European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1496

19.9.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1496 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meitheamh 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 461a(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, inter alia chun caighdeáin an Athbhreithnithe ó Bhonn ar an Leabhar Trádála (FRTB) a thabhairt isteach sa Rialachán sin mar cheanglas tuairiscithe, ar tacar cuimsitheach é de cheanglais cistí dílse le haghaidh neamhchosaintí riosca margaidh a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB). Le Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arís eile, inter alia chun ceanglais cheangailteacha a dhéanamh de chaighdeáin FRTB maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh.

(2)

I bhfianaise chineál an-iomaíoch na ngníomhaíochtaí trádála idirnáisiúnta, glacadh caighdeáin FRTB ar an mbuntuiscint go ndéanfadh cur chun feidhme na gcaighdeán sin ar fud na ndlínsí, ó thaobh substainte agus amlínte de, cothroime iomaíochta idirnáisiúnta a áirithiú do ghníomhaíochtaí trádála institiúidí. Léiríodh leis an bhfaireachán le 2 bhliain anuas ar chur chun feidhme chaighdeáin FRTB i ndlínsí chomhaltaí eile CBMB, agus go háirithe sna dlínsí sin ina bhfuil líon mór banc atá gníomhach go hidirnáisiúnta, go bhfuil baol suntasach ann go mbeidh saobhadh sa chothroime iomaíochta idirnáisiúnta mar gheall ar mhoilleanna ar chur chun feidhme chaighdeáin FRTB sna dlínsí sin. Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin agus chun tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le hamlíne cur chun feidhme agus rialacha iarbhír dlínsí eile, i mí Iúil 2024, d’úsáid an Coimisiún an cumhachtú in Airteagal 461a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2795 ón gCoimisiún (4) a ghlacadh chun cur i bhfeidhm chaighdeáin FRTB le haghaidh ríomh na gceanglas cistí dílse maidir le riosca margaidh san Aontas a chur siar ar feadh 1 bhliain amháin, go dtí an 1 Eanáir 2026.

(3)

Le míonna beaga anuas, léiríodh leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme chaighdeáin FRTB, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag líon beag dlínsí maidir lena gcur chun feidhme, gur rí-mhór í an éiginnteacht go fóill maidir le hamlínte cur chun feidhme sna dlínsí ina bhfuil líon mór banc atá gníomhach go hidirnáisiúnta agus go bhfuil tuilleadh moilleanna deimhnithe nó go bhfuil coinne le tuilleadh moilleanna. Dá bhrí sin, is gá cur i bhfeidhm chaighdeáin FRTB chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh san Aontas a ríomh a chur siar bliain amháin eile.

(4)

Mar thoradh ar chur i bhfeidhm iarchurtha chaighdeáin FRTB, ba cheart a cheangal ar institiúidí, go dtí an 1 Eanáir 2027, leanúint den chreat riosca margaidh a leagtar síos sa leagan de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024 (i.e. lá amháin sular tháinig Rialachán (AE) 2024/1623 lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm) a chur i bhfeidhm, agus cuir chuige FRTB á dtabhairt chun críche an tráth céanna. Chun na castachtaí agus na costais oibríochtúla atá/a bhíonn os comhair roinnt institiúidí maidir le coinneáil ar bun na samhlacha inmheánacha atá ann faoi láthair ar feadh bliana eile a chur san áireamh, i gcomhthéacs idirnáisiúnta éiginnte chur chun feidhme FRTB, agus i bhfianaise chineál sealadach gearrthréimhse an iarchurtha, ba cheart do na húdaráis inniúla, ina measúnú leanúnach ar na samhlacha inmheánacha le linn na tréimhse bliana sin, an tsolúbthacht is gá a úsáid chun tionchair ar na ceanglais cistí dílse nach bhfuil nasctha le méaduithe ar an riosca margaidh foluiteach a sheachaint.

(5)

Tá faisnéis ag teastáil ó údaráis inniúla chun faireachán a dhéanamh ar thionchar FRTB, chun fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus chun na malartuithe idir na húdaráis sin agus institiúidí a éascú, ar malartuithe iad a bhaineann leis an gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis na ceanglais atá ann cheana agus leis na hionchais rialála agus maoirseachta a cuireadh in iúl tar éis ghlacadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2795 ón gCoimisiún, ba cheart a cheangal ar institiúidí leanúint den fhaisnéis a bhaineann lena gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh a thuairisciú faoi chineálacha cur chuige a bhí ann roimh dháta chur i bhfeidhm FRTB go dtí dáta chur i bhfeidhm FRTB chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh san Aontas a ríomh. An tráth céanna, ba cheart d’institiúidí leanúint dá gceanglais cistí dílse a thuairisciú dá n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sa leagan a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024.

(6)

Le Rialachán (AE) 2024/1623 tugtar isteach i Rialachán (AE) 575/2013 ceanglais shonracha maidir le nochtadh le haghaidh riosca margaidh, is é sin ceanglais atá saincheaptha do na ceanglais a leagtar síos in FRTB chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh. Maidir le dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha i Rialachán (AE) 2024/1623 a bhaineann le ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, tá sé sin le cur siar bliain amháin eile, áfach. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart na ceanglais shonracha ghaolmhara maidir le nochtadh a chur siar bliain amháin eile freisin. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé na ceanglais cistí dílse a nochtadh chun smacht margaidh láidir a chaomhnú agus chun iad a úsáid mar bhonn eolais do chinntí infheistíochta rannpháirtithe sa mhargadh, ba cheart a cheangal ar institiúidí, le linn na tréimhse cur siar sin, leanúint den fhaisnéis is ábhartha dá neamhchosaint ar riosca margaidh agus ceanglais cistí dílse ghaolmhara a nochtadh bunaithe ar na cineálacha cur chuige maidir le ríomh a bhí ann roimh chur i bhfeidhm FRTB.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 575/2013 a leasú dá réir.

(8)

Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2795 go dtí an 1 Eanáir 2026. Dá bhrí sin, is gá dáta theacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú leis an dáta sin chun ceanglais neamhréireacha ar institiúidí a sheachaint,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

I Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 520a:

‘Airteagal 520a

Cur i bhfeidhm ceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh

Maidir le Cuid a Trí, Teideal IV, agus na ceanglais maidir le riosca margaidh in Airteagail 430, 430b, 445 agus 455 den Rialachán seo sa leagan atá i bhfeidhm an 8 Iúil 2024, leanfaidh institiúidí dá gcur i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2027.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/876/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2795 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh (IO L, 2024/2795, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2795/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1496/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)