|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1469 |
19.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1469 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2025
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha Rúise faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. |
|
(2) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, ba cheart ocht n-eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 134, 20.5.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/765/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’:
|
|
Ainmneacha Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise |
Ainmneacha (Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise) |
Faisnéis Aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
‘48. |
State-owned Foreign Trade Unitary Enterprise Belvneshpromservice |
Дзяржаўнае знешнегандлёвае ўнітарнае прадпрыемства Белзнешпрамсэрвіс Государственное внешнеторговое унитарное предприятие Белвнешпромсервис |
Seoladh: 2 Kazinets Str., Mionsc, 220099, An Bhealarúis Dáta clárúcháin: 14.7.1992 Uimhir Aitheantais Chánach: 100128724 Teileafón: + 375 17 272 07 08 Facs: + 375 17 260 18 87 Rphost: reception@bvpservice.com Suíomh gréasán: https://www.bvpservice.by/ Daoine aonair comhlachaithe: Ard-Stiúrthóir Aleksandr Yakovlevich Anischenko |
Bunaíodh State-owned Foreign Trade Unitary Enterprise Belvneshpromservice chun táirgí cosanta na Bealarúise a chur chun cinn i margaí eachtracha. Déanann sé speisialtóireacht in onnmhairiú táirgí ardteicneolaíochta chun críoch míleata agus tá sé de cheart aige earraí míleata a uasghrádú, a dheisiú agus a sholáthar d’Aerchosaint, Aerfhórsa agus Fórsaí Talún na Bealarúise. Dá bhrí sin, tá an State-owned Foreign Trade Unitary Enterprise Belvneshpromservice ag tacú le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise. |
19.7.2025 |
|
49. |
OKB TSP Scientific Production Limited Liability Company |
Науково-виробниче товариство з обмеженою відповідальністю “ОКБ ТСП” Научно-производственное общество с ограниченной ответственностью “ОКБ ТСП” |
Seoladh: Frantsiska Skoriny Street, building 1, unit 21, 220076 Mionsc, an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 8.7.2002 Uimhir Aitheantais Chánach: 190369982 Teileafón: + 375 17 311 05 69 Rphost: tsp@tspbel.com Suíomh gréasán: https://sdc.okbtsp.com |
Is cuideachta cosanta é OKB TSP Scientific Production Limited Liability Company a bhfuil baint aici le forbairt, táirgeadh agus dearadh arm. Tá ceadúnais mhonaraíochta agus trádála eachtraí aige arna n-eisiúint ag an Údarás Stáit um Thionscal Míleata Phoblacht na Bealarúise. Táirgeann sé trealamh ar nós feithiclí míleata agus córais frith-aerárthaí. Dá bhrí sin, is eintiteas é OKB TSP Scientific Production Limited Liability Company ar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é. |
19.7.2025 |
|
50. |
KB Unmanned Helicopters (UAVHeli) |
КБ Беспілотныя Верталёты ООО КБ Беспилотныйе вертолеты |
Seoladh: d. 47, korp. 14 ul. Yanki Mavra Mionsc, 220015 an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 27.4.2017 Uimhir chlárúcháin: 192807396 |
Is cuideachta Bhealarúiseach é KB Unmanned Helicopters (UAVHeli) a tháirgeann aerárthaí agus trealamh aerárthaí. Táirgeann an chuideachta héileacaptair gan foireann atá feistithe agus deartha go sonrach lena n-úsáid i gcomhthéacs míleata. Dá bhrí sin, is eintiteas é KB Unmanned Helicopters ar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
19.7.2025 |
|
51. |
Legmash Plant OJSC ar a dtugtar freisin ZAVOD SHVEINKH MASHIN OAO ar a dtugtar freisin OTKRYTOE AKTSIONERNOE Obschestvo BELORUSSKIY METALLURGICHESKIY ZAVOD ar a dtugtar freisin OTKRYTOE AKTSIONERNOE OBSCHESTVO ZAVOD LEGMASH |
Адкрытае акцыянернае таварыства Завод “Легмаш” |
Seoladh: Vostochny Lane, 17, Orsha, 211390, an Bhéalarúis Dáta clárúcháin: 6.5.1994 Uimhir chlárúcháin: 300228934 Teileafón: +375 216 42 00 91 Suíomh gréasán: https://legmash.by/ Rphost: legmash@vitebsk.by |
Is gléasra Bealarúiseach é Legmash Plant OJSC a tháirgeann sliogáin 152-mm agus 122-mm le haghaidh airtléire canónach (lena n-áirítear howitzers D-30, D-20, Msta-B, Giatsint-B, agus na modhnuithe féinghluaiste díobh). Monaraíonn an tsaoráid freisin roicéid 122 mm neamhthreoraithe den líne 9M22U-1 don il-lainseálaí roicéad 9K51 Grad MLRS. Dá bhrí sin, is eintiteas é Legmash Plant OJSC ar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é. Faigheann Legmash Plant OJSC sochair chánach fhorleathana, arna rialú ag reachtaíocht uachtaránachta agus ag Rialtas na Bealarúise. Dá bhrí sin, tá Legmash Plant OJSC ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka freisin. |
19.7.2025 |
|
52 |
Research and Production Unitary Enterprise “Scientific and Technical Center ‘LEMT’ BelOMO” ar a dtugtar freisin UP NTTS LEMT BELOMO |
Науково-виробниче унітарне підприємство “Науково-технічний центр ‘ЛЕМТ’ БєлОМО” |
Seoladh: D. 23, korp. 1, Nezhiloe pomeshchenie, Makaenka street, Mionsc, 220114, an Bhealarúis An cineál eintitis: Fiontar faoi Úinéireacht an Stáit Áit chlárúcháin: an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 26.5.1992 Uimhir chlárúcháin: 100230590 |
