European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1461

19.7.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2025/1461 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2025

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES.

(2)

I bhfianaise thromchúis na staide, ba cheart ocht n-eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Ina theannta sin, is iomchuí eintiteas nua a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, is é sin liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe chun earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cé is moite de na leasuithe ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, a thiocfaidh i bhfeidhm an lá tar éis lá foilsithe an Chinnidh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn I, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)’:

 

Ainmneacha

Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise)

Faisnéis Aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘48.

State-owned Foreign Trade Unitary Enterprise Belvneshpromservice

Дзяржаўнае знешнегандлёвае ўнітарнае прадпрыемства Белзнешпрамсэрвіс

Государственное внешнеторговое унитарное предприятие Белвнешпромсервис

Seoladh: 2 Kazinets Str., Mionsc, 220099, An Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 14.7.1992

Uimhir Aitheantais Chánach: 100128724

Teileafón: + 375 17 272 07 08

Facs: + 375 17 260 18 87

Rphost: reception@bvpservice.com

Suíomh gréasán: https://www.bvpservice.by/

Daoine aonair comhlachaithe: Ard-Stiúrthóir Aleksandr Yakovlevich Anischenko

Bunaíodh State-owned Foreign Trade Unitary Enterprise Belvneshpromservice chun táirgí cosanta na Bealarúise a chur chun cinn i margaí eachtracha. Déanann sé speisialtóireacht in onnmhairiú táirgí ardteicneolaíochta chun críoch míleata agus tá sé de cheart aige earraí míleata a uasghrádú, a dheisiú agus a sholáthar d’Aerchosaint, Aerfhórsa agus Fórsaí Talún na Bealarúise. Dá bhrí sin, tá an State-owned Foreign Trade Unitary Enterprise Belvneshpromservice ag tacú le coimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise.

19.7.2025

49.

OKB TSP Scientific Production Limited Liability Company

Науково-виробниче товариство з обмеженою відповідальністю “ОКБ ТСП”

Научно-производственное общество с ограниченной ответственностью “ОКБ ТСП”

Seoladh: Frantsiska Skoriny Street, building 1, unit 21, 220076 Mionsc, an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 8.7.2002

Uimhir Aitheantais Chánach: 190369982

Teileafón: + 375 17 311 05 69

Rphost: tsp@tspbel.com

Suíomh gréasán: https://sdc.okbtsp.com

Is cuideachta cosanta é OKB TSP Scientific Production Limited Liability Company a bhfuil baint aici le forbairt, táirgeadh agus dearadh arm. Tá ceadúnais mhonaraíochta agus trádála eachtraí aige arna n-eisiúint ag an Údarás Stáit um Thionscal Míleata Phoblacht na Bealarúise. Táirgeann sé trealamh ar nós feithiclí míleata agus córais frith-aerárthaí. Dá bhrí sin, is eintiteas é OKB TSP Scientific Production Limited Liability Company ar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é.

19.7.2025

50.

KB Unmanned Helicopters (UAVHeli)

КБ Беспілотныя Верталёты

ООО КБ Беспилотныйе вертолеты

Seoladh: d. 47, korp. 14 ul. Yanki Mavra Mionsc, 220015 an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 27.4.2017

Uimhir chlárúcháin: 192807396

Is cuideachta Bhealarúiseach é KB Unmanned Helicopters (UAVHeli) a tháirgeann aerárthaí agus trealamh aerárthaí. Táirgeann an chuideachta héileacaptair gan foireann atá feistithe agus deartha go sonrach lena n-úsáid i gcomhthéacs míleata.

Dá bhrí sin, is eintiteas é KB Unmanned Helicopters ar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

51.

