|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1471 |
19.7.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1471 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2025
lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1). |
|
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise go raibh oibríocht mhíleata á seoladh san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Ba shárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. |
|
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 19 Feabhra 2024, cháin an Chomhairle go láidir an tacaíocht leanúnach a thugann réimeas na Bealarúise do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus d’iarr sí ar an mBealarúis staonadh ón ngníomhaíocht sin agus cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta. |
|
(4) |
I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht leanúnach na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach. |
|
(5) |
Go háirithe, is iomchuí toirmeasc breise a chur ar ar airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a sholáthar ón mBealarúis. |
|
(6) |
Chun éifeachtacht na mbeart sriantach a fhorchuirtear mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a neartú, is gá aghaidh a thabhairt ar an riosca go rachfaí timpeall ar na bearta sin trí onnmhairí indíreacha trí thríú tíortha. D’fhéadfadh earraí agus teicneolaíocht áirithe rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó lena hearnáil cosanta agus slándála a fhorbairt, lena n-áirítear nuair a onnmhairítear iad ar mhaithe leo a bheith beartaithe le haghaidh úsáid deiridh shibhialtach, mar dhea. Cumhdaítear le toirmeasc ar onnmhairí indíreacha earraí atá faoi réir bearta sriantacha a onnmhairiú, lena n-áirítear trí thríú tír. Ba cheart do na húdaráis inniúla gníomhaíocht choisctheach thráthúil a dhéanamh i gcás inarb ann don riosca inchreidte go ndéanfaí na hearraí sin a onnmhairítear chuig tríú tíortha a atreorú chuig an Bhealarúis ar deireadh. Dá bhrí sin, is iomchuí go soláthraítear sásra roghnach riaracháin do na Ballstáit lena gcuirtear ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta réamhúdarú a éileamh maidir le honnmhairiú na n-earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála chuig aon tríú tír, i gcás inar cuireadh in iúl don onnmhaireoir go bhfuil cúis leordhóthanach ann le bheith in amhras go bhféadfadh ceann scríbe deiridh na n-earraí a bheith sa Bhealarúis nó go bhféadfadh úsáid deiridh na n-ítimí a bheith d’eintitis na Bealarúise. Níl sé i gceist leis an mbeart seo srian ginearálta nua a fhorchur ach uirlis éifeachtach chomhréireach a thabhairt do na Ballstáit lena bhféadfar aon teacht timpeall a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na bearta sriantacha a imscrúdú agus a chosc, agus léirmhíniú comhchuibhithe agus soiléireacht dhlíthiúil á n-áirithiú d’onnmhaireoirí ag an am céanna. Leis an mbeart seo, ba cheart nach ndéanfaí difear do raon feidhme chlásal an toirmisc ar onnmhairiú indíreach. Is faoi rogha na mBallstát atá sé a chinneadh an bhfuil an beart sin nó an clásal maidir le toirmeasc indíreach ar onnmhairiú le cur i bhfeidhm mar shásra forfheidhmithe i gcásanna ina bhféadfadh ceann scríbe deiridh na n-earraí a bheith sa Bhealarúis nó ina bhféadfadh úsáid deiridh na n-earraí a bheith d’eintitis na Bealarúise. |
|
(7) |
Is iomchuí freisin an toirmeasc atá ann cheana ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar d’institiúidí creidmheasa áirithe ón mBealarúis agus dá bhfochuideachtaí Bealarúiseacha, atá ábhartha do chóras airgeadais na Bealarúise agus atá faoi réir bearta sriantacha atá forchurtha ag an Aontas cheana féin, an toirmeasc sin a leathnú chun idirbhearta a chumhdach. Ina theannta sin, is iomchuí díolúintí a chur leis a bhaineann le feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát nó na dtíortha comhpháirtíochta sa Bhealarúis agus, a bhaineann leis na hidirbhearta a dhéanann náisiúnaigh de Bhallstát a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis. Is iomchuí maolú a chur leis freisin le haghaidh idirbhearta a bhfuil géarghá leo chun dífheistiú a dhéanamh ón Bhealarúis nó chun gníomhaíochtaí gnó sa Bhealarúis a fhoirceannadh. Meabhraítear nach bhfuil éifeacht sheach-chríochach ag bearta sriantacha an Aontais, agus nach bhfuil siad ina gceangal ar na hoibreoirí a ionchorpraítear faoi dhlíthe tríú tíortha, lena n-áirítear oibreoirí Bealarúiseacha. Dá bhrí sin, idirbhearta idir daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a ionchorpraítear nó atá comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a bhfochuideachtaí i dtríú tíortha, ní cháilíonn siad mar shárú ar an toirmeasc sin, lena n-áirítear má tá baint ag institiúidí creidmheasa nó airgeadais atá faoi réir an toirmisc leis na hidirbhearta sin. Tá na díolúintí agus an maolú in Airteagal 2y de Chinneadh 2012/642/CBES gan dochar don toirmeasc ar oibreoirí san Aontas seirbhísí teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar do na heintitis in Iarscríbhinn V. |
