European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1478

19.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1478 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Nollaig 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí i gcónaí le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór leanúint de na hiarrachtaí chun cumas feartha cogaidh na Rúise a shrianadh a thuilleadh. Chuir sí in iúl freisin go bhfuil an tAontas faoi réir i gcónaí chun tuilleadh brú a chur ar an Rúis, lena n-áirítear trí smachtbhannaí breise a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, is iomchuí bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(4)

Measann an Chomhairle go háirithe gur cheart 14 duine agus 41 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1945.

Svetlana Ivanovna NIKOLAYEVA

Rúisis: Светлана Ивановна НИКОЛАЕВА

Feidhm: Duine gnó

Dáta breithe: 15.11.1964

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir aitheantais chánach: 503219217814

Is duine gnó Rúiseach í Svetlana Nikolayeva a bhfuil poist bhainistíochta agus leasanna gnó aici i gcoimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise. Is í bean chéile Konstantin Yuryevich Nikolayev í.

Go háirithe, is í Svetlana Nikolayeva Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Promtekhnologiya LLC, cuideachta cosanta Rúiseach ar léi an trádmharc “ORSIS” agus a sholáthraíonn raidhfilí do sheirbhísí míleata agus slándála na Rúise, a úsáidtear i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Rannchuidíonn post Svetlana Nikolayeva mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Promtekhnologiya LLC le tionchar rialaithe a fir céile ar an gcuideachta a cheilt. Ina theannta sin, tá leasanna ag Svetlana Nikolayeva sna cuideachtaí Rúiseacha ScanEx agus LLC Resource. Oibríonn na cuideachtaí sin i gcomhar le seirbhísí míleata agus slándála na Rúise, agus soláthraíonn siad crua-earraí míleata dóibh a úsáideadh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Svetlana Nikolayeva ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus ag baint tairbhe as, agus tá sí ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sí ag tacú freisin le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

Ina theannta sin, tá baint ag Svetlana Nikolayeva le Konstantin Yuryevich Nikolayev.

19.7.2025

1946.

Lin ZHONGHENG

Sínis: 林仲恒

Feidhm: Úinéir Shenzhen Biguang Trading Co. Ltd

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Is duine gnó Síneach é Lin Zhongheng. Rialaíonn sé Shenzhen Biguang Trading Co. Ltd, soláthraí crua-earraí teicneolaíochta atá bunaithe i nDaon-Phoblacht na Síne, agus déanann sé ionadaíocht ar an gcuideachta sin.

D’aistrigh Shenzhen Biguang Trading Co. Ltd earraí de thionscnamh an Aontais arís agus arís eile chuig an Rúis tráth a bhí na hearraí sin faoi réir shrianta onnmhairiúcháin an Aontais faoi Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

Dá bhrí sin, d’éascaigh Lin Zhongheng sáruithe an toirmisc ar theacht timpeall ar chóras beart sriantach an Aontais a forchuireadh ar Chónaidhm na Rúise agus, ar an gcaoi sin, chuir sé bac suntasach ar fhorálacha atá ann cheana de chuid bhearta sriantacha an Aontais.

19.7.2025

1947.

Aleksandr Sergeyevich USHKO

Rúisis: Александр Сергеевич УШКО

Feidhm: Príomhbhainisteoir Margaíochta LLC “Open Systems Development Technology” (LLC TROS)

Dáta breithe: 15.1.1991

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Pasuimhir: 550403152

Is é Aleksandr Ushko Príomhbhainisteoir Margaíochta LLC “Open Systems Development Technology” (LLC TROS), eintiteas atá lonnaithe sa Rúis agus a mhonaraíonn trealamh miotalóireachta agus ar mórdhíoltóir meaisín-uirlisí é. Is mac é le Sergey Ushko, Príomhfheidhmeannach Feidhmiúcháin LLC TROS, atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. Ó forchuireadh bearta sriantacha an Aontais lena dtoirmisctear deileanna a onnmhairiú chuig an Rúis, tá baint ghníomhach ag LLC TROS le teacht timpeall ar na bearta sriantacha sin trí ghníomhú mar fhaighteoir deileanna arna n-onnmhairiú go neamhdhleathach atá lonnaithe sa Rúis. Chuidigh Aleksandr Ushko lena athair páirt a ghlacadh i scéim allmhairiúcháin chun meaisín-uirlisí agus trealamh dé-úsáide eile a sholáthar don Rúis.

Dá bhrí sin, tá Aleksandr Ushko ag éascú sáruithe an toirmisc ar theacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais.

19.7.2025

1948.

Felix Feliksovych PLESKACHEVSKY

Rúisis: Феликс Феликсович ПЛЕСКАЧЕВСЬКИЙ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC Scientific and Production Association “POISK”

Dáta breithe: 11.5.1967

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Felix Pleskachevsky Ard-Stiúrthóir JSC Scientific and Production Association “POISK”, atá ar cheann de phríomh-mhonaróirí arm agus armlóin na Rúise agus ar cheann de heintitis is mó a fhorbraíonn fiúsanna ilfheidhmeacha meicniúla, leictrimheicniúla agus leictreonacha le haghaidh armlóin. Tá caidreamh comhair seanbhunaithe ag an gcuideachta le roinnt de mhórchuideachtaí cosanta na Rúise, mar atá Tekhmash, Air Defence Concern Almaz-Antey agus Tactical Missile Weapons Corporation. Le blianta beaga anuas, tá os cionn 20 cineál éagsúil fiúis forbartha ag JSC Scientific and Production Association “POISK” le haghaidh gach cineáil armlóin a úsáideann arm na Rúise ina chogadh foghach ar an Úcráin. Thairis sin, is í an chuideachta sin a d’fhorbair meicníocht sábháilteachta agus gníomhraithe 9E133M le haghaidh na n-diúracán balaistíoch 9M723 Iskander-M.

Ina theannta sin, tá JSC Scientific and Production Association “POISK” ina chuid de JSC Technodinamika, eintiteas atá liostaithe ag an Aontas agus ar cuid é sin de State Corporation Rostec.

Dá bhrí sin, tá Felix Pleskachevsky ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Dá bhrí sin, tá Felix Pleskachevsky ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

1949.

Abhinav KAMAL

Feidhm: Captaen an tancaeir amhola ARGENT (ar a dtugtaí JAGUAR roimhe seo, IMO: 9293002)

Dáta breithe: 6.7.1984

Náisiúntacht: Indiach

Inscne: fireann

Is é Abhinav Kamal captaen an tancaeir amhola ARGENT (ar a dtugtaí JAGUAR roimhe seo, IMO: 9293002). Níl ARGENT cláraithe leis an nGrúpa Idirnáisiúnta de Chlubanna Cosanta agus Slánaíochta agus, dá bhrí sin, tá sé ag seoladh gan cumhdach dliteanais iontaofa. Is é an t-aon soitheach é freisin atá á bhainistiú ag Sapang Shipping Inc (an t-úinéir cláraithe agus bainisteoir na loinge) agus Zhu Jiang Ship Management Co (an bainisteoir teicniúil), rud a thugann le fios go n-oibríonn sé faoi bheartas rialachais chorparáidigh neamh-thrédhearcach. Athraíodh cuideachta bainistíochtaí agus stát brataí ARGENT roinnt uaireanta le blianta beaga anuas agus sheol sí gan aon bhratach freisin. Níor fíoraíodh a Chórais Aitheantais Uathoibríocha roinnt uaireanta ach oiread. Is soitheach é ARGENT a d’iompair amhola nó táirgí peitriliam ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta iad, á ndéanamh aige ag an am céanna. Mar chaptaen ARGENT, soláthraíonn Abhinav Kamal, dá bhrí sin, tacaíocht ábhartha, theicniúil nó airgeadais d’oibríochtaí soithigh a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i Rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh aige ag an am céanna. Ina theannta sin, mar chaptaen ARGENT, tá baint aige le Sapang Shipping Inc, a bhainistíonn agus a oibríonn soitheach a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh aige ag an am céanna.

19.7.2025

1950.

Nikita Aleksandrovich ZAKHAROV

Rúisis: Никита Александрович ЗАХАРОВ

Feidhm: Úinéir LLC Aeroscan

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 184101937739

Is duine gnó Rúiseach é Nikita Zakharov, agus is é bunaitheoir agus úinéir LLC Aeroscan é. Is oibreoir tráchtála Rúiseach é LLC Aeroscan a sholáthraíonn seirbhísí i réimsí éagsúla, mar atá an aerfótagrafaíocht, faireachán trí fhíseáin agus íomháú teirmeach agus scanadh léasair le haghaidh aerárthaí gan foireann. Is cuid é freisin de ZALA Aero, grúpa cuideachtaí arb é a sainréimse é aerárthaí gan foireann a fhorbairt agus a tháirgeadh, go háirithe aerárthaí gan foireann taiscéalaíochta agus muinisin síománaíochta Lancet. Baineann arm na Rúise úsáid ghníomhach as muinisin síománaíochta agus aerárthaí gan foireann Z-16 ina chogadh foghach ar an Úcráin. Ina theannta sin, i gcomhar le Zala Aero Group, monaraíonn LLC Aeroscan aerárthaí gan foireann Zala Z-20, ladrainn nua taiscéalaíochta míleata, lámhaigh airtléire agus faireachais láithreach catha, a úsáideann arm na Rúise freisin ina chogadh foghach ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Nikita Zakharov ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

1951.