Tá Scientific and Technical Center “LEMT” na Bealarúise faoi úinéireacht an fhiontair stáit BelOMO. Monaraíonn LEMT treoracha agus córais optúla le haghaidh gnáth-arm, raonaimsitheoirí léasair, módúil tomhaiste faid atá bunaithe ar léasair dé-óide, agus córais rialaithe lámhaigh léasair. Úsáidtear treoracha LEMT i raidhfilí uathoibríocha AK-12 arna dtáirgeadh ag Kalashnikov na Rúise. Dá bhrí sin, is cuid é LEMT de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata. |
19.7.2025 |
|
53. |
Laser Devices and Technologies ar a dtugtar freisin Laser Devices and Technologies Limited Liability Company |
Общество с ограниченной ответственностью “Лазерные приборы и технологии” Таварыства з абмежаванай адказнасцю “Лазерныя прыборы і тэхналогіі” |
Seoladh: Tsentralnaya Street, House 2, Room 116, Demidovichsky Village Council, Yutski Village, Dzerzhinsky District, Minsk Region, an Bhealarúis An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta Áit chlárúcháin: an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 10.2.2017 Uimhir chlárúcháin: 691827047 Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis |
Is cuideachta Bhealarúiseach é LLC Laser Devices and Technologies, ar a dtugtaí LLC Laboratory of Additive Technologies tráth, arb iad gaiscéid an speisialtóireacht atá aige. Soláthraíonn sé comhpháirteanna d’úsáideoirí deiridh míleata, cuir i gcás Peleng agus Uralvagonzavod. Soláthraíonn an chuideachta páirteanna freisin chun treoracha lánléargais (PKP) a tháirgeadh do thancanna T-72 agus T-90 na Rúise. Dá bhrí sin, soláthraíonn LLC Laser Devices and Technologies comhpháirteanna d’earnálacha míleata agus tionsclaíocha na Bealarúise, agus tacaíonn sé ar an gcaoi sin le dul chun cinn míleata agus teicneolaíoch na tíre, chomh maith le forbairt a cumas cosanta agus slándála. |
19.7.2025 |
|
54. |
JSC Vistan ar a dtugtar freisin Open Joint Stock Company “VISTAN” |
Адкрытае акцыянернае таварыства “ВIСТАН” Открытое акционерное общество “ВИСТАН” |
Seoladh: Dimitrova street, 36/7, 210627, Vitebsk, an Bhealarúis An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Oscailte Áit chlárúcháin: Vitebsk, an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 1.2.1994 Uimhir chlárúcháin: 300029332 Príomhionad gnó: an Bhealarúis Suíomh gréasáin: https://vistan.ru/index.html Ríomhphost: comintern@tut.by info@vistan.ru |
Is monaróir Bealarúiseach meaisín-uirlisí é JSC Vistan; ar na meaisín-uirlisí a mhonaraíonn sé, tá lárphointí meaisínithe RRU, líomhadóirí sorcóireacha, meaisíní líofa gan lár, trealamh próiseála giaranna, agus deileanna. Is teicneolaíochtaí dé-úsáide iad sin a úsáidtear chun earraí míleata a tháirgeadh. Onnmhairíonn JSC Vistan os cionn 60 % dá tháirgí chuig an Rúis agus soláthraíonn sé meaisín-uirlisí d’fhiontair Rúiseacha a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear JSC “Krasny Oktyabr”. Is cuid de chlár ionadaithe allmhairí idir an Bhealarúis agus an Rúis í an chuideachta agus tá cistiú dar luach US$15 000 000 á fháil aici, le tacaíocht airgeadais stáit na Rúise, chun an táirgeadh meaisíní próiseála giaranna a leathnú. Ina theannta sin, fuair JSC Vistan cistiú ó rialtas na Rúise chun tionscadail eitlíochta straitéiseacha a fhorbairt, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn sé le coimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise. Dá bhrí sin, is cuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é JSC Vistan agus rannchuidíonn sé le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, agus le forbairt a hearnála cosanta agus slándála. |
19.7.2025 |
|
55. |
Rukhservomotor LLC ar a dtugtar freisin OOO Ruchservomotor ar a dtugtar freisin TAA Ruchservamator ar a dtugtar freisin OOO Rukhservomotor ar a dtugtar freisin Limited Liability Company “Rukhservomotor” |
TAA Рухсерваматор OOO Рухсервомотор |
Seoladh: 5 Montazhnikov Street, 220019, Mionsc, an Bhealarúis An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta Áit chlárúcháin: an Bhealarúis Dáta clárúcháin: 24.2.2000 Uimhir chlárúcháin: 800002497 Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis Suíomh gréasáin: https://eng.e-motors.tech/, Teileafón: + 375 17 390 54 47 +375 17 390 30 76 Facs: + 375 17 390 54 48 Ríomhphost: info@e-motors.tech |
Is cuideachta Bhealarúiseach é Rukhservomotor LLC a dhíríonn ar chórais bheacht-chomhordanáidithe a fhorbairt agus a mhonarú. Soláthraíonn sé earraí a bhfuil úsáid deiridh mhíleata leo do chuideachtaí ar úsáideoirí deiridh míleata iad. Tá an chuideachta rannpháirteach freisin i dtáirgeadh treoracha lánléargais (PKP) do thancanna T-72 agus T-90 na Rúise. Dá bhrí sin, is cuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é Rukhservomotor LLC agus rannchuidíonn sé le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, agus le forbairt a hearnála cosanta agus slándála. |
19.7.2025’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1469/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)