|
(152) |
Fuarthas go raibh na scéimeanna fóirdheontas sonrach freisin de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é gur cuireadh teorainn leis an reachtaíocht ar ar fheidhmigh an t-údarás deonúcháin ar an rochtain ar na scéimeanna d’fhiontair agus do thionscail áirithe. Ina theannta sin, mar gheall ar an easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a chinneadh an raibh ann do chritéir oibiachtúla incháilitheachta i leith scéimeanna áirithe a d’fhág go raibh siad sonrach freisin faoi Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(153) |
Ina theannta sin, fuarthas go raibh an dara scéim dá dtagraítear in aithris 148 sonrach le téarmaí Airteagal 4(4)(b) den bhun-Rialachán mar scéim a bhraitheann ar úsáid earraí intíre seachas earraí allmhairithe, agus fuarthas amach go raibh scéim réigiúnach agus pribhléidí ad hoc sonrach freisin faoi théarmaí Airteagal 4(3) den Rialachán sin toisc go raibh a n-incháilitheacht teoranta do limistéir ainmnithe áirithe agus do bhardais ainmnithe áirithe laistigh de dhlínse an údaráis a dheonaigh an fóirdheontas. |
3.6.2. Leanúint den chlár fóirdheontais
|
(154) |
San iarraidh ar athbhreithniú éaga, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur lean 27 (ngrúpa) táirgeoirí OCS ar a laghad de bheith ag tairbhiú de roinnt pribhléidí EIT agus CBL. |
|
(155) |
Leis an anailís agus na sonraí a sholáthraítear san iarraidh, cumhdaítear an tréimhse ó 2018 go Meitheamh 2023 agus tá siad bunaithe ar thuarascálacha airgeadais na gcuideachtaí faoi athbhreithniú agus a mhéid is féidir tuairiscítear cuideachtaí sonracha, cineál sochair cánach agus bliain an tsochair. |
|
(156) |
Thairis sin, dheimhnigh imscrúdú ar chruach comhréidhe teorollta a rinneadh le déanaí gur lean táirgeoirí cruach comhréidhe teorollta (ar táirgeoirí OCS iad go minic freisin) de thairbhiú as scéimeanna fóirdheontais cánach dírí agus indírí i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar an nós imeachta cruach comhréidhe teorollta a chumhdaigh an bhliain 2021 (60). |
|
(157) |
Deimhníodh le torthaí an imscrúdaithe seo chomh maith leis na himscrúduithe is déanaí maidir le feithiclí ceallra-leictreacha agus MAE go bhfuil na príomhscéimeanna cánach fós bunaithe ar an mbunús dlí céanna agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon athrú ar na conclúidí maidir le hincháilitheacht na scéimeanna, cur i bhfeidhm praiticiúil na scéimeanna, na tairbhí a thagann as a n-úsáid agus a sainiúlacht. |
|
(158) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne, níor cuireadh aon argóintí i láthair a chuirfeadh i gcoinne na fianaise a chuir an t-iarratasóir i láthair maidir le leanúint de thairbhí na dtáirgeoirí OCS ó chláir agus beartais maidir le cáin ioncaim agus cánacha díreacha eile chomh maith le cláir agus beartais cánach indírí. |
|
(159) |
Meastar gur fóirdheontais iad na scéimeanna atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán, i bhfoirm ioncam rialtais ligthe thar ceal lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí is infhaighteoirí. |
3.6.3. Sochar
|
(160) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Mar sin féin, maidir leis an toradh a fuarthas san athbhreithniú éaga seo gur leanadh den fhóirdheonú, ní mheasann an Coimisiún gur gá na méideanna sin a ríomh. |
3.6.4. Sainiúlacht
|
(161) |
Tá na scéimeanna sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán ós rud é go dteorannaíodh leis an reachtaíocht ar dá bun a d’fheidhmigh an t-údarás deonúcháin an rochtain ar na scéimeanna d’fhiontair agus do thionscail áirithe. |
|
(162) |
Ina theannta sin, mar gheall ar an easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a chinneadh an raibh ann do chritéir oibiachtúla incháilitheachta i leith scéimeanna áirithe a d’fhág go raibh siad sonrach freisin faoi Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán. |
3.6.5. Conclúid
|
(163) |
Dá réir sin, cinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann lena léirítear go raibh cuid de na cláir cánach dírí agus indírí fós ina bhfóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.7. Conclúid fhoriomlán maidir le leanúint den fhóirdheonú
|
(164) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur lean táirgeoirí OCS na Síne de thairbhe a bhaint as fóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.8. Forbairt allmhairí dá ndéanfaí na bearta a aisghairm
|
(165) |
Mar thoradh ar an gcinneadh go raibh fóirdheonú ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfaí d’allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ón tír lena mbaineann, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, infhaighteacht margaí eile, agus a tharraingtí atá margadh an Aontais. |
3.8.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(166) |
I bhfianaise an neamh-chomhoibrithe, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán. |
|
(167) |
Tháinig méadú de réir a chéile ar acmhainneacht táirgeachta OCS sa tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú de réir mar a bhí muilte cruach atá comhtháite go hingearach ag infheistiú i monarú táirgí iartheachtacha, amhail táirgí cruach dathbhrataithe. Tháinig méadú ar acmhainneacht táirgeachta iomlán OCS ó 50 milliún tona in 2020 go dtí os cionn 55 mhilliún tona in 2023 (61). |
|
(168) |
In 2020, cuireadh ocht líne táirgeachta dathbhrataithe nua leis, ar bhain acmhainneacht iomlán 1,59 milliún tona leo. Cuireadh cúig líne táirgeachta nua i bhfeidhm in 2021, ar bhain acmhainneacht 800 000 tona leo. In 2022, bhíothas ag súil go dtógfaí acmhainneacht bhreise 2,3 milliún tona ar fud 11 líne táirgeachta nua i roinnt cúigí lena n-áirítear Tianjin, Liaoning, Fujian, Guangdong, Hebei, agus Fujian (62). Cuireadh moill ar chuid de na tionscadail, áfach, toisc nach raibh aon bhogadh ar an éileamh intíre ar chornaí dathbhrataithe. In 2023, seoladh ocht líne táirgeachta nua ar bhain acmhainneacht iomlán 1,9 milliún tona leo. Bhí tionscal OCS na Síne ceaptha tuilleadh fáis a dhéanamh in 2024 freisin agus bhí acmhainneacht bhreise 2,07 milliún tona beartaithe le haghaidh ocht líne táirgeachta nua (63). |
|
(169) |
Tá an acmhainneacht táirgeachta sa tSín ag fás ar scála ollmhór i gcónaí in ainneoin a ráta úsáide. Bheadh an acmhainneacht nua a cuireadh leis le linn na tréimhse faoi bhreathnú amháin in ann freastal go hiomlán ar an éileamh ó mhargadh an Aontais. |
|
(170) |
