|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1451 |
16.7.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1451 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2025
chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leathadh aindleathach mionarm agus armán éadrom (MAAÉ) agus armlóin, agus gáinneáil orthu, agus a dtionchar i gcríocha Mheiriceá a chosc agus a chomhrac – Céim III
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón, ‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’ (‘Straitéis MAAÉ an Aontais’) leagtar amach na treoirlínte maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais i réimse na mionarm agus na n-arm éadrom (‘MAAÉ’). |
|
(2) |
Le Straitéis MAAÉ an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus na Ballstáit cúnamh a chur ar fáil do thíortha eile d’fhonn feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit trí na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú agus trí na hinstitiúidí náisiúnta a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn MAAÉ agus armlóin le haghaidh fórsaí cosanta agus slándála a neartú. |
|
(3) |
Tugtar ar aird i Straitéis MAAÉ an Aontais go lorgóidh an tAontas sineirge leis na stáit Mheiriceánacha agus na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha chun leathadh aindleathach MAAÉ, agus gáinneáil orthu, a laghdú, d’fhonn an foréigean armtha agus an ghníomhaíocht choiriúil armtha a laghdú. |
|
(4) |
Is í Eagraíocht na Stát Meiriceánach atá mar Rúnaíocht ag an gCoinbhinsiún Idir-Mheiriceánach in aghaidh Monarú Aindleathach Arm Tine, Armlóin, Pléascán, agus Ábhar Gaolmhar Eile, agus Gáinneáil orthu, agus tá tionscnaimh réigiúnacha lena ndéantar MAAÉ aindleathacha a chomhrac i gcríocha Mheiriceá á gcomhordú agus á gcur chun feidhme aici. |
|
(5) |
Thug an tAontas tacaíocht do ghníomhaíochtaí Eagraíocht na Stát Meiriceánach roimhe seo trí bhíthin Chinntí (CBES) 2018/2010 (1) agus 2022/847 (2) ón gComhairle chun tacú le gníomhaíochtaí lena ndéantar leathadh aindleathach MAAÉ agus armlóin, agus gáinneáil orthu, agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. I gcomhthéacs chur chun feidhme Straitéis MAAÉ an Aontais, is é is cuspóir don Chinneadh seo aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean armtha i gCríocha Mheiriceá. Chuige sin, maoineoidh an tAontas an tionscadal arna thuairisciú san Iarscríbhinn, arb é is aidhm dó leathadh aindleathach arm tine agus armlóin, agus gáinneáil orthu, a chomhrac, agus teagmháil le hairm thine a chosc sna pobail sin is mó atá thíos leis an bhforéigean.
2. Is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:
|
(a) |
creataí rialála a neartú chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine i gCríocha Mheiriceá; |
|
(b) |
méadú a dhéanamh ar chomhroinnt eolais agus faisnéise maidir le gáinneáil ar airm thine agus leathadh aindleathach MAAÉ i gCríocha Mheiriceá; |
|
(c) |
feabhas a chur ar acmhainneachtaí stáit chun saolré MAAÉ agus armlóin a bhainistiú, agus an baol a laghdú go ndéanfaí iad a atreorú chuig an margadh aindleathach; |
|
(d) |
córais náisiúnta a neartú chun MAAÉ aindleathach a rianú go córasach; |
|
(e) |
tosca riosca an fhoréigin armtha a laghdú ar leibhéal an phobail; agus |
|
(f) |
an comhar foréigiúnach a neartú tríd an Treochlár Foréigiúnach maidir le hAirm Thine a fhorbairt agus a chur chun feidhme. |
3. Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Eagraíocht na Stát Meiriceánach a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur i gcrích.
3. Is faoi fhreagracht an Ardionadaí a fheidhmeoidh Eagraíocht na Stát Meiriceánach a cuid cúraimí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le hEagraíocht na Stát Meiriceánach.
Airteagal 3
1. Is é EUR 4 055 956 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú airgeadais is gá i gcrích le hEagraíocht na Stát Meiriceánach. Sonrófar sa chomhaontú airgeadais go n-áiritheoidh Eagraíocht na Stát Meiriceánach infheictheacht ranníocaíocht an Aontais ar bhealach a bheidh iomchuí dá méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thugtar an comhaontú airgeadais i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag Eagraíocht na Stát Meiriceánach. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht atá le déanamh ag an gComhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le gnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thugtar an comhaontú airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura dtugtar aon chomhaontú i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Cinneadh (CBES) 2018/2010 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 chun tacú le leathadh aindleathach agus gáinneáil mionarm, armán éadrom agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Airm Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón ‘Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’ (IO L 322, 18.12.2018, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/2010/oj).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/847 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm agus arm éadrom (SALW) agus armlón agus a dtionchar i gcríocha Mheiriceá a chosc agus a chomhrac (IO L 148, 31.5.2022, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/847/oj).
