|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1454 |
29.7.2025 |
Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh CEE-NA faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais CEE-NA TRANS/WP.29/343, doiciméad atá ar fáil ag: https://unece.org/status-1958-agreement-and-annexed-regulations
Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha i dtaca le ceadú feithiclí maidir le rioscaí dóiteáin a chosc [2025/1454]
Ina n-ionchorpraítear an téacs bailí go léir suas go dtí:
Sraith leasuithe 04 – Dáta teacht i bhfeidhm: An 5 Meitheamh 2023
Is áis doiciméadúcháin amháin é an doiciméad seo. Is iad seo a leanas na téacsanna atá barántúil agus ceangailteach de réir dlí:
ECE/TRANS/WP.29/2016/8
ECE/TRANS/WP.29/2018/121
ECE/TRANS/WP.29/2018/117
ECE/TRANS/WP.29/2022/116
Clár
Rialachán
|
1. |
Raon feidhme |
|
2. |
Iarratas ar cheadú |
|
3. |
Ceadú |
Cuid I – Ceadú feithiclí maidir lena n-umair bhreosla
|
4. |
Sainmhínithe |
|
5. |
Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh |
|
6. |
Tástálacha umar breosla leachtaigh |
Cuid II-1 – (Folamh)
|
7. |
(Folamh) |
|
8. |
Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh a shuiteáil |
|
9. |
(Folamh) |
Cuid II-2 – (Folamh)
Cuid III – Ceadú umar breosla leachtaigh mar aonaid theicniúla faoi leith
|
10. |
Sainmhínithe |
|
11. |
Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh |
Cuid IV – Ceadú feithicle maidir le humar ceadaithe a shuiteáil
|
12. |
Sainmhínithe |
|
13. |
Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh a shuiteáil |
|
14. |
Modhnuithe ar an gcineál feithicle nó umair |
|
15. |
Comhréireacht táirgeachta |
|
16. |
Pionóis mar gheall ar neamhchomhréireacht táirgeachta |
|
17. |
Forálacha idirthréimhseacha |
|
18. |
Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla a dhéanann tástálacha ceadaithe, agus na nÚdarás Cineálcheadaithe |
Iarscríbhinní
|
1 |
Foscríbhinn 1 – Teachtaireacht maidir le ceadú nó síneadh nó diúltú nó aistarraingt ceadaithe nó scor cinntitheach de tháirgeadh cineáil feithicle maidir leis an umar breosla leachtaigh agus maidir le rioscaí dóiteáin a chosc i gcás imbhualadh tosaigh/taobhach/cúil agus maidir le cineál umair breosla leachtaigh de bhun Rialachán Uimh. 34 |
Foscríbhinn 2 – Teachtaireacht maidir le ceadú nó síneadh nó diúltú nó aistarraingt ceadaithe nó scor cinntitheach de tháirgeadh umair breosla de bhun Rialachán Uimh. 34
|
2 |
Leagan amach marcanna ceadaithe |
|
3 |
Tástáil imbhuailte tosaigh in aghaidh bacainne |
|
4 |
(Folamh) |
|
5 |
Tástáil umar breosla atá déanta as ábhar plaisteach |
Foscríbhinn 1 – Tástáil ar fhrithsheasmhacht in aghaidh dóiteáin
Foscríbhinn 2 – Toisí agus sonraí teicniúla brící dóiteáin
1. Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo:
|
1.1. |
Cuid I: Maidir le ceadú feithiclí de chatagóirí M, N agus O (1) i dtaca leis na humair breosla leachtaigh, agus maidir le ceadú feithiclí de chatagóirí M1 agus N1, nach mó ná 2,8 tona a mais iomlán cheadaithe, a mhéid a bhaineann le suiteáil umar breosla leachtaigh. |
|
1.2. |
Cuid II (Folamh) |
|
1.3. |
Cuid III: Maidir le ceadú umar breosla leachtaigh mar aonaid theicniúla faoi leith. |
|
1.4. |
Cuid IV: Maidir le ceadú feithiclí i ndáil le humair breosla leachtaigh cheadaithe a shuiteáil. |
2. Iarratas ar cheadú
|
2.1. |
Iarratas ar cheadú de bhun Chuid I den Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
2.1.1. |
Is é monaróir na feithicle nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí a chuirfidh isteach an t-iarratas ar cheadú cineáil feithicle de bhun Chuid I den Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
2.1.2. |
Beidh trí chóip de na doiciméid a luaitear faoi seo agus na sonraí seo a leanas ag gabháil leis: |
|
2.1.2.1. |
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcineál feithicle maidir leis na hítimí a shonraítear i mír 4.2. Sonrófar na huimhreacha agus/nó na siombailí lena sainítear an cineál innill agus an cineál feithicle; |
|
2.1.2.2. |
Líníochtaí ina léirítear saintréithe an umair breosla agus ina sonraítear an t-ábhar as a bhfuil sé déanta; |
|
2.1.2.3. |
Léaráid de na córais fotha breosla ar fad, ina léirítear suíomh gach comhpháirte ar an bhfeithicil; agus |
|
2.1.2.4. |
Léaráid den tsuiteáil leictreach ina léirítear a suíomh agus a modh ceangail leis an bhfeithicil. |
|
2.1.3. |
Cuirfear an méid a leanas isteach chuig an tseirbhís theicniúil a bheidh freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe a dhéanamh: |
|
2.1.3.1. |
Feithicil atá ionadaíoch ar an gcineál feithicle atá le ceadú nó na páirteanna den fheithicil a mheasann an tseirbhís theicniúil a bheith riachtanach le haghaidh tástálacha ceadaithe; |
|
2.1.3.2. |
I gcás feithicle atá feistithe le humar atá déanta as ábhar plaisteach: seacht n-umar breise, in éineacht lena ngabhálais; |
|
2.1.3.3. |
I gcás feithicle atá feistithe le humar atá déanta as ábhar eile: dhá umar breise, in éineacht lena ngabhálais. |
|
2.2. |
Iarratas ar cheadú de bhun Chuid III den Rialachán seo |
|
2.2.1. |
Is é monaróir an umair nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí a chuirfidh isteach an t-iarratas ar cheadú cineáil umair breosla leachtaigh de bhun Chuid III den Rialachán seo. |
|
2.2.2. |
Beidh trí chóip de na doiciméid a luaitear faoi seo agus na sonraí seo a leanas ag gabháil leis: |
|
2.2.2.1. |
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcineál umair breosla maidir leis na hítimí a shonraítear i mír 10.2.; ba cheart a shonrú an bhfuil feidhm ag an iarratas maidir le cineál umair in éineacht lena ghabhálais nó gan a ghabhálais, agus an bhfuil feidhm aige maidir le húsáid uilíoch nó maidir le húsáid shonrach feithicle. I gcás cineál umair a cheadú gan a ghabhálais, cuimseofar sainaithint shoiléir na ngabhálas a úsáidtear le haghaidh na dtástálacha; |
|
2.2.2.2. |
Líníochtaí ina léirítear saintréithe an umair breosla agus ina sonraítear an t-ábhar as a bhfuil sé déanta agus, i gcás umair le haghaidh úsáid shonrach feithicle, saintréithe na bpáirteanna feithicle a úsáidtear le linn na dtástálacha; |
|
2.2.3. |
Cuirfear an méid a leanas isteach chuig an tseirbhís theicniúil a bheidh freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe a dhéanamh: |
|
2.2.3.1. |
I gcás umair atá déanta as ábhar plaisteach: seacht n-umar, in éineacht lena ngabhálais. I gcás umair atá le ceadú gan a ghabhálais, cuirfear isteach seacht dtacar gabhálas de chineál a fheistítear ar an bhfeithicil de ghnáth; |
|
2.2.3.2. |
I gcás umair atá déanta as ábhar eile: dhá umar, in éineacht lena ngabhálais. I gcás umair atá le ceadú gan a ghabhálais, cuirfear isteach dhá thacar gabhálas de chineál a fheistítear ar an bhfeithicil de ghnáth. |
|
2.2.3.3. |
I gcás umair atá déanta as plaisteach le haghaidh úsáid shonrach feithicle, cuirfear isteach páirteanna feithicle mar a léirítear i mír 5.2.3. d’Iarscríbhinn 5. |
|
2.3. |
Iarratas ar cheadú de bhun Chuid IV den Rialachán seo |
|
2.3.1. |