Hossein SHAMKHANI

Fairsis: شمخانی حسین

ar a dtugtar freisin Mohammad Hossein SHAMKHANI

Feidhm: Stiúrthóir Admiral Shipping

Dáta breithe: 1984 nó 1985

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 0070293384

Is duine gnó é Hossein Shamkhani atá gníomhach in earnáil ola na Rúise agus is gníomhaí lárnach é i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de. Úsáideann sé an chuideachta Milavous Group Ltd chun amhola a chumasc le táirgí peitriliam éagsúla ón Rúis lena n-athhbrandáil chun críoch onnmhairithe, sa chaoi is go ndéantar a dtionscnamh a cheilt. Ina theannta sin, ós stiúrthóir na cuideachta Admiral Shipping é, tá sé páirteach in amhola na Rúise a iompar agus a dhíol. Dá bhrí sin, tá Hossein Shamkhani LLC rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

1952.

Viktor Sergeevich FOFANOV

Rúisis: Виктор Сергеевич ФОФАНОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir LLC Volgotrans

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 631630065950

Is é Viktor Fofanov Ard-Stiúrthóir LLC Volgotrans, ar cuideachta Rúiseach é a oibríonn cabhlach tancaer agus a iompraíonn amhola agus táirgí ola ar muir, lena n-áirítear chun críoch onnmhairithe. Soláthraíonn an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, ioncam suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir LLC Volgotrans, is duine gnó é Viktor Fofanov atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ós é Ard-Stiúrthóir LLC Volgotrans é, tá baint ag Viktor Fofanov le LLC Volgotrans.

19.7.2025

1953.

Olga Vasilyevna Burova

Rúisis: Ольга Васильевна БУРОВА

Úcráinis: Ольга Василівна БУРОВА

Feidhm: “Céad Leas-Aire Cultúir Phoblacht na Crimé”, mar a ghairtear di

Dáta breithe: 29.8.1972

Áit bhreithe: Zelenchukskaya, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is í Olga Burova “Céad Leas-Aire Cultúir Phoblacht na Crimé”, mar a ghairtear di, ón 15 Bealtaine 2023. Sa ról sin, chuir sí an Chrimé chun cinn mar lárionad cultúir na Rúise agus mar chuid de stair na Rúise, agus thacaigh sí leis an ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis uirthi in 2014.

Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá Olga Burova ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

19.7.2025

1954.

Ilshat Ilgizovich SHAGIAKHMETOV

Rúisis: Ильшат Ильгизович ШАГИАХМЕТОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir an Territorial Development Fund

Dáta breithe: 4.6.1985

Áit bhreithe: Kazan, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is Ard-Stiúrthóir é Ilshat Shagiakhmetov ar an Territorial Development Fund, cuideachta dlí phoiblí a fheidhmíonn faoi Aireacht Foirgníochta Chónaidhm na Rúise agus a bhunaigh Rialtas Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, leis an Territorial Development Fund bainistítear an saorchrios eacnamaíoch, mar a ghairtear de, i gcríocha Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, a chruthaigh Rialtas Chónaidhm na Rúise chun sochair agus pribhléidí a dheonú do chuideachtaí a oibríonn sna críocha sin atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach.

Agus é ag gníomhú dó sa cháil sin, tá Ilshat Shagiakhmetov ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

19.7.2025

1955.

Vladimir Olegovich KURYANOV

Rúisis: Владимир Олегович КУРЬЯНОВ

Feidhm: Reachtaire gníomhach Ollscoil Cónaidhmeach V.I. Vernadsky na Crimé

Dáta breithe: 23.1.1960

Áit bhreithe: Simferopol, APSS (an Úcráin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ón 22 Meitheamh 2023, tá Vladimir Kuryanov ina Reachtaire gníomhach Ollscoil Cónaidhmeach V.I. Vernadsky na Crimé. Tá sé ag tacú le beartais a chuireann le hoideachas míleataithe leanaí agus daoine óga na hÚcráine agus a bhaineann an bonn de stair agus de theanga na hÚcráine. Tá tacaíocht na hOllscoile do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin geallta aige, lena n-áirítear trí chead a thabhairt oiliúint mhíleata a chur ar mhic léinn san Ollscoil, ar mic léinn iad atá le cur chuig an túslíne.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá Vladimir Kuryanov ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

19.7.2025

1956.

Karen Georgievich SHAKHNAZAROV

Rúisis: Карен Георгиевич ШАХНАЗАРОВ

Feidhm: Ard-Stiúrthóir Mosfilm

Dáta breithe: 8.7.1952

Áit bhreithe: Krasnodar, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 771002632970

Is í Karen Shakhnazarov Ard-Stiúrthóir Mosfilm, stiúideo scannán Rúiseach atá faoi úinéireacht Stáit. Tá dlúthchaidreamh aige leis an Uachtarán Vladimir Putin agus tá meas acu araon ar obair agus ar ghníomhaíochtaí a chéile.

Fuair Karen Shakhnazarov orduithe, tuillteanais, boinn agus duaiseanna Stáit éagsúla ó Rialtas Chónaidhm na Rúise as a chuid oibre agus a rannpháirtíocht. Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir Mosfilm, thacaigh Karen Shakhnazarov le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ó bhéal agus go hidé-eolaíoch ina óráidí agus ina agallaimh phoiblí. Ina theannta sin, thug Mosfilm tacaíocht dhaonnúil, theicniúil, airgeadais agus ábhartha d’arm na Rúise, lena n-áirítear trealamh míleata a sholáthar dó, ar trealamh míleata é a úsáideadh roimhe sin i gcomhair stáitsiú i léiriú scannán Mosfilm.

Dá bhrí sin, tá Karen Shakhnazarov freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tacaíonn sé le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.

19.7.2025

1957.

Tatyana Petrovna LITVINENKO

Rúisis: Татьяна Петровна ЛИТВИНЕНКО

Feidhm: Duine gnó

Dáta breithe: 2.5.1958

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Uimhir Cánach Aonair: 780158958115

Mór-scairshealbhóir is ea Tatyana Litvinenko in PhosAgro, atá ar cheann de na príomhtháirgeoirí domhanda leasachán fosfáite. Is í an Rúis an t-onnmhaireoir leasacháin is mó ar domhan, earnáil a chuireann ioncam suntasach ar fáil do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, is bean ghnó í Tatyana Litvinenko atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim í do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

1958.

Ahmed KERIMOV

Feidhm: scairshealbhóir in 2Rivers Group

Náisiúntacht: Asarbaiseánach

Inscne: fireann

Is scairshealbhóir in 2Rivers Group é Ahmed Kerimov, grúpa trádála ola atá bunaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ar a dtugtaí Coral Energy tráth, grúpa a éascaíonn seoladh agus onnmhairiú ola na Rúise, go háirithe ó Rosneft, trí thionscnamh iarbhír na hola a cheilt. Go háirithe, rialaíonn 2 Rivers Group cuid mhór de na soithí i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de. Leanann 2Rivers Group de bheith ag oibriú an t-aon líonra le Coral Energy, lena n-áirítear eintitis chomhlachaithe mar shampla Nord Axis agus Bellatrix Energy, gan beann ar an athrú ar a ainm agus ar a úinéireacht, mar a léirítear leis an nasc idir úinéir na cuideachta roimhe seo agus an bhainistíocht nua. Ina theannta sin, is earnáil í earnáil an fhuinnimh, go háirithe earnáil na hola, a sholáthraíonn ioncam suntasach do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Ahmed Kerimov ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, go háirithe Airteagal 3m. Tá sé rannpháirteach freisin in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025’

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘601.

Joint Stock Company “Research Institute of Measuring Instruments – Novosibirsk Plant Named After Komintern”

Rúisis: Акционерное Общество “Нии Измерительных Приборов – Новосибирский Завод Имени Коминтерна”

ar a dtugtar freisin AO “NPO NIIIP-NZIK”

ar a dtugtar freisin JSC “Research Institute of Measuring Instruments – Novosibirsk Plant Named After Komintern”

Seoladh: Novosibirsk, Planetnaya Street 32, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 20.9.2002

Uimhir chlárúcháin: 1025400510827

Uimhir aitheantais chánach: 5401199015

KPP: 540101001

Is eintiteas Rúiseach é JSC “Research Institute of Measuring Instruments — Novosibirsk Plant Named After Komintern” atá freagrach as radair, trealamh loingseoireachta raidió agus trealamh cianrialaithe raidió a tháirgeadh.

Tá baint ag an gcuideachta le huasghrádú an mheaisín cian-dímhianúcháin “Listva”, a úsáideann arm na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá JSC “Research Institute of Measuring Instruments – Novosibirsk Plant Named After Komintern” ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

602.