IARSCRÍBHINN
Tionscadal chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm agus arm éadrom (MAAÉ) agus armlóin agus a dtionchar i gcríocha Mheiriceá a chosc agus a chomhrac –
Céim III
1. Cúlra
Tá Críocha Mheiriceá fós ar an réigiún is foréigní ar domhan, agus costais arda eacnamaíocha, shóisialta agus dhaonna iontu, a théann go mór i bhfeidhm ar na pobail is leochailí. De réir an staidéir is déanaí, Global Study on Homicides, [Staidéar Domhanda ar Dhúnbhású] in 2021, cláraíodh an ráta dúnbhásaithe réigiúnach is airde ina raibh 15 dhúnbhású in aghaidh 100 000 áitritheoir sa réigiún, i gcomparáid le meán domhanda 5.8 in aghaidh 100,000 áitritheoir (1). Cé go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le rátaí dúnmharaithe a laghdú – ó 17.2 dúnbhású in aghaidh gach 100 000 áitritheoir in 2017 (2) – is i gCríocha Mheiriceá fós a dhúnmharaítear duine as triúr de na daoine a dhúnmharaítear ar fud an domhain. Thairis sin, déantar beagnach 70 % de na dúnmharuithe sin le harm tine (3). Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a neartú chun gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar fhoréigean armtha.
Cuireann roinnt tosca leis an bhforéigean armtha sa réigiún. Cuireann leathadh aindleathach arm agus armlóin slándáil an phobail i mbaol go háirithe i gcomhthéacsanna ina bhfuil cuid mhór neamhionannais, eisiamh sóisialta, easpa rochtana ar sheirbhísí poiblí agus easpa modhanna chun coinbhleachtaí a réiteach go síochánta. Ina theannta sin, cuireann grúpaí coiriúla eagraithe cobhsaíocht thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib i mbaol trí mhargadh na n-arm aindleathach a spreagadh trí bhealaí neamhdhleathacha a bhaineann leas as teorainneacha éadaingne agus trí mhaoirseacht neamhleor a bheith á déanamh ar shlabhra dlíthiúil na n-arm tine agus an armlóin. Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar fhoréigean armtha i gCríocha Mheiriceá, ní mór tús áite a thabhairt sna beartais chuimsitheacha do shreabha aindleathacha arm tine agus armlóin a rialú agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí ar leibhéal an phobail trí chur chuige déthaobhach lena ndírítear ar sholáthar agus éileamh arm tine aindleathach agus armlóin.
Tá creat ag an réigiún cheana féin chun rialuithe ar shaolré arm tine agus armlóin a neartú. Is príomhshásra fós é an Coinbhinsiún Idir-Mheiriceánach in aghaidh monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, armlóin, pléascán, agus ábhar gaolmhar eile (CIFTA), a síníodh in 1997 agus a dhaingnigh 31 thír i gCríocha Mheiriceá, don chomhar réigiúnach chun monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, armlóin agus pléascán a chosc, a chomhrac agus a dhíothú. Bunaítear oibleagáidí le CIFTA atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhaineann le harm tine agus armlón a bhainistiú le linn a saolré, le hatreorú ó úsáideoirí dlisteanacha a laghdú, agus le haghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine. Mar sin féin, is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun forálacha an choinbhinsiúin a chur chun feidhme. D’ainneoin iarrachtaí na rialtas, tá go leor dúshlán fós roimh an réigiún maidir leis na beartais sin a chur chun feidhme chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag úsáideoirí údaraithe ar airm thine agus ar armlón.