Is é monaróir na feithicle nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí a chuirfidh isteach an t-iarratas ar cheadú cineáil feithicle de bhun Chuid IV den Rialachán seo. |
|
2.3.2. |
Beidh trí chóip de na doiciméid a luaitear faoi seo agus na sonraí seo a leanas ag gabháil leis: |
|
2.3.2.1. |
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcineál feithicle maidir leis na hítimí a shonraítear i mír 12.2. Sonrófar na huimhreacha agus/nó na siombailí lena sainítear an cineál innill agus an cineál feithicle; |
|
2.3.2.2. |
Léaráid den chóras fotha breosla ar fad, ina léirítear suíomh gach comhpháirte ar an bhfeithicil; |
|
2.3.2.3. |
Liosta de gach cineál umair breosla leachtaigh a cheadaítear de bhun Chuid III den Rialachán seo agus atá ceaptha lena bhfeistiú ar an gcineál feithicle. |
|
2.3.3. |
Cuirfear an méid a leanas isteach chuig an tseirbhís theicniúil a bheidh freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe a dhéanamh: |
|
2.3.3.1. |
Feithicil atá ionadaíoch ar an gcineál feithicle atá le ceadú; |
|
2.3.3.2. |
Más gá, dhá umar breise in éineacht lena ngabhálais i gcás gach cineáil umair breosla a cheadaítear gan a ghabhálais. |
3. Ceadú
|
3.1. |
Ceadú de bhun Chuid I den Rialachán seo. |
|
3.1.1. |
An fheithicil a chuirtear isteach lena ceadú de bhun an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe, má chomhlíonann sí ceanglais Chuid I thíos, deonófar ceadú don chineál feithicle sin. |
|
3.1.2. |
Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál a cheadófar i gcomhréir le Sceideal 4 den Chomhaontú (E/ECE/TRANS/505/Rev.3). Féadfaidh Páirtí Conarthach, áfach, an uimhir cheadaithe chéanna a shannadh do roinnt cineálacha feithicle mar a shainmhínítear i mír 4.2. más malairtí den bhunsamhail chéanna iad na cineálacha agus ar choinníoll go ndéanfar tástáil ar leithligh ar gach cineál agus go bhfaighfear amach go gcomhlíonann siad coinníollacha an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.1.3. |
Déanfar fógra faoi cheadú nó diúltú ceadaithe cineáil feithicle de bhun an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe a thabhairt do na Páirtithe sa Chomhaontú a chuireann i bhfeidhm an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe, trí bhíthin foirm a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1, Foscríbhinn 1, a ghabhann leis an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.1.4. |
Gach feithicil atá i gcomhréir le cineál feithicle a cheadaítear faoin Rialachán seo, greamófar marc ceadaithe idirnáisiúnta di a bheidh le feiceáil go soiléir, a bheidh in áit a bhféadfar teacht air go héasca, áit a shonrófar ar an bhfoirm ceadaithe, agus is éard a bheidh ann: |
|
3.1.4.1. |
Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus, ina dhiaidh sin, sainuimhir na tíre a dheonaigh an ceadú (2); |
|
3.1.4.2. |
Ar thaobh na láimhe deise den chiorcal a fhorordaítear i mír 3.1.4.1., uimhir an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe, agus ina dhiaidh sin ‘RI’ agus an uimhir cheadaithe, má cheadaítear an fheithicil de bhun Chuid I den Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.1.5. |
Má tá an fheithicil i gcomhréir, sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo, le cineál feithicle atá ceadaithe faoi cheann amháin nó níos mó de na Rialacháin eile atá i gceangal leis an gComhaontú, ní gá an tsiombail a fhorordaítear i mír 3.1.4.1. a chur ar fáil arís; i gcás den sórt sin, déanfar uimhreacha, uimhreacha ceadaithe agus siombailí breise na Rialachán ar fad faoinar deonaíodh ceadú sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo a chur i gcolúin ingearacha ar thaobh na láimhe deise den tsiombail a fhorordaítear i mír 3.1.4.1. |
|
3.1.6. |
Beidh an marc ceadaithe soléite agus doscriosta. |
|
3.1.7. |
Pláta sonraí na feithicle, pláta a bheidh greamaithe ar an bhfeithicil ag an monaróir, is ar an bpláta sin nó gar dó a chuirfear an marc ceadaithe. |
|
3.1.8. |
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo, tugtar samplaí de leagan amach an mhairc ceadaithe. |
|
3.2. |
Ceadú de bhun Chuid III den Rialachán seo |
|
3.2.1. |
An t-umar a chuirtear isteach lena cheadú de bhun an Rialacháin seo, má chomhlíonann sé ceanglais Chuid III thíos, deonófar ceadú don chineál umair sin. |
|
3.2.2. |
Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál a cheadófar i gcomhréir le Sceideal 4 den Chomhaontú (E/ECE/TRANS/505/Rev.3). |
|
3.2.3. |
Déanfar fógra faoi cheadú nó diúltú ceadaithe cineáil umair de bhun an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann i bhfeidhm an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe, trí bhíthin foirm a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1, Foscríbhinn 2, a ghabhann leis an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.2.4. |
Gach umar atá i gcomhréir le cineál umair a cheadaítear faoin Rialachán seo, greamófar marc ceadaithe idirnáisiúnta de a bheidh le feiceáil go soiléir, a bheidh in áit a bhféadfar teacht air go héasca, áit a sonrófar ar an bhfoirm ceadaithe, agus is éard a bheidh ann: |
|
3.2.4.1. |
Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus ina dhiaidh sin, sainuimhir na tíre a dheonaigh an ceadú;2 |
|
3.2.4.2. |
Uimhir an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin ‘RIII’, an tagairt ‘U’ má tá an t-umar ceadaithe le haghaidh úsáid uilíoch nó ‘S’ má tá an t-umar ceadaithe le haghaidh úsáid shonrach feithicle, an tagairt ‘+A’ má tá an t-umar ceadaithe in éineacht lena ghabhálais nó ‘#A’ má tá an t-umar ceadaithe gan a ghabhálais, dais agus an uimhir cheadaithe ar thaobh na láimhe deise den chiorcal a fhorordaítear i mír 3.2.4.1. |
|
3.2.5. |
Beidh an marc ceadaithe soléite agus doscriosta nuair a bheidh an t-umar suiteáilte san fheithicil. |
|
3.2.6. |
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo, tugtar samplaí de leagan amach an mhairc ceadaithe. |
|
3.3. |
Ceadú de bhun Chuid IV den Rialachán seo |
|
3.3.1. |
An fheithicil a chuirtear isteach lena ceadú de bhun an Rialacháin seo, má chomhlíonann sí ceanglais Chuid IV thíos, deonófar ceadú don chineál feithicle sin. |
|
3.3.2. |
Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál a cheadófar i gcomhréir le Sceideal 4 den Chomhaontú (E/ECE/TRANS/505/Rev.3). Féadfaidh Páirtí Conarthach, áfach, an uimhir cheadaithe chéanna a shannadh do roinnt cineálacha feithicle mar a shainmhínítear i mír 12.2. más malairtí den bhunsamhail chéanna iad na cineálacha agus ar choinníoll go ndéanfar tástáil ar leithligh ar gach cineál agus go bhfaighfear amach go gcomhlíonann siad coinníollacha an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.3.3. |
Déanfar fógra faoi cheadú nó diúltú ceadaithe cineáil feithicle de bhun an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe a thabhairt do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann i bhfeidhm an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe, trí bhíthin foirm a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1, Foscríbhinn 1, a ghabhann leis an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.3.4. |
