European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1474

21.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1474 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1770.

(2)

An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/2201 (2) chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2017/1775 (4) ón gComhairle, agus lenar bunaíodh creat nua lena ndéantar foráil do bhearta sriantacha breise a fhorchur ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais lena gcuirtear síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí i mbaol, nó a bhí comhpháirteach iontu nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, sna gníomhaíochtaí nó beartais sin, nó a chuireann bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí nó chun an bonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

(3)

I bhfianaise athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770, chinn an Chomhairle gur cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha a scriosadh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 251, 29.9.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1770/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2201 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2201/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2208/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1775/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn Ia ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770, scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

‘3.

MAÏGA, Choguel’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1474/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)