European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1490

25.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1490 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 564/2013 a mhéid a bhaineann le táillí a oiriúnú don bhoilsciú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 80(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 564/2013 ón gCoimisiún (2), déanfar athbhreithniú bliantúil ar na táillí dá bhforáiltear sa Rialachán sin faoi threoir an ráta boilscithe arna thomhas trí bhíthin an Innéacs Eorpaigh Praghsanna do Thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat.

(2)

Chun an t-athbhreithniú bliantúil sin a dhéanamh le haghaidh na bliana 2024, ba cheart na táillí a choigeartú i gcomhréir leis na meánrátaí boilscithe bliantúla le haghaidh 2021, 2022 agus 2023, arna bhfoilsiú ag Eurostat, chun teacht leis an ráta boilscithe carnach 19,5 %.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 564/2013 a leasú dá réir.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 564/2013 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 564/2013 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2013 maidir leis na táillí agus na muirir is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 19.6.2013, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/564/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II de Rialachán (AE) Uimh. 564/2013 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:

‘Tábla 1

Táillí caighdeánacha

Tuairisc ghinearálta ar an gcúram; an fhoráil ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

Coinníoll sonrach nó tuairisc shonrach ar an gcúram

Táille (EUR)

Substaint gníomhach a fhormheas; Airteagal 7(2)

Táille le haghaidh an chéad chineáil táirge a bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin formheasta ina leith

143 400

Táille bhreise in aghaidh an chineáil táirge bhreise

47 800

Táille bhreise in aghaidh an chineáil táirge (le haghaidh an chéad chineáil táirge agus aon chineál táirge breise araon) más substaint í an tsubstaint ghníomhach atá inbhreithnithe lena hionadú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

23 900

Táille chun formheas a leasú, seachas cineál táirge a chur leis.

23 900

Formheas a athnuachan; Airteagal 13(3)

Táille le haghaidh an chéad chineáil táirge a bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin formheasta ina leith

17 925

Táille bhreise in aghaidh an chineáil táirge bhreise

1 793

Táille bhreise le haghaidh an chéad chineáil táirge a n-iarrtar athnuachan na substainte gníomhaí sin ina leith i gcás ina gcinntear gur gá meastóireacht iomlán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

29 875

Táille bhreise in aghaidh an chineáil táirge bhreise i gcás ina gcinntear gur gá meastóireacht iomlán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

2 988

Táille bhreise in aghaidh an chineáil táirge (le haghaidh an chéad chineáil táirge agus aon chineál táirge breise araon) más substaint í an tsubstaint ghníomhach atá inbhreithnithe lena hionadú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

23 900

Substaint ghníomhach a chuimsiú in Iarscríbhinn I; Airteagal 28

Táille chun substaint ghníomhach a chuimsiú in Iarscríbhinn I den chéad uair;

11 950

 

Táille chun cuimsiú substainte gníomhaí in Iarscríbhinn I a leasú

2 390

Fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 17(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (1)

Táille in aghaidh na teaglama de shubstaint/cineál táirge.

Déanfar an táille ar an bhfógra arna thabhairt a asbhaint ón iarratas ar fhormheas ina dhiaidh sin

11 950

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:

‘Tábla 1

Táillí caighdeánacha

Tuairisc ghinearálta ar an gcúram; an fhoráil ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

Coinníoll sonrach nó tuairisc shonrach ar an gcúram

Táille (EUR)

Údarú Aontais a dheonú, táirge aonair; Airteagal 43(2)

Táille in aghaidh an táirge nach bhfuil comhionann leis an táirge ionadaíoch nó leis na táirgí ionadaíocha (nó le ceann de na táirgí ionadaíocha) a ndearnadh measúnú orthu chun críche fhormheas na substainte

95 600

 

Táille in aghaidh an táirge atá comhionann leis an táirge ionadaíoch nó leis na táirgí ionadaíocha (nó le ceann de na táirgí ionadaíocha) a ndearnadh measúnú orthu chun críche fhormheas na substainte

47 800

 

Táille bhreise in aghaidh an táirge nuair is gá measúnú comparáideach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

47 800

 

Táille bhreise in aghaidh an táirge i gcás ina bhfuil an t-údarú a iarradh sealadach i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

11 950

Údarú Aontais a dheonú, fine táirgí bithicídeacha; Airteagal 43(2)

Táille in aghaidh na fine

179 250

 

Táille bhreise in aghaidh na fine nuair is gá measúnú comparáideach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

71 700

 

Táille bhreise in aghaidh na fine i gcás ina bhfuil an t-údarú a iarradh sealadach i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