Rinneadh na hinfheistíochtaí breise i línte táirgeachta OCS d’ainneoin go raibh an úsáid acmhainneachta fós íseal ar bhonn leanúnach. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, thit úsáid na hacmhainneachta ó 68 % in 2020 (64) go thart ar 50 % in 2022 agus 2023 (65). Dá bhrí sin, an acmhainneacht bhreise a bhí ar fáil do tháirgeoirí OCS na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí sí cothrom le beagnach seacht n-oiread an éilimh ar OCS san Aontas. |
|
(171) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún, dá n-aisghairfí na bearta, go mbeadh táirgeoirí OCS na Síne in ann margadh an Aontais a phlúchadh lena dtáirge. |
3.8.2. Infhaighteacht margaí eile
|
(172) |
Tá bearta cosanta trádála in aghaidh onnmhairí OCS ón tSín i bhfeidhm san Astráil, san India, sa Mhalaeisia, i Meicsiceo, sa Phacastáin agus sa Tuirc. |
|
(173) |
Ina theannta sin, tá allmhairí OCS ón tSín, i measc allmhairí eile, faoi réir bearta coimirce i gCeanada, san India, i Maracó, sa Tuirc, sa Ríocht Aontaithe, sa tSaimbia, i dtíortha Chomhairle Comhair na Murascaille agus i dtíortha Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice. |
|
(174) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún, dá ndéanfaí na bearta atá ann faoi láthair a aisghairm, gur dócha go n-atreoródh táirgeoirí OCS na Síne onnmhairí chuig an Aontas. |
3.8.3. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(175) |
Mar a shonraítear i roinn 3.5, tá acmhainneacht táirgeachta bhreise ollmhór ag táirgeoirí OCS na Síne. Is deis tharraingteach é margadh an Aontais chun freastal ar mhargadh a ngabhann méid mhór leis ar phraghsanna atá cuid mhaith níos mó ná praghsanna intíre na Síne ar OCS agus na praghsanna onnmhairiúcháin a ghearrtar ar chustaiméirí i mórmhargaí onnmhairiúcháin na Síne, agus ar an gcaoi sin úsáid fhoriomlán na hacmhainneachta a mhéadú. Tá an méid sin bailí i gcónaí toisc go rialaíonn roinnt tríú tíortha an rochtain ar a margadh le haghaidh cruach bhrataithe na Síne le coimircí agus bearta cosanta trádála. |
|
(176) |
De réir Thuarascálacha Bliantúla MySteel 2022 agus 2023, d’fhan méid bliantúil iomlán na n-onnmhairí cruach dathbhrataithe ón tSín os cionn 6 mhilliún tona ó bhí 2018 ann, agus shroich sé 6,4 milliún tona in 2023. |
|
(177) |
Is é sin, is deis tharraingteach atá san Aontas, áit a raibh tomhaltas 3,9 milliún tona OCS i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chun onnmhairí a mhéadú níos mó ná 60 %. |
|
(178) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur dócha go spreagfadh méid mhargadh an Aontais táirgeoirí na Síne chun a n-acmhainneachtaí táirgeachta neamhúsáidte a athghníomhachtú agus onnmhairí a mhéadú, ag díriú ar mhargadh an Aontais. |
|
(179) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí praghas tháirgeoirí an Aontais 30 % go 60 % níos airde ná an praghas onnmhairiúcháin a ghearr onnmhaireoirí OCS na Síne ar na cúig phríomh-mhargadh onnmhairiúcháin arna choigeartú do phraghas CAL ag teorainn an Aontais. |
|
(180) |
Ina theannta sin, bhí praghsanna allmhairiúcháin OCS de thionscnamh na hIndia agus na Cóiré níos airde freisin ná praghsanna onnmhairiúcháin na Síne ar na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin, is é sin idir 10 % agus 35 % i gcás OCS de thionscnamh na hIndia agus idir 30 % agus 60 % i gcás OCS thionscnamh na Cóiré. |
|
(181) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur dreasacht iad na leibhéil praghsanna atá i réim ar mhargadh an Aontais d’onnmhaireoirí OCS na Síne chun a n-onnmhairí a atreorú ó thríú tíortha chuig an Aontas dá dtiocfadh deireadh leis na bearta. |
3.9. Conclúid fhoriomlán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú
|
(182) |
Cinneann an Coimisiún, ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, go bhfuil dóthain fianaise ann gur leanadh d’fhóirdheonú sa tionscal OCS sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus gur dócha go leanfar de amach anseo. |
|
(183) |
Le fóirdheonú thionscal OCS, is féidir le táirgeoirí na Síne a n-acmhainneachtaí táirgeachta a mhéadú go leibhéal atá i bhfad níos mó ná an t-éileamh intíre. Níor úsáideadh an acmhainneacht ollmhór sin den chuid is mó toisc nach raibh aon bhogadh ar an éileamh intíre. Is leor an acmhainneacht bhreise atá ann cheana chun margadh an Aontais a róluchtú le táirgí fóirdheonaithe. Rinneadh amach go raibh margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí OCS na Síne i dtéarmaí a mhéide agus a phraghsanna. Tugann tomhaltas iomlán OCS san Aontas deis don tSín a honnmhairí a mhéadú go mór. Ina theannta sin, tá na praghsanna atá i réim ar mhargadh an Aontais cuid mhaith níos airde ná na praghsanna intíre sa tSín agus praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin. Ós rud é go bhfuil margaí roinnt tríú tíortha dúnta i gcónaí nó nach bhfuil ach rochtain theoranta orthu mar gheall ar bhearta cosanta trádála atá i bhfeidhm, cuirtear le tarraingteacht mhargadh an Aontais. Feidhmíonn an méid uile thuas mar dhreasacht láidir do tháirgeoirí na Síne chun (a) acmhainneacht táirgeachta dhíomhaoin a athghníomhachtú agus/nó (b) a ndíolacháin intíre nó a ndíolacháin chuig tríú margaí a atreorú chuig an Aontas. Is dócha go mbeadh onnmhairí den sórt sin chuig an Aontas ar phraghsanna atá níos airde ná na praghsanna a ghearrtar ar bhonn intíre nó ar onnmhairí chuig tríú margaí agus fós go mbainfí an bonn de phraghas tháirgeoirí an Aontais. D’fhéadfadh OCS na Síne táirgeoirí an Aontais a bhrú amach as margadh an Aontais gan stró ar an gcaoi sin agus sciar nach beag den mhargadh a fháil. |
|
(184) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur dócha go mbeidh mar thoradh ar aisghairm na mbeart frithchúitimh go ndéanfar méideanna nach beag d’allmhairí fóirdheonaithe an táirge faoi athbhreithniú a atreorú chuig margadh an Aontais. Tá cláir fóirdheontais éagsúla á dtairiscint fós ag Rialtas na Síne don tionscal OCS agus chinn an Coimisiún gur bhain an tionscal OCS tairbhe as roinnt díobh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Táirgeacht an Aontais agus tionscal an Aontais
|
(185) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí OCS á mhonarú ag níos mó ná 20 táirgeoir aitheanta san Aontas, agus cuid díobh comhlachaithe le chéile. Baineann roinnt mhaith de na táirgeoirí sin le grúpaí déanta cruach. |
|
(186) |
Measadh gur 3 981 155tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir a chuir táirgeoirí sampláilte an Aontais isteach agus ar bhonn na sonraí a chuir an t-iarratasóir isteach. Is ionann na táirgeoirí de chuid an Aontais atá freagrach as táirgeacht iomlán an Aontais agus tionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(187) |