Joint Stock Company “Research Institute of Semiconductor Devices”

Rúisis: Акционерное Общество “Научно Исследовательский Институт Полупроводниковых Приборов”

ar a dtugtar freisin AO “NIIPP”

ar a dtugtar freisin JSC “Research Institute of Semiconductor Devices”

Seoladh: Tomsk, Krasnoarmeyskaya street 99A, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 19.12.2003

Uimhir chlárúcháin: 1037000170690

Uimhir aitheantais chánach: 7017084932

KPP: 701701001

Is cuideachta thionsclaíoch mhíleata é JSC “Research Institute of Semiconductor devices”. Forbraíonn sé teicneolaíochtaí agus táirgeann sé comhpháirteanna leictreonacha, don tionscal míleata go príomha. Mar shampla, cruthaíonn an chuideachta mion LEDanna is féidir a úsáid mar chuid de threalamh sainchuspóireach, lena n-áirítear chun oibríochtaí a chumasú i ndálaí adhaimsire.

Dá bhrí sin, tá JSC “Research Institute of Semiconductor Devices” ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

603.

Closed Joint Stock Company “Moscow Mechanical Plant of Special Equipment”

Rúisis: Закрытое Акционерное Общество “Московский Механический Завод Специального Оборудования”

ar a dtugtar freisin CJSC “Moscow Mechanical Plant of Special Equipment”

ar a dtugtar freisin ZAO “MMZSO”

Seoladh: 121357, Moscow, Municipal District Mozhaisky, Vereiskaya Street, D. 29a, building 1, floor 2, room 1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic dúnta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 20.2.2007

Uimhir chlárúcháin: 1075032002682

Uimhir aitheantais chánach: 5032164385

KPP: 773101001

Is cuideachta Rúiseach é CJSC “Moscow Mechanical Plant of Special Equipment” a fhorbraíonn trealamh míleata, lena n-áirítear trealamh teicniúil do longa de chuid chabhlach na Rúise, a thacaíonn le cumais chosanta na tíre. Tá an chuideachta ceadúnaithe ag Aireacht Tionscail agus Trádála Chónaidhm na Rúise chun airm agus trealamh míleata a mhonarú, a dhíol, a dheisiú, a chothabháil, a shuiteáil agus a thástáil.

Dá bhrí sin, tá CJSC “Moscow Mechanical Plant of Special Equipment” ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

604.

Joint Stock Company “Polymer”

Rúisis: Акционерное Общество “Полимер”

ar a dtugtar freisin JSC “Polymer”

ar a dtugtar freisin АО “Полимер”

Seoladh: 4 Proizvodstvennaya Street, Chapeavsk, 446100, Samara region, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 8.12.2002

Uimhir chlárúcháin: 1026303177119

Uimhir aitheantais chánach: 6335005315

Is cuideachta é JSC Polymer atá lonnaithe sa Rúis agus atá comhtháite i struchtúr NPK Tekhmash JSC, atá mar chuid de State Corporation Rostec, atá freagrach as an gclár armála Stáit a fhorghníomhú agus as na horduithe cosanta Stáit a chomhlíonadh. Tá sé speisialaithe i monarú arm, armlóin agus pléascán, agus soláthraíonn sé a tháirgí d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus do chuideachtaí choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Mar a mhínigh Ard-Stiúrthóir JSC Polymer, tá méadú tagtha ar tháirgeadh míleata na cuideachta ó 2022 i leith d’fhonn freagairt ar riachtanais Fhórsaí Armtha na Rúise i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá JSC Polymer ina chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise agus tá sé ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

19.7.2025

605.

Joint Stock Company “Scientific Production Enterprise ‘Rubin’”

Rúisis: Акционерное Общество “Научно-Производственное Предприятие ‘Рубин’”

ar a dtugtar freisin JSC “Scientific Production Enterprise ‘Rubin’”

ar a dtugtar freisin JSC NPP Rubin

ar a dtugtar freisin АО НПП Рубин

Seoladh: 440015 Penzenskaya Oblast, city of Penza, Baydukova Street, bldg. 2, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 5.12.2003

Uimhir chlárúcháin: 1035802518531

Uimhir aitheantais chánach: 5835049453

Tá JSC “Scientific Production Enterprise ‘Rubin’” ar cheann de phríomhchuideachtaí thionscal cosanta na Rúise a mhonaraíonn córais shoghluaiste um rialú agus cumarsáid uathoibrithe atá deartha le haghaidh feidhmeanna míleata. Tá ceadúnas Stáit gníomhach ag an gcuideachta sa Rúis chun airm agus trealamh míleata a chothabháil agus a sheirbhísiú. Tá ról suntasach aici i slabhra soláthair Fhórsaí Armtha na Rúise, agus soláthraíonn sí saintrealamh míleata dóibh. Ar na córais éagsúla a tháirgtear d’arm na Rúise tá an córas rialaithe aerchosanta “Magistr-SV”, a imscaradh i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá JSC “Scientific Production Enterprise ‘Rubin’” ina chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise agus tá sé ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

19.7.2025

606.

Joint Stock Company “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant”

Rúisis: Акционерное Общество “Алексинский опытный механический завод”

ar a dtugtar freisin JSC “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant”

ar a dtugtar freisin JSC “AEMP”

ar a dtugtar freisin АО “АОМЗ”

Seoladh: 10, Metallistov Str., 301365, Aleksin, Tula Region, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Uimhir chlárúcháin: 1127154040122

Uimhir aitheantais chánach: 7111504768

Teileafón: 17.7.20257 (48753) 5-94-05

Facs: 17.7.20257 (48753) 5-60-37

Rphost: mail@aleksinomz.ru

Suíomh ghréasáin: http://www.aleksinomz.ru

Táirgeann JSC “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant” airm in Tula i gCónaidhm na Rúise. Cuireadh le liosta eagraíochtaí straitéiseacha Rialtas na Rúise é in 2022. Tá an chuideachta mar chuid freisin de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus tacaíonn sé go hábharach leis, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. Thug Leas-Cheann Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise cuairt ar JSC “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant” chun cigireacht a dhéanamh ar tháirgeadh arm, agus d’óstáil an chuideachta cruinniú de mheitheal Choimisiún Tionsclaíoch Míleata Chónaidhm na Rúise. Léiríonn aitheantas JSC “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant” agus rannpháirtíocht Rialtas na Rúise a thábhacht straitéiseach in earnáil cosanta na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSC “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá JSC “Aleksinsky Experimental Mechanical Plant” mar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise.

19.7.2025

607.

Joint Stock Company “State Ryazan Instrument Plant”

Rúisis: Акционерное Общество “Государственный Рязанский приборный завод”

ar a dtugtar freisin JSC “State Ryazan Instrument Plant”

ar a dtugtar freisin JSC “GRPZ”

ar a dtugtar freisin АО “ГРПЗ”

Seoladh: 32 Seminarskaya Str., 390000, Ryazan, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Uimhir chlárúcháin: 1116234013598

Dáta clárúcháin: 20.12.2011

Uimhir aitheantais chánach: 6234098539

Is é JSC “State Ryazan Instrument Plant” an fiontar Rúiseach is mó a dhéanann táirgeadh srathach agus a thacaíonn le córais radair agus trealamh cumarsáide.

Is é príomhréimse gníomhaíochta na cuideachta radair, trealamh loingseoireachta raidió agus trealamh raidió cianrialaithe a mhonarú, trealamh a úsáidtear i scairdeitleáin trodaíochta mar shampla MiG-29, Su-27, Su-30, Su-35 agus scairdeitleáin trodaíochta den chúigiú glúin Su-57 (T-50) agus i héileacaptair mar shampla Mi 8, Mi 17, Mi-35 agus Mi-28N. Tá ceadúnas Stáit gníomhach ag JSC “State Ryazan Instrument Plant” freisin lena gceadaítear dó cothabháil agus seirbhísiú ar airm agus ar threalamh míleata a sholáthar.

Dá bhrí sin, tá JSC “State Ryazan Instrument Plant” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, mar sholáthróir trealaimh mhíleata d’fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise, tá JSC “State Ryazan Instrument Plant” ag tacú le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise.

19.7.2025

608.

Joint Stock Company “NPO Stekloplastik named after N.N. Trofimov”

Rúisis: Акционерное Общество “НПО Стеклопластик имени Н.Н. Трофимова”

ar a dtugtar freisin JSC “NPO Stekloplastik named after N.N. Trofimov”

ar a dtugtar freisin NPO Stekloplastik

Seoladh: 141551, Moscow region, Solnechnogorsk urban district, Andreevka urban settlement, building 3A/4, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.12.1992

Uimhir chlárúcháin: 1035008852097

Uimhir aitheantais chánach: 5044000039

KPP: 504401001

Is é JSC “NPO Stekloplastik named after N.N. Trofimov” an lárionad eolaíoch agus táirgthe is mó sa Rúis atá tiomnaithe d’ábhair snáithíní gloine agus a gcomhchodaigh a chruthú.

Sna chéad trí ráithe de 2024, sholáthair JSC “NPO Stekloplastik named after N.N. Trofimov” a tháirgí go díreach do shaoráidí táirgthe Iskander, lena n-áirítear do ghléasraí ina ndéantar diúracáin Iskander a chóimeáil, d’fhorbróir dhiúracán Iskander, agus do ghléasra a mhonaraíonn innill roicéad soladacha. Ina theannta sin, sholáthair an chuideachta táirgí d’fhiontair iomadúla eile i gcoimpléasc míleata agus tionsclaíoch Chónaidhm na Rúise atá faoi réir bearta sriantacha.