Gach feithicil atá i gcomhréir le cineál feithicle a cheadaítear faoin Rialachán seo, greamófar marc ceadaithe idirnáisiúnta di a bheidh le feiceáil go soiléir, a bheidh in áit a bhféadfar teacht air go héasca, áit a shonrófar ar an bhfoirm ceadaithe, agus is éard a bheidh ann: |
|
3.3.4.1. |
Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus ina dhiaidh sin, sainuimhir na tíre a dheonaigh an ceadú2; |
|
3.3.4.2. |
Ar thaobh na láimhe deise den chiorcal a fhorordaítear i mír 3.3.4.1., uimhir an Rialacháin seo, agus ina dhiaidh sin ‘RIV’, dais, agus an uimhir cheadaithe. |
|
3.3.5. |
Má tá an fheithicil i gcomhréir, sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo, le cineál feithicle atá ceadaithe faoi cheann amháin nó níos mó de na Rialacháin eile atá i gceangal leis an gComhaontú, ní gá an tsiombail a fhorordaítear i mír 3.3.4.1. a chur ar fáil arís; i gcás den sórt sin, déanfar uimhreacha, uimhreacha ceadaithe agus siombailí breise na Rialachán ar fad faoinar deonaíodh ceadú sa tír a dheonaigh ceadú faoin Rialachán seo a chur i gcolúin ingearacha ar thaobh na láimhe deise den tsiombail a fhorordaítear i mír 3.3.4.1. |
|
3.3.6. |
Beidh an marc ceadaithe soléite agus doscriosta. |
|
3.3.7. |
Pláta sonraí na feithicle, pláta a bheidh greamaithe ar an bhfeithicil ag an monaróir, is ar an bpláta sin nó gar dó a chuirfear an marc ceadaithe. |
|
3.3.8 |
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo, tugtar samplaí de leagan amach an mhairc ceadaithe. |
Cuid I Ceadú feithiclí maidir lena n-umair bhreosla
4. Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo den Rialachán ó na Náisiúin Aontaithe:
|
4.1. |
Ciallaíonn ‘ceadú feithicle’ ceadú cineáil feithicle maidir leis na humair breosla leachtaigh. |
|
4.2. |
Ciallaíonn ‘cineál feithicle’ feithiclí nach bhfuil difear eatarthu ó thaobh na ngnéithe bunúsacha seo a leanas de: |
|
4.2.1. |
Struchtúr, cruth, toisí agus ábhair (miotal/plaisteach) na n-umar; |
|
4.2.2. |
I bhfeithiclí de chatagóir M1, suíomh na n-umar san fheithicil sa mhéid go mbíonn tionchar diúltach aige ar chomhlíontacht cheanglais mhír 5.10.; agus |
|
4.2.3. |
Saintréithe agus suíomh an chórais fotha breosla (caidéal, scagairí, etc.).; |
|
4.3. |
Ciallaíonn ‘urrann paisinéirí’ an spás chun taistealaithe a choinneáil, spás a bhfuil an díon, an t-urlár, na taobh-bhallaí, na doirse, an gloiniú lasmuigh, an bhulcaid tosaigh, agus plána bhulcaid na hurrainne cúil nó plána thaca cúil an tsuíocháin cúil timpeall air; |
|
4.4. |
Ciallaíonn ‘umar’ na humair atá ceaptha chun an breosla leachtach a shainmhínítear i mír 4.6. a choinneáil iontu, a úsáidtear go príomha chun an fheithicil a thiomáint gan a gabhálais a chur san áireamh (píobán líonaigh, más páirt ar leith é, poll líonaigh, caipín, leithead, naisc leis an inneall nó chun brú breise inmheánach a chúiteamh, etc.; |
|
4.5. |
Ciallaíonn ‘toilleadh an umair breosla’ toilleadh an umair breosla mar atá sonraithe ag an monaróir. |
|
4.6. |
Ciallaíonn ‘breosla leachtach’ breosla ar leacht é faoi ghnáthdhálaí teochta agus brú. |
5. Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh
|
5.1. |
Déanfar umair ionas go mbeidh siad frithsheasmhach in aghaidh creimthe. |
|
5.2. |
Comhlíonfaidh umair, agus iad feistithe leis na gabhálais uile a cheanglaítear leo de ghnáth, na tástálacha sceite a dhéanfar i gcomhréir le mír 6.1. faoi bhrú inmheánach coibhneasta atá cothrom le dhá oiread an róbhrú oibre, ach in aon chás nach lú ná róbhrú 30 kPa (0,3 bar).
Meastar go gcomhlíonann umair atá déanta as ábhar plaisteach an ceanglas sin má éiríonn leo sa tástáil a dtugtar tuairisc uirthi in Iarscríbhinn 5, mír 2. |
|
5.3. |
Déanfar aon bhrú breise nó aon bhrú a sháraíonn an brú oibre a chúiteamh go huathoibríoch le gairis oiriúnacha (gaothairí, comhlaí sábháilteachta, etc.). |
|
5.4. |
Déanfar na gaothairí a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear aon bhaol dóiteáin. Go sonrach, aon bhreosla a d’fhéadfadh sceitheadh agus na humair á líonadh, ní thitfidh sé ar an sceithchóras. Cuirfear i dtreo na talún é. |
|
5.5. |
Ní bheidh na humair suite i ndromchla (urlár, balla, bulcaid) na hurrainne paisinéirí nó in urrann eile ar cuid dhílis di í, ná ní bheidh siad i bhfoirm dromchla den sórt sin. |
|
5.6. |
Soláthrófar deighilt chun urrann an taistealaí a scaradh ó na humair. Is féidir go mbeidh cróite sa deighilt (e.g. chun freastal ar cháblaí) ar choinníoll go bhfuil siad socraithe ar bhealach nach féidir le breosla sreabhadh gan bhac ó na humair isteach in urrann an taistealaí, nó in urrann eile ar cuid dhílis di í, faoi ghnáthdhálaí úsáide. |
|
5.7. |
Déanfar gach umar a fheistiú go daingean agus a shuiteáil ar bhealach lena n-áiritheofar go n-éalóidh aon bhreosla a sceitheann ón umar nó óna ghabhálais go dtí an talamh agus ní isteach in urrann an taistealaí faoi ghnáthdhálaí úsáide. |
|
5.8. |
Ní bheidh an poll líonaigh suite in urrann an taistealaí, in urrann an bhagáiste ná in urrann an innill. |
|
5.9. |
Ní éalóidh an breosla tríd an gcaipín umair ná trí na gairis a sholáthraítear chun brú breise a chúiteamh le linn thréimhse intuartha oibríochta na feithicle. I gcás ina n-iompaítear an fheithicil, féadfar glacadh le sileadh ar choinníoll nach sáraíonn sé 30 g/nóiméad; fíorófar an ceanglas sin le linn na tástála a fhorordaítear i mír 6.2. |
|
5.9.1. |
Déanfar an caipín líonaigh breosla a fheistiú ar an bpíobán líonaigh. |
|
5.9.1.1. |
Measfar ceanglais mhír 5.9.1. a bheith comhlíonta má dhéantar foráil chun astaíochtaí galaithe breise agus doirteadh breosla mar gheall ar chaipín líonaigh breosla atá ar iarraidh a chosc.
Féadfar é sin a bhaint amach trí cheann amháin díobh seo a leanas a úsáid: |
|
5.9.1.1.1. |
Caipín líonaigh breosla neamh-inaistrithe a osclaíonn agus a dhúnann go huathoibríoch. |
|
5.9.1.1.2. |
Gnéithe deartha lena seachnaítear astaíochtaí galaithe breise agus doirteadh breosla i gcás caipín líonaigh breosla atá ar iarraidh, |
|
5.9.1.1.3. |
Aon fhoráil eile a bhfuil an éifeacht chéanna aici. D’fhéadfadh a áireamh ar shamplaí, ach gan a bheith teoranta dóibh, caipín líonaigh ar teaghrán, caipín líonaigh ar slabhra nó ceann ina n-úsáideann an caipín líonaigh agus adhaint na feithicle an eochair ghlasála chéanna. Sa chás sin, ní bheidh an eochair inbhainte as an gcaipín líonaigh ach amháin nuair atá sé faoi ghlas. Mar sin féin, ní leor caipín líonaigh ar teaghrán ná caipín líonaigh ar slabhra a úsáid leo féin le haghaidh feithiclí seachas iad siúd de chatagóirí M1 agus N1. |
|
5.9.2. |
Coinneofar an séala idir an caipín agus an píobán líonaigh san áit cheart go daingean. Cuirfear laiste dhaingean ar an gcaipín i gcoinne an tséala agus an phíobáin líonaigh nuair a dhúnfar é. |
|
5.10. |
Déanfar umair a shuiteáil sa chaoi go gcosnófar iad ar iarmhairtí imbhuailte ar thosach nó ar chúl na feithicle.