Fuarthas amach san imscrúdú go n-úsáideann sciar de thionscal an Aontais a tháirgeacht le haghaidh úsáid faoi chuing, is é sin gur minic a aistrítear í (gan sonrasc) agus/nó a sheachadtar í ar phraghsanna aistrithe laistigh den chuideachta chéanna nó den ghrúpa cuideachtaí le haghaidh próiseáil iartheachtach bhreise. Mar a tharla san imscrúdú bunaidh (in aithrisí 462-463 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688), measadh go mbraitheann táscairí eacnamaíocha amhail táirgeadh, acmhainneacht, úsáid acmhainneachta, infheistíochtaí, stoic, fostaíocht, táirgiúlacht, pá agus an cumas caipiteal a chruinniú ar an ngníomhaíocht iomlán, bíodh an táirgeadh le haghaidh úsáid faoi chuing nó lena dhíol ar an saormhargadh. Mar sin féin, díríonn méid na ndíolachán agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais, sciar den mhargadh, fás, méid onnmhairiúcháin agus praghsanna onnmhairiúcháin ar an staid atá i réim sa saormhargadh (agus, dá bhrí sin, gan gníomhaíochtaí faoi chuing a áireamh). Dá réir sin, ceartaíodh na táscairí díobhála le haghaidh na húsáide aitheanta faoi chuing agus na ndíolachán aitheanta i dtionscal an Aontais. De thoradh an ríofa sin, os rud é, ar thaobh amháin, go raibh an méid a úsáideadh faoi chuing teoranta ann féin (idir 5 % agus 10 % den táirgeadh) agus, at an taobh, gur méadaíodh air i gcomhréir leis na méideanna a díoladh ar an saormhargadh, ní dhearnadh tuilleadh anailíse ar leithligh air. |
|
(188) |
Suíodh tomhaltas an Aontais ar bhonn (i) staitisticí allmhairiúcháin Eurostat agus (ii) méideanna díolachán thionscal an Aontais san Aontas arna gcur isteach ag an iarratasóir. Rinneadh na méideanna díolachán sin a chros-seiceáil agus a nuashonrú nuair ba ghá a mhéid a bhaineann le táirgeoirí sampláilte an Aontais mar thoradh ar na cuairteanna fíorúcháin ar a n-áitreabh. |
|
(189) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú is mar a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais: Tábla 1 Tomhaltas an Aontais (tonaí)
|
||||||||||||||||||||||
|
(190) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas an Aontais. Mhínigh táirgeoirí sampláilte an Aontais gur tharla an laghdú ar thomhaltas an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar fheidhmíocht eacnamaíoch na Gearmáine a bheith níos lú agus éileamh níos lú ar OCS dá réir. |
4.3. Allmhairí ón tSín
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(191) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí agus na praghsanna ar bhonn staitisticí allmhairiúcháin ar leibhéal TARIC trí úsáid a bhaint as faisnéis a bailíodh ar bhonn Airteagal 14(6) den bhun-Rialachán. |
|
(192) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 2 An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(193) |
Bhí méid na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach le linn na tréimhse iomlán faoi bhreathnú. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais
|
(194) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú is mar a leanas a tháinig forbairt ar phraghas na n-allmhairí ón tSín isteach san Aontas: Tábla 3 Praghsanna allmhairí (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||
|
(195) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 97 % ar phraghsanna allmhairí ón tSín ach i rith an ama sin bhí feidhm acu maidir le méideanna íosta allmhairí. Ní féidir a mheas go bhfuil na méideanna íosta allmhairí sin ionadaíoch agus ní fhágann siad gur féidir aon ríomh fóinteach ar shladghearradh praghais a dhéanamh. |
4.4. Allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad
|
(196) |
Is ón India, ón gCóiré Theas, ón Ríocht Aontaithe, ó Vítneam, ón Tuirc, ón Téaváin, ón Macadóin Thuaidh agus ón Rúis den chuid is mó a tháinig allmhairí cruach le bratú orgánach uirthi ó thríú tíortha seachas an tSín. |
|
(197) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas, ar an sciar den mhargadh agus ar threochtaí praghsanna i gcás allmhairí cruach le bratú orgánach uirthi ó thríú tíortha eile: Tábla 4 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(198) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha agus bhí sciar 16,5 % den mhargadh bainte amach acu. Is ón India agus ón gCóiré a tháinig an chuid is mó de na hallmhairí sin, agus ina ndiaidh siúd ón Ríocht Aontaithe, Vítneam, ón Tuirc agus ón Téaváin. Tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón India agus ó Phoblacht na Cóiré agus mhéadaigh a sciar comhcheangailte den mhargadh faoi dhó beagnach, go 9,7 %, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí meánphraghsanna na n-allmhairí ón India agus ó Phoblacht na Cóiré faoi bhun phraghsanna díola thionscal an Aontais, rud a chuir brú ar na praghsanna OCS a bhí i réim ar mhargadh an Aontais. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(199) |
De bhun Airteagal 8(4) den bhun-Rialachán, chuimsigh an scrúdú ar thionchar na n-allmhairí fóirdheonaithe ar thionscal an Aontais measúnú ar gach fachtóir agus innéacs eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(200) |
Mar a luaitear in aithris 16, úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscail an Aontais a mheasúnú. |
|
(201) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sa fhreagra fíoraithe a thug an t-iarratasóir ar an gceistneoir, a cros-seiceáladh leis na freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar na ceistneoirí. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir (féach aithris 20). Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(202) |
Rinneadh measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha (táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, fás, méid chorrlach an fhóirdheonaithe agus téarnamh ó éifeachtaí an fhóirdheonaithe roimhe seo) ar leibhéal thionscal iomlán an Aontais. Bunaíodh an measúnú ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir, faisnéis a cros-seiceáladh leis na freagraí fíoraithe a thug táirgeoirí sampláilte an Aontais ar na ceistneoirí. |
|
(203) |
Rinneadh an anailís ar tháscairí micreacnamaíocha (stoic, praghsanna díola, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí, an cumas caipiteal a chruinniú, agus pá) ar leibhéal tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Bunaíodh an measúnú ar a bhfaisnéis a fíoraíodh go cuí le linn cuairt fíorúcháin ar an láthair. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1.