Baineann an chéad dúshlán leis an easpa sonraí chun miondifríochtaí an fheiniméin i ngach tír a thuiscint agus le bearnaí sna hacmhainneachtaí institiúideacha a shainaithint. Ina theannta sin, níl an reachtaíocht, na hacmhainní daonna ná an trealamh chun trádáil dhlíthiúil agus úsáid dhlisteanach arm tine agus armlóin a rialú ag na tíortha sin. Cé go bhfuil méadú tagtha ar mharcáil arm tine, tá teorainn le hacmhainneacht na gcóras coimeádta taifead. Tá formhór na gcóras fós páipéarbhunaithe nó ilroinnte, agus ní dhéantar aon sonraí a chomhtháthú iontu. Sa chleachtas, a luaithe a fhaigheann cuideachta slándála sibhialta nó príobháideach ceadúnas chun arm tine a shealbhú, ní shanntar aon aonad ná pearsanra chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha ceadúnaithe. Tá an mhaoirseacht a dhéantar ar armlanna atá faoi úinéireacht an stáit lag freisin. Ní chuireann fórsaí míleata agus slándála prótacail bainistithe stoc-charn chun feidhme go córasach, rud a mhéadaíonn an dóchúlacht go ndéanfar arm tine agus armlón a atreorú chuig an margadh aindleathach, chomh maith leis an riosca go dtarlódh pléascanna gan choinne i stórais.
Tá sé réasúnta éasca freisin arm tine agus arm lón a atreorú le linn aistrithe idirnáisiúnta. Níl bealaí ag údaráis cheadúnúcháin, ag na húdaráis chustaim ná ag gníomhaireachtaí teorann chun cumarsáid a dhéanamh i bhfíor-am agus chun gluaiseacht iarbhír earraí a rianú. Cuireann easpa trealaimh, lena n-áirítear x-ghathanna, agus easpa oiliúna ar phearsanra teorann bac ar phróisis fíorúcháin agus ar dhíchumasú arm tine agus armlóin atá i bhfolach.
Ní leor freagairt an cheartais choiriúil ach oiread. Tá roinnt tíortha ann nach bhfuil aonaid speisialaithe acu fós chun gáinneáil ar airm thine a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Cuireann easpa prótacal agus acmhainní chun airm thine a aisghabhtar stop le himscrúduithe coiriúla a d’fhéadfadh foinse na n-arm tine a rianú, iad a nascadh le láithreacha coire éagsúla, agus líonraí gáinneála aindleathaí a aimsiú.
Ní hamháin nach bhfuil acmhainneachtaí ag tíortha chun soláthar arm tine agus armlóin a bhainistiú chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag úsáideoirí údaraithe orthu. Ach níl go leor acmhainneachtaí institiúideacha ann chun aghaidh a thabhairt ar an éileamh aindleathach ar arm tine agus ar armlón, agus ar thosca riosca a chuireann bac ar chultúr síochána ar leibhéal an phobail.
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ó 2019 i leith, le cistiú ón Aontas Eorpach (Cinneadh CBES 2018/2010 ón gComhairle agus Cinneadh CBES 2022/847 ón gComhairle), cuireann Roinn Slándála Poiblí Eagraíocht na Stát Meiriceánach (RSP/ESM), faoi chuimsiú an Chláir Cúnaimh maidir le Rialú Arm agus Armlón (PACAM), cúnamh teicniúil cuimsitheach ar fáil do stáit Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun a mbeartais a neartú chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine agus ar armlón agus iad a chosc. Is é PACAM sásra oibríochtúil OAS chun tacú le Ballstáit OAS aghaidh a thabhairt ar fhoréigean armtha trína n-acmhainneacht forálacha ionstraimí idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme a neartú, amhail CIFTA, Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe (UN-PoA), agus an Conradh Trádála Arm (ATT). Tacaíonn PACAM le Ballstáit ESM, arna iarraidh sin dóibh, trí chur chuige ilsrathach:
|
— |
Tacaíocht reachtach chun feabhas a chur ar an gcreat normatach maidir le hairm thine. |
|
— |
Cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta atá saincheaptha, bunaithe ar riachtanais agus inbhuanaithe i dtaca le gnéithe éagsúla a bhaineann le harm hine agus armlón a bhainistiú le linn a saolré. |
|
— |
Tionscnaimh choisctheacha a chur chun cinn chun athléimneacht an phobail i gcoinne an fhoréigin armtha a neartú trí mhodheolaíocht OASIS agus rochtain neamhúdaraithe ar airm thine a laghdú. |