17 925

Fógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi tháirge breise i bhfine táirgí bithicídeacha; Airteagal 17(6)

Táille in aghaidh an táirge bhreise

2 390

Údarú Aontais ar an táirge bithicídeach céanna; Airteagal 17(7)

Táille in aghaidh an táirge arb é atá ann ‘táirge céanna’ de réir bhrí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún  (2)

2 390

Mórathrú ar tháirge údaraithe nó ar fhine táirgí údaraithe; Airteagal 50(2)

Táille in aghaidh an iarratais

47 800

Mionathrú ar tháirge údaraithe nó ar fhine táirgí údaraithe; Airteagal 50(2)

Táille in aghaidh an iarratais

17 925

Athrú riaracháin ar tháirge údaraithe nó ar fhine táirgí údaraithe; Airteagal 50(2)

Táille in aghaidh an fhógra a thugtar

2 390

Moladh maidir le haicmiú aon athrú a dhéantar ar tháirge údaraithe nó ar fhine táirgí údaraithe; Airteagal 50(2)

Táille in aghaidh an iarratais i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3)

Más é an moladh an t-athrú a aicmiú mar athrú riaracháin nó mar mhionathrú, déanfar an táille le haghaidh na hiarrata a asbhaint ón iarratas nó ón bhfógra a thugtar ina dhiaidh sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013

2 390

Údarú Aontais a athnuachan, táirge aonair; Airteagal 45(3)

Táille in aghaidh an táirge

5 975

 

Táille bhreise in aghaidh an táirge i gcás ina gcinntear gur gá meastóireacht iomlán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

17 925

 

Táille bhreise in aghaidh an táirge nuair is gá measúnú comparáideach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

47 800

Údarú Aontais a athnuachan, fine táirgí bithicídeacha; Airteagal 45(3)

Táille in aghaidh na fine táirgí

8 963

 

Táille bhreise in aghaidh na fine táirgí i gcás ina gcinntear gur gá meastóireacht iomlán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

26 888

 

Táille bhreise in aghaidh na fine táirgí nuair is gá measúnú comparáideach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

71 700


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj)’.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/414/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).’


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN III

Táillí eile

Tuairisc ghinearálta ar an gcúram; an fhoráil ábhartha i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012

Coinníoll sonrach nó tuairisc shonrach ar an gcúram

Táille (EUR)

Coibhéis theicniúil; Airteagal 54(3)

Táille, i gcás ina bhfuil an difríocht idir foinsí na substainte gníomhaí teoranta d’athrú ar an suíomh monaraíochta, agus ina bhfuil an t-iarratas bunaithe ar shonraí anailíseacha amháin

5 975

Táille, i gcás inar mó an difríocht idir foinsí na substainte gníomhaí ná athrú sa suíomh monaraíochta, agus ina bhfuil an t-iarratas bunaithe ar shonraí anailíseacha amháin

23 900

Táille i gcás nach gcomhlíontar coinníollacha roimhe seo.

47 800

Táille bhliantúil ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú ag an Aontas; Airteagal 80(1)(a)

Táille in aghaidh an údaraithe Aontais ar tháirge bithicídeach

11 950

Táille in aghaidh an údaraithe Aontais ar fhine táirgí bithicídeacha

23 900

Táille le haghaidh Iarratas ar Aitheantas Frithpháirteach; Airteagal 80(1)(a)

Táille in aghaidh an táirge nó na fine táirgí lena mbaineann iarratas ar aitheantas frithpháirteach, in aghaidh an Bhallstáit ina bhfuil aitheantas frithpháirteach á lorg

837

Achomharc; Airteagal 77(1)

Táille in aghaidh an achomhairc

2 988

Iarratas chun daoine ábhartha a chuimsiú ar an liosta; Airteagal 95

Táille in aghaidh na litreach rochtana a chuirtear isteach, ar litir rochtana í ar shainchomhad ar chinn an Ghníomhaireacht nó Údarás Inniúil meastóireachta cheana féin go bhfuil sé iomlán

2 390

Táille in aghaidh na litreach rochtana a chuirtear isteach, ar litir rochtana í ar chuid de shainchomhad ar chinn an Ghníomhaireacht nó Údarás Inniúil meastóireachta cheana féin go bhfuil sé iomlán, in éineacht le sonraí comhlántacha

23 900

Táille in aghaidh an tsainchomhaid nua a chuirtear isteach

47 800

Iarrataí faoi Airteagal 66(4) arna gcur faoi bhráid na Gníomhaireachta

Táille in aghaidh na míre a n-iarrtar rúndacht ina leith

1 195


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1490/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)