Ó 2021 i leith, tá méadú seasta tagtha ar ioncam iomlán na cuideachta, rud a léiríonn go bhfuil sí rannpháirteach go gníomhach i ngeilleagar cogaidh na Rúise.

Dá bhrí sin, tá JSC “NPO Stekloplastik named after N.N. Trofimov” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

19.7.2025

609.

Limited Liability Company “Open Systems Development Technology”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Технология Pазвития Открытых Систем”

ar a dtugtar freisin LLC “Open Systems Development Technology”

ar a dtugtar freisin LLC “TROS”

ar a dtugtar freisin OOO “T.P.O.C.”

ar a dtugtar freisin LLC “T.R.O.S”

Seoladh: 105082, Cónaidhm na Rúise, Moscow, Bolshaya Pochtovaya Street., 26 “B”, bldg. 1, room 401

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 6.12.2014

Uimhir chlárúcháin: 5147746464256

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chánach: 7706818288

KPP: 770101001

Is eintiteas atá lonnaithe sa Rúis é LLC “Open Systems Development Technology” a sholáthraíonn trealamh miotalóireachta. Ó forchuireadh bearta sriantacha an Aontais lena dtoirmisctear deileanna a onnmhairiú chuig an Rúis, tá baint ghníomhach ag LLC “Open Systems Development Technology” le teacht timpeall ar na bearta sriantacha sin trí ghníomhú mar fhaighteoir deileanna arna n-onnmhairiú go neamhdhleathach atá lonnaithe sa Rúis. Is trí scéim allmhairiúcháin arna heagrú ag Sergey Ushko, Stiúrthóir LLC “Open Systems Development Technology”, a sholáthraíonn sí meaisín-uirlisí (lena n-áirítear deileanna) de thionscnamh an Aontais chuig an Rúis. Dá bhrí sin, is eintiteas é LLC “Open Systems Development Technology” a thagann timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais trí ghníomhaíochtaí darb aidhm nó dar toradh bac a chur ar fhorálacha Chinnidh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

19.7.2025

610.

Limited Liability Company “Inroel”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Инроел”

ar a dtugtar freisin LLC “INROEL”

Seoladh: Cathair Pheadair, Arsenalnaya st., building 4, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 5.8.2021

Uimhir chlárúcháin: 1217800120724

Uimhir aitheantais chánach: 7811763398

Soláthraíonn LLC “Inroel” seirbhísí próiseála miotail do chuideachtaí in earnáil cosanta na Rúise, lena n-áirítear roinnt cuideachtaí a bhí faoi réir bhearta sriantacha an Aontais chun córais arm a mhonarú a bhíonn á n-úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Áirítear ar chustaiméirí LLC “Inroel” JSC Concern VKO Almaz-Antey, JSC “Equality”, LLC “Special Technology Center”, JSC “Radio Engineering Equipment Plant”, JSC Concern “Granit-Electron” agus JSC “Plant named after A.A. Kulakov”. Sainaithnítear ar phríomhshuíomh gréasáin LLC “Inroel” freisin go bhfuil an tionscal cosanta ar cheann de na hearnálacha a dhéanann orduithe leis an gcuideachta.

Dá bhrí sin, tá LLC “Open Systems Development Technology” ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

19.7.2025

611.

Public Joint Stock Company “Yakutsk Fuel and Energy Company”

Rúisis: Публичное Акционерное Общество “Якутская Топливно-Энергетическая Компания”

ar a dtugtar freisin PJSC “Yakutsk Fuel and Energy Company”

Seoladh: 678214, Republic of Sakha (Yakutia), Vilyuysky U., P. Kysyl-SYR, Lenin Str. 4, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 20.11.2002 / 16.5.1964

Uimhir chlárúcháin: 1021401062187

Uimhir Aitheantais Chánach: 1435032049

KPP: 141001001

Is cuideachta Rúiseach é PJSC “Yakutsk Fuel and Energy Company” atá gníomhach i réimse an táirgthe agus na taiscéalaíochta fuinnimh agus béim ar leith á leagan aici ar ghás nádúrtha (GNL). Is í a oibríonn Yaktuia LNG Project atá beartaithe. Áirítear PJSC “Yakutsk Fuel and Energy Company” freisin ar liosta na bhfiontar de chuid Chónaidhm na Rúise a bhfuil tábhacht straitéiseach leo sa choimpléasc breosla agus fuinnimh.

Dá bhrí sin, tá PJSC “Yakutsk Fuel and Energy Company” bainteach leis an earnáil eacnamaíoch a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do rialtas Chónaidhm na Rúise.

19.7.2025

612.

Shandong ODES Industry Co. Ltd.

Sínis: 山东奥德斯工业股份有限公司

Seoladh: Zibo Comprehensive Bonded Zone Cotton North District Cotton 4-8# (cód poist 250000), Daon-Phoblacht na Síne

Seoladh: Warehouse No. 4, 5, 6, 7, 8, Zibo Bonded Logistics Park, Zibo High-tech Industrial Development Zone, Shandong Province (cód poist 255086), Daon-Phoblacht na Síne

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 7.11.2007

Cód creidmheasa sóisialta aontaithe: 91370303MA3ERW0G0M

Cód fiontair allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin: 3700MA3ERW0G0

Is cuideachta Shíneach é Shandong ODES Industry Co. Ltd. a mhonaraíonn agus a dhíolann feithiclí uile-thír-raoin (ATVanna). Tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, thosaigh an chuideachta ag soláthar ATVanna d’Fhórsaí Armtha na Rúise, a úsáideadh le haghaidh oibríochtaí míleata san Úcráin.

Dá bhrí sin, tá Shandong ODES Industry Co. Ltd ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

19.7.2025

613.

Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta “Ulyanovsk Machine Tool Plant”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Ульяновский станкостроительный завод”

ar a dtugtar freisin LLC “Ulyanovsk Machine Tool Plant”

Seoladh: 432072, Ulyanovsk Region, G Ulyanovsk, General-Leutenant Badanova Street, Building 1, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 4.6.2012

Uimhir Chlárúcháin: 1127325003706

Uimhir aitheantais chánach: 7325113708

Is cuideachta Rúiseach é LLC “Ulyanovsk Machine Tool Plant” a bhfuil speisialtóireacht aige i dtáirgeadh meaisín-uirlisí Computer Numerical Control agus, dá bhrí sin, tá sé gníomhach i réimse tábhachtach do choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise. Bhí an chuideachta faoi úinéireacht na gcuideachtaí Gearmánacha Gildemeister Beteiligungen GmbH agus DMG Mori roimhe seo. I mí Feabhra 2024, bhí LLC “Ulyanovsk Machine Tool Plant” faoi réir urghabháil sócmhainní a ordaíodh le foraithne ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise agus aistríodh í chuig Gníomhaireacht Chónaidhme na Rúise um Bainistiú Maoine Stáit (Rosimushchestvo).

Dá bhrí sin, d’aistrigh Rialtas Chónaidhm na Rúise úinéireacht agus rialú LLC “Ulyanovsk Machine Tool Plant” go héigeantach chuig Rosimushchestvo gan toiliú ó eintitis an Aontais a raibh sé faoina úinéireacht nó a bhí á rialú roimhe sin.

19.7.2025

614.

Wuhan Global Sensor Technology Co. Ltd

Sínis: 武汉高芯科技有限公司

ar a dtugtar freisin GSTiR

Seoladh: No. 6 Huanglongshan South Rd, Wuhan 430205, Daon-Phoblacht na Síne

Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Daon-Phoblacht na Síne

Dáta clárúcháin: 28.4.2013

Cód Creidmheasa Sóisialta Aontaithe: 914201000668186736

Is cuideachta Shíneach teicneolaíochta agus leictreonaice é Wuhan Global Sensor Technology Co. Ltd. Seachadann sé earraí míleata leictreonacha, cuir i gcás brathadóirí infridhearga agus comhpháirteanna optúla eile, do choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, agus tacaíonn le táirgeadh earraí míleata d’Fhórsaí Armtha na Rúise dá réir sin.

Dá bhrí sin, tá Wuhan Global Sensor Technology Co. Ltd ag tacú go hábharach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise.

19.7.2025

615.

Joint Stock Company Scientific and Production Enterprise “Military Technologies”

Rúisis: Акционерное общество Научно-Производственное Предприятие “Военные Технологии”

ar a dtugtar freisin JSC NPP “Military Technologies”

ar a dtugtar freisin АО НПП “Военные Технологии”

Seoladh: Serdobolskaya street 65, Cathair Pheadair, 197342, Cónaidhm na Rúise

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.3.2007

Uimhir Chlárúcháin: 1077847228447

Uimhir aitheantais chánach: 7813374541

Is fiontar cosanta Rúiseach é JSC Scientific and Production Enterprise “Military Technologies” a fhorbraíonn agus a mhonaraíonn trealamh míleata-teicniúil casta ardcháilíochta, córais rialaithe uathoibrithe agus bogearraí foinse oscailte agus córais tacaíochta cinnteoireachta. D’fhorbair an chuideachta, ar orduithe ó Aireacht Cosanta na Rúise, córas airtléire 1A50 Komandor-VT, a cuireadh i láthair ag fóram teicniúil míleata Arm-2023. Chun an fhorbairt sin a dhéanamh, bhain JSC Scientific and Production Enterprise “Military Technologies” úsáid as an taithí a fuarthas tráth a cuireadh a chrua-earraí agus a bhogearraí chun feidhme ag túslíne chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. In 2024, seoladh baisc dá tháibléid iniompartha, a dearadh chun dóiteán airtléire a ullmhú agus a rialú, chuig aonad airtléire lena tástáil i ndálaí comhraic.