Legmash Plant OJSC

ar a dtugtar freisin ZAVOD SHVEINKH MASHIN OAO

ar a dtugtar freisin OTKRYTOE AKTSIONERNOE Obschestvo BELORUSSKIY METALLURGICHESKIY ZAVOD

ar a dtugtar freisin OTKRYTOE AKTSIONERNOE OBSCHESTVO ZAVOD LEGMASH

Адкрытае акцыянернае таварыства Завод “Легмаш”

Seoladh: Vostochny Lane, 17, Orsha, 211390, an Bhéalarúis

Dáta clárúcháin: 6.5.1994

Uimhir chlárúcháin: 300228934

Teileafón: +375 216 42 00 91

Suíomh gréasán: https://legmash.by/

Rphost: legmash@vitebsk.by

Is gléasra Bealarúiseach é Legmash Plant OJSC a tháirgeann sliogáin 152-mm agus 122-mm le haghaidh airtléire canónach (lena n-áirítear howitzers D-30, D-20, Msta-B, Giatsint-B, agus na modhnuithe féinghluaiste díobh). Monaraíonn an tsaoráid freisin roicéid 122 mm neamhthreoraithe den líne 9M22U-1 don il-lainseálaí roicéad 9K51 Grad MLRS. Dá bhrí sin, is eintiteas é Legmash Plant OJSC ar chuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é.

Faigheann Legmash Plant OJSC sochair chánach fhorleathana, arna rialú ag reachtaíocht uachtaránachta agus ag Rialtas na Bealarúise. Dá bhrí sin, tá Legmash Plant OJSC ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka freisin.

19.7.2025

52.

Research and Production Unitary Enterprise “Scientific and Technical Center ‘LEMT’ BelOMO”

ar a dtugtar freisin UP NTTS LEMT BELOMO

Науково-виробниче унітарне підприємство “Науково-технічний центр ‘ЛЕМТ’ БєлОМО”

Seoladh: D. 23, korp. 1, Nezhiloe pomeshchenie, Makaenka street, Mionsc, 220114, an Bhealarúis

An cineál eintitis: Fiontar faoi Úinéireacht an Stáit

Áit chlárúcháin: an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 26.5.1992

Uimhir chlárúcháin: 100230590

Tá Scientific and Technical Center “LEMT” na Bealarúise faoi úinéireacht an fhiontair stáit BelOMO. Monaraíonn LEMT treoracha agus córais optúla le haghaidh gnáth-arm, raonaimsitheoirí léasair, módúil tomhaiste faid atá bunaithe ar léasair dé-óide, agus córais rialaithe lámhaigh léasair. Úsáidtear treoracha LEMT i raidhfilí uathoibríocha AK-12 arna dtáirgeadh ag Kalashnikov na Rúise. Dá bhrí sin, is cuid é LEMT de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise, lena n-áirítear trí bheith rannpháirteach i bhforbairt agus i dtáirgeadh teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata.

19.7.2025

53.

Laser Devices and Technologies

ar a dtugtar freisin Laser Devices and Technologies Limited Liability Company

Общество с ограниченной ответственностью “Лазерные приборы и технологии”

Таварыства з абмежаванай адказнасцю “Лазерныя прыборы і тэхналогіі”

Seoladh: Tsentralnaya Street, House 2, Room 116, Demidovichsky Village Council, Yutski Village, Dzerzhinsky District, Minsk Region, an Bhealarúis

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 10.2.2017

Uimhir chlárúcháin: 691827047

Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis

Is cuideachta Bhealarúiseach é LLC Laser Devices and Technologies, ar a dtugtaí LLC Laboratory of Additive Technologies tráth, arb iad gaiscéid an speisialtóireacht atá aige. Soláthraíonn sé comhpháirteanna d’úsáideoirí deiridh míleata, cuir i gcás Peleng agus Uralvagonzavod. Soláthraíonn an chuideachta páirteanna freisin chun treoracha lánléargais (PKP) a tháirgeadh do thancanna T-72 agus T-90 na Rúise.