Ó mhí Eanáir 2019 go dtí mí Iúil 2024, bhí torthaí fóinteacha sa réigiún de bharr gur cuireadh an dá Chinneadh ón gComhairle maidir le CBES chun feidhme, rud a chuaigh chun tairbhe do 28 dtír i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib trí chomhpháirteanna éagsúla:
|
— |
Treochlár Mheiriceá Láir a fhorbairt chun Leathadh agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine agus Armlóin a Chosc, a ghlac tíortha Mheiriceá Láir i mí Feabhra 2025. |
|
— |
Cúnamh reachtach do 7 dtír chun a gcreat normatach maidir le harm tine a neartú. |
|
— |
Oiliúint a chur ar bhreis agus 3,400 pearsanra náisiúnta ó 28 dtír maidir le dea-chleachtais agus caighdeáin i ndáil le Slándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoc-charn, Marcáil agus Taifeadadh Arm Tine, agus Díothú Arm Tine agus Armlóin. |
|
— |
Tacaíocht do 16 thír chun arm tine a mharcáil, lena n-áirítear trí mheaisíní marcála a dheonú. |
|
— |
Scriosadh níos mó ná 219 dtona armlóin agus 85,000 MAAÉ a urghabhadh, atá imithe i léig, nó atá iomarcach i 6 thír. |
|
— |
Feabhsuithe slándála ar 16 limistéar iosta arm tine agus armlóin in 8 dtír. |
|
— |
Bogearraí rialaithe fardail a fhorbairt le haghaidh airm tine agus armlón stoc-charn institiúideach, a úsáideann 15 institiúid i 9 dtír. |
|
— |
Sásra Réigiúnach Cumarsáide a fhorbairt maidir le hAistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlóin, lena n-áirítear réiteach náisiúnta do thíortha a úsáideann córais pháipéarbhunaithe fós chun a bpróisis cheadúnúcháin a bhainistiú. |
|
— |
Scileanna saoil 2,600 ógánach ó Hondúras agus ó Pheiriú atá i mbaol a neartú trí cheolfhoireann iarscoile agus ranganna cóir. |
|
— |
Bunú Ionad Treoraíochta d’Íospartaigh Foréigin Gunnaí i Hondúras, a thug tacaíocht shíceasóisialta do níos mó ná 160 duine agus a d’eagraigh gníomhaíochtaí for-rochtana chun feasacht a mhúscailt. |
|
— |
Oiliúint a chur ar níos mó ná 300 páirtí leasmhar pobail ón tSalvadóir, ó Hondúras agus ó Pheiriú maidir le foréigean a chosc agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh. |
|
— |
Rannpháirtíocht níos mó ná 2,800 saoránach ó Hondúras agus ó Pheiriú i ngníomhaíochtaí for-rochtana agus in imeachtaí chun foréigean a chosc ionas go gcuirfí cultúr síochána chun cinn. |
Trí chomhoibriú leis an Aontas Eorpach, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le haghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine sa réigiún. Ghlac roinnt tíortha páirt i gcomhpháirteanna réigiúnacha an tionscadail, mar shampla, sásraí comhordúcháin agus ceardlanna, agus chuathas go mór i bhfeidhm ar chroíghrúpa tíortha.
D’ainneoin an dul chun cinn sin, is gá fós leanúint de chúnamh fadtéarmach a chur ar fáil do thíortha chun dea-chleachtais a chothú. Is léir ó thaithí RSP/ESM gur gá tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil leanúnach saincheaptha fhadtéarmach, bunaithe ar riachtanais, chun gur féidir beartais chasta, mar shampla, rialú arm tine, a chur chun feidhme go córasach agus úinéireacht a fháil orthu ar leibhéal náisiúnta. Measfar, sa chéim nua sin, a thábhachtaí atá straitéisí fadtéarmacha chun go gcuimseofar athrú fóinteach inbhuanaithe i mbeartais agus i ndálaí slándála.
Clúdófar gnéithe nua i gCéim III lena gcuirfear leis an dul chun cinn a rinneadh i gCéimeanna I agus II, cuir i gcás, cúnamh spriocdhírithe chun feabhas a chur ar chleachtais rianaithe agus chun úsáid arm tine agus teagmhais i scoileanna a chosc. Le linn na 5 bliana sin, chruthaíomar na dálaí chun na gnéithe nua sin a thabhairt isteach, lena n-éilítear dlúthchaidreamh díreach le húdaráis rialtais agus idirphlé oscailte faoina ndúshláin agus a riachtanais. Dá réir sin, ní hamháin go rannchuideoidh Céim III le hinbhuanaitheacht an chúnaimh a cuireadh ar fáil le 5 bliana anuas ach rachaidh sí céim amháin eile i dtreo aghaidh a thabhairt ar fhoréigean armtha i gCríocha Mheiriceá freisin.