Dá bhrí sin, tá JSC Scientific and Production Enterprise “Military Technologies” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Tá JSC Scientific and Production Enterprise “Military Technologies” ina chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise freisin.

19.7.2025

616.

Joint Stock Company Scientific and Production Association “POISK”

Rúisis: Акционерное общество “Научно-Производственное Объединение ‘ПОИСК’”

ar a dtugtar freisin JSC Scientific and Production Association “POISK”

ar a dtugtar freisin JSC NPO “POISK”

Seoladh: 188662, Leningrad region, Vsevolozhsk district, Murino, Lesnaya street 3, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 11.12.2014

Uimhir Chlárúcháin: 1144703004380

INN: 4703142849

Is príomh-mhonaróir arm agus armlóin de chuid na Rúise é JSC Scientific and Production Association “POISK” agus is príomheintiteas é freisin chun fiúsanna ilfheidhmeacha meicniúla, leictrimeicniúla agus leictreonacha a fhorbairt le haghaidh armlóin. Tá comhar seanbhunaithe aige le roinnt de mhórchuideachtaí cosanta na Rúise, cuir i gcás Tekhmash, Air Defence Concern Almaz-Antey agus Tactical Missile Weapons Corporation. Le blianta beaga anuas, tá os cionn 20 cineál éagsúla fiús forbartha ag JSC Scientific and Production Association “Poisk” le haghaidh gach cineál armlóin a úsáideann arm na Rúise ina chogadh foghach ar an Úcráin. Thairis sin, is í an chuideachta a d’fhorbair an sásra sábháilteachta agus gníomhraithe 9E133M le haghaidh na ndiúracán balaistíoch 9M723 Iskander-M.

Thairis sin, is cuid de JSC Technodinamika é JSC Company Scientific and Production association “POISK”, eintiteas atá liostaithe ag an Aontas, ar cuid de State Corporation Rostec é.

Dá bhrí sin, tá JSC Company Scientific and Production association “POISK” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Tá JSC Company Scientific and Production association “POISK” ag tacú le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Tá sé comhlachaithe freisin le JSC Technodinamika.

19.7.2025

617.

Aqua Fleet Management Limited Liability Company

Asarbaiseáinis: “Aqua Fleet Management” Məhdud Məsuliyyətli Cəmiyyəti

ar a dtugtar freisin Aqua Fleet Management LLC

Seoladh: Apartment 25, Building 5, Sulh Street, Sumqayit, an Asarbaiseáin

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: An Asarbaiseáin

Dáta clárúcháin: 15.8.2024

Uimhir IMO: 0052896

Uimhir aitheantais chánach: 2907592941

Is cuideachta é Aqua Fleet Management LLC atá cláraithe san Asarbaiseáin agus a bhainistíonn cabhlach de thrí shoitheach. Is iad seo a leanas na soithí i gcabhlach na cuideachta: EDERRA (IMO: 9258026), SAURI (IMO: 9266475) agus TEMIRO (IMO: 9209972), agus tá gach ceann acu liostaithe faoi Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES. Is é Aqua Fleet Management LLC an bainisteoir loinge agus an bainisteoir teicniúil gach ceann de na trí shoitheach. D’iompar na trí shoithigh amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna. Ina cháil mar bainisteoir loinge agus bainisteoir teicniúil na soitheach, bainistíonn agus oibríonn Aqua Fleet Management LLC, dá bhrí sin, soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna.

19.7.2025

618.

Sapang Shipping Inc

Seoladh: 12th Floor, Standard Chartered Tower, Bank Street, Cybercity, Ebene, Poblacht Oileán Mhuirís

An cineál eintitis: Incorporated

Áit chlárúcháin: Poblacht Oileán Mhuirís

Dáta clárúcháin: 11.1.2024

Uimhir Chlárúcháin: C204177

Uimhir IMO: 6474841

Is cuideachta é Sapang Shipping Inc atá cláraithe in Oileán Mhuirís agus is é úinéir cláraithe agus bainisteoir loinge tancaer amhola Argent (ar a dtugtaí JAGUAR roimhe seo, IMO: 9293002). Níl ARGENT cláraithe leis an nGrúpa Idirnáisiúnta um Chlubanna Cosanta agus Slánaíochta; dá bhrí sin, tá sé ag seoladh gan cumhdach dliteanais iontaofa. Is é an t-aon soitheach é freisin atá á bhainistiú ag Sapang Shipping Inc, rud a léiríonn go n-oibríonn sé faoi bheartas rialachais chorparáidigh neamh-thrédhearcach. Athraíodh cuideachta bainistíochtaí agus stát brataí ARGENT roinnt uaireanta le blianta beaga anuas agus sheol sí gan aon bhratach freisin. Níor fhíoraigh sé a Chórais Aitheantais Uathoibríocha roinnt uaireanta ach oiread. Is soitheach é ARGENT a d’iompair amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta iad, á ndéanamh aige ag an am céanna,. Ina cháil mar úinéir cláraithe an tancaeir agus a bhainisteoir loinge, bainistíonn agus oibríonn Sapang Shipping Inc, dá bhrí sin, soitheach a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh aige ag an am céanna.

19.7.2025

619.

Zhu Jiang Ship Management Co., Ltd

Seoladh: RM.1801, EASEY COMM. BLDG., 253-261 Hennessy Road, Wan Chai, Hong Cong

An cineál eintitis: Cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna

Áit chlárúcháin: Hong Cong

Dáta clárúcháin: 11.11.2024

Uimhir Chlárúcháin: 77314802

IMO: 0113880

Is cuideachta é Zhu Jiang Ship Management Co., Ltd atá cláraithe i Hong Cong agus is é bainisteoir teicniúil an tancaeir amhola ARGENT(ar a dtugtaí JAGUAR roimhe seo, IMO: 9293002) é. Níl ARGENT cláraithe leis an nGrúpa Idirnáisiúnta um Chlubanna Cosanta agus Slánaíochta; dá bhrí sin, tá sé ag seoladh gan cumhdach dliteanais iontaofa. Is é an t-aon soitheach é freisin atá á bhainistiú ag Zhu Jiang Ship Management Co., Ltd, rud a léiríonn go n-oibríonn sé faoi bheartas rialachais chorparáidigh neamh-thrédhearcach. Athraíodh cuideachtaí bainistíochta agus stát brataí ARGENT roinnt uaireanta le blianta beaga anuas agus sheol sí gan aon bhratach freisin. Níor fhíoraigh sé a Chórais Aitheantais Uathoibríocha roinnt uaireanta ach oiread. Is soitheach é ARGENT a d’iompair amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta iad, á ndéanamh aige ag an am céanna,. Ina cháil mar bhainisteoir teicniúil an tancaeir, bainistíonn agus oibríonn Zhu Jiang Shipmanagement Co., Ltd, dá bhrí sin, soitheach a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh aige ag an am céanna.

19.7.2025

620.

Redbird Corporate Services Ltd

Seoladh: 3rd Floor, Standard Chartered Tower, Cybercity, Ebene 72201, Poblacht Oileán Mhuirís

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Poblacht Oileán Mhuirís

Dáta clárúcháin: 27.10.2003

Uimhir Chlárúcháin: C48211

Is cuideachta é Redbird Corporate Services Ltd atá cláraithe in Oileán Mhuirís, a thairgeann seirbhísí corparáideacha agus iontaoibhe in Oileán Mhuirís. Is é gníomhaire cláraithe Sapang Shipping Inc é, cuideachta atá cláraithe in Oileán Mhuirís, arb é úinéir cláraithe agus bainisteoir loinge an tancaeir amhola é (ar a dtugtaí JAGUAR roimhe seo, IMO: 9293002). Is é ról an ghníomhaire chláraithe a chinntiú go gcomhlíontar na rialacháin áitiúla, agus is é a láimhseálann feidhmeanna riaracháin na cuideachta. Níl ARGENT cláraithe leis an nGrúpa Idirnáisiúnta um Chlubanna Cosanta agus Slánaíochta; dá bhrí sin, tá sé ag seoladh gan cumhdach dliteanais iontaofa. Is é an t-aon soitheach é freisin atá á bhainistiú ag Sapang Shipping Inc, rud a léiríonn go n-oibríonn sé faoi bheartas rialachais chorparáidigh neamh-thrédhearcach. Athraíodh cuideachta bainistíochtaí agus stát brataí ARGENT roinnt uaireanta le blianta beaga anuas agus sheol sí gan aon bhratach freisin. Níor fhíoraigh sé a Chórais Aitheantais Uathoibríocha roinnt uaireanta ach oiread. Dá bhrí sin, ós rud é gurb é gníomhaire cláraithe na cuideachta, tá baint ag Redbird Corporate Services Ltd le Sapang Shipping Inc.

