European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1505

28.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1505 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2025

lena forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na táirgí sin, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Phoblacht na Cóiré

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 1 Iúil 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí roisíní eapocsacha (‘roisíní eapocsacha’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne (‘na tíortha lena mbaineann’ anseo feasta) ar bhonn Airteagal 5 ‘den bhun-Rialachán’. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne an comhlachas ad hoc de tháirgeoirí roisíní eapocsacha (‘an gearánach’) an 6 Meitheamh 2024 (‘an gearán’). Rinneadh an gearán thar ceann thionscal roisíní eapocsacha an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Clárú

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2714 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe.

1.3.   Bearta sealadacha

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 30 Eanáir 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Chuir Aditya Birla Chemicals (Thailand) Limited (‘Aditya Birla’) barúlacha isteach maidir leis an doiciméad réamhnochta. Cé go raibh an cuireadh chun barúlacha a chur isteach teoranta do chruinneas na ríomhanna (4), chuir Aditya Birla roinnt barúlacha isteach maidir le substaint. Rinneadh na barúlacha sin arís dá éis sin tar éis an nochta shealadaigh agus tugtar aghaidh orthu thíos.

(5)

An 27 Feabhra 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún forchur dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/393 ón gCoimisiún (5) (‘an Rialachán sealadach’).

1.4.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(6)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘nochtadh sealadach’), rinne táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téalainne: Aditya Birla; táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine: Nan Ya Plastics Corporation (‘Nan Ya’); Coiste roisín eapocsaigh agus feidhmeanna chónaidhm thionscal peitriliam agus ceimiceán na Síne (‘ERC’), ag gníomhú thar ceann tháirgeoirí roisín eapocsaigh na Síne (6); an gearánach; agus dhá allmhaireoir neamhghaolmhara: QR Polymers agus De Monchy, aighneachtaí i scríbhinn inar cuireadh a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(7)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí le Aditya Birla, Nan Ya, an gearánach, ERC chomh maith le QR Polymers agus De Monchy.

(8)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(9)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne agus deireadh a chur leis an imscrúdú ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (‘an nochtadh deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(10)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht freisin. Reáchtáladh éisteachtaí le Aditya Birla ar an 23 Bealtaine 2025.

(11)

An 2 Meitheamh 2025, d’eisigh an Coimisiún doiciméad breise maidir leis an nochtadh deiridh ina mínítear na coigeartuithe a rinneadh bunaithe ar na barúlacha a fuarthas mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh an 8 Bealtaine 2025, agus an t-údar atá leo.

(12)

Chuir Aditya Birla barúlacha isteach maidir leis an nochtadh deiridh breise, inar iarradh ar an gCoimisiún cóir chomhionann do na páirtithe leasmhara uile a áirithiú agus na barúlacha a cuireadh isteach mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh a chur san áireamh. Sa nochtadh deiridh breise, níor thug an Coimisiún aghaidh ach ar na coigeartuithe a rinneadh tar éis na mbarúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. Murab ionann agus an líomhain, caitheadh go cothrom leis na páirtithe leasmhara uile toisc gur tugadh aghaidh go cuí ar na barúlacha uile maidir leis an nochtadh deiridh.

(13)

Reáchtáladh éisteacht le Aditya Birla an 11 Meitheamh 2025 agus le Polaiméirí QR an 20 Meitheamh 2025.

1.5.   Maímh maidir le tionscnamh

(14)

Tar éis an nochta shealadaigh d’athdhearbhaigh ERC a mhaíomh a leagtar amach in aithrisí 6 go 8 den Rialachán sealadach, ag agairt sárú tromchúiseach ar a chearta nós imeachta cosanta mar gheall ar achoimrí easnamhacha neamhrúnda agus easpa anailíse ar thosca díobhála áirithe a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5) den bhun-Rialachán. Thairis sin, d’athdhearbhaigh Aditya Birla a mhaíomh maidir le rúndacht iomarcach a dheonaigh an Coimisiún don ghearánach agus d’agair sé sárú ar an gceart chun cosanta agus chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. D’áitigh Aditya Birla, mar gheall ar an easpa rochtana ar fhaisnéis agus ar fhianaise iontaofa neamhfholaithe, go raibh ar na cuideachtaí gníomhú gan cinnteacht iomlán agus nach raibh siad in ann a fháil amach cé chomh hiontaofa agus a bhí na sonraí ar ar bhraith an Coimisiún chun na torthaí sa Rialachán sealadach a shuí.

(15)

Mar a leagtar amach sa Rialachán sealadach (féach aithrisí 10 go 12 agus 14), leis an leagan neamhrúnda den ghearán agus a thaispeántáin, lena n-áirítear tuilleadh sonraí a cuireadh ar an gcomhad oscailte tar éis an tionscnaimh agus, ar deireadh, le torthaí sealadacha fairsinge an Choimisiúin sa Rialachán sealadach, ceadaíodh do na páirtithe tuiscint réasúnta a fháil ar an tsubstaint a áirítear sna doiciméid sin. Thairis sin, níor léirigh na páirtithe conas a bheadh tionchar ag achoimrí neamhrúnda níos mionsonraithe ná ag anailís díobhála bhreise sa ghearán ar an imeacht reatha agus ar an gcaoi a gcosnóidís cearta nós imeachta na bpáirtithe.

(16)

Rinne an Coimisiún grinnscrúdú oibiachtúil agus fairsing ar na líomhaintí a rinne an gearánach roimh dó an t-imscrúdú a thionscnamh agus rinne sé imscrúdú neamhspleách aimsithe fíoras ina dhiaidh sin, rud a raibh na torthaí sealadacha mar thoradh air. Dá bhrí sin, níor bhraith an Coimisiún ar an ngearán ná ar na líomhaintí a rinneadh ann agus rinne sé a thorthaí féin ag an gcéim shealadach agus ag an gcéim chinntitheach araon, ar bhonn scrúdú oibiachtúil ar shonraí ábhartha a fuarthas go neamhspleách le linn an imeachta seo. Dá bhrí sin, díbheadh argóintí ERC agus Aditya Birla.

(17)

Mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach, d’áitigh Aditya Birla freisin nár mhínigh an Coimisiún cén fáth ar measadh go raibh cóineasú na dtáscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha réasúnta. Mar a míníodh cheana in aithris 10 den Rialachán sealadach, ghlac an Coimisiún le raonta le haghaidh na dtáscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha mar gheall ar struchtúr thionscal an Aontais. In aon chás, leis na raonta a tugadh le haghaidh na dtáscairí díobhála, soláthraíodh mionsonraí leordhóthanacha chun bunús na faisnéise a tíolacadh a thuiscint go réasúnta agus chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí na dtáscairí díobhála uile, go háirithe ós rud é gur tugadh innéacs maidir leis an tréimhse faoi bhreathnú le haghaidh gach táscaire freisin.

(18)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Aditya Birla gur sáraíodh a chearta cosanta mar gheall ar an athrú ar an tréimhse imscrúdúcháin, atá éagsúil maidir leis an ngearán agus maidir leis an imeacht féin. Go sonrach, bhí amhras ar an táirgeoir onnmhairiúcháin maidir leis an mbunús dlí le modhnú aontaobhach an Choimisiúin ar an tréimhse imscrúdúcháin. Mar a leagtar amach in aithris 42 den Rialachán sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den bhun-Rialachán, ní mór tréimhse nach lú ná 6 mhí díreach roimh thionscnamh na n-imeachtaí a chumhdach le tréimhse imscrúdúcháin de ghnáth. Laistigh den cheanglas sin, tá lánrogha ag an gCoimisiún maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin a roghnú, a mhéid a cheadaíonn roghnú den sórt sin toradh ionadaíoch, agus úsáid á baint as faisnéis atá chomh nua agus is féidir, agus níl aon cheanglas dlíthiúil sa bhun-Rialachán nach mór an tréimhse a roghnaíodh le haghaidh an imscrúdaithe a bheith mar an gcéanna leis an tréimhse a roghnaigh na gearánaigh. Sa chás seo, roghnaigh an Coimisiún an tréimhse imscrúdúcháin a chríochnaigh 3 mhí roimh thionscnamh an imscrúdaithe, rud atá i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den bhun-Rialachán chomh maith leis an gcleachtas seanbhunaithe, agus lenar féidir sonraí a bhailiú ón Aontas, ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus ó fhoinsí staitistice eile an tráth céanna. Diúltaítear dá bhrí sin do líomhain Aditya Birla.

1.6.   Sampláil

(19)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le sampláil. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí in aithrisí 21 go 34 den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

(20)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’iarr Nan Ya go n-eisiafaí roisíní eapocsacha speisialtachta, lena n-áirítear roisíní eapocsacha Novolac, roisíní eapocsacha bróimínithe, agus roisíní eapocsacha BPF, ón raon táirgí. D’athdhearbhaigh Nan Ya a iarraidh mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh freisin cé nár sholáthair sé fianaise nua ina leith sin. D’áitigh an táirgeoir onnmhairiúcháin sin de chuid na Téaváine go dtáirgtear na táirgí sin ó amhábhair éagsúla, go bhfuil saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha éagsúla acu (chun a bheith níos cobhsaí go ceimiceach agus go teirmeach agus níos frithsheasmhaí nó leibhéil ísle carbóin a bheith leabaithe iontu), feidhmeanna speisialaithe, agus inmhalartacht theoranta le gnáth-roisíní eapocsacha, agus go mbraitheann tomhaltóirí ar bhealach éagsúil iad. Ina theannta sin, d’iarr Nan Ya go n-eisiafaí roisíní eapocsacha soladacha, a tháirgtear trí phróiseas eile de réir Nan Ya (i gcás ina bhfuil céimeanna táirgthe breise i gceist) agus a bhfuil inmhalartacht theoranta acu le gnáth-roisíní eapocsacha leachtacha. De réir Nan Ya, ní chuirfidh eisiamh na dtáirgí sin ón raon táirgí bac ar éifeachtacht na mbeart frithdhumpála, toisc nach bhfuil iontu ach sciar beag de mhargadh an Aontais, de tháirgeacht intíre an Aontais, agus d’allmhairí. Ina theannta sin, chuir De Monchy in iúl mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach gur cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar idirdhealú a dhéanamh idir gráid bhithbhunaithe agus speisialtachta roisíní eapocsacha agus cineálacha roisín eile le haghaidh aicmiú níos cruinne agus impleachtaí taraife.

(21)

Ar an gcéad dul síos, de bhun phointe 2 den fhógra tionscnaimh, gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir leis an raon táirgí, iarradh orthu é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an Fhógra (faoin 11 Iúil 2024 dá bhrí sin). Níor tháinig Nan Ya ná De Monchy chun tosaigh le haon bharúil ná aighneacht maidir leis an ábhar sin laistigh den sprioc-am sin.

(22)

Ar an dara dul síos, tagann na cineálacha roisín eapocsaigh uile is ábhar díospóide faoin sainmhíniú ar an táirge mar a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán sealadach, rud nach ndearna na páirtithe agóid ina choinne. Cuirtear i dtábhacht agus is léir go follasach ón ngearán, ón bhfógra tionscnaimh, agus ón Rialachán sealadach go meastar go gcuimsítear leis an táirge lena mbaineann na gnáthbhonn-roisíní eapocsacha chomh maith le roisíní speisialtachta araon. Is leis an gcomhdhéanamh ceimiceach bunúsach agus na hamhábhair a úsáidtear a shainítear na roisíní eapocsacha sa chás seo – na roisíní eapocsacha uile mar a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán sealadach, lena n-áirítear na roisíní speisialtachta nó na roisíní eapocsacha soladacha, is polaiméirí nó réamhpholaiméirí iad ina bhfuil grúpaí eapocsacha imoibríocha agus úsáideann siad eipeaclóraihidrin agus comhpháirt alcóil alafatach nó aramatach mar bhuneilimintí agus fágann sé sin an táirge lena mbaineann.

(23)

Ní ábhar díospóide é go bhféadfadh feidhmeanna éagsúla agus saintréithe beagán difriúil a bheith ag na cineálacha roisíní eapocsacha ar a dtugtar tuairisc in aithris 17, go bhféadfadh céimeanna breise táirgthe, feidhmíocht fheabhsaithe, cobhsaíocht níos fearr nó frithsheasmhacht cheimiceach a bheith acu, go bhfuil siad níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol nó go bhfuil an t-éileamh ar na roisíní sin agus, dá réir sin, a dtáirgeadh intíre agus a n-allmhairí teoranta. Mar sin féin, tá saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla na gcineálacha éagsúla roisín eapocsaigh comhchosúil, agus tá airíonna teirmithéachtacha ag gach ceann acu agus táirgtear iad trí phróiseas táirgthe comhchosúil a úsáid. Thairis sin, bíonn roisín speisialtachta agus bunchineálacha roisín á gceannach ó na táirgeoirí ag na custaiméirí céanna. Dá bhrí sin, tá an dearcadh ag custaiméirí go bhfuil na cineálacha táirgí comhchosúil, agus dhíolfaí na roisíní eapocsacha leis na custaiméirí trí úsáid a bhaint as na bealaí díolacháin céanna nó as bealaí díolacháin comhchosúla. Chomh maith leis sin, ní leor gur táirgeadh roisíní speisialtachta san Aontas nó gur allmhairíodh i gcainníochtaí níos lú iad chun iad a eisiamh ó raon feidhme an imeachta. In aon chás, níor sholáthair Nan Ya agus De Monchy sonraí ábhartha infhíoraithe, rud a chuirfeadh ar chumas an Choimisiúin measúnú cuí a dhéanamh ar an maíomh maidir le heisiamh táirgí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Nan Ya agus De Monchy toisc nach raibh údar leo.

(24)

Mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach, mhaígh QR Polymers freisin go ndearna an Coimisiún earráid gan oibreáin leasaithe a chur san áireamh ina anailís, agus go n-úsáideann oibreáin leasaithe roisín eapocsach mar amhábhar agus go gcuirtear ar fáil iad i bpacáiste ina bhfuil roisíní eapocsacha. Mheabhraigh an Coimisiún go ndearnadh raon táirgí an imscrúdaithe a shainiú go soiléir san fhógra tionscnaimh chomh maith le hAirteagal 1 den Rialachán sealadach. Mar sin féin, ní chumhdaítear faoin imscrúdú seo táirgí iartheachtacha den táirge lena mbaineann, cé go n-úsáidtear an táirge lena mbaineann mar amhábhar, ná táirgí a dhíoltar in éineacht le táirge lena mbaineann. D’athdhearbhaigh QR Polymers a mhaíomh tar éis an nochta deiridh, á áitiú nach úsáid iartheachtach roisíní eapocsacha iad oibreáin leasaithe, ach úsáid chomhthreomhar, agus nach comhpháirt éigin de phacáiste treallach iad, ach bunriachtanas chun an roisín a chur ag obair, agus vice versa. D’athluaigh an Coimisiún nach cuid de raon táirgí an imscrúdaithe seo na gníomhairí leasaithe iad féin, bídís ina dtáirgí iartheachtacha nó ina dtáirgí a úsáidtear i gcomhthráth leis na roisíní eapocsacha. I bhfianaise an mhéid thuas, b’éigean maímh QR Polymer a dhíbhe.

(25)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis an raon táirgí agus maidir leis an táirge comhchosúil, deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí 44 go 55 den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Daon-Phoblacht na Síne

3.1.1.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(26)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear na torthaí i Roinn 3.1.1 den rialachán sealadach.

3.1.2.   An Gnáthluach

3.1.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(27)

Tar éis an nochta, fuair an Coimisiún barúlacha ó ERC. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh ERC nach gcomhlíonann an Tuarascáil na caighdeáin maidir le fianaise neamhchlaonta oibiachtúil agus fianaise ar luach cruthúnais leordhóthanach. D’áitigh sé, ós rud é gur dréachtaíodh an Tuarascáil agus é de chuspóir shonrach aici a éascú do thionscail an Aontais gearán a thaisceadh i réimse na mbeart trádála, go mbaintear go huathoibríoch aon dóchúlacht go ndéanfaí anailís neamhchlaonta oibiachtúil ar gheilleagar na Síne. D’áitigh ERC freisin go bhfuil amhras ann faoi luach cruthúnais na Tuarascála toisc go bhfágann an Tuarascáil imthosca fíorasacha, gnéithe fíorasacha agus conclúidí ar lár d’aon turas, rud a thiocfadh salach ar an gcuspóir páirteach dár ullmhaíodh í nó a lagódh an cuspóir sin.