|
(204) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(205) |
Mhéadaigh an méid táirgeachta den chéad uair in 2021, ós rud é gur éirigh go maith leis an earnáil tógála le linn phaindéimí COVID-19 in 2020 agus 2021. Tháinig méadú ar an acmhainneacht táirgeachta freisin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, áfach, bhí laghdú i gcoitinne ar an méid táirgeachta (– 16 %) agus ar an úsáid acmhainneachta (– 17 %) ós rud é, ó bhí 2022 ann, gurbh éigean don Aontas dul i ngleic le laghdú ar an bhfeidhmíocht eacnamaíoch, le méadú ar bhoilsciú agus méadú ar chostas táirgthe (méadú pá agus praghsanna níos airde ar ábhair thógála). |
4.5.2.2.
|
(206) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(207) |
Tháinig laghdú 15 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag teacht leis an treocht eacnamaíoch a thuairiscítear in aithrisí 190 agus 205. |
|
(208) |
Mar a léirítear i dtábla 6, laghdaigh an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 89,6 % go 83,5 %. |
4.5.2.3.
|
(209) |
D’éirigh le tionscal an Aontais sochar shealadach a bhaint as an bhfás ar mhargadh an Aontais maidir le feidhmíocht níos fearr na hearnála foirgníochta agus éileamh níos mó ar tháirgí cruach in 2020 agus 2021. Choinnigh tionscal an Aontais sciartha margaidh nach beag le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú. Mar sin féin, tar éis na ndúshlán eacnamaíoch a dtugtar tuairisc orthu in aithris 205, beidh an cumas fáis amach anseo i mbaol. |
4.5.2.4.
|
(210) |
Seo a leanas mar a d’fhorbair an leibhéal fostaíochta agus an táirgiúlacht laistigh de thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(211) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú laghdaigh fostaíocht agus táirgiúlacht lucht saothair tháirgeoirí an Aontais, arna tomhas mar (tonaí) aschuir in aghaidh an duine fostaithe in aghaidh na bliana. Is léiriú na treochtaí laghdaitheacha sin ar an laghdú foriomlán ar an táirgeacht agus an méid díolachán. |
4.5.2.5.
|
(212) |
Leanadh den fhóirdheonú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar leibhéal mór, a mhínítear faoi Roinn 3 thuas. Tugtar ar aird go ndearna táirgeoirí na Síne sladghearradh mór ar phraghsanna díola thionscal an Aontais agus go bhfuil díobháil fós á déanamh do thionscal an Aontais. |
|
(213) |
Ós rud é go raibh méideanna na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tSín i bhfad níos ísle ná mar a bhí le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh tionchar mhéid chorrlach an fóirdheonaithe ar thionscal an Aontais chomh suntasach céanna agus a bhí san imscrúdú bunaidh. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1.
|
(214) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(215) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 52 % ar chostas táirgthe thionscal an Aontais. Bhí an méadú sin ar chostas an-láidir in 2021 agus 2022, mar gheall ar chogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise in aghaidh na hÚcráine, rud a d’fhág praghsanna fuinnimh ar leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ardú ar phraghsanna amhábhar áirithe eile, méadú ar bhoilsciú agus méadú ar phá. Ina theannta sin, mar thoradh ar an laghdú mór ar éileamh an Aontais in 2022 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí méideanna táirgeachta i bhfad níos ísle, rud a chuir leis na costais aonaid sheasta freisin. In 2023, aisiompaíodh an treocht sin beagán agus tháinig laghdú 6 % ar chostas an táirgthe i gcomparáid le 2022. |
|
(216) |
Mar sin féin, cé go raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a mhéadú níos mó ná sin fiú trí na costais bhreise sin a chur ar aghaidh in 2021 agus 2022, ní raibh sé sin indéanta a thuilleadh in 2023. Mar gheall ar an laghdú ar éileamh an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, in éineacht le praghsanna ísle na n-allmhairí ón India agus ó Phoblacht na Cóiré go háirithe, bhí ar thionscal an Aontais díol faoi bhun a chostais táirgthe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.5.3.2.
|
(217) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||
|
(218) |
Tháinig méadú beag ar na meánleibhéil phá le linn na tréimhse faoi bhreathnú (+ 12 %), ach méadú níos lú ná costas aonaid an táirgthe. |
4.5.3.3.
|
(219) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(220) |
Laghdaigh táirgeoirí an Aontais a stoc le linn na tréimhse faoi bhreathnú, i gcomhréir leis na laghduithe táirgeachta agus díolachán. Ní mheastar, áfach, gur táscaire an-ábhartha é sin agus measúnú a dhéanamh ar staid eacnamaíoch tháirgeoirí an Aontais. Is ar bhonn orduithe a tháirgtear OCS den chuid is mó. In aon chás, b’ionann na stoic agus níos lú ná 2 % de na díolacháin iomlána le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.5.3.4.
|
(221) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(222) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. |
|
(223) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú bhí tionscal an Aontais brabúsach in 2021 agus 2022. Ar an iomlán, d’éirigh go maith leis an earnáil tógála le linn phaindéimí COVID-19 in 2020 agus ina dhiaidh sin in 2021 agus 2022. De bharr rátaí úis ísle, dianghlasálacha gearra san earnáil tógála, infheistíochtaí méadaithe agus oibreacha ar athchóiriú maoine spreagadh an t-éileamh ar tháirgí foirgníochta. Mar thoradh air sin, d’éirigh le tionscal an Aontais a mhéid díolachán agus táirgeachta, chomh maith le praghsanna díola, a mhéadú agus baineadh corrlaigh bhrabúis mhóra amach, iad uile sna blianta tar éis fhorchur na mbeart bunaidh. Mar sin féin, tar éis gur thosaigh an tomhaltas ag moilliú in 2022 agus an titim sin ann arís in 2023, bhí brabúsacht dhiúltach ag tionscal an Aontais agus thabhaigh tionscal an Aontais caillteanas mór 5,7 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(224) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Lean an treocht i nglanairgead tirim an fhorbairt ar bhrabúsacht thionscal an Aontais ar an iomlán. |
|
(225) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rinne tionscal an Aontais, atá an-dian ar chaipiteal, infheistíochtaí rialta chun an t-innealra táirgthe a bhí ann cheana a optamú agus a uasghrádú. Ina theannta sin, rinneadh infheistíochtaí móra chun ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, cosaint an chomhshaoil agus sábháilteacht bhreise san ionad oibre. Ag brath ar an gcuideachta, bhí infheistíochtaí ann a bhí dírithe ar chostais a laghdú, ar fhuinneamh a optamú agus/nó ar shaoráidí a athchóiriú a raibh tionchar diúltach ag an úsáid acmhainneachta níos ísle a tugadh faoi deara le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh orthu. |
|
(226) |
Lean an toradh ar infheistíochtaí treocht na brabúsachta go dlúth le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ó forchuireadh na bearta, tá feabhas tagtha ar an gcumas caipiteal a chruinniú. |
