|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1459 |
25.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1459 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Iúil 2025
maidir leis na maoluithe ar na rialacha tionscnaimh a leagtar síos i bPrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú Eora–Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile, a bhfuil feidhm acu laistigh de chuótaí le haghaidh táirgí áirithe ón Túinéis
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 58(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Glacadh Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), trí Phrótacal 4 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin (2) an 22 Eanáir 2025 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an dáta sin. |
|
(2) |
Le hAirteagal 6 de Phrótacal 4 déantar foráil maidir le maoluithe ar na rialacha tionscnaimh a leagtar amach sa Phrótacal sin faoi chuimsiú na gcuótaí bliantúla a dheonaítear don Túinéis ar feadh tréimhse 5 bliana. Is gá, dá bhrí sin, na coinníollacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe sin i gcás allmhairí ón Túinéis. |
|
(3) |
Le hAirteagal 1(1) d’Fhoscríbhinn B a ghabhann le Prótacal 4, foráiltear, maidir leis an teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na maoluithe, go mbeidh sí faoi réir an cruthúnas tionscnaimh ábhartha a chur faoi bhráid na n-údarás custaim. |
|
(4) |
Le hAirteagal 1(4) d’Fhoscríbhinn B a ghabhann le Prótacal 4, foráiltear go mbainisteoidh an tAontas na taraif-chuótaí sin ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Bainisteoidh an Coimisiún na cuótaí sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3). |
|
(5) |
Chun cur i bhfeidhm agus bainistiú éifeachtach na gcuótaí a dheonaítear faoi Phrótacal 4 a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 22 Eanáir 2025, arb é sin dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail sin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Osclaítear cuótaí bliantúla an Aontais le haghaidh earraí de thionscnamh na Túinéise mar a leagtar amach san Iarscríbhinn agus beidh feidhm acu ar feadh tréimhse 5 bliana.
Airteagal 2
Chun tairbhiú de na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 6 de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú, beidh deimhniú gluaiseachta EUR.1, mar a leagtar amach sa Phrótacal sin, ag gabháil leis na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn, agus beidh an ráiteas seo a leanas sa Fhraincis i mbosca 7: ‘Dérogation – Appendice B du Protocole 4’.
Airteagal 3
Déanfar na cuótaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 4
Stadfar de na tarraingtí a dhéantar as gach cuóta bliantúil ar an bhfichiú lá oibre de chuid an Choimisiúin tar éis dheireadh na tréimhse bliantúla. I gcás ina n-úsáidtear níos lú ná 85 % de mhéid an chuóta bhliantúil liostaithe i mbliain N, féadfar an leithdháileadh den chuóta le haghaidh na líne sonraí sin a thabhairt anonn, suas le teorainn 15 % den chuóta le haghaidh bhliain N, go dtí an bhliain N+1 ina dhiaidh sin.
Airteagal 5
I gcomhthéacs bhainistiú na dtáirgí a thairbhíonn de na cuótaí bliantúla liostaithe, nuair a ídítear cuóta, méadaítear a mhéid tosaigh go huathoibríoch faoi 10 % de mhéid iomlán an chuóta dá bhforáiltear i mbliain N+1. Beidh méid an chuóta le haghaidh bhliain N+1 teoranta ansin do 90 %. Cuirtear na méideanna nach n-úsáidtear i mbliain N leis an 90 % sin den chuóta le haghaidh bhliain N+1.
Airteagal 6
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críoch bainistithe cuótaí, ciallóidh ‘bliain’, le haghaidh na chéad bhliana, an tréimhse 12 mhí ón 22 Eanáir 2025, arb é sin dáta theacht i bhfeidhm Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú agus, le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin, an tréimhse 12 mhí ó dheireadh na bliana roimhe sin.
Airteagal 7
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.
(2) Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis an 22 Eanáir 2025 lena leasaítear an Comhaontú Eora–Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile, trí Phrótacal Uimh. 4 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin a ionadú (IO L, 2025/324, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/324/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
IARSCRÍBHINN
D’ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hainmníochta comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí, sa mhéid go gcinntear an maolú, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo, le raon feidhme chóid na hainmníochta comhcheangailte (AC 2025) (1).