Ní bheidh aon pháirt ghobtha, imill ghéara, etc., in aice leis an umar. |
|
5.11. |
Déanfar an t-umar breosla agus a pháirteanna gabhálacha a dhearadh agus a shuiteáil san fheithicil sa chaoi go seachnófar aon ghuais adhainte mar gheall ar leictreachas statach.
Más gá, déanfar bearta maidir le hídiú luchtaithe. Níl gá le córas ídithe luchtaithe, áfach, le haghaidh umair bhreosla atá deartha chun breosla ag a bhfuil splancphointe 55 °C ar a laghad a choinneáil, dá dtagraítear i mír 5.1. den fhoirm chumarsáide in Iarscríbhinn 1, Foscríbhinn 2. Déanfar an splancphointe a chinneadh i gcomhréir le ISO 2719:2002. Léireoidh an monaróir don tSeirbhís Theicniúil na bearta lena ráthaítear comhlíonadh na gceanglas sin. |
|
5.12. |
Beidh na humair bhreosla déanta as ábhar miotalach dódhíonach. Féadfaidh siad a bheith déanta as ábhar plaisteach ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinn 5. |
6. Tástálacha umar breosla leachtaigh
|
6.1. |
Tástáil hiodrálach
Déanfar tástáil bhrú inmheánaigh hiodrálach ar an umar agus déanfar an tástáil sin ar aonad scoite agus a ghabhálais go léir ann. Líonfar an t-umar go hiomlán le leacht neamh-inadhainte (uisce, mar shampla). Tar éis gach cumarsáid leis an taobh amuigh a bheith gearrtha, méadófar an brú de réir a chéile, tríd an nasc píobáin trína gcuirtear breosla chuig an inneall, go brú inmheánach coibhneasta atá cothrom le dhá oiread an bhrú oibre a úsáidtear agus in aon chás go brú breise nach lú ná 30 kPa (0,3) bar, brú a choinneofar ar bun ar feadh nóiméad amháin. Le linn an ama sin ní scoiltfidh ná ní sceithfidh blaosc an umair; mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith dífhoirmithe go buan. |
|
6.2. |
Tástáil iompaithe |
|
6.2.1. |
Beidh an t-umar agus a ghabhálais uile feistithe ar dhaingneán tástála ar bhealach a chomhfhreagróidh don mhodh suiteála ar an bhfeithicil dá bhfuil an t-umar beartaithe: tá feidhm aige sin freisin maidir le córais chun an brú breise inmheánach a chúiteamh. |
|
6.2.2. |
Rothlóidh an daingneán tástála thart ar ais a bheidh suite comhthreomhar le fad-ais na feithicle. |
|
6.2.3. |
Déanfar an tástáil agus an t-umar líonta go 90 faoin gcéad dá thoilleadh, agus é líonta freisin go 30 faoin gcéad dá thoilleadh le leacht neamh-inadhainte ag a bhfuil dlús agus slaodacht atá gar do dhlús agus do shlaodacht an bhreosla a úsáidtear de ghnáth (féadfar glacadh le huisce). |
|
6.2.4. |
Déanfar an t-umar a chasadh óna shuíomh suiteáilte 90 ° ar dheis. Fanfaidh an t-umar sa suíomh sin go ceann 5 nóiméad ar a laghad. Ina dhiaidh sin, déanfar an t-umar a chasadh 90 ° níos faide sa treo céanna. Déanfar an t-umar a choimeád sa suíomh sin, ina mbeidh sé go hiomlán inbhéartaithe, go ceann 5 nóiméad eile ar a laghad. Déanfar an t-umar a rothlú ar ais go dtí a ghnáthshuíomh. Leacht tástála nár shreabhaigh ar ais ón gcóras scaoilte isteach san umar, déanfar é a dhraenáil agus a athsholáthar más gá. Déanfar an t-umar a rothlú 90 ° sa treo eile agus fágfar é go ceann 5 nóiméad ar a laghad sa suíomh sin.
Déanfar an t-umar a rothlú 90 ° níos faide sa treo céanna. An suíomh sin a bheidh go hiomlán inbhéartaithe, coinneofar ar bun é go ceann 5 nóiméad ar a laghad. Ina dhiaidh sin, déanfar an t-umar a rothlú ar ais go dtí a ghnáthshuíomh. An ráta rothlaithe le haghaidh gach incrimint 90 ° as a chéile, tarlóidh sé in aon eatramh ama idir 1 nóiméad agus 3 nóiméad. |
Cuid II-1 (Folamh)
7. (Folamh)
|
8. |
Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh a shuiteáil
Na ceanglais a shonraítear sa roinn seo, féadfar iad a chur i bhfeidhm, arna iarraidh sin don mhonaróir, maidir le feithiclí de chatagóirí M2, N2, M3, N3 agus O, chomh maith le feithiclí de chatagóirí M1 agus N1, ar mó ná 2,8 tona a mais iomlán cheadaithe. Na ceanglais a shonraítear sa roinn seo, féadfar iad a chur i bhfeidhm, arna iarraidh sin don mhonaróir, maidir le feithiclí de chatagóirí eile, seachas catagóirí M1 agus N1, nach mó ná 2,8 tona a mais iomlán cheadaithe. |
|
8.1. |
Suiteáil breosla |
|
8.1.1. |
(Folamh) |
|
8.1.2. |
Déanfar comhpháirteanna na suiteála breosla a chosaint go leordhóthanach, le codanna den fhráma nó den chabhalra, ar theagmháil le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar an talamh. Ní bheidh gá le cosaint den sórt sin más faide ón talamh na comhpháirteanna atá faoin bhfeithicil ná an chuid den fhráma nó den chabhalra atá os a gcomhair. |
|
8.1.3. |
Déanfar freastal ar na píobáin agus ar na codanna eile go léir den tsuiteáil breosla ar an bhfeithicil ag suíomhanna a bheidh cosanta a mhéid is féidir. Maidir le gluaiseachtaí casta agus lúbtha, agus creathanna struchtúr nó aonad tiomána na feithicle, ní chuirfidh siad frithchuimilt, comhbhrú ná aon bhrú neamhghnách eile ar chomhpháirteanna na suiteála breosla. |
|
8.1.4. |
Naisc píobán iontaofa nó solúbtha le codanna dochta de chomhpháirteanna na suiteála breosla, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go bhfanfaidh siad sceithdhíonach faoi choinníollacha éagsúla úsáide na feithicle, d’ainneoin gluaiseachtaí casta agus lúbtha agus d’ainneoin creathanna struchtúr nó aonad tiomána na feithicle. |
|
8.1.5. |
Má tá an poll líonaigh suite ar thaobh na feithicle, ní ghobfaidh an caipín líonaigh, agus é dúnta, amach thar dhromchlaí cóngaracha na cabhlach. |
|
8.2. |
Suiteáil leictreach |
|
8.2.1. |
Déanfar sreanga leictreacha seachas sreanga a ndéantar freastal orthu i gcomhpháirteanna tolla a cheangal de struchtúr nó de bhallaí nó de dheighiltí na feithicle a bhfuil siad gar dóibh. Déanfar na pointí ag a dtéann siad trí bhallaí nó trí dheighiltí a chosaint go sásúil chun gearradh an inslithe a chosc. |
|
8.2.2. |
Déanfar an tsuiteáil leictreach a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go mbeidh a comhpháirteanna in ann na feiniméin chreimthe dá nochtar iad a sheasamh. |
9. (Folamh)
Cuid II-2 (Folamh)
Cuid III Ceadú umar breosla leachtaigh mar aonaid theicniúla faoi leith
10. Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo den Rialachán:
|
10.1. |
Ciallaíonn ‘umar’ na humair atá ceaptha chun an breosla leachtach a choinneáil, mar a shainmhínítear i mír 10.3., breosla a úsáidtear go príomha chun an fheithicil a thiomáint; féadfar an t-umar a cheadú lena ghabhálais nó gan iad (píobán líonaigh, más páirt ar leith é, poll líonaigh, caipín, leithead, naisc chun brú breise inmheánach a chúiteamh, etc.); |
|
10.2. |
Ciallaíonn ‘toilleadh an umair breosla’ toilleadh an umair breosla mar atá sonraithe ag an monaróir; |
|
10.3. |
Ciallaíonn ‘breosla leachtach’ breosla ar leacht é faoi ghnáthdhálaí teochta agus brú; |
|
10.4. |
Ciallaíonn ‘ceadú umair’ ceadú cineáil umair breosla leachtaigh; |
|
10.5. |
Ciallaíonn ‘cineál umair’ umair nach bhfuil difear eatarthu ó thaobh na ngnéithe bunúsacha seo a leanas de: |
|
10.5.1. |
Struchtúr, cruth, toisí agus ábhar (miotal/plaisteach) na n-umar; |
|
10.5.2. |
Úsáid bheartaithe an umair: úsáid uilíoch nó úsáid shonrach feithicle; |
|
10.5.3. |
Láithreacht nó neamhláithreacht na ngabhálas. |
11. Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh
|
11.1. |
Comhlíonfar na ceanglais a luaitear i míreanna 5.1., 5.2., 5.3., 5.9., 5.12., 6.1. agus 6.2. thuas nuair a bheidh na humair feistithe leis na gabhálais a bhíonn ceangailte leo de ghnáth. |
|
11.2. |
I gcás ina bhfuil na humair le ceadú gan a ngabhálais, sainaithneofar go soiléir i ndoiciméadacht an mhonaróra na gabhálais a úsáidfear le haghaidh na tástála. |