|
(8) |
Ina theannta sin, is iomchuí liosta na n-earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála a leathnú, trí earraí a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin agus earraí a rannchuidíonn le forbairt nó táirgeadh chórais mhíleata na Bealarúise, lena n-áirítear réamhtheachtaithe ceimiceacha ábhar fuinneamhachais, páirteanna spártha le haghaidh meaisín-uirlisí, meaisíní breise um ríomhrialú uimhriúil (CNC) agus ceimiceáin ar cuid de thiomántáin iad a liostú. |
|
(9) |
Thairis sin, is iomchuí liosta na n-earraí atá faoi srianta ar onnmhairiú a leathnú, ar earraí iad a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise, cuir i gcás innealra, ceimiceáin agus miotail agus plaistigh áirithe. Chun an baol go rachfaí timpeall ar bhearta sriantacha a laghdú, meastar gur iomchuí freisin liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta atá faoi réir an toirmisc ar idirthuras trí chríoch na Bealarúise a leathnú. |
|
(10) |
Aon urghaire, ordú, faoiseamh, breithiúnas ó chúirt seachas cúirt de chuid Ballstáit nó cúirt eile, cinneadh eadrána nó riaracháin arna eisiúint in imeachtaí seachas iad sin sna Ballstáit de bhun imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát i ndáil le bearta arna bhforchur faoi Chinneadh 2012/642/CBES, níor cheart do na Ballstáit, agus urraim chuí á tabhairt dá n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme, iad a aithint ná a fhorfheidhmiú. Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach an chlásail neamhnaithe éilimh a mheas mar bheartas poiblí an Aontais agus na mBallstát chun críocha dámhachtainí eadrána nó cinntí breithiúnacha nó riaracháin a aithint agus a fhorfheidhmiú. Mar thoradh air sin, má aithníonn nó má fhorfheidhmíonn na Ballstáit urghaire, ordú, faoiseamh, breithiúnas ó chúirt seachas cúirt de chuid Ballstáit nó cúirt eile, cinneadh eadrána nó riaracháin a eisíodh le linn imeachtaí seachas imeachtaí sna Ballstáit de bhun nó a dhíorthaítear ó imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát a bhféadfadh sásamh aon éileamh i ndáil le bearta a fhorchuirtear faoi Chinneadh 2012/642/CBES a bheith mar thoradh orthu, ba cheart a mheas gur sárú é sin ar bheartas poiblí an Aontais agus na mBallstát. Ba cheart don fhoráil sin a bheith gan dochar don oibleagáid atá ar Bhallstát páirt a ghlacadh in imeachtaí a thionscnaítear ina choinne agus é féin a chosaint in imeachtaí a thionscnaítear ina coinne agus a iarraidh go n aithneofar agus go bhforfheidhmeofar dámhachtain lena ndeonaítear aisíocaíocht costas dóibh. |
|
(11) |
Cé go bhfuil toirmeasc ar shásamh éileamh i ndáil le bearta arna bhforchur faoi Chinneadh 2012/642/CBES, lena n áirítear in imeachtaí um réiteach lasmuigh den chúirt, tá fianaise ann a thugann le fios go bhféachann nó go bhféadfadh sé go bhféachfadh daoine, eintitis nó comhlachtaí Rúiseacha nó daoine, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú thar ceann ceann amháin de na daoine, eintitis nó comhlachtaí Rúiseacha sin, nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú na ndaoine, na n eintiteas nó na gcomhlachtaí sin, le himeachtaí um réiteach díospóidí a thionscnamh agus a shaothrú ar bhonn mí-úsáideach lasmuigh den Aontas, i ndáil le bearta arna bhforchur faoi Chinneadh 2012/643/CBES, nó go bhféachann siad, nó go bhféadfadh sé go bhféachfadh siad, le haitheantas nó forfheidhmiú dámhachtainí eadrána a fháil go neamhdhleathach, ar dámhachtainí iad arna ndeonú trí na himeachtaí mí-úsáideacha sin um réiteach díospóidí. Is gá, dá bhrí sin, é a chur ar a chumas na n-údarás inniúil nó an Aontais, i gcás inarb infheidhme, aon damáiste a rinneadh, lena n áirítear costais dlí agus costais arna dtabhú i gcás neamhchomhlíonadh na dámhachtana eadrána ag an bpáirtí eile, a aisghabháil in imeachtaí os comhair cúirt de chuid Ballstáit ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin agus ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, mar thoradh ar réiteach díospóide idir infheisteoir agus Stát i ndáil le bearta arna bhforchur faoi Chinneadh 2012/642/CBES, ar choinníoll gur feidhmíodh gach leigheas dlí atá ar fáil sa dlínse ábhartha. Ba cheart do na húdaráis inniúla damáistí den sórt sin a aisghabháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus le gnáthrialacha an dlí idirnáisiúnta. |
|
(12) |
I gcás ina mbeidh ar Bhallstáit dul i ngleic le dámhachtainí eadrána a tugadh ina gcoinne in imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát i ndáil le bearta arna bhforchur faoi Chinneadh 2012/642/CBES, ba cheart dóibh aon agóid atá ar fáil dóibh a agairt in imeachtaí intíre nó eachtracha chun dámhachtainí den sórt sin a aithint agus a fhorfheidhmiú. Áirítear leis sin an agóid a chur isteach go mbeadh aithint nó forfheidhmiú na dámhachtana contrártha do bheartas poiblí na tíre ina n-iarrtar aithint agus forfheidhmiú, de bhun Choinbhinsiún 1958 maidir le Dámhachtainí Eadrána Eachtracha a Aithint agus a Fhorfheidhmiú. |