2. Cur Chuige Teicniúil
Le linn na céime seo, leanfaidh RSP/ESM d’infheistíocht a dhéanamh i gcur chuige iomlánaíoch lena gcomhcheanglaítear straitéisí chun foréigean armtha a chosc agus rialú a dhéanamh ar airm tine chun aghaidh a thabhairt ar an soláthar neamhúdaraithe agus ar an éileamh ar airm thine agus ar armlón araon trí chúig chuspóir shonracha:
1. Creataí Rialála a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar arm tine i gCríocha Mheiriceá
Dírítear i gcomhpháirt amháin den ghníomhaíocht ar chreataí dlíthiúla náisiúnta a neartú chun a áirithiú go dtacóidh siad le gníomhaíochtaí oibríochtúla an rialaithe ar airm tine agus go n-áirítear leo forálacha éigeantacha uile na rialachán idirnáisiúnta. Áirítear leis sin méadú a dhéanamh ar infhaighteacht na gcaighdeán agus na dtreoirlínte maidir le príomhghnéithe chosc an fhoréigin armtha agus bhainistiú feadh an tsaoil na n-arm tine agus an armlóin, chomh maith le rochtain orthu a éascú d’údaráis náisiúnta agus do phearsanra teicniúil.
Sa chéim roimhe seo, d’fhorbair RSP/ESM trí cinn de threoirlínte nua (Scrios MAAÉnna, slándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn i gcás MAAÉnna, agus foréigean inscnebhunaithe le mí-úsáid arm tine a chosc) a d’fhormheas Coiste Comhairleach CIFTA agus a comhtháthaíodh i gcorp na doiciméadachta comhlántaí chun cur i bhfeidhm an choinbhinsiúin a threorú. Sa chéim sin, leanfaidh RSP/ESM den iarracht sin trí threoirlínte CIFTA maidir le cláir um thabhairt suas deonach na n-arm agus caighdeáin sábháilteachta agus slándála a fhorbairt do chuideachtaí slándála príobháideacha. Tá baint láidir ag na hábhair sin leis an réigiún. Bíonn méideanna suntasacha arm tine i gcúrsaíocht i bpobail atá buailte go mór, rud a fhágann gur gá feasacht a mhúscailt maidir leis na rioscaí a bhaineann leo agus na pobail sin a spreagadh chun na hairm sin a thabhairt suas d’fhonn cultúr síochána agus réiteach síochánta coinbhleachta a chur chun cinn. Ina theannta sin, leanann cuideachtaí slándála príobháideacha de bheith ag méadú i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, agus soláthraíonn siad na milliúin garda armtha do sheirbhísí slándála éagsúla. Tá sé ríthábhachtach rialú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann cuideachtaí slándála príobháideacha as airm tine agus armlón chun atreorú agus mí-úsáid arm tine atá ina seilbh acu a laghdú.
Thairis sin, cuirfimid leis an Ardán Leathsféarach um Eolas ar Airm Thine, a forbraíodh le linn Chéim II, agus leanfaimid dá leathnú. Is stór láraithe é an t-ardán sin ina gcoinnítear faisnéis agus sonraí é maidir leis an ngáinneáil ar airm thine i gCríocha Mheiriceá. Tá limistéar poiblí laistigh de ina bhfuil leabharlann d’fhoilseacháin ghaolmhara agus uirlis chuardaigh a ligeann d’úsáideoirí caighdeáin a scagadh de réir spéise (mar shampla, réimse cur i bhfeidhm, leibhéal an mholta, etc.). Áirítear leis freisin limistéar príobháideach d’úsáideoirí atá cláraithe ar leibhéal tíre, ina bhfuil fóram chun faisnéis a mhalartú, eolaire údarás, agus uirlis chun a dtuarascálacha débhliantúla maidir le cur chun feidhme CIFTA a chur isteach go leictreonach. Cuirtear an fhaisnéis sin ar fáil ansin ar dheaiseanna chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneachtaí stáit agus ar bhearnaí i gcur chun feidhme an choinbhinsiúin.