4.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(227) |
Fuarthas amach san imscrúdú gur léirigh tionscal an Aontais ina iomláine téarnamh le linn 2021 agus 2022 ó fhóirdheontais roimhe seo. Tharla an téarnamh sin, áfach, mar gheall ar imthosca eisceachtúla, go háirithe an borradh san earnáil tógála de dheasca phaindéim COVID-19. A luaithe a d’fhill staid an mhargaidh ar an ngnáthstaid, rinneadh an téarnamh sin a aisiompú. |
|
(228) |
Tá sé sin le feiceáil go háirithe ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, ós rud é, i bhfianaise nach rabhthas in ann praghsanna a mhéadú i gcomhréir le costais a bhí ag ardú, gur fhulaing tionscal an Aontais caillteanas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá an díobháil le feiceáil freisin ar tháscairí tábhachtacha eile, amhail caillteanas mór táirgeachta agus méideanna díolacháin agus sciar den mhargadh freisin. |
|
(229) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 8(1) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5. CÚISÍOCHT
|
(230) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, chaill tionscal an Aontais méideanna móra díolachán ar mhargadh an Aontais, de réir mar a tháinig laghdú 15 % ar a dhíolacháin san Aontas. De réir mar a tháinig laghdú 6 % ar thomhaltas, tháinig laghdú nach beag freisin ar sciar thionscal an Aontais den mhargadh, laghdú 6,1 pointe céatadáin ó 89,6 % go 83,5 %. |
|
(231) |
Ní raibh ról ag allmhairí ón tSín maidir leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mar a shonraítear in aithris 195, bhí leibhéal na n-allmhairí ón tSín diomaibhseach i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí ról ag allmhairí ó thíortha eile, áfach: bhí sciar 10,3 % den mhargadh acu in 2020 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mhéadaigh a sciar de mhargadh an Aontais go 16,5 %. Thairis sin, bhí praghsanna thionscal an Aontais á mbrú síos ag praghsanna ón dá fhoinse allmhairí ba thábhachtaí a raibh sciar thart ar 5 % den mhargadh ag gach ceann díobh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, an India agus Poblacht na Cóiré. Mar gheall ar a bpraghsanna ísle siúd, bhí sé dodhéanta do thionscal an Aontais a phraghsanna díola a bheith ag teacht go hiomlán lena chostas táirgthe i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(232) |
Bhí ar thionscal an Aontais dul i ngleic le méadú mór ar phraghsanna fuinnimh agus príomhábhar ionchuir tar éis thús chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Bhí tionscal an Aontais in ann déileáil leis sin, agus leas á bhaint aige as an margadh foirgníochta a bhí ag dul i méid tar éis phaindéin COVID-19 in 2021 agus 2022 agus, dá bhrí sin, na costais sin a léiriú ina phraghsanna díola. In 2023, áfach, ní raibh sé indéanta a thuilleadh. |
|
(233) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir allmhairí ón tSín leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais, ach go raibh tosca eile ina gcúis leis an díobháil sin, go háirithe an méadú ar chostas táirgthe, an titim ar thomhaltas agus an méadú ar allmhairí ó thíortha eile, go háirithe ón India agus ó Phoblacht na Cóiré. |
|
(234) |
Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún breis measúnuithe a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, ar cibé acu an dócha nó nach dócha go ndéanfaí díobháil arbh iad na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ón tSín ba chúis léi i dtosach báire dá ligfí do na bearta in aghaidh allmhairí den sórt sin dul i léig. |
6. AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR
|
(235) |
Mar a léirítear i roinn 4.5 thuas, théarnaigh tionscal an Aontais ón díobháil roimhe seo arbh iad allmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi, ach bhí sé i staid ina raibh díobháil á déanamh dó i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar thosca a thuairiscítear in aithrisí 215 agus 216. Mar sin féin, scrúdófar sa roinn seo an rachaidh staid fhorbhásach thionscal an Aontais in olcas a thuilleadh, rud a fhágfadh go ndéanfar díobháil ábhartha an athuair dá rachadh na bearta i léig. |
|
(236) |
Dá n-aisghairfí na bearta, meastar go dtiocfadh méadú as cuimse ar mhéid na n-allmhairí ón tSín. Meabhraítear go raibh níos mó ná 702 000 tona allmhairí ann le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, agus gur 2 554 thona a bhí ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(237) |
Glactar leis go bhfuil ró-acmhainneacht ag an tSín maidir le táirgeadh cruach. Chuir an t-iarratasóir sonraí isteach a bhailigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a léirigh gurbh é 1 149 milliún tona acmhainneacht ainmniúil déanta amhchruach na Síne in 2022 (66), arbh ionann é agus 47 % den acmhainneacht dhomhanda cruach in 2022. I gcomparáid leis sin, ba é 213 mhilliún tona acmhainneacht déanta cruach an Aontais. De réir tuarascáil ó ECFE ina dhiaidh sin (67), tháinig laghdú beag ar acmhainneacht ainmniúil déanta amhchruach na Síne in 2023, go 1 141 mhilliún tona, ach bhí 47 % den acmhainneacht cruach dhomhanda aici fós agus tuaradh go méadódh sí na hacmhainneachtaí a thuilleadh. |
|
(238) |
Chuir an gearánach sonraí isteach ó GMK Center (68), a léirigh go bhfuil táirgeadh cruach na Síne ag méadú de réir a chéile le 10 mbliana anuas. In 2021, shroich sé buaicphointe 1 033 bhilliún tona agus tháinig laghdú air in 2022 ach mhéadaigh sé arís in 2023 go 1 019 mbilliún tona i gcomparáid le 1 013 bhilliún tona in 2022 (69). Deimhnítear na sonraí le sonraí táirgthe amhchruach an Chomhlachais Dhomhanda Cruach (70). |
|
(239) |
De réir ECFE (71), bhí an acmhainneacht déanta cruach sa tSín 191 milliún tona níos mó ná an t-éileamh intíre ar chruach in 2022. De réir foinse sa tSín maidir le táirgeadh OCS, in 2023, ba é 55,26 milliún tona an acmhainneacht táirgeachta OCS, agus shroich an táirgeacht 27,63 milliún tona, rud a léiríonn méadú 7,46 % bliain ar bhliain (72). Thairis sin, ó mhí Eanáir go mí na Samhna 2023, is 5,98 milliún tona a bhí in onnmhairí OCS na Síne ar an iomlán, agus measadh go mbeidís thart ar 6,4 milliún tona le haghaidh 2023. |
|
(240) |
Mar sin féin, a thábhachtaí agus atá margaí onnmhairiúcháin do thionscal na Síne, tá ag méadú ar na deacrachtaí atá ag an tSín rochtain a fháil orthu. Idir 2018 agus 2025, d’fhorchuir tíortha amhail SAM, Ceanada, an Astráil, an Ríocht Aontaithe, an Mhalaeisia, an Phacastáin agus an Téalainn bearta cosanta trádála a dhéanann difear do OCS de thionscnamh na Síne. Maidir le Stáit Aontaithe Mheiriceá, ó bhí mí Aibreáin 2025 ann, tá cruach (OCS san áireamh) de thionscnamh na Síne faoi réir taraif 125 %. |
|
(241) |
Is é an tAontas an margadh is mó le haghaidh OCS i ndiaidh mhargadh na hÁise agus mhargaí Mheiriceá Thuaidh/Mheiriceá Láir. |
|