(28)

Ar an dara dul síos, d’áitigh ERC gur cosúil go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le Comhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (‘Comhaontú Frithdhumpála EDT’). Mhaígh sé nach n-aithnítear in Airteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT coincheap an tsaofa mhóir agus nach gceadaítear leis sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ná ó phraghsanna idirnáisiúnta a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. Go sonrach, ní cheadaítear le hAirteagal 2.2 de EDT ach an costas táirgthe sa tír thionscnaimh a úsáid móide méid réasúnta le haghaidh costais agus brabúis riaracháin, díola agus ghinearálta agus an gnáthluach á ríomh.

(29)

Ar an tríú dul síos, de réir ERC, is cosúil go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT agus le léirmhíniú an Bhuanchomhlachta Achomhairc air, dá bhforáiltear i gcás an Aontais – Bithdhíosal (an Airgintín) (DS473) (dá ngairtear ‘AE-Bithdhíosal’ anseo feasta) lenar suíodh nach mór d’údaráis imscrúdúcháin na costais táirge arna dtabhú iarbhír ag táirgeoirí nó ag onnmhaireoirí a úsáid chun gnáthluachanna ríofa a ríomh. Dá réir sin, d’iarr ERC ar an gCoimisiún glacadh leis na praghsanna agus na costais intíre arna dtuairisciú ag onnmhaireoirí comhoibríocha na Síne.

(30)

Maidir le maíomh ERC nach bhfuil an Tuarascáil oibiachtúil ná neamhchlaonta, luann an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ó shin ar an Tuarascáil agus d’fhoilsigh sé leagan nuashonraithe i mí Aibreáin 2024. Tugann an Coimisiún dá aire nár chuir ERC aon fhrisnéis ar fáil maidir leis an tsubstaint ná leis an bhfianaise atá sa Tuarascáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(31)

Thairis sin, measann an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí-eolaíocht a luann ERC. Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús nach raibh baint ag Tuarascáil EDT maidir leis an Aontas – Bithdhíosal le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ach le foráil shonrach d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. In aon chás, le dlí EDT de réir mar a léirmhínigh Painéal EDT agus an Buanchomhlacht Achomhairc é in an tAontas – Bithdhíosal, ceadaítear sonraí a úsáid ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Más ann do shaobhadh nach beag, ní iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, beartaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ó ERC.

3.1.2.2.   Tír ionadaíoch

(32)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Aditya Birla in aghaidh chinneadh an Choimisiúin an Mhalaeisia a úsáid mar fhoinse tagarmhairc neamhshaofa le haghaidh eipeaclóraihidrin (ECH) agus sóide loiscní, ach roghnaíodh an Téalainn mar fhoinse le haghaidh gach toisc eile táirgthe, costais SGA agus na mbrabús.

(33)

Shoiléirigh an Coimisiún, i gcás dhá thoisc táirgeachta amháin, i.e. ECH agus sóid loiscneach, arbh allmhairí ón tSín a bhí in 75 % agus 62 % de na hallmhairí uile faoi seach, gur fhill an Coimisiún ar an Malaeisia, toisc gur measadh go raibh praghsanna an dá thoisc táirgeachta sin isteach sa Téalainn saofa. Níor mhínigh Aditya Birla ina bharúlacha cén fáth a mbeadh sé sin ina earráid sa mheasúnú agus dá bhrí sin díbheadh an bharúil sin.

(34)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Aditya Birla a imní maidir leis an Mhalaeisia a úsáid mar thagarmharc iomchuí le haghaidh eipeaclóraihidrin agus sóid loiscneach, cé gur úsáideadh an Téalainn le haghaidh ionchuir eile, costais SGA, agus le haghaidh brabús. Dúirt Aditya Birla, trí dhá thír a úsáid chun tagarmharcanna neamhshaofa a shuí, go ndearna an Coimisiún earráid dlí lena gcuireadh torthaí an imscrúdaithe go léir ó bhail. I bhfocail eile, d’áitigh sé, dá mba ghá an Mhalaeisia a úsáid le haghaidh tosca táirgeachta áirithe, gur chiallaigh sé nach raibh an ‘phríomhthír ionadaíoch’ (i.e. an Téalainn) ina rogha oiriúnach.

(35)

Thagair Aditya Birla don chásdlí maidir le hAirteagal 2(5)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2423/88 ón gComhairle (7), nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh, maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte nó fóirdheonaithe, lenar foráladh don mhodheolaíocht is infheidhme maidir le tíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu (8) (9). Ina theannta sin, thagair sé do Chás T-326/21, inar athdhearbhaigh an Chúirt oibleagáid an Choimisiúin na tosca fíor-riachtanacha agus ábhartha uile a chur san áireamh agus oiriúnacht na tíre a roghnaíodh á cinneadh agus chuir sí i dtábhacht nach mór na tosca sin a scrúdú leis an dícheall is gá chun a áirithiú go gcinnfear gnáthluach an táirge faoi imscrúdú ar bhealach iomchuí agus réasúnta (10). Ar an mbonn sin, d’áitigh Aditya Birla gur cheart don Choimisiún leanúint ar aghaidh le tír ionadaíoch eile nó an t-imscrúdú atá ar siúl faoi láthair a fhoirceannadh agus tús a chur le ceann nua.

(36)

Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Aditya Birla. Níor mhínigh Aditya Birla cén fáth nach gceadófaí le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán an dara tír a úsáid chun tagarmharc tosca táirgeachta áirithe a shuí i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid gurbh iad na tosca sin ab iomchuí i gcás ar leith. Ní bhaineann an cásdlí a bhfuil Aditya Birla ag brath air le hábhar, é sin nó ní thacaíonn sé lena mhaíomh. Go deimhin, baineann an dá chás ó na 1990idí ar a raibh an chuideachta ag brath le hAirteagal 2(5)(a) de Rialachán (CEE) Uimh. 2423/88 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte nó fóirdheonaithe agus leis an modheolaíocht a bhí infheidhme an tráth sin maidir le tíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu. Ina theannta sin, chomhlíon an Coimisiún go hiomlán an caighdeán arna leagan síos ag an gCúirt i gCás T-326/21: rinne sé mionscrúdú ar na tosca fíor-riachtanacha agus ábhartha uile chun tír ionadaíoch a roghnú agus ghníomhaigh sé leis an dícheall is gá chun a áirithiú gur cinneadh gnáthluach an táirge faoi imscrúdú ar bhealach iomchuí agus réasúnta. Ar deireadh, ní rud neamhchoitianta é go bhféadfadh sé nach mbeadh an tír ionadaíoch iomchuí a roghnaítear oiriúnach do gach toisc tháirgeachta aonair. Dá bhrí sin, dá nglacfaí leis, d’fhágfadh an argóint a chuir Aditya Birla chun cinn nach mbeadh Airteagal 2(6a) agus modheolaíocht iomlán an tsaofa shuntasaigh infheidhme i líon substaintiúil cásanna. Thairis sin, tugann argóint an Iarratasóra neamhaird ar an bhfíoras nach liosta uileghabhálach é an liosta foinsí dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 2(6a)(a), agus nach gceanglaítear leis an gcéad fhleasc den mhír sin ach aon tír ionadaíoch iomchuí amháin a roghnú. Ina ionad sin, cuireann sé treoir ar fáil maidir le conas rogha a dhéanamh i gcás ina bhfuil roinnt tíortha ionadaíocha iomchuí ar fáil. Ní hamhlaidh an cás anseo, toisc gur léir go raibh an Téalainn míchuí do ECH – pointe nár chuir Aditya Birla ina choinne fiú.

3.1.2.3.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

(37)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug Jiangsu Sanmu dá aire gur bhain an Coimisiún úsáid as allmhairí ‘Hiodrocsaíd Shóidiam (Sóid Loiscneach): I dtuaslagán uiscí (Sóid Buaice nó Sóid Leachtach)’ sa Mhalaeisia mar a thuairiscigh GTA mar phraghas tagarmhairc sóide loiscní. D’áitigh Jiangsu Sanmu nár léirigh an praghas sin go cruinn an dá ghrád sóide loiscní (32 % agus 50 % den tiúchan) a úsáideadh ina bpróiseas táirgthe roisíní eapocsacha. Ina ionad sin, mhol siad úsáid a bhaint as meán na bpraghsanna tagarmhairc idirnáisiúnta a fuarthas ó sholáthraithe tionscail Chemical Market Analytics de chuid Opis (11) (‘CMA’), cleamhnaí de chuid Dow Jones, agus Tuarascálacha ar Mhargadh Ceimiceán Argus (12) (‘Argus’), ina dtuairiscítear sa dá cheann costas agus praghas lastais (‘C&l’) le haghaidh grád 100 %, i.e. sóid loiscneach sholadach, san Áise Thoir Theas. Faightear an praghas ar ghráid éagsúla sóide loiscní ansin tríd an bpraghas gráid 100 % a iolrú faoin gcéatadán tiúchana. Tríd an modh sin a úsáid, is iad 0,98 CNY/kg agus 1,53 CNY/kg na praghsanna le haghaidh gráid 32 % agus 50 % faoi seach.

(38)

In aithris 139 den Rialachán sealadach, d’admhaigh an Coimisiún gur sholáthair GTA praghas ar mheascán de ghráid éagsúla sóide loiscní seachas tagarmharcanna beachta le haghaidh na ngrád sonrach a d’úsáid na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Mar sin féin, in éagmais roghanna malartacha níos cruinne ag an gcéim sin, roghnaigh an Coimisiún brath ar GTA. Chuir modh beartaithe Jiangsu Sanmu an buntáiste ar fáil maidir le praghsanna a chinneadh ar bhonn leibhéil chomhchruinnithe, agus úsáid á baint as tagarmharcanna aitheanta d’earnáil na gceimiceán a sholáthraíonn figiúirí atá beagnach comhionann go neamhspleách le haghaidh sóid loiscneach. Mar thoradh air sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chorrlaigh dhumpála tháirgeoirí sampláilte uile na Síne ar bhonn na dtagarmharcanna a leagtar amach in aithris 34.

(39)

Ós rud é go raibh na praghsanna a soláthraíodh ar leibhéal c&I (costas agus last-táille) agus seachas ar leibhéal CAL (costas, árachas, last-táille) a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha, chuir an Coimisiún coigeartú i bhfeidhm maidir le hárachas. De réir foinsí atá ar fáil go poiblí, is iondúil go mbíonn préimheanna árachais lastais mhuirí idir 0,2 % agus 2 % de luach an lastais (13), ag brath ar chineál na n-earraí. Léirítear i sonraí fíoraithe ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte go raibh na costais árachais chun roisíní eapocsacha a sheoladh idir 0,1 % agus 0,5 % de luach an lastais. Ós rud é go bhfuil sóid loiscneach níos guaisí le hiompar ná roisíní eapocsacha, chuir an Coimisiún préimh árachais 1 % le figiúirí c&l chun na tagarmharcanna deiridh le haghaidh sóid loiscneach ar leibhéal CAL a fháil. Tagann an ráta sin laistigh den raon tionscail a chonacthas agus léiríonn sé an riosca méadaithe a bhaineann le ceimiceán creimneach amhail sóid loiscneach a iompar, rud a mbíonn gá le bearta sábháilteachta feabhsaithe agus nósanna imeachta láimhseála níos déine lena aghaidh. Dá bhrí sin, is éard atá sa phréimh 1 % lárphointe coimeádach ach lárphointe réasúnta lena n-áirithítear comparáid chothrom agus riosca-choigeartaithe agus lena seachnaítear rómheastachán an tráth céanna.

(40)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Sinochem go raibh rómheastachán déanta ag an gCoimisiún ar an bpréimh árachais chun sóid loiscneach a iompar. Mhaígh sé, fiú dá mbeadh sóid loiscneach níos guaisí ná roisíní eapocsacha, nárbh údar é as féin le préimh árachais níos airde. D’áitigh Sinochem gur cheart an phréimh a chuirtear i bhfeidhm maidir le sóid loiscneach a bheith ar aon dul leis an bpréimh is infheidhme maidir le roisíní eapocsacha, toisc gur amhábhar í sóid loiscneach a ídítear i dtáirgeadh na roisíní eapocsacha.

(41)

Mar sin féin, níor sholáthair Sinochem aon fhianaise chun tacú leis an maíomh go mbeadh an costas árachais iompair céanna ar an dá tháirge, cé go raibh sóid loiscneach níos guaisí ná roisín eapocsach. Glactar leis freisin go bhféadfadh airíonna fisiciceimiceacha éagsúla, amhail creimneacht, a bheith ag amhábhair i gcomparáid leis na táirgí críochnaitheacha agus go bhféadfadh creimneacht bhreise a bheith ina húdar le préimh árachais níos airde (14). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(42)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Sanmu in aghaidh an tagarmhairc costais saothair le haghaidh na Téalainne a mhol an Coimisiún (coibhéiseach le 10,2 % den phá in aghaidh na huaire) ina bhfuil muirir 5,2 % ar an bhfostóir agus muirir 5 % ar an bhfostaí. Cé gur aontaigh Sanmu gurb ionann na muirir don fhostóir agus 5,2 % go deimhin, d’áitigh sé nach é an fostóir a íocann na muirir bhreise don fhostaí agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a eisiamh ó ríomh an tagarmhairc saothair neamhshaofa.

(43)

D’aontaigh an Coimisiún nach mbreithneofaí ach na muirir shóisialta a íocann an fostóir go díreach (i.e. 5,2 %) agus d’athbhreithnigh sé ríomh an tagarmhairc saothair neamhshaofa dá réir sin.

(44)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh Sanmu a bharúil a leagtar amach in aithris 146 den Rialachán sealadach go ndéantar gannmheastachán ar an am oibre iarbhír leis an toimhde maidir le ham oibre seachtainiúil 40 uair an chloig, ar cheart dó ragobair a chur san áireamh freisin. Chun an maíomh sin a chomhlánú, thagair Sanmu do bhunachar sonraí staidrimh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go sonrach an tacar sonraí maidir leis an suirbhé ar an bhfórsa saothair, a bhí dírithe ar an earnáil monaraíochta sa Téalainn (15). Ar bhonn na foinse sin, ba cheart gurb é 47,2 uair an chloig an meánlíon uaireanta oibre seachtainiúil san earnáil monaraíochta sa Téalainn.

(45)

Thug an Coimisiún dá aire fianaise dhoiciméadaithe Sanmu agus leasaigh sé ríomh an tagarmhairc neamhshaofa le haghaidh na gcostas saothair trí 47,2 uair an chloig in aghaidh na seachtaine a mheas le haghaidh na Téalainne.

(46)

Mar thoradh ar na hathruithe a pléadh in aithrisí 40 agus 42 tá an tagarmharc athbhreithnithe le haghaidh costais saothair cothrom le 15,01 CNY/uair an chloig.

(47)

Mhaígh Sanmu freisin go raibh 7 % CBL san áireamh sa tagarmharc neamhshaofa le haghaidh leictreachais arna shuí ag an gCoimisiún (16). Thug Sanmu dá aire go ndeonaítear aisíocaíocht iomlán CBL d’úsáideoirí tionsclaíocha sa Téalainn agus gur féidir le gnólachtaí CBL a íocadh ar ionchuir a éileamh ar ais (17). Ar an gcúis sin, d’iarr Sanmu ar an gCoimisiún 7 % CBL a asbhaint ón tagarmharc neamhshaofa leictreachais.

(48)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Is rud seanbhunaithe é go luaitear praghsanna leictreachais sa Téalainn gan CBL a áireamh. Tá dearbhú Sanmu bunaithe ar fhaisnéis mhícheart, ar dócha gur mhí-aistriú go Béarla ba chúis leis. Luaitear go soiléir ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla an dá sholáthraí leictreachais faoi úinéireacht stáit – an tÚdarás Leictreachais Cathrach (MEA) agus an tÚdarás Leictreachais Cúige (PEA) – chomh maith leis an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh, go n-eisiatar CBL leis na taraifí liostaithe. Feidhmíonn na suíomhanna gréasáin sin mar fhoinsí údarásacha praghsála leictreachais sa Téalainn. Tá rochtain ag an bpobal ar an léiriú sainráite ar eisiamh CBL ar na hardáin sin.

