European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1457

18.7.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1457 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na tagartha do chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003 maidir le ceanglais ar leith maidir le folcadáin ghuairneáin agus spánna guairneáin, agus a mhéid a bhaineann leis an tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-1:2012 maidir le ceanglais ghinearálta maidir le fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail agus EN 60335-2-27:2013 maidir le ceanglais ar leith maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg a fhoilsiú maille le srian

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach a monaraíodh i gcomhréir le caighdeán comhchuibhithe, agus ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go gcomhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe den sórt sin.

(2)

Le litir M/511 an 8 Samhain 2012, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide an chéad liosta iomlán de theidil na gcaighdeán comhchuibhithe a sholáthar, agus na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, na caighdeáin den sórt sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE (‘an iarraidh’).

(3)

Ar bhonn na hiarrata, dhréachtaigh CEN agus Cenelec caighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, maidir le folcadáin ghuairneáin agus spánna guairneáin, arna leasú le EN 60335-2-60:2003/A1:2005, EN 60335-2-60:2003/A2:2008, EN 60335-2-60:2003/A12:2010 agus EN 60335-2-60:2003/A11:2010; EN 60335-1:2012, maidir le fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail, arna leasú le EN 60335-1:2012/A11:2014, EN 60335-1:2012/A13:2017, EN 60335-1:2012/A1:2019, EN 60335-1:2012/A14:2019, EN 60335-1:2012/A2:2019, EN 60335-1:2012/A15:2021 agus arna cheartú le EN 60335-1:2012/AC:2014; agus EN 60335-2-27:2013, maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg, arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020 agus EN 60335-2-27:2013/A2:2020 agus arna cheartú le EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11. Foilsítear na tagairtí do na caighdeáin sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 ón gCoimisiún (3).

(4)

I mí na Nollag 2014, rinne an Ísiltír agóid fhoirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, arna leasú le EN 60335-2-60:2003/A1:2005, EN 60335-2-60:2003/A2:2008, EN 60335-2-60:2003/A11:2010 agus EN 60335-2-60:2003/A12:2010.

(5)

Luaitear san agóid fhoirmiúil nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, arna leasú, na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE, i gcomhar le pointí 2(a), 2(b) agus 2(d) den Iarscríbhinn sin. Áitíonn an Ísiltír nach gcuirtear san áireamh go leordhóthanach sa chaighdeán na rialacha maidir le suiteáil mar a leagtar amach i sraith caighdeán IEC 60364 maidir le suiteálacha leictreacha ísealvoltais. Is é an toradh atá air sin go gcomhlíonann táirgí an caighdeán comhchuibhithe ach nach gcomhlíonann siad fós na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE. Cuireann an Ísiltír in iúl freisin nach mór na coinníollacha is infheidhme maidir le linnte snámha agus saoráidí comhchosúla, amhail spánna lena n-úsáid amuigh faoin aer, a chur san áireamh. I gcás táirgí den sórt sin, tá riosca méadaithe turrainge leictrí ann mar thoradh ar laghdú ar fhriotaíocht choirp agus ar theagmháil an choirp le poitéinseal talmhaithe. Dá bhrí sin, maíonn an Ísiltír, faoi chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, arna leasú, go bhféadfadh tionóisc mharfach tarlú an chéad uair a thagann fabht chun cinn.

(6)

Ó bhí mí na Nollag 2014 ann, tá an agóid fhoirmiúil á plé go tráthrialta sa Mheitheal um an Treoir maidir le hÍsealvoltas agus sa Choiste um Threalamh Leictreach. Mar thoradh ar an bplé sin ar deireadh, tháinig CEN-Cenelec agus an Ísiltír ar chomhaontú maidir le dréacht nua den chaighdeán in 2021. Mar sin féin, níor cuireadh an dréachtchaighdeán nua sin ar fáil don Choimisiún go fóill lena fhoilsiú. Phléigh an Coiste um Threalamh Leictreach an agóid fhoirmiúil a rinne an Ísiltír arís ag an gcruinniú a bhí aige an 25 Meitheamh 2024.

(7)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán EN 60335-2-60:2003, arna leasú, in éineacht le hionadaithe na mBallstát ar an gCoiste um Threalamh Leictreach, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirv2014/35/AE, i gcomhar le pointí 2(a), 2(b) agus 2(d) den Iarscríbhinn sin.

(8)

An 25 Bealtaine 2023, rinne an Ghearmáin agóid fhoirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 60335-1:2012, arna leasú le EN 60335-1:2012/A11:2014, EN 60335-1:2012/A13:2017, EN 60335-1:2012/A1:2019, EN 60335-1:2012/A2:2019, EN 60335-1:2012/A14:2019 agus EN 60335-1:2012/A15:2021 agus arna cheartú le EN 60335-1:2012/AC:2014.