(242) |
Léirítear sa bhunachar sonraí ón tSín gur onnmhairigh an tSín méideanna móra le déanaí chuig tíortha lasmuigh den Aontas ar phraghsanna ísle. In 2020-2023 bhí praghsanna SAB na Síne chuig an Aontas idir 27 % agus 63 % níos airde ná mar a bhí, mar shampla, chuig an Tuirc (an chéad cheann) nó chuig an Téalainn (an dara ceann), príomh-mhargadh onnmhairiúcháin na Síne don táirge sin. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na méideanna a onnmhairíodh chuig tíortha lasmuigh den Aontas níos mó ná táirgeacht iomlán thionscal an Aontais agus an tomhaltas is cosúil atá san Aontas. Mar gheall ar a tharraingtí atá margadh an Aontais ó thaobh praghsála, oscailteachta (níl aon dleachtanna custaim ar an táirge) agus tomhaltas dealraitheach méadaithe, meastar, má chuirtear deireadh leis na bearta, gur dócha go ndéanfaidh onnmhaireoirí na Síne méideanna móra OCS a atreorú chuig margadh an Aontais, margadh atá níos brabúsaí. Tharla gur ghlac an tAontas coimircí le déanaí maidir le táirgí cruach áirithe, lena n-áirítear OCS, níl athrú ar an gconclúid sin. Socraíodh na méideanna allmhairí faoi na taraif-chuótaí ar leibhéil a d’fhéadfadh deis a thabhairt don tSín méideanna móra OCS a onnmhairiú. |
|
(243) |
Tá an margadh le haghaidh táirgí OCS an-iomaíoch ó thaobh praghsanna de toisc gur iomaíocht ar bhonn praghsanna atá ann den chuid is mó. Is measa fós an brú a d’fhéadfadh a bheith ar phraghsanna thionscal an Aontais toisc, de réir na hiarrata, gur cainníochtaí measartha mór a bhíonn i gceist le díolacháin na Síne de ghnáth. Má dhíoltar cainníochtaí móra allmhairí saora agus fóirdheonaithe ar mhargadh an Aontais, caillfidh táirgeoirí an Aontais méideanna móra díolacháin. D’fhéadfaí bac a chur ar an gcumas caipiteal a chruinniú agus infheistíocht a dhéanamh má thiteann brabúsacht tháirgeoirí an Aontais a thuilleadh nó má éiríonn sí diúltach. |
6.1. Conclúid
|
(244) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí fóirdheonaithe ón tSín ar phraghsanna díobhálacha de cheal beart, rud a chuirfeadh a thuilleadh le staid dhíobhálach thionscal an Aontais. |
7. LEAS AN AONTAIS
|
(245) |
I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithchúitimh reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(246) |
Léiríodh san imscrúdú dá rachadh na bearta in éag, gur dócha go mbeadh tionchar diúltach mór aige sin ar thionscal an Aontais. D’éireodh staid thionscal an Aontais níos measa go tapa i dtéarmaí méid na ndíolachán agus praghsanna díolacháin níos ísle a mbeadh laghdú láidir i mbrabúsacht dá thoradh. Dá leanfaí leis na bearta, bheadh deis ag tionscal an Aontais leas breise a bhaint as a acmhainneacht maidir le margadh de chuid an Aontais ar cothrom iomaíochta é. |
|
(247) |
Dá bhrí sin, is chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithchúitimh atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun. |
7.2. Leas allmhaireoirí
|
(248) |
Mar a luaitear in aithris 15 thuas, chuathas i dteagmháil le deich n-allmhaireoir aitheanta san imscrúdú seo agus iarradh orthu comhoibriú. Níor tháinig aon allmhaireoir chun cinn ná níor chomhoibrigh aon allmhaireoir ar bhealach ar bith san imscrúdú. |
|
(249) |
Meabhraítear gur cinneadh san imscrúdú bunaidh, i bhfianaise bhrabúis agus fhoinsí soláthair na n-allmhaireoirí, maidir le haon tionchar diúltach a bhainfeadh le forchur na mbeart ar allmhaireoirí, dá mba ann dó, nach mbeadh sé díréireach. |
|
(250) |
San imscrúdú seo, níl aon fhianaise ar comhad a thugann a mhalairt le fios agus is féidir a dheimhniú, dá réir sin, nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-allmhaireoirí agus nach ndéanfaí difear míchuí dóibh dá leanfaí leis na bearta sin. |
7.3. Leas na n-úsáideoirí
|
(251) |
Chuathas i dteagmháil le 59 n-úsáideoir aitheanta san imscrúdú seo agus iarradh orthu comhoibriú. Níor tháinig aon úsáideoir chun cinn ná níor chomhoibrigh aon úsáideoir ar bhealach ar bith san imscrúdú. |
|
(252) |
Meabhraítear gur chuir deich n-úsáideoir freagraí ar an gceistneoir isteach san imscrúdú bunaidh. Ag an am sin, fuarthas amach, i bhfianaise bhrabúis agus fhoinsí soláthair na n-úsáideoirí, nach mbeadh tionchar fhorchur na mbeart ar úsáideoirí, dá mba ann dó, díréireach. |
|
(253) |
San imscrúdú seo, níl aon fhianaise ar comhad a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear dóibh ar aon bhealach diúltach. Go deimhin, chuir an t-iarratasóir fianaise isteach gur brabúsacht fheabhsaithe a bhí ag príomhúsáideoirí le linn na tréimhse faoi athbhreithniú. De réir na hiarrata, níl tionchar mór ag na bearta atá i bhfeidhm ar úsáideoirí ná ar thomhaltóirí toisc nach bhfuil in OCS ach cuid dhiomaibhseach de chostas táirgí iartheachtacha (e.g. 0,42 EUR den chostas a bhaineann le meaisín níocháin a tháirgeadh nó 0,4 % den infheistíocht i bhfoirgneamh monarchan folamh). |
|
(254) |
Ar an mbonn sin, dearbhaítear nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-úsáideoirí agus dá leanfaí leis na bearta nach ndéanfaí difear míchuí dóibh. |
7.4. Conclúid
|
(255) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ann d’aon chúis mhaith ó thaobh leas an Aontais de gan na bearta frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cruach le bratú orgánach uirthi de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun. |
8. BEARTA FRITHCHÚITIMH
|
(256) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le hatarlú an fhóirdheonaithe agus na díobhála, agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le cruach le bratú orgánach uirthi de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun. |
|
(257) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithchúitimh aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithchúitimh aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. |
|
(258) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(259) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 23(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(260) |
Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithchúitimh aonair. |
|
(261) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithchúitimh i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(262) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(263) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu, i.e. táirgí cothromrollta cruach neamh-chóimhiotail agus cóimhiotail (gan cruach dhosmálta a áireamh) atá péinteáilte, vearnaiseáilte nó brataithe le plaistigh ar thaobh amháin ar a laghad, seachas ‘painéil srathaithe’, mar a thugtar orthu, de chineál a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tógála agus arb é atá iontu dhá leathán miotail sheachtracha a bhfuil croíleacán cobhsaitheach d’insliú cisealaithe eatarthu, seachas na táirgí sin le bratú críochnaitheach de dheannach since orthu (péint ar mhórán since, ina bhfuil cion since 70 % nó níos mó de réir meáchain), agus seachas na táirgí sin ag a bhfuil foshraith le bratú miotalach cróimiam nó stáin, a thagann faoi chóid AC ex 7210 70 80 , ex 7212 40 80 , ex 7225 99 00 , ex 7226 99 70 faoi láthair (cóid TARIC 7210 70 80 11, 7210 70 80 91, 7212 40 80 01, 7212 40 80 21, 7212 40 80 82, 7225 99 00 11, 7225 99 00 91, 7226 99 70 11 agus 7226 99 70 91), agus ar de thionscnamh na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh na dleachtrátaí frithchúitimh cinntitheacha is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna mhonarú ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht (%) |