(49)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Sanmu, cé gur bhunaigh sé tagarmharc neamhshaofa le haghaidh leictreachais sa Téalainn, nár thug an Coimisiún údar lena rogha sceideal taraifí Uimh. 4 (i.e. ‘Seirbhís Ghinearálta Mhór’) a mheas faoi rialachán ábhartha na Téalainne, a chomhfhreagraíonn don tomhaltas fuinnimh is suntasaí (meántomhaltas fuinnimh os cionn 250 000 kWh in aghaidh na míosa) agus bonnphraghas leictreachais níos airde. D’iarr Sanmu ar an gCoimisiún an réim tomhaltais leictreachais is iomchuí a úsáid mar thagairt ar bhonn mhéideanna tomhaltais fíoraithe chuideachta sampláilte na Téalainne Aditya Birla Chemicals (An Téalainn) Co., Ltd.

(50)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil maidir leis an gcomhad, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh iomchuí táirgeoirí eapocsacha a aicmiú laistigh den bhanda tomhaltóirí ‘Seirbhís Ghinearálta Mhór’. Go deimhin, deimhníodh leis na méideanna tomhaltais leictreachais do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte uile sa tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin gurbh iomchuí sceideal taraife Uimh. 4 – i.e., ‘Seirbhís Ghinearálta Mhór’ a roghnú.

(51)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Sinochem Group in aghaidh an leibhéal voltais ‘4.2.3: 22 kV’ a úsáid chun costais leictreachais a ríomh, agus fianaise á lua aige a cuireadh ar fáil cheana le linn fíoraithe go bhfuil a tháirgeoirí onnmhairiúcháin nasctha leis an eangach 110 kV. D’iarr Sinochem go ndéanfaí athbhreithniú agus an leibhéal voltais ‘4.2.1: 69 kV agus os a chionn’ a úsáid ina ionad.

(52)

Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus rinne sé athbhreithniú dá réir ar an tagarmharc leictreachais le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann.

(53)

Tar éis an réamhnochtaidh, shainaithin Sanmu botún cléireachais i ríomh an mheánráta ualaithe leictreachais (THB/CNY in aghaidh KWh).

(54)

Tar éis na barúla a chuir Sanmu isteach, agus tar éis dó an ríomh a cheartú, chinn an Coimisiún úsáid a bhaint as na sonraí mionsonraithe maidir le tomhaltas leictreachais a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte uile. In ionad meán ualaithe ginearálta a chur i bhfeidhm, bhunaigh an Coimisiún ráta leictreachais tagarmhairc cuideachta-shonrach. I gcás gach táirgeora onnmhairiúcháin sampláilte, ríomhadh an tagarmharc sin ar bhonn a thomhaltais leictreachais amanna móréilimh agus amanna beagéilimh faoi seach, i gcás ina raibh sonraí den sórt sin ar fáil. Rinneadh an úsáid thuairiscithe a leithdháileadh ansin ar na rátaí amanna móréilimh agus amanna beagéilimh is infheidhme. I gcásanna nach ndearna táirgeoir idirdhealú idir tomhaltas amanna móréilimh agus amanna beagéilimh, chuir an Coimisiún an ráta amanna móréilimh i bhfeidhm, ag glacadh leis nach raibh an ráta amanna beagéilimh ar fáil don táirgeoir onnmhairiúcháin ar leith.

(55)

Ina theannta sin, chinn an Coimisiún an muirear éilimh agus an muirear seirbhíse araon a áireamh sa tagarmharc ráta leictreachais, chun costas an leictreachais sa tír ionadaíoch a léiriú go hiomlán. Sloinneadh an muirear seirbhíse mar mhéid seasta in aghaidh na míosa, agus suíodh an muirear éilimh, in kW, ar bhonn ríomh coimeádach an éilimh ar leictreachas. Suíodh é sin tríd an bhfuinneamh iomlán amanna móréilimh a ídítear a roinnt ar an líon uaireanta an chloig táirgthe.

(56)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Sinochem Group in aghaidh mhodh an Choimisiúin na catagóirí leictreachais cuideachta-shonracha a shannadh do bhuaic-ídiú agus ídiú seachbhuaice agus d’iarr sé catagóirí áirithe a athaicmiú.

(57)

Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus leasaigh sé na catagóirí leictreachais i gcás ina raibh údar cuí leis.

(58)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Sanmu agus Sinochem gur mheas an Coimisiún tomhaltas leictreachais iomlán na gcuideachtaí mar bhuaic-ídiú gan idirdhealú a dhéanamh idir buaic-ídiú agus ídiú seachbhuaice. D’áitigh Sanmu go raibh faisnéis phoiblí ar fáil ó Bhord Infheistíochta na Téalainne (18) maidir le buaicuaireanta. Ar an taobh eile, mhol Sinochem meán an bhuaic-thomhaltais agus an tomhaltais sheachbhuaice, ar bhonn chuideachtaí a ghrúpa a thuairiscigh an fhaisnéis sin, a chur i bhfeidhm ar an gcuideachta nár thuairiscigh í.

(59)

Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh sin agus d’aontaigh sé, i bhfianaise chineál leanúnach 24 uair an chloig an phróisis táirgthe, go raibh sé réasúnta tomhaltas leictreachais a leithdháileadh i gcomhréir leis an taraif am úsáide. Foilsíonn an tÚdarás Leictreachais Cathrach (MEA) (19) an sceideal le haghaidh buaicuaireanta faoin gcóras Am Úsáide, lena sainítear go ritheann buaicuaireanta ó 9:00 AM go 10:00 PM, Luan go hAoine. Is ionann sin agus 13 uair an chloig in aghaidh an lae ar feadh cúig lá in aghaidh na seachtaine, nó thart ar 38,7 % de na huaireanta iomlána sa tseachtain.

(60)

Dá réir sin, i gcás cuideachtaí nár sholáthair miondealú ar thomhaltas leictreachais de réir tréimhse ama, leithdháil an Coimisiún 38,7 % den tomhaltas leictreachais iomlán mar bhuaic-ídiú. Luíonn an cion sin go dlúth le sciar an bhuaic-thomhaltais arna thuairisciú ag cuideachtaí a chuir sonraí mionsonraithe tomhaltais isteach.

(61)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Sinochem in aghaidh na modheolaíochta a d’úsáid an Coimisiún chun an buaicéileamh a ríomh. De réir Sinochem, ba cheart an buaicéileamh a ríomh trí úsáid a bhaint as sonraí iarbhír na bhfreagróirí, seachas é a mheas de réir an mhodha a mhínítear in aithris 59.

(62)

Shuigh an Coimisiún gurb é a bhí sa bhuaicéileamh in kW (i.e. an t-éileamh is mó ar leictreachas ag tráth ar leith) an buaic-ídiú iomlán roinnte ar mheánlíon na n-uaireanta oibre a oibríodh le linn buaic-ama. Chun an buaic-ídiú a ríomh, bhí sé ag brath ar na sonraí a sholáthair na freagróirí nó, i gcás cuideachtaí nach ndearna idirdhealú idir buaic-ídiú agus úsáid sheachbhuaice, bhí sé ag brath ar an modh leithdháilte a dtugtar tuairisc air in aithris 56. Mheas an Coimisiún gur mhodheolaíocht fhónta é sin agus go raibh sé comhsheasmhach ar fud na gcuideachtaí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(63)

Ar bhonn na mbarúlacha a pléadh in aithrisí 46 go 56, rinne an Coimisiún an tagarmharc leictreachais aonair a athríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin.

(64)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, shoiléirigh Sinochem a mhaíomh ar a dtugtar tuairisc cheana in aithris 59 maidir le húsáid leictreachais ídithe (in kWh) chun an muirear éilimh a chinneadh. Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh sin agus tháinig sé ar an gconclúid nach mbeadh aon tionchar ar chorrlach dumpála ghrúpa Sinochem dá nglacfaí leis an maíomh. Dá bhrí sin, bhí an bharúil gan bhunús.

(65)

Mar atá in aithris 45, d’fhiosraigh Sanmu cé acu a áirítear nó nach n-áirítear CBL 7 % sa tagarmharc neamhshaofa le haghaidh gás nádúrtha arna shuí ag an gCoimisiún.

(66)

Ríomh an Coimisiún an tagarmharc neamhshaofa le haghaidh gás nádúrtha ar bhonn sonraí tomhaltais arna soláthar ag Aireacht Fuinnimh na Téalainne (20). Roinn sé luach iomlán an gháis nádúrtha a ídíodh sa Téalainn in 2023 ar an toirt iomlán chomhfhreagrach. Ní raibh CBL san áireamh sa luach aonaid a tháinig as sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(67)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh Sanmu a iarraidh maidir le rochtain a fháil ar thacar iomlán cuntas na cuideachta a roghnaíodh chun luach neamhshaofa a shuí le haghaidh costais SGA, riaracháin agus ghinearálta agus na mbrabús sa Téalainn (Aditya Birla). Mhaígh Sanmu nach raibh aon nóta ná míniú ag gabháil le cuntais Bhrabúis agus Chaillteanais 2023 agus 2024, rud nár lig do pháirtithe tuiscint a fháil ar an gcaoi ar ríomhadh costais SGA. Go háirithe, dúirt Sanmu gur cheart don Choimisiún na costais díola dhírigh uile amhail costais a bhaineann le hiompar, coimisiúin, etc. a asbhaint ó na costais SGA.

(68)

D’iarr agus fuair an Coimisiún an t-údarú ó Aditya Birla chun na costais iompair a tuairiscíodh i gceistneoir na n-onnmhaireoirí a úsáid agus chun na costais sin a dhealú ó na costais SGA ríofa. Dá bhrí sin, leasaigh an Coimisiún ó 18,0 % go 12,6 % an ráta neamhshaofa agus réasúnta le haghaidh costais SGA a úsáideadh chun an gnáthluach a shuí.

3.1.2.4.   Costas táirgthe – barúlacha eile

(69)

Tar éis an réamhnochta, mhaígh Jiangsu Ruiheng go ndearna an Coimisiún rómheastachán ar na forchostais a úsáideadh chun an corrlach dumpála a ríomh. Go sonrach, d’áitigh an chuideachta gur leithdháil an Coimisiún forchostais iomlána na gcéimeanna táirgthe réamhtheachtacha ar roisíní eapocsacha, seachas iad a chionroinnt ar bhonn an tomhaltais iarbhír ba ghá le haghaidh táirgeadh roisín eapocsaigh.

(70)

Murab ionann agus maíomh Jiangsu Ruiheng, áfach, leithdháil an Coimisiún na forchostais a tabhaíodh ag gach céim den phróiseas atá comhtháite go hingearach i gcomhréir leis na haschuir a úsáideadh chun a roisíní eapocsacha a tháirgeadh, lena n-áirithítear dáileadh cruinn costais gan rómheastachán. Rinneadh an measúnú sin le linn na cuairte fíorúcháin ar an láthair i gcomhar leis an gcuideachta, agus úsáideadh an costas a d’eascair as sin chun an corrlach dumpála a ríomh gan tuilleadh modhnaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(71)

Tar éis an réamhnochta, mhaígh JKYC nach táirge lena mbaineann a bhí i gceann de na cineálacha táirgí ar thuairiscigh siad trí bhotún costas na monaraíochta ina leith agus nár onnmhairíodh chuig an Aontas é. Dá bhrí sin, d’iarr JKYC ar an gCoimisiún an corrlach dumpála a athríomh gan an cineál táirge sin a áireamh.

(72)

Tar éis don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chostas fíoraithe an chomhaid monaraíochta a úsáideadh le haghaidh an chorrlaigh dumpála shealadaigh, dheimhnigh sé nár tháinig cineál táirge amháin faoi réim an tsainmhínithe ar an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún an corrlach dumpála a athríomh gan an cineál táirge sin a áireamh.

3.1.2.5.   Conclúid maidir leis an nGnáthluach

(73)

Thug an Coimisiún aghaidh thuas ar na barúlacha uile maidir leis an ngnáthluach agus rinne sé athbhreithniú ar a thorthaí nuair ba iomchuí, mar a shonraítear thuas. Deimhnítear na torthaí eile i Roinn 3.1.2 den rialachán sealadach.

3.1.3.   Praghas onnmhairiúcháin agus Comparáid

(74)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear na torthaí maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin agus comparáid idir an Rialachán sealadach.

3.1.4.   Corrlaigh dhumpála

(75)

Mar a shonraítear i Roinn 3.1.2, tar éis maímh a fháil ó pháirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála.

(76)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Jiangsu Sanmu Group Co., Ltd.

17,3

Sinochem Group, comhdhéanta de

Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd.

Nantong Xingchen Synthetic Material Co., Ltd.

Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co., Ltd.

33,0

Cuideachtaí comhoibríocha eile

23,0

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne

33,0

3.2.   Poblacht na Cóiré

3.2.1.   An Gnáthluach

(77)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh an gearánach gur chosúil gur sholáthair an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte de chuid na Cóiré, arb iad a tháirgeann idir 85 % agus 95 % de tháirgeadh roisíní eapocsacha na Cóiré, de réir mar a mheas an gearánach, faisnéis mhíchruinn maidir le foinse a soláthairtí eipeaclóraihidrine (‘ECH’). Ós rud é go n-allmhairítear 28-32 % den ECH a úsáidtear sa Chóiré le haghaidh táirgeadh roisín eapocsaigh ón tSín, agus go raibh na honnmhaireoirí sin freagrach as beagnach gach roisín eapocsach a tháirgeadh sa Chóiré, bhí sé neamhdhóchúil go matamaiticiúil gur sheachain na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte úsáid ECH ón tSín.

(78)

Mhaígh an gearánach freisin nár cheart an gnáthluach sa Chóiré a bheith bunaithe ar phraghsanna intíre, ar praghsanna iad a laghdaíodh go mór mar gheall ar shaobhadh de thionscnamh na Síne, rud a chruthaigh staid margaidh ar leith sa Chóiré de réir bhrí Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán. Mar thoradh air sin, ba cheart an gnáthluach a ríomh ar bhonn costas, agus ba cheart tagarmharc iomchuí a chur in ionad phraghas ECH sa Chóiré. Mhol an gearánach go n-úsáidfí praghas Mheiriceá Thuaidh nó praghas Iarthar na hEorpa ar ECH.

(79)

Dheimhnigh an Coimisiún, tar éis idirbhearta ceannaigh na n-amhábhar a fhíorú, lena n-áirítear tíortha tionscnaimh na n-earraí a chinneadh, gur shuigh sé nárbh í an tSín príomhfhoinse soláthair ECH an dá onnmhaireoir sampláilte. Ina theannta sin, chinn sé go raibh praghas ceannaigh ECH ón tSín comhsheasmhach le meánphraghas ceannaigh na n-onnmhaireoirí le linn na tréimhse imscrúdúcháin, lena n-áirítear praghas ceannaigh onnmhaireoirí ó thíortha foinse éagsúla seachas an tSín, amhail an tAontas Eorpach.

(80)

Maidir leis an maíomh gur ann do staid margaidh áirithe, thug an Coimisiún dá aire nárbh í an tSín príomhonnmhaireoir domhanda ECH, ach gurbh í an Téalainn a d’onnmhairigh breis agus 108 000 tona ar fud an domhain le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i gcomparáid le 58 000 tona ag an tSín. Ba í an Téalainn an t-onnmhaireoir mór i réigiún na hÁise freisin. Thairis sin, bhí meánphraghas onnmhairiúcháin ECH na Téalainne laistigh den raon céanna leis an tSín. Dá bhrí sin, is dócha go raibh ról ríthábhachtach ag an tSín agus ag an Téalainn araon, i bhfianaise a n-acmhainneachtaí táirgeachta agus a straitéisí onnmhairiúcháin, maidir le praghsanna ECH a chinneadh ar fud réigiún na hÁise. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go raibh tionchar ag tosca iomadúla eile ar phraghsanna ECH san Áise, lena n-áirítear éileamh ó earnálacha tionsclaíocha amhail tógáil agus bratuithe (21). Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gur chuidigh dianiomaíocht i measc táirgeoirí sa réigiún le praghsanna iomaíocha a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach léireofaí go hiomlán castachtaí dhinimic an mhargaidh atá i bhfeidhm i réigiún na hÁise trí leibhéal na bpraghsanna ECH sa Chóiré a shannadh d’allmhairí Síneacha amháin.

