European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1481

18.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1481 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/2135 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2135 (1).

(2)

An 27 Samhain 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin an tAontas agus a Bhallstáit go láidir arís an troid leanúnach idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach. Cuireadh in iúl leis an ráiteas sin freisin gur saoth leo gur tháinig géarú suntasach ar an bhforéigean agus gur cailleadh daoine in Darfur agus ar fud na tíre, agus gur saoth leo na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, ba cheart beirt daoine aonair agus dhá eintiteas a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/2135 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/2135 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (IO L, 2023/2135, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2135/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/2135 mar a leanas:

(1)

faoi cheannteideal ‘A. Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 2(1)’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘11.

Abu Aqla Mohamed Ahmed KAIKAL

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceannasaí ar mhílíste atá cleamhnaithe le Fórsaí Armtha na Súdáine

Eintitis chomhlachaithe: Fórsaí Armtha na Súdáine

Is Ceannasaí Míleata de chuid na Súdáine é Abu Aqla Mohamed Ahmed Kaikal a rinne seirbhís sna Fórsaí Mear-Thacaíochta i stát Jazira sa tSúdáin go dtí gur fhág sé iad chun dul le Fórsaí Armtha na Súdáine i mí Dheireadh Fómhair 2024. I mí na Nollag 2023, cheap na Fórsaí Mear-Thacaíochta é ina Ghobharnóir ar stát Jazira, tar éis do na Fórsaí Mear-Thacaíochta an ceantar sin a ghabháil chucu féin go foréigneach. Bhí na Fórsaí Mear-Thacaíochta freagrach as ionsaithe ar chathracha agus moil dhaonnúla i stát Jazira, as ar eascair easáitiú ollmhór sibhialtach, ocras, ganntanas cógas agus bac ar chabhair dhaonnúil. Bhí stát Jazira, go háirithe, i gcroílár an fhoréigin a rinne na Fórsaí Mear-Thacaíochta faoi ghobharnóireacht Kaikal. Dá bhrí sin, tá Abu Aqla Mohamed Ahmed Kaikal freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Ina theannta sin, tá sé freagrach as gníomhartha a stiúradh sa tSúdáin ar sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine iad, agus le bac a chur ar chabhair dhaonnúil a sheachadadh agus a dháileadh sa tSúdáin, chomh maith le bac a chur ar rochtain ar an gcabhair sin.

18.7.2025

12.

Hussein BARSHAM

Náisiúntacht: Súdánach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceannasaí Míleata Machaire na bhFórsaí Mear-Thacaíochta

Eintitis chomhlachaithe: Na Fórsaí Mear-Thacaíochta, Treibh Misseria

Is Ceannasaí Míleata Machaire é Hussein Barsham ar na Fórsaí Mear-Thacaíochta, eagraíocht atá cúisithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta as glanadh eitneach, agus fiú cinedhíothú, i gcoinne threibh Masalit agus grúpaí neamh-Arabacha eile in Darfur.

Mar Cheannasaí, bhí Hussein Barsham i gceannas ar shaighdiúirí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta i ngabháil aerfort Baleela ó Fhórsaí Armtha na Súdáine, agus i ngabháil ceantair i stát Kordofan Thiar, mar shampla Meiram. Bhí ról ceannasach aige in oibríochtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a raibh ainghníomhartha ollmhóra mar thoradh orthu, lena n-áirítear maruithe spriocdhírithe, foréigean eitneach, easáitiú éigeantach, agus foréigean i gcoinne sibhialtach, go háirithe in Darfur agus i réigiúin eile sa tSúdáin atá buailte ag coinbhleachtaí. Faoina cheannas, bhí baint ag na Fórsaí Mear-Thacaíochta le hollmharuithe agus ainghníomhartha ollmhóra. Bhí Hussein Barsham páirteach sa troid i réigiún Kordofan. Bhí sé i gceannas ar ionsaithe ar cheantair éagsúla agus bhí sé i láthair ag suíomhanna a ndearna saighdiúirí faoina cheannas ainghníomhartha agus ollbhású iontu. Is coireanna cogaidh iad na gníomhartha sin.

Tá Hussein Barsham, dá bhrí sin, freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Tá sé freisin freagrach as an mbonn a bhaint d’iarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil sa tSúdáin a atosú agus le gníomhartha a stiúradh nó a dhéanamh sa tSúdáin ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine nó sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad.

18.7.2025’;

(2)

faoi cheannteideal ‘B. Liosta de dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘7.

Alkhaleej Bank Co Ltd;

dá ngairtear freisin

Khaleej Bank;

Al Rowad Bank For Development & Investment;

Al Rowad Bank For Development And Investment;

Al-Khaleej Bank;

بنك الخليج

Seoladh: Albaraka Tower, 6th Floor, 1 Al Qasr, Cartúm, an tSúdáin

Suíomh gréasáin: https://al-khaleejbank.com/alkhaleej/

An cineál eintitis: Institiúid airgeadais

Uimhir chlárúcháin: SUDAN-EO14098

Príomháit ghnó: Cartúm, an tSúdáin

Daoine aonair nó eintitis chomhlachaithe: Mustafa Ibrahim ABDEL NABI MOHAMED, a ainmníodh ag an Aontas an 24.6.2024; Musa Hamdan Dagalo Musa, deartháir le Ceannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, Mohamed Hamdan Dagalo; Shield Protective Solutions Co. Ltd. (an tSúdáin)

Tá ról ríthábhachtach ag Alkhaleej Bank Co Ltd (“Alkhaleej”) in iarrachtaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta a gcuid oibríochtaí féin a mhaoiniú, rud a chuireann constaicí i mbealach na n-iarrachtaí atá á ndéanamh deireadh a chur leis an troid sa tSúdáin. Tá Alkhaleej faoi úinéireacht cuideachtaí, den chuid is mó, atá nasctha le baill teaghlaigh Mohamed Hamdan Dagalo (Hemedti), arb é Ceannasaí na bhFórsaí Mear-Thacaíochta é, agus dá bhrí sin, meastar an banc a bheith faoi rialú na bhFórsaí Mear-Thacaíochta.