Cód breise TARIC |
|
Union Steel China |
13,7 |
B311 |
|
Zhangjiagang Panhua Steel Strip Co., Ltd, Chongqing Wanda Steel Strip Co., Ltd, agus Zhangjiagang Free Trade Zone Jiaxinda International Trade Co., Ltd. |
29,7 |
B312 |
|
Zhejiang Huadong Light Steel Building Material Co. Ltd agus Hangzhou P.R.P.T. Metal Material Company, Ltd. |
23,8 |
B313 |
|
Angang Steel Company Limited |
26,8 |
B314 |
|
Anyang Iron Steel Co., Ltd. |
26,8 |
B315 |
|
Baoshan Iron & Steel Co., Ltd. |
26,8 |
B316 |
|
Baoutou City Jialong Metal Works Co., Ltd. |
26,8 |
B317 |
|
Changshu Everbright Material Technology Co., Ltd. |
26,8 |
B318 |
|
Changzhou Changsong Metal Composite Material Co., Ltd. |
26,8 |
B319 |
|
Cibao Modern Steel Sheet Jiangsu Co., Ltd. |
26,8 |
B320 |
|
Inner Mongolia Baotou Steel Union Co.,Ltd. |
26,8 |
B321 |
|
Jiangyin Ninesky Technology Co.,Ltd. |
26,8 |
B322 |
|
Jiangyin Zhongjiang Prepainted Steel Mfg Co., Ltd. |
26,8 |
B323 |
|
Jigang Group Co., Ltd. |
26,8 |
B324 |
|
Maanshan Iron & Steel Company Limited |
26,8 |
B325 |
|
Qingdao Hangang Color Coated Sheet Co., Ltd. |
26,8 |
B326 |
|
Shandong Guanzhou Co., Ltd. |
26,8 |
B327 |
|
Shenzen Sino Master Steel Sheet Co., Ltd. |
26,8 |
B328 |
|
Tangshan Iron And Steel Group Co., Ltd. |
26,8 |
B329 |
|
Tianjin Xinyu Color Plate Co., Ltd. |
26,8 |
B330 |
|
Wuhan Iron And Steel Company Limited |
26,8 |
B331 |
|
Wuxi Zhongcai New Materials Co., Ltd. |
26,8 |
B332 |
|
Xinyu Iron And Steel Co., Ltd. |
26,8 |
B333 |
|
Zhejiang Tiannu Color Steel Co., Ltd. |
26,8 |
B334 |
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne |
44,7 |
B999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na dleachta frithchúitimh aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid i dtonaí) de tháirgí cruach le bratú orgánach orthu, a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú i Dhaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirtear an sonrasc sin i láthair, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. I gcás ina ndéanfar na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchuirtear le hAirteagal 1(2) a mhodhnú nó a bhaint, méadófar na dleachtanna a shonraítear i mír 2 den chion céanna atá teoranta don chorrlach dumpála iarbhír a fuarthas nó don chorrlach díobhála a fuarthas mar is iomchuí de réir cuideachta agus ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
I gcásanna inar baineadh an dleacht frithchúitimh ón dleacht frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, cuirfear tús freisin le hiarrataí aisíocaíochta faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 chun measúnú a dhéanamh ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn thréimhse imscrúdúcháin na haisíocaíochta. Ní bheidh an méid a aisíocfar leis an iarratasóir mar aisíocaíocht níos mó ná an difríocht idir an dleacht a bailíodh agus an dleacht frithchúitimh agus frithdhumpála le chéile a suíodh san imscrúdú aisíocaíochta.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2018/825 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meitheamh 2018.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 73, 15.3.2013, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/215/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 214/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 73, 15.3.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/214/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de tháirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/688/oj).
(5) Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithchúitimh áirithe, IO C 274, 3.8.2023, lch. 18.
(6) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/2975, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2975/oj).
(7) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/2970, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2970/oj).
(8) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj).
(9) Trade Defence Investigations, https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2720.
(10) WT/DS437/AB/R, United States – Countervailing Duty Measures on Certain Products from China, Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 18 Nollaig 2014, míreanna 4.178 – 4.179. Luaitear sa Tuarascáil seo ón mBuanchomhlacht Achomhairc WT/DS295/AB/R, Mexico – Definitive Anti-Dumping Measures on Beef and Rice, Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 29 Samhain 2005, mír 293; agus WT/DS436/AB/R, United States – Countervailing Measures on Certain Hot - Rolled Carbon Steel Flat Products from India, Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 8 Nollaig 2014, míreanna 4.416-4.421.
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1123 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 148, 7.6.2023, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1123/oj).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2754 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí feithiclí ceallra-leictreacha de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne chun daoine a iompar (IO L, 2024/2754, 29.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2754/oj).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/796 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, L/2025/796, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/L/2025/796/oj).
(14) https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2024)91&lang=ga.
(15) Áirítear i dtionscal na n-amhábhar tionscail pheitriceimiceacha, tionscal na cruach, na miotal neamhfheiriúil, na n-ábhar tógála agus tionscail eile. Dá réir sin, luaitear tionscal na cruach go sonrach mar thionscal straitéiseach agus mar thairbhí de bheartais uile Rialtas na Síne chun tionscail bharrfhabhair a chur chun cinn.
(16) Táirgeoir mór OCS.
(17) Caibidil III, Airteagal 12 de Chinneadh Uimh. 40.
(18) Féach aithris 182 den imscrúdú bunaidh.
(19) Airteagal 3(1)(a)(iii) den bhun-Rialachán.
(20) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 215/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach le bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne chun daoine a iompar, IO L, 73/16, 15.3.2013. Féach aithrisí 49 go 73.