(9)

Luaitear san agóid fhoirmiúil a rinne an Ghearmáin nach gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 2(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE. Áitíonn an Ghearmáin go ndéantar foráil leis an gcaighdeán maidir le tástáil le haghaidh inrochtaineacht páirteanna gluaisteacha le tóireadóir tástála atá ceaptha chun lámh an duine a mhacasamhlú, ach nach gcuirtear san áireamh sa tóireadóir tástála dá dtagraítear toisí bunriachtanacha chorp an duine agus nach léiríonn sé go réalaíoch lámh an duine toisc nach bhfuil sé ach cosúil leis an tóireadóir iomchuí atá le húsáid le haghaidh cineál tástála den sórt sin.

(10)

Phléigh an Coiste um Threalamh Leictreach an agóid fhoirmiúil a rinne an Ghearmáin ag an gcruinniú a bhí aige an 25 Meitheamh 2024.

(11)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-1:2012, arna leasú, in éineacht le hionadaithe na mBallstát ar an gCoiste um Threalamh Leictreach, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 2(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE.

(12)

An 6 Iúil 2023, rinne an Fhrainc agóid fhoirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-27:2013, arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020 agus EN 60335-2-27:2013/A2:2020 agus arna cheartú le EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11.

(13)

In agóid fhoirmiúil na Fraince luaitear nach gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE. Áitíonn an Fhrainc nach bhfuil na coinníollacha úsáide a shonraítear sa téacs agus san iarscríbhinn normatach a ghabhann leis an gcaighdeán comhchuibhithe, trí bhíthin aicmiú fearas bunaithe ar úsáid agus catagóirí úsáideoirí, i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE.

(14)

Phléigh an Coiste um Threalamh Leictreach an agóid fhoirmiúil a rinne an Fhrainc ag an gcruinniú a bhí aige an 25 Meitheamh 2024.

(15)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-27:2013, arna leasú, in éineacht le hionadaithe na mBallstát ar an gCoiste um Threalamh Leictreach, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán na cuspóirí sábháilteachta fíor-riachtanacha a leagtar amach i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE.

(16)

Agus an gá atá le feabhas a chur ar ghnéithe sábháilteachta chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, arna leasú, á chur san áireamh, agus go dtí go ndéanfar athbhreithniú oiriúnach ar an gcaighdeán sin, leis an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach a ghabhann leis, ní ghlactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos i dTreoir 2014/35/AE. Dá thoradh sin, ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, mar aon leis na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach a ghabhann leis, a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a dtrealamh leictreach a chumhdaítear le caighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-2-60:2003, arna leasú, a chur in oiriúint, is gá tarraingt siar na dtagairtí don chaighdeán sin a chur siar.

(17)

Dá bhrí sin, caighdeáin chomhchuibhithe EN 60335-1:2012, arna leasú le EN 60335-1:2012/A11:2014, EN 60335-1:2012/A13:2017, EN 60335-1:2012/A1:2019, EN 60335-1:2012/A14:2019, EN 60335-1:2012/A2:2019 agus EN 60335-1:2012/A15:2021 agus arna cheartú le EN 60335-1:2012/AC:2014; agus EN 60335-2-27:2013 arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020 agus EN 60335-2-27:2013/A2:2020 agus arna cheartú le EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11, ba cheart iad a choinneáil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 a leasú dá réir.

(19)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn áfach ón 18 Eanáir 2027.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/35/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh leictreach a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2023/2723, 13.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2723/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2723 mar a leanas:

(1)

scriostar rónna 155, 176 agus 206;

(2)

cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

‘155a.

EN 60335-1:2012

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

EN 60335-1:2012/AC:2014

EN 60335-1:2012/A11:2014

EN 60335-1:2012/A13:2017

EN 60335-1:2012/A1:2019

EN 60335-1:2012/A14:2019

EN 60335-1:2012/A2:2019

EN 60335-1:2012/A15:2021

Srian: Cur i bhfeidhm na gcodanna seo a leanas de chaighdeán EN 60335-1:2012, arna leasú go deireanach le A15:2021, ní rud é a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na cuspóirí sábháilteachta a leagtar síos i bpointe 2(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE:

an chuid de chlásal 20.2 a thagraíonn don tóireadóir tástála atá cosúil le tóireadóir tástála B.’;

‘176a

EN 60335-2-27:2013

Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail – Sábháilteacht – Cuid 2-27: Ceanglais ar leith maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg

EN 60335-2-27:2013/A1:2020

EN 60335-2-27:2013/A2:2020

EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11

Fógra: Sa chaighdeán comhchuibhithe seo, ní bhaineann cur i bhfeidhm na nótaí seo a leanas leis na cuspóirí sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/35/AE, ná ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na cuspóirí sin:

Maidir le Nóta chlásal 6.Z101 agus Nóta 101 chlásal BB.2 in Iarscríbhinn BB, tugtar tuairisc iontu ar na suíomhanna inar féidir aicmithe éagsúla táirgí a thagann faoi raon feidhme an chaighdeáin chomhchuibhithe seo a úsáid agus cé na húsáideoirí is féidir iad a úsáid, agus dá bhrí sin ní bhaineann siad leis an gcur ar an margadh.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1457/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)