European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1455

29.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1455 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta tástála a leagan síos maidir le feithiclí de chatagóir L a chosaint ar chibirionsaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothar, agus faireachas margaidh orthu (1), agus go háirithe Airteagal 18(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leathnaíodh raon feidhme Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (2) maidir le cibearshlándáil agus córas bainistithe cibearshlándála chun rialacha maidir le cibearshlándáil le haghaidh feithiclí de chatagóir L (feithiclí dhá roth agus trí roth agus cuadrothair) a chumhdach. Chun go mbeidh feidhm ag Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí de chatagóir L laistigh den Aontas, is gá tagairt dó a chuimsiú i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 ón gCoimisiún (3).

(2)

Maidir le feithiclí de chatagóir L1e atá deartha i gcomhair troitheála dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (94)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus rothair le troitheáil chuidithe atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 faoi Airteagal 2(2), pointe (h) de, níl siad éagsúil go teicniúil ó thaobh na cibearshlándála de. Bheadh na rothair sin, arb iad formhór mór (97 % ar an meán) na tairisceana táirge de chuid fhormhór na monaróirí rothar iad, faoi réir na gceanglas cibearshlándála a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ach bheadh na feithiclí de chatagóirí L1e atá deartha i gcomhair troitheánú, ar iad mionlach (3 % ar an meán) na tairisceana táirge de chuid fhormhór na monaróirí rothar iad, faoi réir cheanglais chibearshlándála Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe. Monaróirí rothar a tháirgeann rothair leictreacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, is minic iad páirteach i dtáirgeadh na rothar le troitheáil chuidithe a shainítear faoi chlásal eisceachta Airteagal 2(2), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus i dtáirgeadh feithiclí de chatagóir L1e atá deartha i gcomhair troitheála dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (94)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013. Dá mbeadh ar mhonaróirí rothar comhlíontacht a fhorbairt le tacar difriúil ceanglas cibearshlándála le haghaidh sciar bheag den táirgeadh iomlán amháin, bheadh ualach riaracháin díréireach orthu. Ar na cúiseanna sin, is iomchuí feithiclí de chatagóir L1e atá deartha i gcomhair troitheála dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (94)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a eisiamh ó raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach ann.

(3)

Toisc feithiclí de chatagóir L1e atá deartha i gcomhair troitheála dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (94)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a bheith faoi réir cheanglais Rialachán (AE) 2024/2847 faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1535 ón gCoimisiún (5), is iomchuí infheidhmeacht cheanglais Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/2847.

(4)

Sa bhreis ar chomhlíontacht cineálacha nua feithiclí a áirithiú, tá am breise leordhóthanach de dhíth ar na húdaráis náisiúnta agus ar mhonaróirí chun a áirithiú go mbeidh gach cineál feithicle atá ann cheana i gcomhréir leis na rialacha cibearshlándála faoi Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe freisin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear leis an rialachán é mar Iarscríbhinn XVIII.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 60, 2.3.2013, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/168/oj.

(2)  Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe - Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le córas bainistithe cibearshlándála [2025/5] (IO L, 2025/5, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/5/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tógáil feithiclí agus ceanglais ghinearálta chun feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair a cheadú (IO L 25, 28.1.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/44/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1535 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le táirgí áirithe ag a bhfuil eilimintí digiteacha a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, ar táirgí iad a thagann faoi raon feidhme Rialachán Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/1535, 29.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1535/oj).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014, sa tábla, cuirtear isteach an ró seo a leanas:

‘155

Cibearshlándáil agus córas bainistithe cibearshlándála

Forlíonadh 3 ar shraith leasuithe 00

IO L, 2025/5, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/5/oj

Feithiclí de chatagóir L1e, L2e, L3e, L4e, L5e, L6e agus L7e, cé is moite d’fheithiclí de chatagóir L1e atá deartha i gcomhair troitheála dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (94)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013’


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN XVIII

Ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le feithiclí a chosaint ar chibirionsaithe

1.   Ceanglais

1.1.

Ciallaíonn “cineál feithicle maidir leis an gcibearshlándáil” catagóir feithiclí nach bhfuil éagsúil ó thaobh na ngnéithe seo a leanas:

(a)

ainmniú an mhonaróra maidir leis an gcineál feithicle;

(b)

gnéithe fíor-riachtanacha den ailtireacht leictreach/leictreonach agus de na comhéadain sheachtracha i ndáil leis an gcibearshlándáil.

1.2.

Maidir le feithiclí de chatagóir L1e, L2e, L3e, L4e, L5e, L6e agus L7e, seachas feithiclí de chatagóir L1e atá deartha i gcomhair troitheála dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (94)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, comhlíonfaidh siad ceanglais ábhartha uile Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe.

1.3.

Beidh feidhm ag pointí 1.1 agus 1.2 mar a leanas:

(a)

maidir le cineálacha nua feithiclí ón 11 Nollaig 2027;

(b)

maidir le cineálacha feithiclí atá ann cheana ón 11 Meitheamh 2029.

’

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1455/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)