(81)

Ar bhonn an mhéid sin agus na faisnéise a chuir an gearánach ar fáil, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil praghsanna ECH atá íseal go saorga i margaí comharsanacha, lena n-áirítear an Chóiré, mar thoradh ar ró-acmhainneacht na Síne in ECH, rud a d’fhéadfadh staid margaidh áirithe a chruthú. Dá réir sin, chinn sé nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le costais a choigeartú faoi Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán.

(82)

Tar éis dó diúltú don mhaíomh a shonraítear thuas, dheimhnigh an Coimisiún torthaí an Rialacháin shealadaigh maidir leis an ngnáthluach le haghaidh na Cóiré.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(83)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí 207 go 208 den Rialachán sealadach.

3.2.3.   Comparáid

(84)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí 209 go 214 den Rialachán sealadach.

3.2.4.   Corrlaigh dhumpála

(85)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí 215 go 220 den Rialachán sealadach.

3.3.   an Téaváin

3.3.1.   An Gnáthluach

(86)

In éagmais aon bharúil, deimhníodh aithris 221 den Rialachán sealadach.

3.3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(87)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí 223 go 224 den Rialachán sealadach.

3.3.3.   Comparáid

(88)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Nan Ya nach raibh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin inchomparáide mar gheall ar dhifríochtaí i gcainníochtaí in aghaidh orduithe ar leith ar bhonn intíre sa Téaváin agus i margadh onnmhairiúcháin an Aontais.

(89)

Le linn an imscrúdaithe, theip ar Nan Ya aon fhianaise a sholáthar nó a chur isteach a thabharfadh le fios go raibh leibhéil éagsúla trádála ann idir na margaí intíre agus na margaí onnmhairiúcháin, nó go raibh an chainníocht a ordaíodh in aghaidh an ordaithe ar leith ina toisc ábhartha maidir le praghsanna a shocrú. Ina theannta sin, níor chuir Nan Ya aon fhianaise i láthair maidir le lascainí cainníochtbhunaithe ná fianaise eile lena dtugtar bunús chun tacú leis an maíomh gur ghá go leanfadh praghsanna lascainithe as méideanna móra díolachán.

(90)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

3.3.4.   Corrlaigh dhumpála

(91)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí 231 go 233 den Rialachán sealadach.

3.4.   an Téalainn

(92)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Aditya Birla nár bhreithnigh an Coimisiún barúlacha Aditya Birla maidir le réamhnochtadh sa Rialachán sealadach. D’athdhearbhaigh Aditya Birla a bharúlacha in dhá aighneacht ar leith freisin maidir leis an nochtadh deiridh. Rinneadh na hargóintí céanna a cuireadh isteach roimhe sin tar éis an nochta shealadaigh a athrá a bheag nó a mhór sa dá aighneacht gan fianaise nua a thabhairt ar aghaidh a d’athródh conclúidí an nochta deiridh.

(93)

Mar a mhínítear in aithris 4, tá na barúlacha réamhnochta inghlactha teoranta do chruinneas na ríomhanna. Sonraíodh é sin freisin sna doiciméid réamhnochta a roinneadh leis na páirtithe leasmhara. Sháraigh na barúlacha a chuir Aditya Birla isteach maidir le réamhnochtadh an raon feidhme sin, agus tugadh aghaidh ar ábhair nár cheart a ardú ach amháin tar éis fhorchur na mbeart sealadach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

3.4.1.   An Gnáthluach

(94)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Aditya Birla gur bhain an Coimisiún úsáid mhícheart as na céatadáin bhrabúis iarbhír ar an margadh intíre le haghaidh cineálacha táirgí (‘PCNanna’) a díoladh ar an margadh intíre i gcainníochtaí nár chomhlíon an tairseach 5 % a leagtar síos in Airteagal 2(2) den bhun-Rialachán, rud a mheasfadh, de réir Birla, nach raibh na díolacháin sin sa ghnáthchúrsa trádála. De réir Aditya Birla, bhí sé sin in aghaidh Airteagal 2(3) den Rialachán sin agus gur cheart don Choimisiún, ina ionad sin, an corrlach brabúis a úsáid ar bhonn na ndíolachán intíre uile a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála, gan beann ar an PCN lena mbaineann. D’athdhearbhaigh Aditya Birla a bharúlacha in dhá aighneacht tar éis an nochta deiridh freisin trí na hargóintí a rinneadh roimhe sin a athrá ach gan fianaise nua a sholáthar a d’athródh na conclúidí ar thángthas orthu sa nochtadh deiridh.

(95)

Thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus an aighneacht ó Aditya Birla, nach meastar maidir le méideanna díolachán intíre nach ionann iad agus 5 % nó níos mó d’onnmhairí den chineál céanna táirge nach bhfuil na méideanna sin sa ghnáthchúrsa trádála. Go deimhin, déantar tagairt in Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán do ‘dhíolacháin neamhleora an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála’. (is linne an treise). Go deimhin, maidir leis na hidirbhearta ar ar a mbonn a cinneadh an brabús iarbhír do dhíolacháin na PCNanna ábhartha a úsáideadh chun na gnáthluachanna a fhorléiriú faoi Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán, bhí siad uile brabúsach agus is sa ghnáthchúrsa trádála dá bhrí sin a rinneadh iad. Dá bhrí sin, an toimhde gur úsáid an Coimisiún brabús atá bunaithe ar idirbhearta nach bhfuil sa ghnáthchúrsa trádála, tá sí mícheart go fíorasach.

(96)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta shealadaigh, is cosúil gur mheasc Aditya Birla díolacháin nach ndearnadh sa ghnáthchúrsa trádála (Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán) leis na díolacháin nár éirigh leo sa tástáil ionadaíochais in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Fiú má rinneadh díolacháin i gcainníochtaí neamhleora faoi Airteagal 2(2) den bhun-Rialachán, ní hionann sin agus a rá nach sa ghnáthchúrsa trádála a rinneadh iad. Go deimhin, mar a thugtar faoi deara in aithris 91, is sa ghnáthchúrsa trádála a rinneadh na hidirbhearta díolacháin ábhartha a úsáideadh chun an brabús iarbhír a ríomh le haghaidh na PCNanna ábhartha.

(97)

Maidir leis an ngearán gur bunaíodh an brabús a úsáideadh i bhforléiriú an ghnáthluacha le haghaidh na PCNanna ábhartha ar idirbhearta díolacháin nár éirigh leo ar an iomlán an tairseach 5 % in Airteagal 2(2) den bhun-Rialachán a bhaint amach, thug an Coimisiún an méid seo a leanas dá aire.

(98)

I gcás díolacháin intíre neamhleora sa ghnáthchúrsa trádála (i.e. méid díolacháin ar lú é ná 5 % de mhéid dhíolacháin an táirge i gceist leis an Aontas), amhail i gcás na PCNanna ábhartha, féadfar an gnáthluach a ríomh ar bhonn an chostais táirgthe sa tír thionscnaimh móide méid réasúnta le haghaidh costais SGA agus le haghaidh brabús nó ar bhonn praghsanna ionadaíocha onnmhairiúcháin (22). Sa mhéid sin, leanann Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán forálacha Airteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT.

(99)

Maidir le costais SGA agus brabús atá le húsáid san fhorléiriú faoi Airteagal 2(3), leagtar síos le hAirteagal 2(6) den bhun-Rialachán agus le hAirteagal 2.2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT, i measc nithe eile, go mbunófar na méideanna le haghaidh chostais SGA agus le haghaidh brabús ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin, sa ghnáthchúrsa trádála, an táirge chomhchosúil ag an táirgeoir nó ag an onnmhaireoir atá faoi imscrúdú. Mura féidir na méideanna sin a chinneadh, cuirtear trí bhealach eile ar fáil chun iad a shuí.

(100)

Ós rud é go bhfuil Airteagail 2(3) agus 2(6) den bhun-Rialachán, faoi seach, ar aon dul go mór le hAirteagail 2.2 agus 2.2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT, ba cheart iad a léirmhíniú, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an gComhaontú (23).

(101)

Mar a thug an Buanchomhlacht Achomhairc dá aire in CE – Tube or Pipe Fittings (24), ‘le hAirteagal 2.2.2 bunaítear, […], critéir chun ‘méideanna réasúnta’ a chinneadh le haghaidh chostais SGA agus brabús agus gnáthluach forléirithe á ríomh de bhun Airteagal 2.2’. Lean an Buanchomhlacht Achomhairc ar aghaidh ar an mbealach seo a leanas: ‘agus téacs réamhrá Airteagal 2.2.2 á rianú againn, tugaimid faoi deara go bhforchuirtear oibleagáid ghinearálta (‘déanfaidh’) leis an bhforáil seo ar údarás imscrúdúcháin ‘sonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin i ngnáthchúrsa trádála’ a úsáid agus méideanna á gcinneadh le haghaidh chostais SGA agus brabús. Is ‘[i] gcás nach féidir na méideanna sin a chinneadh ar an mbonn sin’, amháin, a fhéadfaidh údarás imscrúdúcháin dul ar aghaidh agus ceann de na trí mhodh eile dá bhforáiltear i bhfomhíreanna (i)-(iii) a úsáid. Is é ár dtuairim go léirítear i bhfoclaíocht an réamhrá nach mór d’údarás imscrúdúcháin, agus costais SGA agus brabúis á gcinneadh aige faoi Airteagal 2.2.2, iarracht a dhéanamh ar dtús cinneadh den sórt sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na ‘sonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin sa ghnáthchúrsa trádála’. Más ann do shonraí iarbhír chostais SGA agus brabúis le haghaidh díolachán sa ghnáthchúrsa trádála maidir leis an onnmhaireoir agus an táirge comhchosúil faoi imscrúdú, tá sé d’oibleagáid ar údarás imscrúdúcháin na sonraí sin a úsáid d’fhonn an gnáthluach a fhorléiriú; ní fhéadfaidh sé gnáthluach forléirithe a ríomh trí úsáid a bhaint as sonraí chostais SGA agus brabúis faoi threoir sonraí éagsúla nó trí mhodh malartach a úsáid’ (25).

(102)

Dá bhrí sin, más sa ghnáthchúrsa trádála a rinneadh na díolacháin a bhí i gceist, agus is amhlaidh a rinneadh, beidh méid na ndíolachán neamhábhartha. Mar a luaigh an Buanchomhlacht Achomhairc, ‘ceal foclaíocht cháilitheach in Airteagal 2.2.2 a bhaineann le méideanna beaga, tugtar le tuiscint nár cheart eisceacht maidir le tearcdhíolacháin a léamh as Airteagal 2.2.2’ (26). I gcomhréir leis an gcásdlí sin, i gcás ina bhfuil sonraí brabúis iarbhír ann a bhaineann le díolacháin arna ndéanamh ag táirgeoir onnmhairiúcháin sa ghnáthchúrsa trádála, ní hamháin go bhféadfaidh an Coimisiún na sonraí brabúis iarbhír sin a úsáid chun an gnáthluach a fhorléiriú, ach ní mór dó iad a úsáid. Tá feidhm ag an oibleagáid sin gan beann ar mhéid na ndíolachán lena mbaineann a eascraíonn as na hidirbhearta atá i gceist.

(103)

Diúltaíodh, ar na cúiseanna a míníodh thuas, do mhaíomh Aditya Birla maidir leis an ngnáthluach a shuí.

(104)

D’áitigh Aditya Birla nár cheart speansais seirbhíse teicniúla, lena gcumhdaítear costas na seirbhísí a sholáthraítear do chustaiméirí a chuireann roisíní eapocsacha i bhfeidhm ar fheidhmeanna nua, úsáidí deiridh, nó imthosca athraithe, a leithdháileadh ach ar dhíolacháin intíre amháin. Dá bharr sin, chreid Aditya Birla nár cheart na speansais sin a chur san áireamh i speansais ghinearálta na cuideachta. D’athdhearbhaigh Aditya Birla a bharúlacha mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh freisin.

(105)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin. Is éard is cúnamh teicniúil ann seirbhís a thairgtear de ghnáth do chustaiméirí sa mhargadh baile. Faoi Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán, bunófar na méideanna le haghaidh costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus le haghaidh na mbrabús ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin, sa ghnáthchúrsa trádála, an táirge chomhchosúil ag an táirgeoir nó ag an onnmhaireoir atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur costais ghinearálta iad na costais sin agus ba cheart iad a áireamh i gcostais ghinearálta na cuideachta, rud a d’fhág gur diúltaíodh don mhaíomh sin.

(106)

Sa chomhthéacs céanna, luaigh Aditya Birla Comhaontú Dleachta, lena gceanglaítear ar Aditya Birla coimisiúin a íoc leis an gcuideachta shonraithe. Mhaígh Aditya Birla nach mbaineann na coimisiúin sin ach le táirgí agus díolacháin shonracha agus nár cheart iad a áireamh sna costais SGA.

(107)

D’ainneoin gur luaigh Aditya Birla an Comhaontú Dleachta i ndáil le speansais seirbhíse teicniúla, is saincheisteanna ar leith iad sin, agus ba chosúil gur chuir Aditya Birla iad le chéile de thaisme. Níor leithdháil an Coimisiún na liúntais a thuairiscigh Aditya Birla ar bhonn an Chomhaontaithe Dleachta ar chostais ghinearálta SGA, rud a d’fhág gur diúltaíodh don mhaíomh maidir leis an gComhaontú Dleachta.

3.4.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(108)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Aditya Birla nár cheart don Choimisiún praghas díola roisíní eapocsacha a choigeartú i gcásanna inar díoladh cruaiteoir agus roisín eapocsach le chéile ar an bpraghas aonaid ainmniúil céanna. D’áitigh Aditya Birla go ndearna an Coimisiún breithniú mícheart sna cásanna sin ar chomhdhíolachán roisín eapocsaigh agus cruaiteora mar dhíol córais nó fearais. D’athdhearbhaigh Aditya Birla a bharúlacha mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh freisin.

(109)

Dar leis an gCoimisiún, nuair a thuairiscíonn Aditya Birla praghas díola ainmniúil comhionann ar eapocsach agus ar chruaiteoir, tá praghas iarbhír an roisín eapocsaigh níos ísle i ndáiríre ná an praghas a léirítear ar an sonrasc agus níor léirigh sé an fíorchás eacnamaíoch. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil costas táirgthe an-éagsúil ag cruaiteoirí agus roisíní eapocsacha agus, nuair a dhíoltar ar leithligh iad, díoltar cruaiteoirí ar phraghas i bhfad níos airde ná roisíní eapocsacha. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur ghá an praghas díola ainmniúil le haghaidh na ndíolachán a choigeartú, i gcás ina raibh an praghas céanna sonraithe le haghaidh an roisín eapocsaigh agus an chruaiteora araon, i bhfianaise na ndifríochtaí i gcostas cruaiteora agus roisíní eapocsacha. Leis sin, rinneadh na praghsanna díola a ailíniú leis na hidirbhearta sin inar díoladh roisíní eapocsacha agus cruaiteoirí ar leithligh.

(110)

Dá bhrí sin, níor aontaigh an Coimisiún le maíomh Aditya Birla. Gan beann ar cé acu a mheastar nó nach meastar gur díolacháin fearais nó córais iad na díolacháin, ní léiríonn comhdhíolachán cruaiteoirí agus eapocsaigh leis an bpraghas díola ainmniúil céanna an fíorchás eacnamaíoch ar na cúiseanna a mhínítear thuas. I gcásanna den sórt sin, tá údar le coigeartú agus ba é an bonn is fearr a bhí ar fáil don choigeartú sin costas na n-eilimintí faoi seach, de réir analaí na gcásanna ina ndíoltar cruaiteoirí agus roisíní eapocsacha mar fhearais.

(111)

Thairis sin, níor áitigh Aditya Birla ná níor sholáthair sé fianaise go mbainfí amach na praghsanna díola arda a tuairiscíodh i gcásanna comhdhíolachán nuair a díoladh an roisín eapocsach ar leithligh, nó go mbeadh feidhm ag na praghsanna ísle céanna ar chruaiteoirí nuair a díoladh cruaiteoirí ar leithligh.