Roimh an gcogadh agus lena linn, bhunaigh na Fórsaí Mear-Thacaíochta líonraí casta airgeadais ag baint úsáid as brabúis óna ngnó óir chun airm, tuarastail agus feachtais sna meáin a mhaoiniú, agus chun tacaíocht pholaitiúil a fháil. Rialaíonn siad líonra de suas le 50 cuideachta, lena n-áirítear Alkhaleej, a tháinig chun bheith ina phríomhairgeadaí agus a fuair USD 50 milliún ó Bhanc Ceannais na Súdáine i mí an Mhárta 2023. Ina theannta sin, tá naisc bhaincéireachta idirnáisiúnta ag Alkhaleej a chuireann ar chumas na bhFórsaí Mear-Thacaíochta oibriú laistigh den chóras airgeadais domhanda. Tuairiscítear go bhfuil sciar suntasach de Alkhaleej faoi úinéireacht líonra Hemedti; tugtar le fios le roinnt meastachán go bhfuil rialú tromlaigh ag an líonra.

Cuimsíonn gníomhaíochtaí gnó na bhFórsaí Mear-Thacaíochta earnálacha éagsúla, lena n-áirítear earnálacha iompair, tógála, talmhaíochta agus baincéireachta, rud a fhágann go bhfuil Hemedti ar cheann de na daoine is saibhre agus is cumhachtaí sa tSúdáin. Tá ról ríthábhachtach ag Alkhaleej sna hoibríochtaí sin, mar a gcuirtear líne tharrthála airgeadais dhíreach nó indíreach ar fáil do na Fórsaí Mear-Thacaíochta.

Mar phríomhairgeadaí agus éascaitheoir Fhórsaí Mear-Thacaíochta, a n-ionsaithe agus a ngníomhaíochtaí armtha, tá Alkhaleej Bank Co Ltd ag gabháil go díreach nó go hindíreach, dá bhrí sin, do thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol, nó tá tairbhe á baint aige astu.

18.7.2025

8.

Red Rock Mining Company

dá ngairtear freisin Red Rock Ltd

Seoladh: Blok 9, Kafory, Cartúm, an tSúdáin

Teileafón: 18.7.2025249 1203 47711

Suíomh gréasáin: https://redrockmining.co/contact-us/#

Ríomhphost: corporate@redrockmining.net

info@redrocksd.com

An cineál eintitis: cuideachta mianadóireachta

Dáta clárúcháin: na 1960idí

Uimhir chlárúcháin: Uimhir aitheantais: 16463

Príomháit ghnó: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Seoladh: Office 320, Emarat Atrium Building, Business Bay, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Daoine aonair nó eintitis chomhlachaithe: SMT Engineering

Is cuideachta mianadóireachta agus taiscéalaíochta é Red Rock Mining Company. Is é SMT Engineering (SMT) a mháthairchuideachta, atá faoi réir bearta sriantacha ón Aontas, ó na Stáit Aontaithe agus ón Ríocht Aontaithe. Is mór-scairshealbhóir comhpháirteach é SMT, mar aon le Defense Industries System (DIS), i dtrí chuideachta a bhfuil baint acu le hairm agus feithiclí a tháirgeadh d’Fhórsaí Armtha na Súdáine.

Bíonn ról faoi leith ag earnáil na mianadóireachta i dtaobh coinbhleachtaí a chothú. Is minic limistéir mhianadóireachta i limistéir chogaidh agus is suíomhanna iad a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint lena gconcas do pháirtithe na coinbhleachta, rud a chuireann leis an iomaíocht agus an teannas. Tá Red Rock Mining Company i láthair agus gníomhach sa tSúdáin. Ina theannta sin, tá lamháltas mianadóireachta aige gar do al Damazin, a ghlac Fórsaí Armtha na Súdáine chucu féin in 2012.

Cuireann Red Rock Mining Company maoiniú ar fáil do na grúpaí armtha atá taobh thiar de choinbhleacht na Súdáine, go háirithe do Fhórsaí Armtha na Súdáine. Tá scairsheilbh 99 % ag Red Rock Mining Company in Advanced Mining Works, atá mar chuid de líonra ilearnála na gcorparáidí agus na scairshealbh atá faoi cheannas na máthairchuideachta GIAD. Tá baint ag GIAD, i measc cuideachtaí eile, le hairm agus feithiclí a tháirgeadh le haghaidh Fhórsaí Armtha na Súdáine, agus le seirbhísí a sholáthar. Tá an ilchuideachta GIAD á rialú ag Fórsaí Armtha na Súdáine trí DIS.

Dá bhrí sin, is eintiteas é Red Rock Mining Company a thugann tacaíocht do ghníomhaíochtaí nó do bheartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Súdáine i mbaol. Tá sé bainteach freisin le daoine aonair agus le heintitis atá ainmnithe.

18.7.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1481/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)