Cuid IV Ceadú feithiclí maidir le humair bhreosla cheadaithe a shuiteáil
12. Sainmhínithe
Chun críocha na Coda seo den Rialachán:
|
12.1. |
Ciallaíonn ‘ceadú feithicle’ ceadú cineáil feithicle maidir le humair bhreosla leachtaigh a shuiteáil, a cheadaítear de bhun Chuid III den Rialachán seo; |
|
12.2. |
Ciallaíonn ‘cineál feithicle’ feithiclí nach bhfuil difear eatarthu ó thaobh na ngnéithe bunúsacha seo a leanas de: |
|
12.2.1. |
Ainmniú cineáil an mhonaróra; |
|
12.2.2. |
I bhfeithiclí de chatagóir M1, suíomh na n-umar san fheithicil sa mhéid go mbíonn tionchar diúltach aige ar chomhlíontacht cheanglais mhír 5.10.; |
13. Ceanglais maidir le humair bhreosla leachtaigh a shuiteáil
|
13.1. |
Comhlíonfar na ceanglais a luaitear i míreanna 5.4., 5.5., 5.6., 5.7., 5.8., 5.10., agus 5.11. thuas. Ina theannta sin, feithiclí de chatagóirí M1 agus N1, nach mó ná 2,8 tona a mais iomlán cheadaithe, beidh siad i gcomhréir le mír 8. |
|
13.2. |
I gcás ina gceadaítear na humair gan a ngabhálais, na gabhálais sin a úsáidtear le linn na dtástálacha ar na humair agus a sainaithnítear i ndoiciméadacht an mhonaróra de réir mhír 11.2. thuas, cuimseofar iad sa cheadú de bhun Chuid IV den Rialachán seo, arna iarraidh sin don mhonaróir. Cuirfear gabhálais bhreise san áireamh ar choinníoll go bhfuil an tSeirbhís Theicniúil sásta go gcomhlíonann an fheithicil ceanglas Chodanna III agus IV den Rialachán seo. |
14. Modhnuithe ar an gcineál feithicle nó umair
|
14.1. |
Gach modhnú ar an gcineál feithicle nó umair, cuirfear in iúl é don Údarás Cineálcheadaithe a cheadaigh an cineál sin feithicle. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an tÚdarás ceann díobh seo a leanas a dhéanamh: |
|
14.1.1. |
A mheas nach dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag na modhnuithe a rinneadh agus go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais i gcónaí in aon chás; nó |
|
14.1.2. |
Tuarascáil ar thástáil bhreise a éileamh ón tSeirbhís Theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh. |
|
14.2. |
Trí bhíthin an nós imeachta a shonraítear i míreanna 3.1.3., 3.2.3. nó 3.3.3. thuas, déanfar fógra faoi dheimhniú, faoi shíneadh nó faoi dhiúltú ceadaithe a chur in iúl do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm. |
|
14.3. |
An tÚdarás Cineálcheadaithe a eiseoidh an síneadh leis an gceadú, déanfaidh sé uimhir sraithe a shannadh do gach foirm chumarsáide a dhréachtófar do shíneadh den sórt sin. |
15. Comhréireacht táirgeachta
Beidh na nósanna imeachta comhréireachta táirgeachta i gcomhréir leo sin a leagtar amach sa Chomhaontú, Sceideal 1 (E/ECE/TRANS/505/Rev.3) agus na ceanglais seo a leanas ann:
|
15.1. |
Gach feithicil nó umar ar a bhfuil marc ceadaithe mar a fhorordaítear faoin Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe, beidh siad i gcomhréir leis an gcineál feithicle atá ceadaithe agus comhlíonfaidh siad ceanglais na gCodanna thuas faoi seach. |
16. Pionóis mar gheall ar neamhchomhréireacht táirgeachta
|
16.1. |
An ceadú a deonaíodh i leith cineál feithicle de bhun an Rialacháin seo ó na Náisiúin Aontaithe, féadfar é a aistarraingt mura gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i mír 15.1. thuas. |
|
16.2. |
Páirtí Conarthach sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, má dhéanann sé ceadú a dheonaigh sé roimhe sin a aistarraingt, tabharfaidh sé fógra láithreach faoi sin do na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé trí bhíthin cóip den fhoirm cheadaithe ar a bhfuil, ag an deireadh, i litreacha móra, an nóta ‘CEADÚ AISTARRAINGTHE’ agus í sínithe agus dátaithe. |
17. Forálacha idirthréimhseacha
|
17.1. |
Ó dháta oifigiúil theacht i bhfeidhm shraith leasuithe 04, aon Pháirtí Conarthach a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm, ní dhiúltóidh siad cineálcheaduithe a dheonú ná a dhiúltú faoin Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe arna leasú le sraith leasuithe 04. |
|
17.2. |
Ón 1 Meán Fómhair 2026, ní bheidh sé d’oibleagáid ar Pháirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm, glacadh le cineálcheaduithe faoin tsraith leasuithe a bhí ann roimhe sin, cineálcheaduithe a eiseofar den chéad uair tar éis an 1 Meán Fómhair 2026. |
|
17.3. |
Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm, glacfaidh siad i gcónaí le cineálcheaduithe a deonaíodh de réir na shraitheanna leasuithe 02 agus 03 ar an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe, cineálcheaduithe a eiseofar den chéad uair roimh an 1 Meán Fómhair 2026. |
|
17.4 |
Féadfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm cineálcheaduithe a dheonú i gcomhréir le haon sraith leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo. |
|
17.5. |
Leanfaidh Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm de shíntí a dheonú le ceaduithe atá ann cheana faoi aon sraith leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
17.6. |
D’ainneoin na bhforálacha idirthréimhseacha thuas, na Páirtithe Conarthacha a thosaíonn ar an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe a chur i bhfeidhm tar éis dháta theacht i bhfeidhm na sraithe leasuithe is déanaí, níl ceangal orthu glacadh le cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le haon cheann de na sraitheanna leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe / níl ceangal orthu ach glacadh le cineálcheadú a deonaíodh i gcomhréir le sraith leasuithe 04 amháin. |
|
17.7. |
Ón dáta oifigiúil a thiocfaidh sraith leasuithe 03 i bhfeidhm, na Páirtithe Conarthacha ar fad a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní dhiúltóidh siad cineálcheaduithe a dheonú ná glacadh leo faoin Rialachán seo arna leasú le sraith leasuithe 03. |
|
17.8. |
Amhail ón 1 Meán Fómhair 2018, ní dheonóidh Páirtithe Conarthacha a bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu cineálcheaduithe ach amháin má chomhlíonann an cineál feithicle atá le ceadú ceanglais an Rialacháin seo arna leasú le sraith leasuithe 03. |
|
17.9. |
Na Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, ní dhiúltóidh siad síntí le cineálcheaduithe a dheonú le haghaidh cineálacha atá ann cheana, ar cineálcheaduithe iad a deonaíodh de réir na sraithe leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo. |
|
17.10. |
Fiú amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm shraith leasuithe 03 ar an Rialachán seo, na Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, glacfaidh siad i gcónaí le cineálcheaduithe faoin tsraith leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán, ar cineálcheaduithe iad nach ndéanann sraith leasuithe 03 difear dóibh. |
|
17.11. |
D’ainneoin na bhforálacha idirthréimhseacha thuas, na Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm tar éis dháta theacht i bhfeidhm na sraithe leasuithe is déanaí, níl ceangal orthu glacadh le cineálcheaduithe a deonaíodh i gcomhréir le haon cheann de na sraitheanna leasuithe a bhí ann roimhe sin ar an Rialachán seo. |
18. Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla a dhéanann tástálacha ceadaithe, mar aon le hainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe
Na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe i bhfeidhm, cuirfidh siad in iúl do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, mar aon le hainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe a dheonaíonn ceadú, údaráis ar chucu atá foirmeacha le cur lena ndeimhnítear ceadú, nó diúltú nó aistarraingt an cheadaithe sin, arna n-eisiúint i dtír eile.