(21) WT/DS379/AB/R (US – Anti-Dumping and Countervailing Duties on Certain Products from China), Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 11 Márta 2011, DS 379, mír 318. Féach freisin WT/DS436/AB/R (US – Carbon Steel (India)), Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 8 Nollaig 2014, míreanna 4.9-4.10, 4.17-4.20 agus WT/DS437/AB/R (United States – Countervailing Duty Measures on Certain Products from China) Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc an 18 Nollaig 2014, mír 4.92.
(22) Féach aithrisí 87 go 98.
(23) Féach aithrisí 74 go 83 agus 99-100.
(24) China’s status as a non-market economy, US Department of Commerce A-570-056, 26 Deireadh Fómhair 2017, lch. 57, https://enforcement.trade.gov/download/prc-nme-status/prc-nme-review-final-103017.pdf.
(25) Airteagail 7 agus 15 de Bhunreacht Dhaon-Phoblacht na Síne, Ordú Uimh. 35 de NDRC – Beartais chun an Tionscal Iarainn agus Cruach a fhorbairt (2005), Cinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit (2011).
(26) Inquiry concerning the continuation of anti-dumping and countervailing measures applying to hollow structural sections exported from the People’s Republic of China, Republic of Korea, Malaysia and Taiwan, Anti-Dumping Commission, Australian Government, Final Report No 379, Bealtaine 2017, lgh. 89–90.
|
1) |
Countervailing Duty Investigation on Food Domestic Dry Containers from the People’s Republic of China: Decision Memorandum for a Preliminary Determination, C-570-015, 22 Meán Fómhair 2014, lch. 14 |
|
2) |
China’s status as a non-market economy, United States Department of Commerce, A-570-053, 26 Deireadh Fómhair 2017, lch. 65, https://enforcement.trade.gov/download/prc-nme-status/prc-nme-review-final-103017.pdf. |
|
3) |
Issues and Decision Memorandum for the Final Determination in the Countervailing Duty Investigation of Certain Corrosion-Resistant Steel Products from the People’s Republic of China, C-570-027, 24 Bealtaine 2016, lch. 15. |
(28) Ibid pointe 2), lgh 87-88.
(29) Féach caibidil 14 den Tuarascáil.
(30) Féach aithris 107 go 118.
(31) Féach caibidil 9 den Tuarascáil.
(32) Féach aithrisí 68 go 74.
(33) Féach aithrisí 437 go 450 agus 357 go 361 faoi seach.
(34) Féach Aithris 144.
(35) Féach aithris 95.
(36) Féach caibidil 10 den Tuarascáil.
(37) Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán.
(38) Féach aithrisí 165 go 180.
(39) Féach aithrisí 182 go 185.
(40) Féach aithrisí 57 go 61, aithrisí 168 go 216 agus aithrisí 116 go 172 faoi seach.
(41) Féach caibidil 6.3 den Tuarascáil.
(42) Féach aithrisí 95 go 104 agus Iarscríbhinn 3.3-1 den iarraidh.
(43) https://www.shanghai.gov.cn/nw31406/20200820/0001-31406_1426769.html.
(44) http://www.eximbank.gov.cn/info/circus/202301/t20230120_46359.html.
(45) https://finance.hebnews.cn/2023-10/23/content_9087341.htm.
(46) http://www.csteelnews.com/qypd/qydt/202201/t20220105_58447.html.
(47) Féach aithrisí 105 go 107 agus Iarscríbhinn 3.3-2 den iarraidh.
(48) Féach Páipéar Oibre CAI ‘ Resolving China’s Corporate Debt Problem ’, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.
(49) Léargas ar mhargadh bannaí na Síne 2021, https://assets.bbhub.io/professional/sites/10/China-bond-market-booklet.pdf.
(50) Féach aithrisí 217 go 243 agus aithrisí 173 go 184 faoi seach.
(51) Féach aithrisí 316 go 344.
(52) Féach aithrisí 322, 329 go 337 den bhun-Rialachán.
(53) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 452/2011 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir mhín bhrataithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 128, 14.5.2011, lch. 18).
(54) An Clár Feidearálach, Imleabhar 73, Uimh. 227, lch. 70961 an 24 Samhain 2008.
(55) Réamhchinneadh Dearfach maidir le Dleacht Frithchúitimh an 6 Meán Fómhair 2011. An Clár Feidearálach 2011-22720.
(56) An Clár Feidearálach, Imleabhar 75, Uimh. 111, lch. 32902 an 10 Meitheamh 2010.
(57) An Clár Feidearálach, Imleabhar 74, Uimh. 117, lch. 29180 an 19 Meitheamh 2009.
(58) Saincheisteanna agus Meabhrán Cinnidh don Chinneadh Críochnaitheach san Imscrúdú maidir le Dleacht Frithchúitimh an 17 Deireadh Fómhair 2007; An Clár Feidearálach C-570-907.
(59) Féach aithrisí 95 go 113.
(60) Féach aithrisí 80 go 85 agus aithrisí 91 go 93.
(61) Tuarascáil Bhliantúil MySteel: Athbhreithniú margaidh ar chornaí dathbhrataithe in 2022 agus ionchas le haghaidh 2023 (‘Tuarascáil Bhliantúil MySteel 2022’). Ar fáil ag https://m.MySteel.com/23/0110/11/2D53D06744974F96_abc.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025). Tuarascáil Bhliantúil MySteel: Athbhreithniú margaidh ar chornaí dathbhrataithe in 2023 agus ionchas le haghaidh 2024 (‘Tuarascáil Bhliantúil MySteel 2023’). Ar fáil ag https://m.MySteel.com/a/24010418/66232834598618F7_abc.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 24 Aibreán 2025).
(62) Tuarascáil Bhliantúil MySteel 2022.
(63) Tuarascáil Bhliantúil MySteel 2023.
(64) Tuarascáil Bhliantúil MySteel 2022.
(65) Tuarascáil Bhliantúil MySteel 2023.
(*1) In éagmais sonraí staidrimh le haghaidh 2020 – is meastachán é an méid agus an luach a shonraítear le haghaidh 2020, a léiríonn meán uimhríochtúil na tréimhse 2021-tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.
(66) Na forbairtí is déanaí maidir le hacmhainneacht déanta cruach, ECFE: pdf.
(67) Na forbairtí is déanaí maidir le hacmhainneacht déanta cruach agus ionchas go dtí 2026, tagairt: https://one.oecd.org/document/DSTI/SC(2024)3/FINAL/en/pdf.
(68) Cuireann GMK Center seirbhísí comhairliúcháin, anailíse agus inbhuanaitheachta ar fáil don tionscal cruach, tagairt: https://gmk.center/en/.
(69) Steel consumption in China may reach 960 million tonnes in 2023 — Global steel news.
(70) https://worldsteel.org/data/annual-production-steel-data/?ind=P1_crude_steel_total_pub/CHN/IND.
(71) Na forbairtí is déanaí maidir le hacmhainneacht déanta cruach, ECFE: pdf.
(72) MySteel (foinse sa tSín), taighde ar acmhainneacht OCS, tagairt: https://m.mysteel.com/a/24010418/66232834598618F7_abc.html.
(73) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1506/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)