|
Sraithuimhir |
Ainmníocht Chomhcheangailte (AC 2025) |
Tuairisc ar an táirge |
Saothrú nó próiseáil a rinneadh ar ábhair neamhthionscnaimh, lena mbronntar stádas tionscnaimh |
Cuóta bliantúil le haghaidh onnmhairí de chuid na Túinéise chuig an Aontas Eorpach: ón gcead bhliain go dtí deireadh an tríú bliain |
Cuóta bliantúil le haghaidh onnmhairí de chuid na Túinéise chuig an Aontas Eorpach: ón gceathrú bhliain go dtí deireadh an chúigiú bliain |
|
(1) |
(2) |
(3) |
(4) |
(5) |
(6) |
|
09.1228 |
6103 42 00 |
Treabhsair, rabhlaer beannóg agus guailleán, brístí agus brístí gearra d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
139 000 aonad |
108 000 aonad |
|
09.1229 |
6103 49 00 |
Treabhsair, rabhlaer beannóg agus guailleán, brístí agus brístí gearra d’fhir nó do bhuachaillí, as ábhair theicstíle eile seachas olann, cadás nó snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
101 700 aonad |
71 100 aonad |
|
09.1230 |
6104 62 00 |
Treabhsair, rabhlaer beannóg agus guailleán, brístí agus brístí gearra do mhná nó do chailíní, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
310 000 aonad |
213 000 aonad |
|
09.1231 |
6104 63 00 |
Treabhsair, rabhlaer beannóg agus guailleán, brístí agus brístí gearra do mhná nó do chailíní, as snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
248 600 aonad |
174 200 aonad |
|
09.1232 |
6105 10 00 |
Léinte d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás, iad cniotáilte nó cróiseáilte |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
235 000 aonad |
160 500 aonad |
|
09.1233 |
6106 20 00 |
Blúsanna, léinte agus blúsléinte do mhná nó do chailíní, as snáithíní de dhéantús an duine, iad cniotáilte nó cróiseáilte |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
71 200 aonad |
51 600 aonad |
|
09.1234 |
6108 22 00 |
Brístíní agus mionbhrístíní do mhná nó do chailíní, as snáithíní de dhéantús an duine |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
610 500 aonad |
416 000 aonad |
|
09.1235 |
6108 31 00 |
Léinte oíche agus pitseámaí do mhná nó do chailíní, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
113 000 aonad |
76 800 aonad |
|
09.1236 |
6109 10 00 , 6109 90 20 |
T-léinte, singléid agus veisteanna eile, as cadás, as olann nó as fionnadh ainmhíoch mín nó as snáithíní de dhéantús an duine, iad cniotáilte nó cróiseáilte |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
4 764 080 aonad |
2 635 800 aonad |
|
09.1237 |
6112 31 90 |
Feistis snámha d’fhir nó do bhuachaillí, as snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
237 300 aonad |
160 400 aonad |
|
09.1238 |
6112 41 90 |
Feistis snámha do mhná nó do chailíní, as snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
768 400 aonad |
595 900 aonad |
|
09.1239 |
6201 30 10 |
Cótaí móra, cótaí gluaisteáin, cábaí, clócaí, anaraicí, seaicéid ghaoithe agus earraí comhchosúla eile d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
45 000 aonad |
33 000 aonad |
|
09.1240 |
6201 40 10 |
Cótaí móra, cótaí gluaisteáin, cábaí, clócaí, anaraicí, seaicéid ghaoithe agus earraí comhchosúla eile d’fhir nó do bhuachaillí, as snáithíní de dhéantús an duine |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
54 000 aonad |
42 000 aonad |
|
09.1241 |
6201 90 00 |
Cótaí móra, cótaí gluaisteáin, cábaí, clócaí, anaraicí, seaicéid ghaoithe agus earraí comhchosúla eile d’fhir nó do bhuachaillí, as ábhair theicstíle eile |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
26 000 aonad |
20 000 aonad |
|
09.1242 |
6203 23 10 |
Ensembles de chineál tionsclaíoch agus ceirde d’fhir nó do bhuachaillí, as snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
113 000 aonad |
88 300 aonad |
|
09.1243 |
6203 32 10 |
Seaicéid agus bléasair d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás, de chineál tionsclaíoch agus ceirde |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
84 750 aonad |
65 300 aonad |
|
09.1244 |
6203 33 10 |
Seaicéid agus bléasair d’fhir nó do bhuachaillí, as snáithíní sintéiseacha, de chineál tionsclaíoch agus ceirde |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
120 000 aonad |
94 000 aonad |
|
09.1245 |
6203 42 11 |
Treabhsair agus brístí de chineál tionsclaíoch agus ceirde d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
237 300 aonad |
194 800 aonad |
|
09.1246 |
6203 42 31 |
Treabhsair agus brístí d’fhir nó do bhuachaillí, as deinim |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
3 220 000 aonad |
2 540 000 aonad |
|
09.1247 |
6203 42 35 |
Treabhsair agus brístí d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás (seachas as deinim nó as corda an rí) |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
791 000 aonad |
630 000 aonad |
|
09.1248 |
6203 42 90 |
Brístí gearra d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
140 000 aonad |
100 000 aonad |
|
09.1249 |
6203 43 11 |
Treabhsair agus brístí de chineál tionsclaíoch agus ceirde d’fhir nó do bhuachaillí, as snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
240 000 aonad |
170 000 aonad |
|
09.1250 |
6203 49 90 |
Treabhsair, rabhlaer beannóg agus guailleán, brístí agus brístí gearra d’fhir nó do bhuachaillí, as ábhair theicstíle eile seachas olann, cadás nó snáithíní de dhéantús an duine |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
60 500 aonad |
56 000 aonad |
|
09.1251 |
6204 42 00 |
Gúnaí do mhná nó do chailíní, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
90 400 aonad |
71 000 aonad |
|
09.1252 |
6204 43 00 |
Gúnaí do mhná nó do chailíní, as snáithíní sintéiseacha |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
210 000 aonad |
160 000 aonad |
|
09.1253 |
6204 44 00 |
Gúnaí do mhná nó do chailíní, as snáithíní saorga |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
150 000 aonad |
122 000 aonad |
|
09.1254 |
6204 62 31 |
Treabhsair agus brístí deinime do mhná nó do chailíní, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
1 515 000 aonad |
1 390 000 aonad |
|
09.1255 |
6204 62 39 |
Treabhsair agus brístí do mhná nó do chailíní, as cadás (seachas as deinim nó as corda an rí) |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
580 000 aonad |
470 000 aonad |
|
09.1256 |
6205 20 00 |
Léinte d’fhir nó do bhuachaillí, as cadás |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
247 000 aonad |
170 000 aonad |
|
09.1257 |
6206 40 00 |
Blúsanna, léinte agus blúsléinte do mhná nó do chailíní, as snáithíní de dhéantús an duine |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
280 000 aonad |
200 000 aonad |
|
09.1258 |
6211 12 00 |
Feistis snámha do mhná nó do chailíní |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
300 000 aonad |
240 000 aonad |
|
09.1259 |
6212 10 90 |
Cíochbheart as gach cineál ábhair teicstíle |
Gearradh fabraice agus cur le chéile |
995 000 aonad |
800 000 aonad |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2522 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim
(IO L, 2024/2522, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2522/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1459/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)