(1) Mar a shainmhínítear sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3.), is é sin doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6, mír 2 – https://unece.org/transport/standards/transport/vehicle-regulations-wp29/resolutions.
(2) Atáirgtear sainuimhreacha na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú 1958 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3), is é sin doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev. 6, Iarscríbhinn 3 – https://unece.org/transport/standards/transport/vehicle-regulations-wp29/resolutions.
IARSCRÍBHINN
Iarscríbhinn 1 – Foscríbhinn 1
Teachtaireacht
(Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm))
|
|
arna eisiúint ag: |
Ainm an údaráis: … … … |
|
Maidir le (2): |
Ceadú deonaithe |
|
Síneadh curtha le ceadú |
|
|
Ceadú diúltaithe |
|
|
Ceadú aistarraingthe |
|
|
Scor cinntitheach den táirgeadh |
|
de chineál feithicle:2 |
Maidir leis an umar breosla leachtaigh de bhun Rialachán Uimh. 34. |
|
Uimhir Cheadaithe… |
Uimhir an tSínidh: … |
1.
Trádainm nó trádmharc na feithicle cumhacht-thiomáinte: …
2.
Cineál feithicle: …
3.
Ainm agus seoladh an mhonaróra: …
4.
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: …
5.
Cineál an innill: inneall adhainte deimhní/inneall díosail2
6.
Suíomh an innill: tosaigh/cúil/lárnach2
7.
Tuairisc achomair ar an umar breosla agus ar an bhreosla, nó uimhreacha ceadaithe an umair breosla cheadaithe2 …
7.1.
Saintréithe agus suíomh an umair breosla: …
7.2.
I gcás umair bhreosla atá déanta as ábhar plaisteach, sonraigh an t-ábhar agus an trádainm nó an trádmharc: …
7.3.
Saintréithe na suiteála breosla (suíomh, naisc, etc.): …
8.
Tuairisc ar an tsuiteáil leictreach (suíomh an cheangaltáin, cosaint, etc.): …
9.
(Folamh) Tuairisc ar na tástálacha tuairte: …Tosaigh (Cineál/Ceadú nó uimhir na tuarascála): …
Taobhach (Cineál/Ceadú nó uimhir na tuarascála): …
Cúil (Cineál/Ceadú nó uimhir na tuarascála): …
10.
Cuireadh an fheithicil isteach le haghaidh a ceadaithe an: …
11.
An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha ceadaithe: …
12.
Dáta na tuarascála a d’eisigh an tSeirbhís sin: …
13.
Uimhir na tuarascála a d’eisigh an tSeirbhís sin: …
14.
Ceadú deonaithe/diúltaithe/aistarraingthe/síneadh curtha leis2
15.
Suíomh mharc an cheadaithe ar an bhfeithicil: …
16.
Áit: …
17.
Dáta: …
18.
Síniú: …
19.
An t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Cineálcheadaithe, rud is féidir a fháil ach é a iarraidh, tá sé i gceangal leis seo.
Iarscríbhinn 1 – Foscríbhinn 2
Teachtaireacht
(Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm))
|
|
arna eisiúint ag: |
Ainm an údaráis: … … … |
|
Maidir le (4): |
Ceadú deonaithe |
|
Síneadh curtha le ceadú |
|
|
Ceadú diúltaithe |
|
|
Ceadú aistarraingthe |
|
|
Scor cinntitheach den táirgeadh |
d’umar breosla de bhun Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe.
|
Uimhir Ceadaithe.: … |
Uimhir an tSínidh: … |
1.
Trádainm nó trádmharc an umair breosla: …
2.
Ainm an mhonaróra le haghaidh an chineáil umair breosla: …
3.
Ainm agus seoladh an mhonaróra: …
4.
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: …
5.
Tuairisc achomair ar an umar breosla agus ar bhreosla na suiteála beathaithe breosla:
5.1.
Saintréithe an umair breosla agus an bhreosla: …
5.2.
I gcás umair bhreosla atá déanta as ábhar plaisteach, sonraigh an t-ábhar agus an trádainm nó an trádmharc: …
6.
An dáta a cuireadh isteach ar cheadú: …
7.
An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha ceadaithe: …
8.
Dáta na tuarascála a d’eisigh an tSeirbhís sin: …
9.
Uimhir na tuarascála a d’eisigh an tSeirbhís sin: …
10.
Cúiseanna leis an síneadh (más infheidhme): …
11.
Ceadú deonaithe/diúltaithe/aistarraingthe/síneadh curtha leis2
12.
Suíomh mharc an cheadaithe ar an umar breosla: …
13.
Áit: …
14.
Dáta: …
15.
Síniú: …
16.
An t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Cineálcheadaithe, rud is féidir a fháil ach é a iarraidh, tá sé i gceangal leis seo.
(1) Sainuimhir na tíre a rinne an ceadú a dheonú/a dhiúltú/a aistarraingt nó a chuir síneadh leis an gceadú (féach forálacha maidir le ceadú sa Rialachán).
(2) Scrios amach an méid nach mbaineann le hábhar.
(3) Sainuimhir na tíre a rinne an ceadú a dheonú/a dhiúltú/a aistarraingt nó a chuir síneadh leis an gceadú (féach forálacha maidir le ceadú sa Rialachán).
(4) Scrios amach an méid nach mbaineann le hábhar.
IARSCRÍBHINN 2
Leagan amach marcanna ceadaithe
Samhail A
(Féach mír 3.1.4 den Rialachán seo)
a = 8 mm ar a laghad
An marc ceadaithe thuas a bheith greamaithe d’fheithicil, is rud é a léiríonn gur ceadaíodh an cineál lena mbaineann san Ísiltír (E4) de bhun Chuid I de Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe faoi cheadú Uimh. 041234. Léirítear leis an gcéad dá dhigit (04) den uimhir cheadaithe gur deonaíodh an ceadú de réir cheanglais Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe arna leasú le sraith leasuithe 04.