(112)

Dá bhrí sin, d’áitigh an Coimisiún, i gcásanna ina ndíoltar roisíní eapocsacha in éineacht le cruaiteoirí ar an bpraghas ainmniúil céanna, go raibh údar le coigeartú a dhéanamh ar phraghsanna díola ainmniúla eapocsaigh agus dhiúltaigh sé don mhaíomh.

(113)

D’áitigh Aditya Birla freisin gur chuir an Coimisiún costais SGA agus coigeartú brabúis a fhochuideachta Gearmánach CTP Advanced Materials GmbH (‘CTP’) i bhfeidhm go mícheart ar phraghsanna díola Aditya Birla ar mhargadh an Aontais. Bhí an coigeartú bunaithe ar chostais SGA iomlána CTP agus ar bhrabús barúlach.

(114)

Ghlac an Coimisiún go páirteach leis an maíomh sin. Agus é ag maíomh gur ghníomhaigh CTP mar ghníomhaire le haghaidh dhíolacháin uile Aditya Birla san Aontas, d’admhaigh an Coimisiún go raibh costais SGA a bhaineann le gníomhaíochtaí próiseála san áireamh sa choigeartú brabúis a leagtar amach in aithris 244 den Rialachán sealadach. Dá thoradh sin, rinne an Coimisiún ceartúchán anuas ar na costais SGA agus ar an gcoigeartú brabúis ar na díolacháin i gcás nár ghníomhaigh CTP ach mar ghníomhaire. D’ainneoin an coigeartú a rinneadh tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh Aditya Birla a bharúlacha mar fhreagraí ar an nochtadh deiridh freisin trí na hargóintí a rinneadh roimhe sin a athrá ach gan fianaise nua a sholáthar a d’athródh na conclúidí ar thángthas orthu sa nochtadh deiridh.

(115)

Thairis sin, d’easaontaigh Aditya Birla leis an modh leithdháilte arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún i gcásanna ina ndéanann CTP próiseáil bhreise ar roisín eapocsach roimh athdhíol. Ar an gcéad dul síos, mhaígh Aditya Birla nár cheart don Choimisiún costais phróiseála a leithdháileadh ar eilimintí éagsúla (roisín eapocsach agus substaintí eile) ar bhonn méid. Ar an dara dul síos, d’áitigh Aditya Birla go raibh an Coimisiún mícheart maidir le praghas díola na dtáirgí próiseáilte a leithdháileadh ar chomhpháirteanna ar bhonn a bpraghais ceannaigh féin, mar a shonraítear in aithris 238 den Rialachán sealadach.

(116)

Níor aontaigh an Coimisiún le ceachtar den dá argóint. Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar chineál próiseála CTP, inar meascadh roisín eapocsach le substaintí eile, is é toirt na dtáirgí próiseáilte, seachas a luach, an príomhspreagthóir costais. Dá bhrí sin, ba cheart an costas próiseála a leithdháileadh ar bhonn mhéid na n-eilimintí.

(117)

Ar an dara dul síos, ba cheart praghas díola an táirge phróiseáilte a leithdháileadh ar chomhpháirteanna ar bhonn a gcostais táirgthe nó ar a bpraghais ceannaigh féin. Leanann sé ón modh leithdháilte sin go bhfuil an corrlach brabúis céanna ag comhpháirteanna éagsúla den táirge próiseáilte, ar toimhde réasúnach é nach mbréagnaíonn an chuideachta.

(118)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Aditya Birla freisin gur thug an Coimisiún neamhaird ar roinnt idirbheart díolacháin sna ríomhanna dumpála.

(119)

Na hidirbhearta ar thagair Aditya Birla dóibh, rinneadh lasmuigh den tréimhse imscrúdúcháin iad, díoladh lasmuigh den Aontas iad nó níorbh é Aditya Birla a tháirg iad. Dá bhrí sin, eisiadh na hidirbhearta sin i gceart ó na ríomhanna dumpála.

(120)

Dá bhrí sin, ar na cúiseanna a míníodh thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh maidir le modh leithdháilte an chostais próiseála agus an praghas díola.

(121)

D’áitigh Aditya Birla freisin gur chuir an Coimisiún an praghas díola ó Aditya Birla i bhfeidhm go mícheart ar CTP agus praghas CAL na n-allmhairí á ríomh chun an corrlach díobhála a chinneadh. Ina ionad sin, de réir Aditya Birla, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an bpraghas a ríomhadh ar ais ó phraghas díola táirgí próiseáilte mar a shonraítear in aithris 237 den Rialachán sealadach. D’athdhearbhaigh Aditya Birla a bharúlacha mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh freisin trí na hargóintí a rinneadh roimhe sin a athrá ach gan fianaise nua a sholáthar a d’athródh na conclúidí ar thángthas orthu sa nochtadh deiridh.

(122)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Murab ionann agus an méid a mhaígh Aditya Birla, ríomh an Coimisiún na praghsanna CAL ar bhonn na bpraghsanna díola leis na custaiméirí neamhspleácha neamhchomhlachaithe san Aontas.

3.4.3.   Comparáid

(123)

In éagmais aon bharúil, deimhnítear aithrisí 239 go 244 den Rialachán sealadach.

3.4.4.   Corrlach dumpála

(124)

Tar éis an choigeartaithe a shonraítear in aithris 114 thuas, déantar athbhreithniú ar an gcorrlach dumpála ó 32,8 % go 29,9 %.

(125)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Aditya Birla Chemicals (Thailand) Limited

29,9

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne

29,9

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(126)

In éagmais aon bharúil maidir le sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 249 go 254 den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(127)

In éagmais aon bharúil maidir le tomhaltas an Aontais, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 255 go 258 den Rialachán sealadach.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(128)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’easaontaigh Nan Ya le cinneadh an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na hallmhairí ón Téaváin go carnach le hallmhairí ó thíortha eile lena mbaineann, agus d’áitigh sé go bhfuil difríocht bhunúsach idir na coinníollacha iomaíochta idir allmhairí ón Téaváin agus ó thíortha eile lena mbaineann, agus idir allmhairí ón Téaváin agus an táirge comhchosúil intíre. De réir an onnmhaireora, bhí méideanna na n-allmhairí ón Téaváin agus an sciar den mhargadh a bhí i seilbh allmhairí an Aontais ón Téaváin beag bídeach i gcomparáid le hallmhairí ó na tíortha eile lena mbaineann agus d’fhorbair siad ar bhealach iomlán difriúil ó allmhairí ó na tíortha eile lena mbaineann. D’áitigh Nan Ya gur chaill allmhairí ón Téaváin isteach san Aontas sciar den mhargadh ó 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin agus, dá bhrí sin, chaill tionscal an Aontais a sciar den mhargadh d’allmhairí ó thíortha eile lena mbaineann agus ní chuig táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Téaváine. Ar deireadh, d’áitigh Nan Ya gur tháinig allmhairí ón Téaváin isteach i margadh an Aontais ar mhéid i bhfad níos ísle agus ar phraghsanna níos airde ná tíortha eile lena mbaineann agus, fiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go raibh praghsanna allmhairí an Aontais ón Téaváin fós 7 % níos airde ná mar a bhí in 2020.

(129)

Ar an gcéad dul síos, mar a leagtar amach in aithris 260 den Rialachán sealadach, ní raibh méid na n-allmhairí ón Téaváin diomaibhseach de réir bhrí Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán. Ar an dara dul síos, i gcomhréir le héabhlóid an sciar den mhargadh atá ag na tíortha eile lena mbaineann, tháinig méadú 4 795 thona ar allmhairí na Téaváine le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus shroich siad sciar 3,3 % den mhargadh (suas ó 1,7 % in 2020). Thairis sin, suíodh dumpáil do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Téaváine. Ar deireadh, mar a mhínítear i roinn 4.3.1 den Rialachán sealadach, bhí na coinníollacha iomaíochta idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín, ón Téaváin agus ón Téalainn agus idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus ón táirge comhchosúil ón Aontas cosúil lena chéile, agus níor thug Nan Ya aon fhianaise dá mhalairt. Dá bhrí sin, comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán chun measúnú carnach a dhéanamh ar na hallmhairí ón Téaváin leis na hallmhairí ón tSín agus ón Téalainn chun an díobháil a chinneadh. Dá bhrí sin, b’éigean diúltú do mhaíomh Nan Ya.

(130)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis an measúnú carnach ar éifeachtaí na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí 259 go 265 den Rialachán sealadach maidir leis na pointí sin

4.3.2.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(131)

D’áitigh ERC go bhfuil na sonraí staidrimh allmhairiúcháin a d’úsáid an Coimisiún neamhiomlán agus neamhiontaofa, toisc go raibh sé ag brath go heisiach ar chód AC 3907 30 00 agus gur thug sé neamhaird ar chóid AC ábhartha eile (2910 90 00 , 3824 99 92 , agus 3824 99 93 ) gan fíorú agus réasúnaíocht leordhóthanach a bheith ann maidir le cóid AC áirithe a eisiamh ón mbreithniú. Cheistigh ERC freisin spleáchas an Choimisiúin ar shonraí a fuarthas ar bhonn tráchtála ó S&P Global intelligence, nach bhfuil ar fáil go poiblí agus a bhféadfadh nach fianaise dhearfach í.

(132)

Ar an gcéad dul síos, d’fhorbair an Coimisiún go soiléir agus go haonchiallach in aithris 267 den Rialachán sealadach maidir lena mhodheolaíocht chun na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann a shainaithint agus maidir leis an gcúis gur eisiaigh sé cóid tráchtearraí ‘bascaeid’ áirithe lena n-áirítear táirgí iomadúla eile, seachas roisíní eapocsacha. I ndáil leis sin, níor thug ERC bunús sa mhéid a chuir sé isteach maidir leis an gcúis gur cheart a dhearbhú go bhfuil an cur chuige sin neamhbhailí agus maidir leis an gcaoi a gcuirfeadh aon chur chuige malartach (i) torthaí níos cruinne ar fáil d’allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus/nó (ii) anailís an Choimisiúin a neamhbhailíochtú. Ar an dara dul síos, is ó Eurostat amháin a fhaightear na sonraí allmhairiúcháin a bhfuil an Coimisiún ag brath orthu, bunachar sonraí atá ar fáil go poiblí ina bhfuil sonraí infhíoraithe agus ní dhéantar iad a fhorlíonadh le haon fhaisnéis mhargaidh phríobháideach. Ní dúirt an Coimisiún ach go bhfuil sonraí Eurostat comhsheasmhach le S&P Global intelligence, gan a anailís ná a chonclúidí a bhunú ar an bhfaisnéis sin. Thairis sin, agus murab ionann agus an méid a mhaíonn ERC, is seirbhís bunaithe ar shíntiúis í S&P Global intelligence a úsáideann an tionscal roisíní eapocsacha go forleathan. Tá sé réasúnta a chreidiúint go mbeadh gach spéis ag ERC agus/nó ag a chomhaltaí rochtain a fháil ar na sonraí chuig foinse sonraí atá ar thús cadhnaíochta agus is cuimsithí i dtionscal na roisíní eapocsacha. Gan beann air sin, níl amhras ar bith ach go bhfuair an Coimisiún na sonraí allmhairiúcháin, a úsáideadh dá thorthaí, ó Eurostat, bunachar sonraí atá ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh ERC.

(133)

Sa bhreis ar an nochtadh deiridh, líomhain ERC gur bhain an Coimisiún úsáid roghnaitheach as sonraí S&P Global intelligence. De réir ERC, d’úsáid an Coimisiún na sonraí ar bhealach neamhréireach trína bheith ag brath orthu le haghaidh na sonraí díobhála maicreacnamaíocha neamhfhíoraithe seachas chun allmhairí a scrúdú.

(134)

Murab ionann agus maíomh ERC, níor bhain an Coimisiún úsáid roghnaitheach as na sonraí is ábhar díospóide. Cé go ndeachaigh an Coimisiún i muinín S&P Global intelligence mar phríomhfhoinse sonraí chun léargas iomlán a fháil ar tháscairí maicreacnamaíocha thionscal an Aontais, níor ghá sonraí S&P Global a úsáid mar phríomhfhoinse chun allmhairí ó na tíortha lena mbaineann a shainaithint, toisc go raibh na sonraí go léir ar fáil in Eurostat. In aon chás, tá sonraí S&P comhsheasmhach le sonraí Eurostat maidir leis na staitisticí allmhairiúcháin. Ní fhágann an cur chuige a roghnaíodh go bhfuil modheolaíocht an Choimisiúin roghnaitheach agus lochtach ar bhealach ar bith. Dá bhrí sin, díbheadh argóint ERC.

4.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(135)

Is é QR Polymers dáileoir eisiach Nan Ya don Ghréig agus d’áitigh sé tar éis an nochta shealadaigh nach ann don sladghearradh praghais a mhaígh an Coimisiún a bheith ann sa Ghréig. Mheabhraigh an Coimisiún agus tagairt á déanamh aige do roinn 4.3.3 den Rialachán sealadach gur ríomhadh sladghearradh trí úsáid a bhaint as sonraí maidir le díolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ó fhreagraí fíoraithe ar cheistneoir a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, lena n-áirítear Nan Ya, agus díolacháin san Aontas a rinne táirgeoirí sampláilte an Aontais le haghaidh mhargadh an Aontais a mheastar ina iomláine (seachas tír nó tíortha roghnaithe), rud a fhágann go bhfuil an maíomh a rinne QR Polymers neamhéifeachtach.

(136)

In éagmais barúlacha eile maidir le méid, sciar den mhargadh agus praghas na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí 266 go 276 den Rialachán sealadach maidir leis na pointí sin.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(137)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh ERC go bhfuil an measúnú díobhála bunaithe ar shonraí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha a dhíorthaítear ní hamháin ó fhreagraí ceistneora ó tháirgeoirí an Aontais ach freisin ó shonraí arna meas ag S&P Global intelligence. De réir ERC, is cúis mhór imní é an cur chuige sin maidir le cruinneas, iontaofacht, agus ionadaíochas na dtáscairí sin.

(138)

Tá na táscairí micreacnamaíocha bunaithe ar fhreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus orthu sin amháin. Bhí na sonraí maicreacnamaíocha bunaithe ar fhaisnéis a chuir na gearánaigh isteach agus a d’fhíoraigh an Coimisiún lenar cumhdaíodh níos mó ná 70 % de tháirgeacht an Aontais, arna bhforlíonadh freisin leis na figiúirí is fearr atá ar fáil ó S&P Global chun teacht ar shonraí maidir le tionscal an Aontais ina iomláine. Dá bhrí sin, tá na sonraí sin ionadaíoch a ndóthain ar threochtaí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Níor thug ERC bunús maidir leis an gcúis nach mbeadh sé amhlaidh agus diúltaítear, dá bhrí sin, d’argóint ERC.

(139)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ERC a mhaíomh gurb é an toradh ar 2020 a úsáid mar bhliain thagarmhairc chun measúnú a dhéanamh ar na treochtaí díobhála go ndéantar ró-mhéadú ar staid thionscal an Aontais ina dhiaidh sin. Ina ionad sin, d’áitigh ERC, go soláthrófaí anailís níos cothroime trí 2019 nó 2021 a úsáid mar thagarmharc chun treochtaí a mheasúnú.

(140)

Ar an gcéad dul síos, mar a leagtar amach in aithris 43 den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún, i gcomhréir lena chleachtas caighdeánach, tréimhse 3 bliana iomlána chomh maith leis an tréimhse imscrúdúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar na treochtaí agus na táscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Ar an dara dul síos, tá measúnú dinimiciúil ar na tosca eacnamaíocha le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gceist leis an measúnú díobhála agus ní hamháin na dálaí ag tús agus ag deireadh na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an tríú dul síos, gan beann ar an gcéad bhliain den tréimhse faoi bhreathnú, léiríodh go soiléir san anailís ón gCoimisiún go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, le hathrú ar an tréimhse faoi bhreathnú ní chuirfí na torthaí díobhála a leagtar amach sa Rialachán seo ó bhail ná ní athrófaí iad ar bhealach eile.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

(141)

In éagmais aon bharúil maidir le táscairí maicreacnamaíocha, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 282 go 296 den Rialachán sealadach.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

(142)

Mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach, mhaígh Nan Ya nach féidir leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh den fhíoras go raibh caillteanas á dhéanamh ag tionscal an Aontais fiú in 2020, nuair a bhí méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann an-íseal. D’áitigh Nan Ya freisin go raibh treochtaí brabúsachta thionscal an Aontais, go háirithe ó 2022 ar aghaidh, nasctha leis an gcostas méadaithe táirgthe arna thabhú ag táirgeoirí an Aontais, agus lena gcumas (nó easpa cumais) na costais sin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí mar gheall ar chineál an mhargaidh féin.