19.7.2025

621.

Tarabya Logistics Ltd

Seoladh: 154A/155A, Building N280, Al Taweelah, Abú Daibí, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Uimhir IMO: 0108990

Is cuideachta é Tarabya Logistics Ltd atá lonnaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, a bhainistíonn roinnt soithí a thug faoi chleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar shampla seoltóireacht a dhéanamh le bearnaí sna Córais Aitheantais Uathoibríocha agus aistrithe ardriosca ó long go long, agus ola de thionscnamh na Rúise nó onnmhairithe ón Rúis á hiompar ag an am céanna. Dá bhrí sin, bainistíonn Tarabya Logistics Ltd soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna.

19.7.2025

622.

Limited Liability Company “Plant of Special Equipment”

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Завод Специального Оборудования”

ar a dtugtar freisin LLC “Plant of Special Equipment”

ar a dtugtar freisin OOO “ZSO”

Seoladh: 142450, Moscow Region, Bogorodsky G., G. Staraya Kupavna, G Staraya Kupavna, Tup Maly, D. 3, Pomeshch. 74, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 23.9.2005

Uimhir chlárúcháin: 1057748342629

Uimhir Cánach Aonair: 7722557040

Is cuideachta thionsclaíoch mhíleata é LLC “Plant of Special Equipment” a sholáthraíonn táirgí agus seirbhísí (mar shampla deisiú táirgí raidió-leictreonacha) do chuideachtaí, lena n-áirítear Roscosmos agus Rostec, a bhfuil baint acu le córais diúracán, córais cosanta aeir agus spáis, airm airtléire agus feithiclí armúrtha a tháirgeadh. Tá ceadúnas ag an gcuideachta a bhaineann le húsáid faisnéise ar rún Stáit í, chomh maith le ceadúnais le haghaidh cothabháil agus seirbhísiú arm agus trealaimh mhíleata arna n-eisiúint ag Aireacht Tionscail agus Trádála Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá LLC “Plant of Special Equipment” ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

623.

Joint Stock Company “Research Institute of Semiconductor Devices”

Rúisis: Акционерное Общество “Научно-Исследовательский Институт Современных Телекоммуникационных Технологий”

ar a dtugtar freisin JSC “Research Institute of Modern Telecommunication Technologies”

ar a dtugtar freisin AO “NII STT”

ar a dtugtar freisin АО “НИИ СТТ”

Seoladh: 214012, Smolensk region, Smolensk, st. Novo-Leningradskaya, 10, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 26.12.2002

Uimhir chlárúcháin: 1026701461160

Uimhir aitheantais chánach: 6730046954

Is speisialtóir é JSC “Research Institute of Modernlecommunications Technologies” i dtáirgeadh trealaimh tarchuir raidió agus teilifíse. Táirgeann sé airm agus armlón freisin. Úsáideann an Rúis táirgí JSC “Research Institute of Modern Tlecommunications Technologies” ina cogadh foghach ar an Úcráin, go háirithe a aerárthach gan foireann Merlin-VR.

Dá bhrí sin, tá JSC “esearch Institute of Modern Telecommunication Technologies” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

624.

Monolink Group FZCO

Araibis: مجموعة مونولينك ش.م.ح

ar a dtugtar freisin Axiom International

ar a dtugtar freisin EKN Trading

Seoladh: Office Number 001, Building A2, Dubai Silicon Oasis, DDP, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Uimhir chlárúcháin: DSO-ZZCO-16068

Is eintiteas é Monolink Group FZCO atá bunaithe in Dubai agus a sholáthraíonn seirbhísí lóistíochta domhanda. Soláthraíonn sé earraí allmhairithe d’earnálacha tionscail na Rúise, lena n-áirítear earnáil an fhuinnimh agus earnáil na n-eastóscán. Ina theannta sin, tá Monolink Group FZCO páirteach i scéimeanna onnmhairithe guail na Rúise.

Ina theannta sin, lean Sputnik, craoltóir raidió stát-mhaoinithe de chuid na Rúise, dá ábhar a chraoladh sna Stáit Aontaithe trí íoc as radaimhinicíochtaí trí Monolink Group FZCO.

Dá bhrí sin, tá Monolink Group FZCO ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.

19.7.2025

625.

2Rivers DMCC

ar a dtugtar freisin 2Rivers

ar a dtugtar freisin Coral Energy DMCC

Seoladh: 3902-A Unit No.1 Platinum Tower, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Áit chlárúcháin: Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dáta clárúcháin: 19.1.2018

Is cuideachta trádála ola atá bunaithe in Dubai é 2Rivers DMCC. Tá 2Rivers Group, ar a dtugtaí Coral Energy tráth, comhdhéanta de 2Rivers DMCC, in éineacht le 2Rivers PTE Ltd, ar le Vetus Investments freisin é. Cumasaíonn 2Rivers Group lastais agus onnmhairiú ola ón Rúis, go háirithe ó Rosneft, trí thionscnamh iarbhír na hola a cheilt. Go háirithe, rialaíonn 2Rivers Group cuid mhór de na soithí i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de. Leanann 2Rivers Group den líonra céanna le Coral Energy a oibriú, lena n-áirítear eintitis chomhlachaithe mar shampla Nord Axis agus Bellatrix Energy, gan beann ar an athrú ar a ainm agus a úinéireacht, mar a léirítear leis an nasc idir úinéir na cuideachta roimhe seo agus an bhainistíocht nua. Ina theannta sin, is earnáil í earnáil an fhuinnimh, go háirithe earnáil na hola, a sholáthraíonn ioncam suntasach do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá 2Rivers DMCC ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, go háirithe Airteagal 3m. Tá sé rannpháirteach freisin in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

626.

2Rivers PTE Ltd

ar a dtugtar freisin 2Rivers

ar a dtugtar freisin Coral Energy PTE Ltd

Seoladh: 336 Smith Street, #04-304, New Bridge

Centre, Singapore 050336, Singeapór

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Singeapór

Dáta clárúcháin: 11.12.2014

Uimhir chlárúcháin: 549300V3GQ2MCTQAIV68

Is cuideachta trádála ola atá bunaithe i Singeapór é 2Rivers PTE Ltd. Tá 2Rivers Group, ar a dtugtaí Coral Energy roimhe seo, comhdhéanta de 2Rivers PTE Ltd, in éineacht le 2Rivers DMCC, ar le Vetus Investments freisin é. Cumasaíonn 2Rivers Group lastais agus onnmhairiú ola ón Rúis, go háirithe ó Rosneft, trí thionscnamh iarbhír na hola a cheilt. Go háirithe, rialaíonn 2Rivers Group cuid mhór de na soithí i “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de. Leanann 2Rivers Group den líonra céanna le Coral Energy a oibriú, lena n-áirítear eintitis chomhlachaithe mar shampla Nord Axis agus Bellatrix Energy, gan beann ar an athrú ar a ainm agus a úinéireacht, mar a léirítear leis an nasc idir úinéir na cuideachta roimhe seo agus an bhainistíocht nua. Ina theannta sin, is earnáil í earnáil an fhuinnimh, go háirithe earnáil na hola, a sholáthraíonn ioncam suntasach do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá 2Rivers PTE Ltd ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, go háirithe Airteagal 3m. Tá sé rannpháirteach freisin in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

627.

Limited Liability Company “Aeroscan”

Rúisis: Общество с Ограниченной Ответственностью “Аэроскан”

ar a dtugtar freisin LLC “Aeroscan”

ar a dtugtar freisin OOO “Аэроскан”

Seoladh: 127055, Moscow, Perunovsky per. 3 building 2, floor 2 room 11, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 7.12.2017

Uimhir chlárúcháin: 1175658025179

Uimhir aitheantais chánach: 5603045794

Is oibreoir tráchtála Rúiseach é LLC Aeroscan a sholáthraíonn seirbhísí i réimsí éagsúla, mar atá an aerfótagrafaíocht, faireachán trí fhíseáin agus íomháú teirmeach agus scanadh léasair le haghaidh aerchórais gan foireann. Is cuid é freisin de grúpa cuideachtaí Zala Aero, arb é a sainréimse aerárthaí gan foireann a fhorbairt agus a tháirgeadh, go háirithe aerárthaí gan foireann taiscéalaíochta agus muinisin síománaíochta Lancet. Baineann arm na Rúise úsáid ghníomhach as muinisin síománaíochta agus aerárthaí gan foireann Z-16 ina chogadh foghach ar an Úcráin. Ina theannta sin, i gcomhar le Zala Aero Group, monaraíonn LLC Aeroscan aerárthaí gan foireann Zala Z-20, na aerárthaí gan foireann nua taiscéalaíochta míleata, lámhaigh airtléire agus faireachais láithreach catha, a úsáideann arm na Rúise freisin ina chogadh foghach ar an Úcráin.

Dá bhrí sin, tá LLC Aeroscan ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Thairis sin, tá sé ag tacú go hábharach le coimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise agus le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

628.