Samhail B (Folamh)
Samhail C
(Féach mír 3.2.4. den Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe)
a = 8 mm ar a laghad
An marc ceadaithe thuas a bheith greamaithe d’umar breosla, is rud é a léiríonn gur ceadaíodh an cineál lena mbaineann san Ísiltír (E4) de bhun Chuid III de Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe, is é sin le haghaidh úsáid uilíoch agus a ghabhálais san áireamh, faoi cheadú Uimh. 041234. Léirítear leis an gcéad dá dhigit (04) den uimhir cheadaithe gur deonaíodh an ceadú de réir cheanglais Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe arna leasú le sraith leasuithe 04.
Samhail D
(Féach mír 3.3.4. den Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe)
= 8 mm ar a laghad
An marc ceadaithe thuas a bheith greamaithe d’fheithicil, is rud é a léiríonn gur ceadaíodh an cineál lena mbaineann san Ísiltír (E4) de bhun Chuid IV de Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe faoi cheadú Uimh. 041234. Léirítear leis an gcéad dá dhigit (04) den uimhir cheadaithe gur deonaíodh an ceadú de réir cheanglais Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe arna leasú le sraith leasuithe 04.
Samhail E
(Féach mír 3.3.5. den Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe)
a = 8 mm ar a laghad.
An marc ceadaithe thuas a bheith greamaithe d’fheithicil, is rud é a léiríonn gur ceadaíodh an cineál lena mbaineann san Ísiltír (E4) de bhun Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe, Cuid IV, agus Rialachán Uimh. 33 ó na Náisiúin Aontaithe. (*1) Léiríodh leis na huimhreacha ceadaithe gur cuimsíodh, an dáta a tugadh na ceaduithe faoi seach, sraith leasuithe 04 i Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe agus go raibh Rialachán Uimh. 33 ó na Náisiúin Aontaithe ina fhoirm bhunaidh i gcónaí.
(*1) Tugtar an dara huimhir mar shampla amháin.
Iarscríbhinn 3 (Folamh)
Iarscríbhinn 4 (Folamh)
IARSCRÍBHINN 5
Tástáil umar breosla atá déanta as ábhar plaisteach
1. Frithsheasmhacht in aghaidh imbhuailtí
|
1.1. |
Líonfar an t-umar de réir a thoilleadh le meascán d’uisce agus gliocól nó le leacht eile ag a bhfuil reophointe íseal, nach n-athraíonn airíonna ábhar an umair, agus ansin déanfar tástáil pollta air. |
|
1.2. |
Le linn na tástála sin is é 233 K ± 2 K (- 40 °C ± 2 °C) a bheidh i dteocht an umair. |
|
1.3. |
Úsáidfear daingneán tástála imbhuailte luascadáin le haghaidh na tástála. Beidh an chabhail imbhuailte déanta as cruach agus beidh cruth pirimide uirthi ar a bhfuil aghaidheanna triantáin chomhshleasaigh agus bonn cearnógach, agus an mullach agus na himill slánaithe go ga 3 mm. Lárphointe fhorbhualadh an luascadáin, beidh sé ag meáchanlár na pirimide; 1 m a bheidh ina fhad ó ais rothlaithe an luascadáin. 15 kg a bheidh i mais iomlán an luascadáin. Ní bheidh fuinneamh an luascadáin, tráth an imbhuailte, níos lú ná 30 Nm agus beidh sé chomh gar agus is féidir don luach sin. |
|
1.4. |
Déanfar na tástálacha ar phointí an umair a mheastar a bheith i mbaol imbhuailtí tosaigh nó cúil. Is iad na pointí a mheastar a bheith leochaileach na pointí is neamhchosanta nó is laige ag féachaint do chruth an umair nó don chaoi a bhfuil sé suiteáilte ar an bhfeithicil. Sonrófar na pointí arna roghnú ag na saotharlanna sa tuarascáil tástála. |
|
1.5. |
Le linn na tástála, coinneofar an t-umar ina shuíomh leis na feistis ar an taobh nó ar na taobhanna atá ar an taobh eile den imbhualadh. Ní bheidh aon sceitheadh mar thoradh ar an tástáil. |
|
1.6. |
De rogha an mhonaróra, féadfar na tástálacha tuairte uile a dhéanamh ar umar amháin nó féadfar gach ceann acu a dhéanamh ar umair éagsúla. |
2. Neart meicniúil
Déanfar an t-umar a thástáil faoi na coinníollacha a fhorordaítear i mír 6.1. den Rialachán seo le haghaidh sceití agus le haghaidh dolúbthacht crutha. An t-umar agus a ghabhálais uile, beidh siad feistithe ar dhaingneán tástála ar bhealach a chomhfhreagróidh don mhodh suiteála ar an bhfeithicil dá bhfuil an t-umar beartaithe, nó beidh siad feistithe ar an bhfeithicil féin nó beidh siad feistithe ar dhaingneán tástála arna dhéanamh ag cuid d’fheithicil. Arna iarraidh sin don mhonaróir agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar an t-umar a thástáil gan aon daingneán tástála a úsáid. Úsáidfear uisce ag 326 K (53 °C) mar leacht tástála agus líonfar an t-umar de réir a thoilleadh. Beidh an t-umar faoi réir brú inmheánach coibhneasta a bheidh cothrom le dhá oiread an bhrú oibre agus nach lú é in aon chás ná 30 kPa ag teocht 326 K ± 2 K (53 °C ± 2 °C) ar feadh tréimhse 5 uair an chloig. Le linn na tástála, ní scoiltfidh ná ní sceithfidh an t-umar ná a ghabhálais; mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith dífhoirmithe go buan.
3. Tréscaoilteacht breosla
|
3.1. |
An breosla tagartha a shonraítear i Rialachán Uimh. 83, Iarscríbhinn 9, nó breosla tráchtála den scoth, sin é an breosla a úsáidfear le haghaidh na tástála tréscaoilteachta. Mura bhfuil an t-umar ceaptha ach lena shuiteáil ar fheithiclí ina bhfuil inneall adhainte comhbhrú, líonfar an t-umar le breosla díosail. |
|
3.2. |
Roimh an tástáil, líonfar an t-umar go 50 faoin gcéad dá thoilleadh le breosla tástála agus stórálfar é, gan a bheith séalaithe, ag teocht chomhthimpeallach 313 K ± 2 K (40 °C ± 2 °C) go dtí go mbeidh an caillteanas meáchain in aghaidh an aonaid ama tairiseach, ach go ceann tréimhse nach faide ná 4 seachtaine (tréimhse réamhstórála). |
|
3.3. |
Déanfar an t-umar a fholmhú agus a athlíonadh ansin go 50 faoin gcéad dá thoilleadh le breosla tástála, agus ina dhiaidh sin déanfar é a shéalú go heirméiteach agus a stóráil ag teocht 313 K ± 2 K (40 °C ± 2 °C). Coigeartófar an brú nuair a shroichfidh ábhar an umair an teocht tástála. Le linn na tréimhse tástála 8 seachtaine ina dhiaidh sin, cinnfear an caillteanas meáchain de bharr idirleata le linn na tréimhse tástála. Is é 20 g in aghaidh 24 uair an chloig d’am tástála an meánchaillteanas uasta breosla is incheadaithe. |
|
3.4. |
Más mó an caillteanas de bharr idirleata ná an luach a shonraítear i mír 3.3., déanfar an tástáil a dtugtar tuairisc uirthi sa mhír sin arís, ar an umar céanna, chun an caillteanas de bharr idirleata ag 296 K ± 2 K (23 °C ± 2 °C) a chinneadh, ach déanfar í faoi na coinníollacha céanna. Ní bheidh an caillteanas a thomhaisfear níos mó ná 10 g in aghaidh 24 uair an chloig. |
4. Frithsheasmhacht in aghaidh breosla
I ndiaidh na tástála dá dtagraítear i mír 3, comhlíonfaidh an t-umar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1. Agus 2. I gcónaí.