(143)

Ar an gcéad dul síos, mar a leagtar amach in aithris 306 den Rialachán sealadach, ba í an fhreagairt mhargaidh tosaigh ar phaindéim COVID-19 ba chúis leis an staid chaillteanais a bhí ag táirgeoirí an Aontais in 2020 agus níor braitheadh é go dtí tar éis 2022 nuair a braitheadh éifeachtaí díobhálacha mhéideanna méadaithe na n-allmhairí dumpáilte. Mar a leagtar amach freisin in aithris 321 den Rialachán sealadach, d’éirigh an brú ó mhéideanna allmhairí a bhí ag méadú ag praghsanna dumpáilte i bhfad faoi bhun chostas táirgthe tháirgeoirí an Aontais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin neamh-inbhuanaithe do thionscal an Aontais. Is mar gheall ar an iomaíocht éagórach sin ó allmhairí dumpáilte nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a mhéadú chun costas méadaitheach na n-amhábhar a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Chun caillteanais i méideanna táirgeachta agus i sciar den mhargadh a mhaolú, cuireadh iallach ar tháirgeoirí an Aontais praghsanna a laghdú chun dochair dá mbrabúsacht. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaíomh Nan Ya.

(144)

In éagmais barúlacha eile maidir le táscairí micreacnamaíocha, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí 297 go 310 den Rialachán sealadach.

4.5.   Conclúid maidir le díobháil

(145)

I bhfianaise an mhéid thuas, deimhníonn an Coimisiún a thorthaí in aithrisí 311 go 317 den Rialachán sealadach.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(146)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh ERC gur theip ar an gCoimisiún amlíne chomhleanúnach a shuí lena nascfaí allmhairí dumpáilte leis an díobháil a líomhnaíodh. De réir ERC, tharla an borradh allmhairí ba ghéire in 2020-2022, nuair a shroich brabúsacht an Aontais buaicphointe, cé gur tharla an cor chun donais sa tréimhse 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin i gcomhthráth le boilsciú eisceachtúil ar chostais fuinnimh agus amhábhar.

(147)

Mar a tugadh ar aird sa Rialachán sealadach (go háirithe aithrisí 321, 326 agus (348)), bhí na hallmhairí carntha ó na tíortha lena mbaineann ag méadú go seasta agus ar ráta suntasach (féach Tábla 3 den Rialachán sealadach) gach bliain den tréimhse faoi bhreathnú (is é sin, ní idir 2020-2022 amháin), agus bhí sciar margaidh tháirgeoirí an Aontais ag titim agus bhí iomlán na n-allmhairí ó thíortha eile cobhsaí. Cé gur éirigh le táirgeoirí an Aontais brabúis shláintiúla a bhaint amach in 2021-2022 d’ainneoin na hiomaíochta éagóraí a bhuí leis an méadú ar an éileamh ar tháirgí ina bhfuil eapocsach, tháinig éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte chun solais in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin nuair a lean na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann dá sciar den mhargadh a mhéadú i margadh an Aontais a bhí ag laghdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(148)

In éagmais aon bharúil bhreise maidir le héifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte, deimhnítear aithrisí 319 go 328 den Rialachán sealadach.

5.2.   Allmhairí ó thríú tíortha

(149)

Tar éis an nochta shealadaigh agus ina fhreagra ar an nochtadh deiridh, d’áitigh ERC, ar neamhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, nach ndearnadh éifeachtaí na n-allmhairí ón gCóiré ar thionscal an Aontais a leithlisiú ná a mheasúnú i gceart. De réir ERC, níor thug an Coimisiún míniú sochreidte ar an gcúis nár cheart na hallmhairí sin a mheas mar ghné thábhachtach a chuireann leis an díobháil.

(150)

Ar an gcéad dul síos, rinneadh measúnú cuí agus ar leithligh in aithris 332 den Rialachán sealadach ar éifeachtaí na n-allmhairí ó thríú tíortha eile agus go háirithe ón gCóiré. Thairis sin, agus contrártha le maíomh ERC, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir allmhairí ón gCóiré le díobháil ábhartha thionscal an Aontais. Mar sin féin, ní raibh an méid sin de chineál a mhaolódh an nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ar na cúiseanna a shonraítear in aithrisí 334 agus 356 den Rialachán sealadach.

(151)

Sa bhreis ar an nochtadh deiridh, mhaígh ERC freisin gur cheart an Chóiré a áireamh in anailís charnach an Choimisiúin agus go ndéanann an carnadh roghnaitheach, lena n-eisiatar allmhairí na Cóiré, an pictiúr maicreacnamaíoch a shaobhadh. Thug an Coimisiún dá aire agus tagairt á déanamh aige d’Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán agus do Roinn 4.3.1 den Rialachán sealadach nach bhféadfaí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí allmhairí na Cóiré toisc nár aimsíodh aon chorrlach dumpála i gcás na Cóiré. Dá bhrí sin, díbheadh maíomh ERC. I gcás ar bith, rinneadh anailís ar an éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí ón gCóiré i roinn 5.2.1 agus go háirithe in aithris 332 den Rialachán sealadach.

(152)

Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh Nan Ya mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach nach leor conclúid an Choimisiúin nár mhaolaigh allmhairí an Aontais ón gCóiré an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón Téaváin agus an díobháil, agus d’iarr Nan Ya ar an gCoimisiún féachaint arís ar a chinneadh. Mhaígh Nan Ya go raibh sciar mór de na hallmhairí uile sa Chóiré le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé nach raibh ach tábhacht theoranta ag baint le hallmhairí an Aontais ón Téaváin fós (agus gur tháinig laghdú orthu le linn fhormhór) na tréimhse faoi bhreathnú, agus gur choinnigh an Téaváin sciar an-bheag den mhargadh i gcomparáid le tionscal an Aontais agus leis an gCóiré.

(153)

Mar a leagtar amach i Roinn 4.3.1 den Rialachán sealadach, déantar measúnú carnach ar allmhairí ón Téaváin le hallmhairí ón tSín agus ón Téalainn le haghaidh an cháis seo. Mhéadaigh na tíortha lena mbaineann a sciar d’allmhairí iomlána an Aontais ó níos lú ná 11 % go dtí os cionn 35 %, agus tháinig laghdú 2 phointe céatadáin ar allmhairí na Cóiré mar chion d’iomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Fiú agus éabhlóid allmhairí na Téaváine á meas ina n-aonar, tháinig méadú 73 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, mar a leagtar amach in aithris 332 den Rialachán sealadach, i bhfianaise mhéideanna agus phraghsanna na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus a bhforbairt le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níorbh fhéidir teacht ar an gconclúid go raibh allmhairí ón gCóiré in ann an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a rinne siad do thionscal an Aontais a mhaolú. Dá bhrí sin, ní mór maíomh Nan Ya a dhíbhe.

(154)

In éagmais aon bharúil eile, deimhnítear aithrisí 329 go 334 den Rialachán sealadach.

5.3.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(155)

D’áitigh ERC tar éis an nochta shealadaigh go raibh neamhábaltacht thionscal an Aontais méideanna agus praghsanna onnmhairiúcháin a choinneáil ar bun ina ghné thábhachtach a chuir lena staid airgeadais atá ag dul in olcas ar an iomlán. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an laghdú sin ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin ná ní féidir beag is fiú a dhéanamh de sa mheasúnú ar chúisíocht, de réir ERC.

(156)

Rinne an Coimisiún meastóireacht chuí ar an bhfeidhmíocht onnmhairiúcháin. Mar a leagtar amach i roinn 5.2.2 agus in aithris 357 den Rialachán sealadach, ní dhearna an Coimisiún neamhaird ná beag is fiú den fheidhmíocht onnmhairiúcháin ina mheasúnú. Go deimhin, tháinig sé ar an gconclúid gur chuir an fheidhmíocht onnmhairiúcháin leis an staid dhíobhálach ag táirgeoirí an Aontais, ach nach raibh sí chomh mór sin chun an nasc cúisíoch idir na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú. Dá bhrí sin, díbhtear maíomh ERC.

(157)

In éagmais aon bharúil eile, deimhnítear aithrisí 335 go 340 den Rialachán sealadach.

5.4.   Éifeachtaí tosca eile

(158)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh ERC gur thosaigh an meath ar fheidhmíocht in 2022, i gcomhthráth le praghsanna fuinnimh agus costais amhábhar a bhí ag ardú, seachas allmhairí méadaithe. Thug ERC dá aire freisin maidir le cinneadh tháirgeoirí an Aontais méideanna táirgeachta agus úsáid acmhainneachta a laghdú, go raibh an cinneadh sin ar neamhréir le gnáthfhreagairtí iomaíocha lena mbíonn coinne i margadh tráchtearraí. De réir ERC, ba cheart a bheith fíoraithe ag an gCoimisiún ar tharla an laghdú géar sin ar tháirgeadh mar thoradh ar chinntí straitéiseacha a rinneadh d’aon ghnó in oirchill an imeachta frithdhumpála seo.

(159)

Ina bharúlacha tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh ERC nár léirigh an Coimisiún le fianaise dhearfach gurbh iad na hallmhairí dumpáilte príomhchúis díobhála thionscal an Aontais agus nárbh é an méadú géar ar chostas fuinnimh agus amhábhar áirithe an phríomhchúis.

(160)

Go deimhin, rinne an Coimisiún anailís ar an éifeacht a bhí ag costas méadaithe na táirgeachta agus ag an méadú tobann ar chostais fuinnimh in aithrisí 341, 342 agus (358) den Rialachán sealadach agus tháinig sé ar an gconclúid, in éagmais an bhrú praghsanna de bharr na n-allmhairí dumpáilte, go mbeadh tionscal an Aontais in ann na méaduithe ar chostais a chur ar aghaidh agus freagairt leordhóthanach a thabhairt ar dhálaí athraitheacha an mhargaidh.

(161)

D’áitigh Nan Ya freisin tar éis an nochta shealadaigh gur fhan an costas táirgthe thar a bheith ard le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a mhínigh cén fáth nach bhféadfadh tionscal an Aontais na costais bhreise a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí i margadh an Aontais a bhí ag laghdú.

(162)

Thug an Coimisiún dá aire agus tagairt á déanamh aige dá anailís chúisíochta i ranna 5.2.3 agus 5.2.5 den Rialachán sealadach go ndearnadh scrúdú agus measúnú cuí ar thosca amhail cinntí gnó tháirgeoirí an Aontais, praghsanna fuinnimh agus méaduithe ar phraghsanna amhábhar. Mar a leagtar amach in aithrisí 306 agus (314) den Rialachán sealadach, ba iad na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ó na tíortha lena mbaineann ba chúis le hísliú mór praghsanna do thionscal an Aontais tar éis 2022. Mar thoradh ar na hallmhairí dumpáilte sin (agus gan aon toisc eile amhail cinntí gnó tháirgeoirí an Aontais nó géarchéim fuinnimh nó praghsanna amhábhar a bheith ag ardú), ní raibh tionscal an Aontais in ann díol ar phraghsanna lena gcumhdaítear a gcostas táirgthe agus bhain caillteanas dó in 2023 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Murach an brú praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte, bheadh tionscal an Aontais in ann costas méadaitheach an táirgthe a ionsú agus freagairt go leordhóthanach do dhálaí athraitheacha an mhargaidh. I dtéarmaí éabhlóid costais agus praghsanna díola, de réir mar a thagann sé chun cinn ó Thábla 8 (‘Praghsanna díola san Aontas’) den Rialachán sealadach, cé gur tháinig laghdú 20 pointe céatadáin ar chostas táirgthe an Aontais le linn na tréimhse 2022 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig laghdú 90 pointe céatadáin ar phraghsanna díola an Aontais sa tréimhse chéanna. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaímh ERC agus Nan Ya.

(163)

Thairis sin, d’áitigh Aditya Birla ina fhreagairt ar an nochtadh sealadach nár thug an Coimisiún cuntas ceart ar éifeachtaí saofa phaindéim COVID-19 ar an measúnú díobhála. De réir an onnmhaireora, ríomhanna díobhála a bhunú ar shonraí idir 2020 agus 2021 gan coigeartuithe leordhóthanacha a dhéanamh, déanann sé saobhadh eacnamaíoch a chónascadh le díobháil iarbhír as a n-eascraíonn earráid fhollasach san anailís ar nasc cúisíoch agus ar neamh-sannadh. Ar an gcéad dul síos, tá na ríomhanna díobhála (lena n-áirítear gearrdhíol agus sladghearradh) bunaithe ar an tréimhse imscrúdúcháin agus ní ar thréimhse phaindéim COVID-19 roinnte blianta roimh an tréimhse sin. Thairis sin agus i dtéarmaí níos ginearálta, cuirtear san áireamh i measúnú díobhála an Choimisiúin na sonraí le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú, agus measúnú dinimiciúil á dhéanamh ar tháscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha thionscal an Aontais le linn na tréimhse sin, lena n-áirítear na blianta 2020-2021. Mar a leanann sé ó aithrisí 257-258, 288, 306, 321, 345 agus 364 den Rialachán sealadach agus contrártha do mhaíomh Aditya Birla, thug an Coimisiún aird chuí ar thionchar phaindéim COVID-19 ar staid thionscal an Aontais ina mheasúnú díobhála. Ar deireadh, níor thug Aditya Birla bunús don chaoi a ndéanfadh éifeachtaí phaindéim COVID-19 an nasc cúisíoch a mhaolú nó measúnú cúisíochta an Choimisiúin a neamhbhailíochtú ar shlí eile. Dá bhrí sin, díbhtear maíomh Aditya Birla.

(164)

I bhfianaise an mhéid thuas agus in éagmais barúlacha eile, deimhníonn an Coimisiún a thorthaí in aithrisí 341 go 353 den Rialachán sealadach.

5.5.   Conclúid maidir le cúisíocht

(165)

Deimhníodh na conclúidí maidir le cúisíocht ar thángthas orthu in aithrisí 354 go (360) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(166)

D’áitigh an gearánach, tar éis an nochta shealadaigh, go ndearna an Coimisiún gannmheastachán ar spriocbhrabús thionscal roisín eapocsaigh an Aontais tríd an gcorrlach brabúis íosta 6 % a ghlacadh mar bhonn. Mhol an gearánach gur cheart corrlach brabúis réasúnta a bheith ar a laghad [10-20] %, arb é an meánchorrlach brabúis idir 2020 agus 2022. De réir an ghearánaigh, bheadh coigeartú an spriocbhrabúis os cionn na tairsí 6 % i gcomhréir freisin le cleachtas an Choimisiúin le déanaí, i gcás inar bhain tionscal an Aontais brabúsacht os cionn 6 % amach roimh an tréimhse faoi bhreathnú agus inar ghlac an Coimisiún léi.

(167)

Ar an gcéad dul síos, déantar tagairt d’aithris 364 den Rialachán sealadach inar tugadh míniú uileghabhálach maidir le bunú an spriocbhrabúis i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán. Ar an dara dul síos, cé go ndearna an gearánach argóint i bhfabhar an meánchorrlach brabúis idir 2020 agus 2022 a úsáid, rinne an gearánach beag is fiú den rogha sin trína aithint ‘cé go raibh leibhéil bhrabúis 2021 i bhfad os cionn an spriocbhrabúis a raibh coinne leis, nach bhfuil na corrlaigh bhrabúis 6 % a tuairiscíodh in 2020 agus 2022 ina dtagarmharc ionadaíoch ach an oiread’. Thairis sin, agus mar a leagtar amach i dtorthaí sealadacha an Choimisiúin, ní fhéadfaí brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais don tréimhse roimh an tréimhse faoi bhreathnú a mheas go fóinteach i bhfianaise easpa sonraí iontaofa nó luaineacht throm i mbrabúis sa tréimhse sin. Dá bhrí sin, ní mór diúltú do mhaíomh an ghearánaigh.