|
(13) |
Ba cheart cur i bhfeidhm fhoráil forum necessitatis a leathnú. |
|
(14) |
Is iomchuí freisin an teideal ar Iarscríbhinn II a leasú, chun na forálacha ábhartha uile ina ndéantar tagairt don Iarscríbhinn sin a chur san áireamh. |
|
(15) |
Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1aa 1. Beidh toirmeasc ar airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha le haghaidh na nithe thuasluaite, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach san Aontas, go díreach nó go hindíreach , más de thionscnamh na Bealarúise iad nó má onnmhairítear ón mBealarúis iad. 2. Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar don allmhairiú, ceannach nó aistriú a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 1b mar seo a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 2d mar seo a leanas
|
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2n: ‘Airteagal 2n 1. Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
2. Ní aithneofar, ní thabharfar éifeacht ná ní fhorfheidhmeofar i mBallstát aon urghaire, ordú, faoiseamh, breithiúnas ó chúirt bhreithiúnach seachas cúirt de chuid Ballstáit nó cúirt eile, cinneadh eadrána nó riaracháin arna eisiúint in imeachtaí seachas na himeachtaí sin sna Ballstáit de bhun imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát in aghaidh Ballstáit nó a eascraíonn as na himeachtaí sin, ar imeachtaí iad a bhféadfadh sásamh aon éileamh i ndáil le bearta arna bhforchur faoin gCinneadh seo a bheith mar thoradh orthu, má dhéanann aon duine, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (d), nó daoine, eintitis nó comhlachtaí ar leo na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin nó a rialaíonn iad, é a agairt. 3. Ní aithneofar, ní thabharfar éifeacht ná ní fhorfheidhmeofar i mBallstát aon iarraidh ar chúnamh le linn imscrúdaithe nó imeachtaí eile, ná aon phionós ná pionós eile atá bunaithe ar urghaire, ordú, faoiseamh, breithiúnas cúirte seachas cúirt de chuid Ballstáit nó cúirt eile, aon chinneadh eadrána nó riaracháin arna eisiúint in imeachtaí seachas iad siúd sna Ballstáit de bhun imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát i gcoinne Ballstáit nó a eascraíonn astu i dtaca le bearta arna bhforchur faoin gCinneadh seo, má dhéanann aon duine, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (d), nó daoine, eintitis nó comhlachtaí ar leo na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin nó a rialaíonn iad, é a agairt. 4. In aon imeachtaí chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1. 5. Tá an tAirteagal seo gan dochar do cheart na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an gCinneadh seo.’ |
|
(5) |
cuirtear na hairteagail seo isteach: ‘Airteagal 2nd Déanfaidh aon Bhallstát, i gcás inarb infheidhme, aon bhearta iomchuí chun aon damáistí díreacha nó indíreacha, lena n-áirítear costais dlí, arna dtabhú ag an mBallstát sin mar thoradh ar imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát arna dtionscnamh in aghaidh Ballstáit i dtaca le bearta arna bhforchur faoin gCinneadh seo, a ghnóthú nó a bheith i dteideal iad a aisghabháil, in imeachtaí breithiúnacha os comhair cúirteanna inniúla Ballstáit. Beidh an Ballstát i dteideal, i gcás inarb infheidhme, damáistí den sórt sin a aisghabháil ó aon duine, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2n(1), pointí (a), (b), (c) nó (d), a thionscain, a rinne idirghabháil nó a ghlac páirt sa réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát nó a fhéachann le haon dámhachtain, cinneadh nó breithiúnas a bhaineann leis an réiteach díospóidí idir infheisteoir agus Stát agus daoine, eintitis nó comhlachtaí ar leo nó a rialaíonn aon cheann de na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin a fhorfheidhmiú. I gcás inarb infheidhme, beidh an tAontas i dteideal aon damáistí arna dtabhú aige a ghnóthú faoi na coinníollacha céanna. Airteagal 2nb Déanfaidh na Ballstáit aon agóid atá ar fáil i gcoinne aithint agus forfheidhmiú dámhachtainí eadrána a rinneadh ina gcoinne in imeachtaí um réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus an Stát i ndáil le bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo.’ |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 2y mar seo a leanas:
|
|
(7) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal agus cheanntheideal Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES:
‘IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 2c(7), 2d(7) AGUS 2da’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1471/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)