5. Frithsheasmhacht in aghaidh dóiteáin
Déanfar na tástálacha seo a leanas ar an umar.
|
5.1. |
Go ceann 2 nóiméad, nochtfar an t-umar do lasair, agus é feistithe ar an bhfeithicil. Ní bheidh aon sceitheadh breosla leachtaigh ón umar. |
|
5.2. |
Déanfar trí thástáil ar umair éagsúla a líonfar le breosla mar a leanas: |
|
5.2.1. |
Má tá an t-umar ceaptha lena shuiteáil ar fheithiclí atá feistithe le hinneall adhainte deimhní nó le hinneall adhainte comhbhrú, déanfar trí thástáil le humair a bheidh líonta le gásailín den scoth; |
|
5.2.2. |
Mura bhfuil an t-umar ceaptha ach lena shuiteáil ar fheithiclí atá feistithe le hinneall adhainte comhbhrú, déanfar trí thástáil le humair a bheidh líonta le breosla díosail; |
|
5.2.3. |
I gcás gach tástála, déanfar an t-umar agus a ghabhálais a shuiteáil i ndaingneán tástála lena n-ionsamhlaítear dálaí suiteála iarbhír a mhéid is féidir. Beidh an modh ina bhfuil an t-umar feistithe ar an daingneán ar aon dul leis na sonraíochtaí ábhartha maidir lena shuiteáil. I gcás umair atá ceaptha le haghaidh úsáid shonrach feithicle, cuirfear san áireamh páirteanna feithicle lena gcosnaítear an t-umar agus a ghabhálais ar nochtadh do lasair nó lena ndéantar difear do chúrsa an dóiteáin ar bhealach ar bith, chomh maith le comhpháirteanna sonraithe atá suiteáilte ar an umar agus ar na plocóidí. Dúnfar na hoscailtí uile le linn na tástála, ach beidh na córais scaoilte i bhfeidhm i gcónaí. Díreach roimh an tástáil, líonfar an t-umar leis an mbreosla sonraithe go 50 faoin gcéad dá thoilleadh. |
|
5.3. |
Gheofar an lasair a bhfuil t-umar nochta dó trí bhreosla tráchtála a dhó le haghaidh innill adhainte deimhní (dá ngairtear ‘breosla’ anseo feasta) i bpanna. Cainníocht an bhreosla a dhoirtear isteach sa phanna, beidh sí leordhóthanach chun gur féidir leis an lasair, faoi dhálaí arna dhó gan bac, a bheith ag dó le linn an nós imeachta tástála iomláin. |
|
5.4. |
Roghnófar toisí an phanna chun a áirithiú go mbeidh taobhanna an umair breosla nochta don lasair. Dá bhrí sin, beidh réamh-mheastachán cothrománach an umair 20 cm ar a laghad, ach nach mó ná 50 cm, thar an bpanna. Ní ghobfaidh taobh-bhallaí an phanna níos mó ná 8 cm os cionn leibhéal an bhreosla ag tús na tástála. |
|
5.5. |
Cuirfear an panna líonta le breosla faoin umar sa chaoi go gcomhfhreagróidh an fad idir leibhéal an bhreosla sa phanna agus bun an umair d’airde deartha an umair os cionn dhromchla an bhóthair ag an mais gan ualach (féach mír 7.4.). Beidh an panna, nó an daingneán tástála, nó an dá cheann, sochorraithe go héasca. |
|
5.6. |
Le linn chéim C den tástáil, cumhdófar an panna le scáileán a chuirfear 3 cm ± 1 cm os cionn leibhéal an bhreosla.
Beidh an scáileán déanta as ábhar teasfhulangach, mar a fhorordaítear i bhFoscríbhinn 2. Ní bheidh aon bhearna idir na brící agus tabharfar taca dóibh os coinn an phanna breosla ar bhealach nach gcuirfear bac ar na poill sna brící. Beidh fad agus leithead an fhráma idir 2 cm agus 4 cm níos lú ná toisí inmheánacha an phanna ionas go mbeidh bearna idir 1 cm agus 2 cm idir an fráma agus balla an phanna ionas gur féidir aeráil a dhéanamh. |
|
5.7. |
Nuair a dhéantar na tástálacha faoin aer, soláthrófar cosaint leordhóthanach ón ngaoth agus ní rachaidh treoluas na gaoithe ar leibhéal an phanna breosla thar 2,5 km/h. Roimh an tástáil, déanfar an scáileán a théamh go 308 K ± 5 K (35 °C ± 5 °C). Féadfar na brící dóiteáin a fhliuchadh chun na dálaí tástála céanna a ráthú le haghaidh gach tástála comhleanúnaí. |
|
5.8. |
Ceithre chéim a bheidh sa tástáil (féach Foscríbhinn 1). |
|
5.8.1. |
Céim A: Réamhthéamh (Fíor 1)
Déanfar an breosla sa phanna a adhaint ar fhad 3 m ar a laghad ón umar atá á thástáil. Tar éis 60 soicind réamhthéimh, cuirfear an panna faoin umar. |
|
5.8.2. |
Céim B: Nochtadh díreach do lasair (Fíor 2)
Go ceann 60 soicind nochtfar an t-umar don lasair ón mbreosla arna dhó gan bhac. |
|
5.8.3. |
Céim C: Nochtadh indíreach do lasair (Fíor 3)
A luaithe a bheidh céim B curtha i gcrích, cuirfear an scáileán idir an panna arna dhó agus an t-umar. Beidh an t-umar nochta don lasair laghdaithe sin go ceann 60 soicind eile. |
|
5.8.4. |
Céim D: Deireadh na tástála (Fíor 4)
Aistreofar an panna dóite atá cumhdaithe leis an scáileán ar ais go dtí a shuíomh bunaidh (céim A). Má tá an t-umar á dhó ag deireadh na tástála, múchfar an dóiteán láithreach. |
|
5.9. |
Measfar torthaí na tástála a bheith sásúil mura bhfuil aon bhreosla leachtach ag sceitheadh ón umar. |
6. Frithsheasmhacht in aghaidh teocht ard
|
6.1. |
Beidh an daingneán a úsáidfear don tástáil ag teacht leis an mbealach a suiteáladh an t-umar ar an bhfeithicil, lena n-áirítear an bealach a n-oibríonn gaothaire an umair. |
|
6.2. |
Beidh an t-umar a líonfar go 50 faoin gcéad dá thoilleadh le huisce ag 293 K (20 °C) faoi réir teocht chomhthimpeallach 368 K ± 2 K (95 °C ± 2 °C) go ceann uair an chloig. |
|
6.3. |
Measfar torthaí na tástála a bheith sásúil mura mbeidh an t-umar ag sceitheadh ná dífhoirmithe go tromchúiseach tar éis na tástála. |
7. Marcálacha ar an umar breosla
Greamófar an trádainm nó an trádmharc den umar; beidh sé doscriosta agus soléite ar an umar nuair a bheidh an t-umar suiteáilte ar an bhfeithicil.
Iarscríbhinn 5 – Foscríbhinn 1
Tástáil ar fhrithsheasmhacht in aghaidh dóiteáin
Fíor 1
Céim A: Réamhthéamh
Fíor 2
Céim B: Nochtadh díreach do lasair
Fíor 3
Céim C: Nochtadh indíreach don lasair
Fíor 4
Céim D: Deireadh na tástála
Iarscríbhinn 5 - Foscríbhinn 2
Toisí agus sonraí teicniúla na mbrící dóiteáin
|
Dó-obacht |
(Seger-Kegel) SK 30 |
|
ábhar Al2O3 |
30 – 33 faoin gcéad |
|
Póiriúlacht oscailte (Po) |
20 – 22 faoin gcéad toirt. |
|
Dlús |
1 900 – 2 000 kg/m3 |
|
Limistéar pollta éifeachtach |
44,18 faoin gcéad |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1454/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)