(168)

Thairis sin, mhaígh an gearánach mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach gur cheart don Choimisiún, agus an spriocphraghas á shuí aige, costas comhlíontachta mainneachtana a chur i bhfeidhm in aghaidh an tionscail (ag tagairt do thuarascáil ón gCoimisiún maidir le measúnú costais i dtionscal ceimiceán an Aontais, a foilsíodh in 2016) in éagmais sonraí cainníochtúla sonracha ó fhreagraí tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir.

(169)

Ar an gcéad dul síos, agus mar a d’aithin an gearánach ina aighneacht, tá gá ag an gCoimisiún le sonraí inchainníochtaithe agus infhíoraithe chun costais chomhlíontachta a ríomh amach anseo, ar sonraí iad nár thug táirgeoirí sampláilte an Aontais sa chás seo mar a leagtar amach in aithrisí 364 go 365 den Rialachán sealadach. Thairis sin, is cleachtadh é ríomh an phraghais neamhdhíobhála (lena n-áirítear costais Taighde agus Forbartha, nuálaíochta agus comhlíontachta amach anseo) a bhaineann le figiúirí aonair tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí figiúirí earnáilsonracha a chur in ionad na bhfigiúirí cuideachta-shonracha mar chuid den chleachtadh. Ar na cúiseanna thuas, ní mór maíomh an ghearánaigh a dhíbhe.

(170)

Ar deireadh, d’áitigh an gearánach gur cosúil gur ghlac táirgeoirí na Síne straitéis praghsála sioncrónaithe, toisc go léiríonn na corrlaigh dhíobhála a ríomhadh d’onnmhaireoirí sampláilte na Síne ailíniú beagnach comhionann, rud a léiríonn imní faoi chleachtais fhrithiomaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann. Ós rud é nár chuir an gearánach aon fhianaise chuí-réasúnaithe ar fáil chun tacú lena mhaíomh (nach dtagann faoi raon feidhme an bhun-Rialacháin in aon chás), ní fhéadfadh an Coimisiún é a scrúdú agus dá bhrí sin ní mór diúltú dó. D’athdhearbhaigh an gearánach an maíomh tar éis an nochta deiridh, ach fós gan aon fhianaise thacaíochta a thabhairt.

(171)

Mar a leagtar amach in aithrisí 113 agus 114 thuas, ceartaíodh an praghas onnmhairiúcháin don chuideachta Théalannach agus ina dhiaidh sin rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an gcorrlach díobhála don Téalainn. Dá bhrí sin, is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Corrlach díobhála cinntitheach (%)

an tSín

Jiangsu Sanmu Group Co., Ltd.

17,3

116

Sinochem Group:

Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd.

Nantong Xingchen Synthetic Material Co., Ltd.

Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co., Ltd.

33,0

118,9

Cuideachtaí comhoibríocha eile de chuid na Síne

23,0

117,1

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne

33,0

118,9

an Téaváin

Chang Chun Plastics Co

10,8

105,8

Nan Ya Plastics Corporation

11,0

96,5

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téaváine

11,0

105,8

an Téalainn

Aditya Birla Chemicals (Thailand) Limited

29,9

71

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne

29,9

71

6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(172)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

an tSín

Jiangsu Sanmu Group Co., Ltd.

17,3

 

Sinochem Group, comhdhéanta de

Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd.

Nantong Xingchen Synthetic Material Co., Ltd.

Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co., Ltd.

33,0

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile

23,0

 

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne

33,0

an Téaváin

Chang Chun Plastics Co

10,8

Nan Ya Plastics Corporation

11,0

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téaváine

11,0

an Téalainn

Aditya Birla Chemicals (Thailand) Limited

29,9

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne

29,9

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Barúlacha maidir le leas an Aontais tar éis an nochta shealadaigh

(173)

D’áitigh ERC go gcuirfidh an t-ardleibhéal dleachtanna bac ar an rochtain ar allmhairí ón tSín chuig an Aontas agus d’athdhearbhaigh sé go bhféadfadh costais níos airde do thionscail iartheachtacha a bhraitheann ar na hionchuir sin a bheith mar thoradh ar an laghdú ar infhaighteacht roisíní eapocsacha ar phraghas iomaíoch. Diúltaítear do mhaíomh ERC faoi threoir roinn 7.4 den Rialachán sealadach, go háirithe aithrisí 391 agus 392. Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ERC a argóintí, agus é á mheas go raibh an anailís ar leas an Aontais neamhchothrom agus measúnú sonrach á iarraidh aige ar an tionchar iartheachtach, gan aon fhianaise ná argóintí nua a thabhairt.

(174)

Thairis sin, mhaígh Aditya Birla go mbeadh tionchar diúltach ag forchur dleachtanna frithdhumpála ar spriocanna fuinnimh ghlain agus ar shlándáil fuinnimh an Aontais, toisc go mbeadh costais níos airde, slándáil soláthair laghdaithe, agus an bonn á bhaint de phríomhbheartais aeráide agus fuinnimh an Aontais mar thoradh air, rud a bheadh contrártha ar deireadh do chuspóirí an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite agus leictriú a mhéadú. D’áitigh an t-onnmhaireoir freisin go ndúnfaí saoráidí táirgthe CTP, ar cleamhnaí de chuid an Aontais de Aditya Birla é, mar thoradh ar bhearta a fhorchur.

(175)

Murab ionann agus maíomh Aditya Birla agus i gcomhréir le haithris 388 den Rialachán sealadach, chuirfeadh easpa beart (seachas a bhforchur) tionscal roisín eapocsaigh an Aontais i mbaol agus cobhsaíocht an tsoláthair do na tionscail úsáideoirí i mbaol. Go deimhin, dá mbeifí ag brath ar allmhairí dumpáilte, bhainfí an bonn d’iarrachtaí an Aontais a bhonn tionsclaíoch iontaofa féin a fhorbairt chun na spriocanna maidir le fuinneamh in-athnuaite agus neodracht carbóin a chomhlíonadh. Anuas ar oibríochtaí chleamhnaí Aditya Birla de chuid an Aontais, meabhraítear, sa bhreis ar an acmhainneacht leordhóthanach atá ar fáil ag táirgeoirí an Aontais, go bhfuil tíortha móra onnmhairiúcháin eile ann amhail an India, an Chóiré, nó an Eilvéis agus a dtáirgeoirí (lena n-áirítear Aditya Birla agus táirgeoir gaolmhar CTP san India) atá ina bhfoinsí malartacha soláthair agus a chruthaíonn iomaíocht shláintiúil do thionscal an Aontais. Ar an dara dul síos, ní chuirfear cosc ar allmhairí na Síne, na Téalainne agus na Téaváine teacht isteach san Aontas, rachaidh siad isteach ar phraghsanna córa ach na dleachtanna a íoc. I bhfianaise an mhéid thuasluaite, diúltaítear do mhaíomh Aditya Birla.

(176)

Mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, mhaígh Nan Ya (agus tagairt á déanamh aige freisin don force majeure dearbhaithe i ngléasra Westlake i gcás ceann de na cineálacha táirgí) gur ar éigean a chosnófaí táirgeacht an Aontais leis na bearta ach go gcuirfidís ar chumas na gcuideachtaí gearánacha a n-allmhairí féin ó na Stáit Aontaithe, áit a raibh an costas táirgthe i bhfad níos ísle, a chur in ionad a dtáirgeacht roisín eapocsaigh san Aontas. D’áitigh Nan Ya freisin gur mhéadaigh na bearta an riosca go ndéanfadh na táirgeoirí ba mhó san Aontas iompraíocht fhrithiomaíoch, ag tagairt do rannpháirtíocht Westlake roimhe sin i ngníomhaíocht chairtéil san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe.

(177)

Ní raibh fianaise ag gabháil le maímh Nan Ya agus, dá bhrí sin, measadh nach raibh iontu ach tuairimíocht. Níor éirigh leis an onnmhaireoir bunús a thabhairt leis an gcaoi a bhféadfadh dearbhú force majeure sealadach maidir le cineál táirge ar leith nó iompraíocht fhrithiomaíoch tháirgeoirí an Aontais san am atá thart amhras a chaitheamh ar an leas ginearálta a bhain le bearta cosanta trádála a fhorchur chun an cothrom iomaíochta a athbhunú in earnáil na roisíní eapocsacha nó an leas ginearálta sin a shárú. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Nan Ya.

(178)

Mar fhreagairt ar an nochtadh sealadach, d’athdhearbhaigh an t-allmhaireoir neamhchomhlachaithe De Monchy, a dháil roisíní Nan Ya, go raibh sé in aghaidh na ndleachtanna frithdhumpála a tugadh isteach le haghaidh allmhairí ón Téaváin. De réir an allmhaireora, d’fhéadfadh soláthar srianta ó Nan Ya mar gheall ar na bearta tionchar diúltach a imirt ar na húsáideoirí deiridh, leibhéal praghsanna na dtáirgí deiridh a mhéadú, agus d’fhéadfadh caillteanas gnó agus pearsanra don allmhaireoir a bheith mar thoradh air freisin.

(179)

Thairis sin, tháinig allmhaireoir neamhchomhlachaithe roisíní eile ó Nan Ya na Téaváine agus úsáideoir freisin (QR Polymers) chun cinn an tráth céanna tar éis an nochta shealadaigh, ag iarraidh go ndéanfaí athmhachnamh ar na torthaí sealadacha. D’áitigh QR Polymers, murab ionann agus an chonclúid ar tháinig an Coimisiún air go sealadach in aithris 389 den Rialachán sealadach, nach raibh an leibhéal brabúis a thíolaic an Coimisiún ag an gcuideachta, nach bhfuil cion na gcostas eapocsach ar chostais iomlána na cuideachta teoranta, agus go bhfuil na foinsí malartacha soláthair in easnamh nó nach bhfuil siad ullamh chun na cainníochtaí de roisíní eapocsacha QR Polymers a sholáthar. D’athdhearbhaigh QR a mhaíomh tar éis an nochta deiridh, á rá freisin gur chuir an chuideachta sonraí cainníochtúla mionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir lena feidhmíocht airgeadais, maidir lena ceannacháin, maidir le sciar na n-allmhairí dá ceannachán agus dá díolachán. De réir QR Polymers bhí na sonraí uile ba ghá ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chás QR Polymers. Chuir QR i dtábhacht freisin go scaipfí an damáiste a rinneadh ar QR Polymers feadh an tslabhra, agus cuireadh litreacha tacaíochta ar fáil don Choimisiún ó chustaiméir QR Polymers, ó sholáthróir, ó dholaphróiseálaí agus ó cheann dá dháileoirí.

(180)

Ar an gcéad dul síos, ós rud é nár líon De Monchy ná QR Polymers isteach ceistneoir tiomnaithe de chuid an Choimisiúin le sonraí infhíoraithe, lena ndéanfaí cainníochtú ar an éifeacht a bheadh ag na dleachtanna ar na cuideachtaí sin faoi seach, níl sna maímh a ardaítear ach tuairimíocht agus ní féidir measúnú a dhéanamh orthu ar a bhfiúntas. Níor léirigh QR Polymers go mbeadh sé neamhbhrabúsach agus níor thug sé bunús leis na maímh nach bhféadfadh sé tiontú i dtreo soláthróirí seachas Nan Ya ná conas a dhéanfadh an dleacht 11 % a forchuireadh ar Nan Ya difear dá fheidhmíocht ghnó. Níl i gceist le QR Polymers ach cuid an-bheag de thionscal roisín eapocsaigh an Aontais, agus ní dócha go n-athródh a staid an anailís ar leas an Aontais agus na conclúidí ginearálta ar tháinig an Coimisiún orthu sna torthaí sealadacha nó sa Rialachán seo. Thairis sin, ní léirítear sna litreacha a cuireadh ar fáil mar thaca lena argóintí ach imní ghinearálta maidir le himpleachtaí na mbeart frithdhumpála in aghaidh Nan Ya agus is i bhfoirm rúnda amháin a cuireadh ar fáil iad. Ar aon nós, ní fhéadfadh ráitis ghinearálta den sórt sin anailís an Choimisiúin ar leas an Aontais a chur ó bhail sa chás seo. Meabhraítear freisin nár chuir QR Polymers aon fhianaise chuí-réasúnaithe ar fáil maidir leis an gcúis gur cheart go bhfaigheadh sé cóireáil phearsantaithe speisialta (féach aithrisí 189 agus 190 thíos). Ar an dara dul síos, mar a leagtar amach in aithris 393 den Rialachán sealadach, is dócha nach mbeidh ach tionchar an-bheag (más ann dó) ag na bearta ar allmhaireoirí toisc gur féidir leo leanúint de roisín eapocsach a allmhairiú ar phraghsanna córa ó na tíortha lena mbaineann (agus a n-onnmhaireoirí, amhail Nan Ya) nó ó thríú tíortha eile. Cé go bhféadfadh méadú ar phraghas roisíní eapocsaigh a bheith mar thoradh ar na bearta frithdhumpála agus go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí, mar a leagtar amach in aithris 391 den Rialachán sealadach, ní thuartar ach méadú measartha ar phraghsanna de thoradh na ndleachtanna. Thairis sin, ní bheadh in aon cheartú praghsanna ach léiriú ar an athbhunú cóirthrádála i gcás ina raibh praghsanna thionscal an Aontais laghdaithe ag brú anuas a tháinig ó na hallmhairí dumpáilte. Dá bhrí sin, díbhtear maímh na bpáirtithe.

(181)

Thairis sin, d’áitigh De Monchy ina fhreagairt ar an nochtadh sealadach go bhfuil cothabháil nach beag de dhíth ar go leor láithreán táirgthe níos sine san Aontas, rud a fhágann go bhféadfadh moill soláthair nó ganntanais a bheith ann d’úsáideoirí deiridh. Mar a leagtar amach in aithris 387 den Rialachán sealadach, tá tíortha móra eile ann a onnmhairíonn roisíní eapocsacha chuig an Aontas, amhail an India, an Chóiré, nó an Eilvéis, chomh maith leis an acmhainneacht leordhóthanach ag táirgeoirí an Aontais agus ag na tíortha lena mbaineann (ar féidir lena n-allmhairí teacht isteach san Aontas ar phraghsanna córa). Thairis sin, níor chuir De Monchy aon fhianaise chuí-réasúnaithe ar fáil nach mbeadh táirgeoirí an Aontais in ann an t-éileamh ó úsáideoirí an Aontais a shásamh. Dá bhrí sin, diúltaítear do mhaíomh De Monchy. Sa bhreis ar an nochtadh deiridh, d’áitigh QR Polymers go raibh force majeure arna dhearbhú ag Westlake maidir le bisfeanól F a tháirgeadh agus Westlake ag scor de ECH a mhonarú ina léiriú ar an bhfíoras go ndéanfadh forchur na mbeart dochar do staid na monaraíochta roisín eapocsaigh san Eoraip, agus nach gcuirfeadh sé feabhas ar staid na monaraíochta sin. Díbheadh maíomh QR Polymers ar an bhforas nach féidir le force majeure sealadach maidir le ceann de na cineálacha táirgí nó táirgeacht amhábhair réamhtheachtaigh arna stopadh ag táirgeoir de chuid an Aontais difear ábhartha a dhéanamh do staid an tsoláthair san Aontas, go háirithe i bhfianaise soláthairtí ó tháirgeoirí eile de chuid an Aontais (e.g. Olin) nó ó thíortha lena mbaineann (e.g. an Téaváin nó an Téalainn) ar phraghsanna córa nó ó thríú tíortha eile. D’áitigh Polaiméirí QR agus De Monchy araon freisin le tagairt d’fhógra Westlake go ndúnfaí an gléasra táirgthe eapocsach leachtach san Ísiltír in 2025 go bhfuil athrú radacach tagtha ar staid an mhargaidh eapocsaigh san Eoraip, rud a fhágann go bhfuil ganntanas láithreach infhaighteachta roisíní eapocsacha a tháirgtear san Eoraip chun freastal ar mhargadh an Aontais. De réir na n-allmhaireoirí sin, ní mór cailliúint acmhainneacht Westlake san Eoraip a chúiteamh trí allmhairiú ón Téaváin agus ba cheart don Choimisiún athscrúdú a dhéanamh ar a chinneadh maidir le hallmhairí ón Téaváin chun damáiste do mhargadh eapocsach na hEorpa a íoslaghdú. Cuirtear i bhfios go láidir go bhfuil sé d’aidhm ag na bearta leasanna dlisteanacha thionscal iomlán an Aontais a chosaint (ina bhfuil sé ghrúpa táirgeoirí mar a leagtar amach in aithris 249 den Rialachán sealadach), ní hamháin leasanna cuideachta ar leith amhail Westlake. Ní féidir le dúnadh ceann de na gléasraí conclúid an Choimisiúin a neamhbhailíochtú nach bhfuil staid an tsoláthair d’úsáideoirí agus d’allmhaireoirí san Aontas i mbaol, i bhfianaise na hacmhainneachta substaintiúla atá fágtha san Aontas agus na bhfoinsí soláthair atá ann i dtríú tíortha, lena n-áirítear tíortha lena mbaineann, ar phraghsanna córa. Ina theannta sin, más rud ar bith é, níl san fhógra maidir le dúnadh ach léiriú ar na héifeachtaí millteacha a bhí ag na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann (lena n-áirítear an Téaváin) ar cheann de tháirgeoirí roisín eapocsaigh an Aontais agus fágann sé gur gá bearta níos láidre fós a fhorchur chun fostaíocht agus táirgeadh san Aontas a chosaint. Dá bhrí sin, ní mór argóintí breise Polaiméirí QR agus De Monchy a dhíbhe.