Milavous Group Ltd

ar a dtugtar freisin Milavous Group

ar a dtugtar freisin Milavus Group

Seoladh: ICD Brookfield Place, Trade Centre DIFC 37th Floor, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Is cuideachta loingseoireachta agus trádála tráchtearraí atá lonnaithe in Dubai é Milavous Group Ltd atá faoi stiúir Hossein Shamkhani. Úsáideann sé an chuideachta chun amhola a chumasc le táirgí peitriliam éagsúla ón Rúis lena n-athhbrandáil chun críoch onnmhairithe, sa chaoi is go ndéantar a dtionscnamh a cheilt. Dá bhrí sin, tá Milavous Group Ltd rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tá baint ag Milavous Group Ltd le Hossein Shamkhani.

19.7.2025

629.

Admiral Group

ar a dtugtar freisin Admiral Group Shipping Company

Seoladh: 903B, Sama Tower, Sheikh Zayed Road, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dáta clárúcháin: 2011

Is cuideachta loingseoireachta atá lonnaithe in Dubai é Admiral Group atá faoi stiúir Hossein Shamkhani. Úsáideann sé an chuideachta chun amhola na Rúise a iompar agus a dhíol. Dá bhrí sin, tá Admiral Group rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tá baint ag Amiral Group lena Stiúrthóir, is é sin Hossein Shamkhani.

19.7.2025

630.

Twister Shipmanagement LLC-FZ

ar a dtugtar freisin Starfish Ship Management LLC-FZ

Seoladh: 6th Floor, Meydan Grandstand, Al Meydan Road, Nad Al Sheba, Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Uimhir IMO: 0024553

Is cuideachta atá lonnaithe in Dubai é Twister Shipmanagement LLC-FZ a bhainistíonn tancaeir ola a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh aige ag an am céanna. Dá bhrí sin, tugann Twister Shipmanagement LLC-FZ tacaíocht theicniúil d’oibríochtaí soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca, mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, á ndéanamh acu ag an am céanna.

19.7.2025

631.

Joint Stock Company “Izhevsk Mechanical Plant”

Rúisis: Акционерное Общество “Ижевский механический завод”

ar a dtugtar freisin JSC “Izhevsk Mechanical Plant”

ar a dtugtar freisin JSC IMZ

Seoladh: 8 Promyshlennaya str., Izhevsk, 426063, Udmurt Republic, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 17.12.2012

Uimhir chlárúcháin: 1121841007958

Uimhir aitheantais chánach: 1841030037

Tá JSC “Izhevsk Mechanical Plant” ar cheann de na monaróirí ilphróifíle is mó sa Rúis, agus áirítear ar a phríomhtháirgí airm chomhraic, comhpháirteanna le haghaidh córais diúracán, agus teilgin ardchruinnis. Táirgeann sé airm d’Fhórsaí Armtha na Rúise a oibríonn san Úcráin. Dá bhrí sin, tá JSC “Izhevsk Mechanical Plant” ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá sé mar chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

19.7.2025

632.

Limited Liability Company “Volgotrans”

Oбщество с ограниченной ответственностью “Bолготранс”

ar a dtugtar freisin LLC “Vogotrans”

ar a dtugtar freisin ООО “Волготранс”

Seoladh: Belorusskaya 132, Samara, Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 30.9.2009

Uimhir chlárúcháin: 1096317003970

Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chánach: 6317079434

Is cuideachta Rúiseach é LLC Volgotrans a oibríonn cabhlach tancaer agus a iompraíonn amhola agus táirgí ola ar muir, lena n-áirítear chun críoch onnmhairithe. Soláthraíonn an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, ioncam suntasach do Rialtas Chónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, is eintiteas é LLC Volgotrans atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

633.

Federal State Unitary Enterprise “Morozov Plant”

Rúisis: Федеральное Государственное Унитарное Предприятие “Завод Имени Морозова”

ar a dtugtar freisin FSUE “Morozov Plant”

Seoladh: 188679, Leningrad region, Vsevolozhsk district, urban settlement of Morozov, st. Chekalova, 3, Russian Federation

An cineál eintitis: Fiontar Aonadach an Stáit Chónaidhme

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 25.2.2003

Uimhir chlárúcháin: 1034700561895

Uimhir aitheantais chánach: 4703009607

Is fiontar Stáit é FSUE “Morozov Plant” a bhfuil baint aige le táirgeadh armlóin agus trealaimh mhíleata do Rialtas na Rúise. Dá bhrí sin, tá FSUE “Morozov Plant” ina chuid de choimpléasc tionsclaíoch agus míleata na Rúise.

19.7.2025

634.

Joint Stock Company “Ploshchad”

Rúisis: Акционерное Общество “Площадь”

ar a dtugtar freisin JSC “Ploshchad”

ar a dtugtar freisin JSC “Square”

Seoladh: 109380, Moscow, Lyublino Municipal District, Chaginskaya st. 4, Building 13, Room 9/3, Russian Federation

An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 10.7.2023

Uimhir chlárúcháin: 1237700463032

Uimhir aitheantais chánach: 9723203841

Suíomh gréasáin: https://areasystems.tech/

Is cuideachta Rúiseach é JSC “Ploshchad” atá speisialaithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme córas róbataice a sholáthraíonn réitigh chuimsitheacha le haghaidh aerárthaí gan foireann. Tá baint aici, in éineacht le KB Microb, le dearadh agus monarú aerárthaí gan foireann FPV, Microb agus Microb-10 atá á n-úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá JSC “Ploshchad” freagrach, go háirithe, as córas fála sprice na n-aerárthaí gan foireann sin a fhorbairt.

Tar éis d’Fhórsaí Armtha na Rúise tástáil rathúil a dhéanamh ar na haerárthaí gan foireann sin sa dara leath de 2024, lena n-áirítear i limistéar na coinbhleachta san Úcráin, seachadadh níos mó ná 3 000 aerárthach gan foireann chuig arm na Rúise faoi mhí Eanáir 2025.

Dá bhrí sin, tá JSC “Ploshchad” ina chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise trí bheith ag glacadh páirt i bhforbairt na teicneolaíochta míleata agus an trealaimh mhíleata, agus tá sé ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

19.7.2025

635.

Limited Liability Company “Krafttek”

Rúisis: Общество с ограниченной ответственностью “Крафттек”

ar a dtugtar freisin LLC “Krafttek”

ar a dtugtar freisin LLC “Crafftech”

Seoladh: 196006, St. Petersburg, Vn. Ter. G, Moskovskaya Zastava Municipal District, Moskovsky, Avenue 120A, Building 1, Room 23-N, Russian Federation

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 18.8.2015

Uimhir chlárúcháin: 1157847282603

Uimhir aitheantais chánach: 7840038027

Suíomh gréasáin: https://crafttech.ru/

Is comhtháthú suntasach córais agus forbróir bogearraí sa Rúis é LLC “Krafttek”. Tá an chuideachta freagrach as trádáil mhórdhíola bogearraí, agus as trádáil mhórdhíola i dtrealamh ríomhaireachta, i dtrealamh teileachumarsáide agus i dtrealamh oifige eile. In 2024, le sonraí poiblí léiríodh go raibh monaróirí míleata na Rúise in ann micrishliseanna iartharacha a úsáid chun trealamh míleata a tháirgeadh. D’allmhairigh LLC “Krafttek” na huirlisí agus an trealamh a bhí riachtanach chun micrishliseanna den sórt sin a mhonarú, allmhairiú a chuaigh timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais. Ó forchuireadh bearta sriantacha an Aontais lena dtoirmisctear onnmhairiú micrishliseanna agus trealaimh monaraíochta micrishliseanna chuig an Rúis, tá LLC “Krafttek” rannpháirteach go gníomhach sa teacht timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais trí ghníomhú mar fhaighteoir earraí agus teicneolaíochtaí arna n-onnmhairiú go neamhdhleathach agus é lonnaithe sa Rúis. Dá bhrí sin, is eintiteas é LLC “Krafttek” a thagann timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais trí ghníomhaíochtaí darb aidhm nó dar toradh bac a chur ar thoirmisc Chinnidh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle. Thairis sin, trí chomhpháirteanna a bheith á soláthar aige do thionscal na Rúise, tá LLC “Krafttek” ag tacú le rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

636.

Intershipping Services Limited Liability Company

ar a dtugtar freisin Intershipping Services LLC

Seoladh: Al Shorafa Tower 2 Office no 1903, 19th Floor,

Sheikh Rashid Bin Humaid Al Nuaimi Street

Rashidiya 3, P.O Box: 4295, Ajman, United Arab Emirates

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Is eintiteas é Intershipping Services LLC atá bunaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Oibríonn sé clár brataí idirnáisiúnta na Gabúine, a bhfuil soithí á gcur faoi bhratach aige tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar soithí iad a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise, lena n-áirítear soithí atá faoi rialú Sovcomflot.

Trí chaidreamh theaghlach a úinéara, agus trína oifig Indiach atá cláraithe mar Intershipping Services Hub Private Limited, tá clár brataí idirnáisiúnta Oileáin Chomóra á oibriú ag Intershipping Services LLC freisin, a bhfuil soithí á gcur faoi bhratach aige tar éis bhearta sriantacha an Iarthair i gcoinne “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de, a thabhairt isteach, ar soithí iad a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise.