Dá bhrí sin, soláthraíonn LLC Laser Devices and Technologies comhpháirteanna d’earnálacha míleata agus tionsclaíocha na Bealarúise, agus tacaíonn sé ar an gcaoi sin le dul chun cinn míleata agus teicneolaíoch na tíre, chomh maith le forbairt a cumas cosanta agus slándála.

19.7.2025

54.

JSC Vistan

ar a dtugtar freisin Open Joint Stock Company “VISTAN”

Адкрытае акцыянернае таварыства “ВIСТАН”

Открытое акционерное общество “ВИСТАН”

Seoladh: Dimitrova street, 36/7, 210627, Vitebsk, an Bhealarúis

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Oscailte

Áit chlárúcháin: Vitebsk, an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 1.2.1994

Uimhir chlárúcháin: 300029332

Príomhionad gnó: an Bhealarúis

Suíomh gréasáin: https://vistan.ru/index.html

Ríomhphost: comintern@tut.by

info@vistan.ru

Is monaróir Bealarúiseach meaisín-uirlisí é JSC Vistan; ar na meaisín-uirlisí a mhonaraíonn sé, tá lárphointí meaisínithe RRU, líomhadóirí sorcóireacha, meaisíní líofa gan lár, trealamh próiseála giaranna, agus deileanna. Is teicneolaíochtaí dé-úsáide iad sin a úsáidtear chun earraí míleata a tháirgeadh. Onnmhairíonn JSC Vistan os cionn 60 % dá tháirgí chuig an Rúis agus soláthraíonn sé meaisín-uirlisí d’fhiontair Rúiseacha a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear JSC “Krasny Oktyabr”. Is cuid de chlár ionadaithe allmhairí idir an Bhealarúis agus an Rúis í an chuideachta agus tá cistiú dar luach US$15 000 000 á fháil aici, le tacaíocht airgeadais stáit na Rúise, chun an táirgeadh meaisíní próiseála giaranna a leathnú.

Ina theannta sin, fuair JSC Vistan cistiú ó rialtas na Rúise chun tionscadail eitlíochta straitéiseacha a fhorbairt, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn sé le coimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise. Dá bhrí sin, is cuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é JSC Vistan agus rannchuidíonn sé le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, agus le forbairt a hearnála cosanta agus slándála.

19.7.2025

55.

Rukhservomotor LLC

ar a dtugtar freisin OOO Ruchservomotor

ar a dtugtar freisin TAA Ruchservamator

ar a dtugtar freisin OOO Rukhservomotor

ar a dtugtar freisin Limited Liability Company “Rukhservomotor”

TAA Рухсерваматор

OOO Рухсервомотор

Seoladh: 5 Montazhnikov Street, 220019, Mionsc, an Bhealarúis

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chlárúcháin: an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 24.2.2000

Uimhir chlárúcháin: 800002497

Príomhionad gnó: Mionsc, an Bhealarúis

Suíomh gréasáin: https://eng.e-motors.tech/,

https://lasercut.by/

Teileafón: + 375 17 390 54 47

+375 17 390 30 76

Facs: + 375 17 390 54 48

Ríomhphost: info@e-motors.tech

Is cuideachta Bhealarúiseach é Rukhservomotor LLC a dhíríonn ar chórais bheacht-chomhordanáidithe a fhorbairt agus a mhonarú. Soláthraíonn sé earraí a bhfuil úsáid deiridh mhíleata leo do chuideachtaí ar úsáideoirí deiridh míleata iad. Tá an chuideachta rannpháirteach freisin i dtáirgeadh treoracha lánléargais (PKP) do thancanna T-72 agus T-90 na Rúise.

Dá bhrí sin, is cuid de choimpléasc míleata agus tionsclaíoch na Bealarúise é Rukhservomotor LLC agus rannchuidíonn sé le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise, agus le forbairt a hearnála cosanta agus slándála.

19.7.2025’

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

‘Legmash Plant OJSC’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1461/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)