(182)

Mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, rinne Akzo Nobel achomharc chuig an gCoimisiún chun an leibhéal dleachta a beartaíodh a fhorchur ar Chang Chun Plastics Co (CCP) a laghdú nó a bhaint. De réir an úsáideora sin, leis an leibhéal dleachta sin chuirfí cobhsaíocht an tsoláthair i mbaol, laghdófaí éifeachtúlacht na táirgeachta, agus lagófaí iomaíochas thionscal brataithe an Aontais.

(183)

Ar an gcéad dul síos, níl corrlach frithdhumpála Chang Chun Plastics Co toirmeascach agus ní chuirfidh sé cosc ar Akzo Nobel leanúint de roisíní eapocsacha a fhoinsiú ó Chang Chun Plastics Co ar leibhéil chóra praghsanna. Thairis sin, tá foinsí eile soláthair ar fáil do Akzo Nobel laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Ar an dara dul síos, déantar tagairt d’aithris 380 den Rialachán sealadach, lena gcinntear (i) go raibh corrlaigh mhóra bhrabúis ag na húsáideoirí sa tionscal brataithe (lena n-áirítear Akzo Nobel freisin), (ii) nach raibh i gcostas an roisín eapocsaigh ach cion teoranta dá gcostas táirgthe agus (iii) nach ndíorthaíonn siad ach ioncam teoranta ó tháirgí ina bhfuil eapocsaigh, rud a laghdóidh a thuilleadh tionchar na mbeart i gcoitinne ar an tionscal brataithe. Dá bhrí sin, díbheadh maíomh Akzo Nobel toisc nach raibh údar leis.

(184)

Sa bhreis ar an nochtadh deiridh, mhaígh ERC gur léirmhínigh an Coimisiún go roghnaitheach rátaí úsáide acmhainneachta thionscal an Aontais. De réir ERC, déanann an Coimisiún dhá thairiscint atá ar neamhréiteach le chéile agus nach féidir a bheith fíor an tráth céanna – ar thaobh amháin, acmhainneacht táirgeachta tháirgeoirí an Aontais, a bhfuil a n-úsáid íseal ina fianaise ar dhíobháil ábhartha, agus ar an taobh eile cuirtear an acmhainneacht chéanna i láthair mar ráthaíocht ar sholáthar iontaofa a luaithe a bheidh dleachtanna i bhfeidhm.

(185)

Níl aon chontrárthacht, ná neamhréiteach ag baint le torthaí an Choimisiúin féin. Go deimhin, tá úsáid na hacmhainneachta ar cheann de na táscairí a scrúdaíodh mar chuid den anailís díobhála. Níl ráta íseal úsáide acmhainneachta mar thoradh ar an mbrú ó allmhairí dumpáilte ag teacht salach ar an toradh go bhfuil acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach ar fáil san Aontas agus go bhféadfadh méadú féideartha teacht ar an soláthar do thionscail iartheachtacha tar éis na bearta a fhorchur. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’argóint ERC.

7.2.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(186)

I bhfianaise an mhéid thuas agus in éagmais aon bharúil eile, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid a leagtar amach in aithris 394 den Rialachán sealadach nach raibh aon chúis láidir ann nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh na Síne, na Téaváine agus na Téalainne.

8.   FOIRCEANNADH AGUS BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(187)

Ós rud é nár suíodh aon dumpáil maidir le hallmhairí ón gCóiré, déanfar an t-imeacht maidir le hallmhairí de thionscnamh na Cóiré a fhoirceannadh.

8.1.   Bearta cinntitheacha

(188)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(189)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’iarr QR Polymers ar an gCoimisiún díolúine úsáide deiridh a dheonú maidir leis na roisíní eapocsacha a d’allmhairigh QR Polymers ó Nan Ya ó chur i bhfeidhm na mbeart frithdhumpála. D’athdhearbhaigh QR a mhaíomh tar éis an nochta deiridh, gan aon fhianaise nua a thabhairt ar aghaidh, áfach.

(190)

Níor thug QR Polymers bunús ina iarraidh ar cén bunús agus cén úsáid deiridh ar cheart na cineálacha roisín eapocsaigh a allmhairítear ó Nan Ya a bheith faoi réir díolúine úsáide deiridh ina leith. Dá bhrí sin, ní mór maíomh QR Polymers a dhíbhe.

(191)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

an tSín

Jiangsu Sanmu Group Co., Ltd.

17,3

116

17,3

Sinochem Group:

Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd.

Nantong Xingchen Synthetic Material Co., Ltd.

Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co., Ltd.

33,0

118,9

33,0

Cuideachtaí comhoibríocha eile de chuid na Síne

23,0

117,1

23,0

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne

33,0

118,9

33,0

an Téaváin

Chang Chun Plastics Co

10,8

105,8

10,8

Nan Ya Plastics Corporation

11,0

96,5

11,0

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téaváine

11,0

105,8

11,0

an Téalainn

Aditya Birla Chemicals (Thailand) Limited

29,9

71

29,9

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne

29,9

71

29,9

(192)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí den táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo siúd a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile’ de thionscnamh na tíre faoi seach lena mbaineann.

(193)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur chuig an gCoimisiún (27). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(194)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm cuí na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile’ de thionscnamh na tíre faoi seach lena mbaineann.

(195)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta is ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(196)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta nó dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(197)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(198)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) níl sé gaolmhar le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(199)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo.

8.3.   Cúlghabhálacht

(200)

Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe.

(201)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(202)

Rinne an Coimisiún anailís, ar bhonn na sonraí Faireachais, ar cé acu a tháinig nó nár tháinig aon ardú suntasach breise ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. Don anailís sin, rinne an Coimisiún comparáid idir na nithe seo a leanas:

(a)

Meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh go dtí an mhí iomlán ina ndearnadh an clárú (Iúil 2024 – Deireadh Fómhair 2024) agus meánmhéid míosúil na n-allmhairí sna míonna céanna sa tréimhse imscrúdúcháin;

(b)

Meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh go dtí an mhí iomlán inar glacadh dleachtanna sealadacha (Mí Iúil 2024 – Mí Feabhra 2025) agus meánmhéid na n-allmhairí míosúla sna míonna céanna sa tréimhse imscrúdúcháin;

(c)

Meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh go dtí an mhí iomlán ina ndearnadh an clárú (Iúil 2024 – Deireadh Fómhair 2024) agus meánmhéid míosúil na n-allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin iomlán; agus

(d)

Meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh go dtí an mhí iomlán inar glacadh dleachtanna sealadacha (Mí Iúil 2024 – Mí Feabhra 2025) leis na meánallmhairí míosúla sa tréimhse imscrúdúcháin ar fad.

(203)

Níor léirigh ceachtar de na ceithre chomparáid a leagtar amach thuas méadú suntasach breise ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(204)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le bailiú cúlghabhálach.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(205)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(206)

Na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí ina bhfuil níos mó ná 35 % roisíní eapocsacha de réir meáchain, ar a dtugtar roisíní eapocsaíde nó pola-eapocsaídí freisin, ar polaiméirí nó réamhpholaiméirí iad ina bhfuil grúpaí eapocsacha imoibríocha, atá bunaithe ar eipeaclóraihidrin agus comhpháirt alcólach alafatach nó aramatach (amhail BPA), i bhfoirmeacha soladacha, leathsholadacha nó leachtacha, ag a bhfuil gach cineál gráid, íonachta, meáchain móilíní nó struchtúir mhóilínigh, bíodh modhnaitheoirí, oibreáin leasaithe, nó breiseáin iontu nó ná bíodh, fad nach bhfuil imoibriú ceimiceach déanta ag na hoibreáin leasaithe chun an roisín eapocsach a leasú nó chun é a thiontú ina tháirge difriúil nach bhfuil grúpaí eapocsacha ann a thuilleadh, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 2910 90 00 , ex 3824 99 92 , ex 3824 99 93 , agus ex 3907 30 00 (cóid TARIC 2910 90 00 05, 3824 99 92 96, 3824 99 93 10, 3907 30 00 05, 3907 30 00 20, agus 3907 30 00 80), agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne.

Eisiatar na táirgí seo a leanas ón táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1):

Táirgí áirithe péinte agus brataithe, ar cumaisc, meascáin, nó foirmlithe eile de roisín eapocsach, oibreán leasaithe, agus lí iad, in aon fhoirm, iad pacáistithe i gcoimeádán amháin nó níos mó, a bhfuil an méid seo a leanas i gceist leo (1) tá 10 faoin gcéad ar a laghad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an lí, (2) tá 80 faoin gcéad ar a mhéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an roisín eapocsach, agus (3) tá idir 5 agus 40 faoin gcéad de mheáchan iomlán an táirge i gceist leis an oibreán leasaithe.

Fabraicí nó snáithíní réamhthuilte, a dtugtar ‘pre-pregs’ orthu go minic, ar ábhair chomhchodacha iad, arb é atá iontu fabraicí nó snáithíní (de charbón nó de ghloine de ghnáth) atá tuilte le roisín eapocsach.

Cumaisc roisíní eapocsacha agus ábhar eile, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC seachas 2910 90 00 , 3824 99 92 , 3824 99 93 , agus 3907 30 00 .

2.   Is mar a leanas a bheidh an ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Cód breise TARIC

an tSín

Jiangsu Sanmu Group Co., Ltd.

17,3

89LO

 

Sinochem Group:

Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd.

Nantong Xingchen Synthetic Material Co., Ltd.

Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co., Ltd

33,0

89LP

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

23,0

 

 

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne

33,0

8999

an Téaváin

Chang Chun Plastics Co

10,8

89LQ

Nan Ya Plastics Corporation

11,0

89LR

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téaváine

11,0

8999

an Téalainn

Aditya Birla Chemicals (Thailand) Limited

29,9

89LS

Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Téalainne

29,9

8999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) den (táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/393 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha, déanfar iad a scaoileadh.

Airteagal 3

Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin;

(b)

nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin.

Airteagal 4

Foirceanntar leis seo an t-imeacht frithdhumpála i ndáil le hallmhairí den táirge a luaitear in Airteagal 1(1) de thionscnamh na Cóiré.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C C/2024/4137, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4137/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2714 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena ndéantar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 2024/2714, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2714/oj).

(4)  Luaitear an méid seo a leanas go sainráite sa doiciméad réamhnochta: ‘Ba cheart barúlacha a bheith teoranta do chruinneas na ríomhanna. Ag an gcéim seo, ní chuireann an Coimisiún ach barúlacha maidir le hearráidí cléireachais san áireamh. Áirítear orthu sin earráidí i suimiú, dealú, nó feidhm uimhríochtúil eile, earráid a eascraíonn as cóipeáil mhíchruinn, dúbailt, cur i bhfeidhm aonad neamhréireach rátaí tomhais nó comhshó agus aon earráid eile den chineál céanna a measann an Coimisiún gur earráid chléireachais í. Ní bhreithneofar aon bharúil eile go dtí go nochtfar bearta sealadacha’.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/393 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí roisíní eapocsacha de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Téaváine agus na Téalainne (IO L 2025/393, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/393/oj).

(6)  Ag déanamh ionadaíocht ar Jiangsu Sanmu Group Co., Ltd, Jiangsu Kumho Yangnong Chemical Co. Ltd, Jiangsu Ruiheng New Material Technology Co., Ltd, agus Nantong Xingchen Synthetic Material Co. Ltd.

(7)   IO L 209, 2.8.1988, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1988/2423/oj.

(8)  Cás C-16/90, Detlef Nolle, ag trádáil mar ‘Eugen Nolle’ v Hauptzollamt Bremen-Freihafen, 22 Deireadh Fómhair 1991, ECLI:EU:C:1991:402, mír 13.

(9)  Cás C-26/96, Rotexchemie International Handels GmbH & Co. v Hauptzollamt Hamburg-Waltershof, 29 Bealtaine 1997, ECLI:EU:C:1997:261, mír 23.

(10)  Cás T-326/21, Guangdong Haomei New Materials agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology v an Coimisiún, 21 Meitheamh 2023, ECLI:EU:T:2023:347, mír 128.

(11)   https://cma.opisnet.com/?utm_term=&utm_campaign=&utm_source=adwords&utm_medium=ppc&gad_source=1.

(12)   https://view.argusmedia.com/chemicals-market-reports.html.

(13)   https://freightinsurancecoverage.com/process/marine-cargo-insurance-cost.

(14)   https://traderiskguaranty.com/trgpeak/top-5-impact-insurance-costs.

(15)  EIS, bunachar sonraí Staidrimh an Fhórsa Saothair, ‘Mean weekly hours actually worked per employed person by sex and economic activity – Annual’ , An Téalainn (https://rshiny.ilo.org/dataexplorer35/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A&ref_area=THA).

(16)  Bord Infheistíochta na Téalainne (https://www.boi.go.th/index.php?page=utility_costs&utm).

(17)  PWC, ‘Thailand; Corporate – Other Taxes’ (https://taxsummaries.pwc.com/thailand/corporate/other-taxes?utm).

(18)   https://www.boi.go.th/index.php?page=utility_costs.

(19)   https://www.mea.or.th/en/our-services/tariff-calculation/other/-LDELdOY73W3K.

(20)   https://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static.

(21)   https://www.chemanalyst.com/Pricing-data/epichlorohydrin-55.

(22)  Féach, chuige sin, breithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 2014, An Chomhairle v Alumina, C-393/13 P, EU:C:2014:2245, mír 20 agus an cásdlí a luaitear.

(23)  Féach, mar shampla, Breithiúnas an 19 Nollaig 2013, Transnational Company ‘Kazchrome’ agus ENRC Marketing v an Chomhairle, C-10/12 P, EU:C:2013:865, mír 54; Breithiúnas an 16 Nollaig 2020, Changmao Biochemical Engineering v an Coimisiún, T-541/18, ECLI:EU:T:2020:605, mír 61.

(24)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc, European Communities – Anti-Dumping Duties on Malleable Cast Iron Tube or Pipe Fittings from Brazil, (WT/DS219/AB/R), mír 96.

(25)   Ibid. mír 97.

(26)   Ibid. mír 98.

(27)  Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 Brussels, an Bheilg.

(28)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nach ndearnadh sampláil orthu

Ainm na Cuideachta

Cód breise TARIC

Allnex Resins (An tSín) Co., Ltd.

89LT

Chang Chun Chemical (Jiangsu) Co., Ltd.

89LU

Chang Chun Chemical (Panjin) Co. Ltd.

89LV

Dalian Qihua New Material Co., Ltd.

89LW

Dongying Hebang Chemical Co., Ltd.

89LX

Fujian Huanyang New Material Co., Ltd.

89LY

Sinopec Hunan Petrochemical Co., Ltd.

89LZ

Techstorm Advanced Material Corporation Limited

89M0

Zhuhai Epoxy Base Electronic Material Co., Ltd.

89M1


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1505/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)