Bíonn roinnt de na soithí a bhfuil bratach ar foluain acu trí chláir bhrataí idirnáisiúnta na Gabúine agus Oileáin Chomóra ag gabháil go rialta do chleachtais loingseoireachta ardriosca. Áirítear ar na cleachtais sin gan árachas dliteanais leordhóthanach a choinneáil ar bun, oibríochtaí neamhshábháilte a dhéanamh, bearta a dhéanamh d’aon ghnó chun brath long a sheachaint mar shampla an Córas Sainaitheanta Uathoibríocha a mhúchadh nó gan a bheith ag oibriú faoi bheartas trédhearcach rialachais chorparáidigh lena n-áirithítear leas agus sábháilteacht na ndaoine ar bord agus cosaint na muirthimpeallachta.

Dá bhrí sin, tugann Intershipping Services LLC tacaíocht d'oibríochtaí soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta á ndéanamh acu ag an am céanna.

19.7.2025

637.

Intershipping Services Hub Private Limited

ar a dtugtar freisin Intershipping Services Hub Private Ltd.

Seoladh: 302, 3rd Floor, Sushmore, Linking Road, Khar (W), Mumbai – 400052, Maharashtra, India

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: An India

Dáta clárúcháin: 2.11.2018

Uimhir chlárúcháin: 316730

Uimhir aitheantais chánach: U74990MH2018PTC316730

Is eintiteas é Intershipping Services Hub Private Limited atá lonnaithe san India, mar bhrainse áitiúil Intershipping Service LLC, eintiteas atá lonnaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Oibríonn Intershipping Service LLC clár brataí idirnáisiúnta na Gabúine, a bhfuil soithí á gcur faoi bhratach aige tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar soithí iad a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise, lena n-áirítear soithí atá faoi rialú Sovcomflot.

Tá clár brataí idirnáisiúnta Oileáin Chomóra á oibriú ag Intershipping Services Hub Private Limited freisin, a bhfuil soithí á gcur faoi bhratach aige tar éis bhearta sriantacha an Iarthair i gcoinne “scáthchabhlach” na Rúise, mar a ghairtear de, a thabhairt isteach, ar soithí iad a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise.

Bíonn roinnt de na soithí a bhfuil bratach ar foluain acu trí chláir bhrataí na Gabúine agus Oileáin Chomóra ag gabháil go rialta do chleachtais loingseoireachta ardriosca. Áirítear ar na cleachtais sin gan árachas dliteanais leordhóthanach a choinneáil ar bun, oibríochtaí neamhshábháilte a dhéanamh, bearta a dhéanamh d’aon ghnó chun brath long a sheachaint mar shampla an córas sainaitheanta uathoibríocha a mhúchadh nó gan a bheith ag oibriú faoi bheartas trédhearcach rialachais chorparáidigh lena n-áirithítear leas agus sábháilteacht na ndaoine ar bord agus cosaint na muirthimpeallachta.

Dá bhrí sin, tá baint ag Intershipping Services Hub Private Limited le Intershipping Service LLC agus tá tacaíocht á tabhairt aige do shoithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad, agus bainistíonn sé na soithí sin agus cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta á ndéanamh acu ag an am céanna.

19.7.2025

638.

Public Law Company “Territorial Development Fund”

Rúisis: Публично-правовая компания “Фонд развития территорий”

ar a dtugtar freisin Territorial Development Fund

Seoladh: Moscó, Yuzhnoportovy Municipal District, Sharikopodshipnikovskaya St. 2.5 Cónaidhm na Rúise

An cineál eintitis: Cuideachta Dlí Phoiblí

Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

Dáta clárúcháin: 20.10.2017

Clár uimhir: 5177746100032

Is cuideachta dlí phoiblí í Territorial Development Fund a fheidhmíonn faoi Aireacht Foirgníochta Chónaidhm na Rúise agus a bhunaigh Rialtas Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, leis an Territorial Development Fund bainistítear an saorchrios eacnamaíoch, mar a ghairtear de, i gcríocha Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, a chruthaigh Rialtas Chónaidhm na Rúise chun sochair agus pribhléidí a dheonú do chuideachtaí a oibríonn sna críocha sin atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach.

Dá bhrí sin, tá Territorial Development Fund ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus den chobhsaíocht agus den tslándáil san Úcráin, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

19.7.2025

639.

Nayara Energy Limited

Seoladh: 5th Floor, Jet Airways Godrej BKC, Plot No. C-68 G Block, Bandra Kurla Complex, Bandra East, Mumbai – 400 051, Maharashtra, an India

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: An India

Dáta clárúcháin: 11.9.1989

Uimhir Aitheantais Chorparáideach (UAC): U11100GJ1989PLC032116

Is eintiteas é Nayara Energy Limited atá bunaithe san India agus a oibríonn scaglann thábhachtach in Vadinar. Tá 49 % den scaglann sin faoi úinéireacht Rosneft, cuideachta ola Stáit de chuid na Rúise, agus is scagaire mór amhola Rúiseach í. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Nayara Energy rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

19.7.2025

640.

ACE Electronic HK Co., Limited

ar a dtugtar freisin ACE (HK) Electronics Technology Co., Ltd

Seoladh: 18F Block B, World Trade Plaza, No. 9 Fuhong Road, Futian District, Shenzhen, Daon-Phoblacht na Síne

Seoltaí eile: 9F International Technology Building No. 3007, Shennan Avenue, Futian District, Shenzhen, Daon-Phoblacht na Síne;

E2 Unit, 22/F Kingsway Industrial Building Phase II, 147-175 Wo Yi Hop Road, Kwai Chung, New Territories, Hong Cong;

E2 Unit, 22/F Kingsway Industrial Building Phase II, 167-175 Wo Yi Hop Road, Kwai Chung, New Territories, Hong Cong;

Room 1021, Bailey Commercial Centre, 87-105 Chatham Road South, Tsim Sha Tsui, Kowloon, Hong Cong;

Unit 04 7/F Bright Way Tower, No. 33 Mong Kok Road, Kowloon, Hong Cong

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Hong Cong

Cláruimhir ghnó: 69987857

Cláruimhir na cuideachta: 2756979

Suíomh gréasáin: www.ace-chip.com

Is eintiteas é ACE Electronic HK Co., Limited (“ACE Electronic”) atá cláraithe in Hong Cong agus a sholáthraíonn comhpháirteanna leictreonacha do thionscail de chuid na Rúise, lena n-áirítear an tionscal míleata. Is cuideachtaí tionsclaíocha míleata iad cuid de chomhpháirtithe na cuideachta iad féin, mar shampla CJSC “NPF ‘Micran’”, a tháirgíonn córas rialaithe comhraic. Feidhmíonn comhpháirtithe eile den chuideachta, mar shampla LLC NPK Fotonika, mar idirghabhálaithe a sholáthraíonn comhpháirteanna do chuideachtaí tionsclaíocha míleata. Mar gheall ar thomhaltas ard táirgí míleata, tá tionscal míleata na Rúise ag brath ar allmhairiú leathsheoltóirí agus comhpháirteanna leictreonacha eile. Ó forchuireadh bearta sriantacha an Aontais lena dtoirmisctear onnmhairiú comhpháirteanna leictreonacha éagsúla chuig an Rúis, tá ACE Electronic rannpháirteach go gníomhach i gcomhpháirteanna leictreonacha, lena n-áirítear gléasanna leathsheoltóra, a chur ar fáil do fhaighteoirí atá lonnaithe sa Rúis.

Dá bhrí sin, is eintiteas é ACE Electronic atá ag tacú go hábharach le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Rúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt, táirgeadh nó soláthar teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

641.

Bellatrix Energy Limited

ar a dtugtar freisin Bellatrix Energy

ar a dtugtar freisin BX Energy Ltd

Seoladh: Unit 601, 6/F of Mill 5 of the Mills, 45 Pak Tin Par Street, Hong Cong

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: Hong Cong

Cláruimhir ghnó: 72465672

Is cuideachta é Bellatrix Energy Limited atá lonnaithe in Hong Cong agus atá mar chuid de líonra cuideachtaí, eagraithe thart ar an 2Rivers Group, trínar féidir ola Rúiseach a loingsiú agus a onnmhairiú, go háirithe ó Rosneft, agus tá an seoladh céanna ag scairshealbhóirí in Dubai agus cuidíonn siad le hola Rúiseach a sciúradh trí aistrithe ó long go long. Tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráine in 2022, tháinig Bellatrix Energy Limited chun bheith ina thrádálaí tábhachtach ola de thionscnamh cuideachtaí móra Rúiseacha. Cuireann an earnáil fuinnimh, go háirithe an earnáil ola, cuid mhór ioncaim ar fáil do Rialtas na Rúise.

Dá bhrí sin, tá Bellatrix Energy Limited ag cur bac suntasach ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, go háirithe Airteagal 3m. Tá sé rannpháirteach freisin in earnálacha eacnamaíocha ar foinse shuntasach ioncaim iad do rialtas Chónaidhm na Rúise, arb é atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Tá baint ag Bellatrix Energy freisin le 2Rivers DMCC agus 2Rivers PTE LTD.

19.7.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1478/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)