2. Cur le Comhroinnt Eolais agus Faisnéise maidir leis an nGáinneáil ar Airm Thine agus Leathadh Aindleathach MAAÉnna i gCríocha Mheiriceá
Agus aitheantas á thabhairt don chaoi nach mór sonraí a ghiniúint go leanúnach chun tuiscint níos fearr a fháil ar shaintréithe na gáinneála ar airm thine sa réigiún agus chun na príomhbhearnaí in acmhainneachtaí institiúideacha a shainaithint, tá sé d’aidhm ag RSP/ESM infhaighteacht na n-uirlisí giniúna eolais a mhéadú faoi chuimsiú CIFTA. Cuirfimid oiliúint ar fáil trí thrí sheimineár fhoréigiúnacha do phearsanra náisiúnta faoin dóigh is féidir sonraí maidir leis an ngáinneáil ar airm thine a bhailiú agus a chórasú. Cuirfear tacaíocht aonair ar fáil freisin do thíortha chun cabhrú leo ceistneoir cur chun feidhme CIFTA a chomhlánú agus a chur isteach, lena n-áirítear athróga sonracha chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneachtaí stáit agus sin bunaithe ar thagarmharcanna atá ar fáil (lena n-áirítear CIFTA, MOSAIC, IATG, agus caighdeáin eile).
I gcomhpháirtíocht le UNIDIR, déanfaimid mionanailís ar acmhainneachtaí stáit chun saolré MAAÉnna agus armlóin a bhainistiú trí úsáid a bhaint as modheolaíocht UNIDIR. Cuirfidh an anailís sin ar chumas tíortha straitéisí spriocdhírithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí aitheanta.
3. Feabhas a chur ar acmhainneachtaí stáit chun saolré MAAÉnna agus armlóin a bhainistiú, agus an baol a bhaineann le hatreorú chuig an margadh aindleathach a laghdú
Ar an leibhéal oibríochtúil, leanfaidh RSP/ESM d’fheabhas a chur ar na hacmhainneachtaí náisiúnta chun stoc-chairn institiúideacha a bhainistiú agus an baol a laghdú go gcaillfí, go ngoidfí nó go n-atreorófaí airm agus armlón. Áireofar leis sin oiliúint agus cúnamh spriocdhírithe maidir le slándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn, lena gcuimsítear sábháilteacht, slándáil, cuntasaíocht, stóráil, iompar, agus láimhseáil na n-arm agus an armlóin, chomh maith le scriosadh na n-arm tine agus an armlóin a urghabhadh, atá iomarcach nó atá imithe i léig. Maidir le slándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn, leanfaimid den mhodheolaíocht a forbraíodh le linn na gcéimeanna roimhe seo a chur i bhfeidhm chun oiliúint a chur ar oibreoirí náisiúnta maidir le measúnú a dhéanamh ar dhálaí na limistéar iosta. Bunaithe ar riachtanais mheasúnaithe, déanfaimid feabhsuithe beaga ar bhonneagar agus ar shlándáil na limistéar iosta sin a chur chun feidhme. Ina theannta sin, leanfaimid de chúnamh cuimsitheach a chur ar fáil maidir le próisis scriosta, trealamh, meantóireacht agus oiliúint a thairiscint, chomh maith le deimhniú chun comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta a chinntiú. Comhtháthófar an cúnamh teicniúil sin le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta (oiliúint, seimineáir, ceardlanna) chun cur le hinbhuanaitheacht an bhainistithe arm agus armlóin ar feadh an tsaoil.
4. Córais náisiúnta a neartú chun MAAÉnna aindleathacha a rianú go córasach
Tríd an tacaíocht a cuireadh ar fáil sna céimeanna roimhe seo, go háirithe maidir le marcáil agus coimeád taifead, aithníodh gurb ann do bhearnaí suntasacha sna cleachtais rianaithe córasacha agus i gcórais bainistithe faisnéise. Cuireann na bearnaí sin bac ar chumas na n-oifigeach forfheidhmithe dlí na patrúin gháinneála a bhrath, an t-atreorú a chosc, agus an comhar idir tíortha a neartú. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, agus chun leas a bhaint as an gcaidreamh a bunaíodh leis na húdaráis, tá comhpháirt nua á tabhairt isteach ag RSP/ESM i gCéim III darb aidhm córais náisiúnta a neartú chun MAAÉnna aindleathacha a rianú go córasach. Cuirfear an tionscnamh seo chun feidhme i gcomhpháirtíocht le INTERPOL, i bhfianaise na taithí fairsinge atá aige ar an ábhar sin a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí. Áirítear sa chomhpháirt sin seimineár réigiúnach darb ábhar rianú córasach chun malartú faisnéise a chur chun cinn idir tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib. Cuirfimid cúnamh teicniúil cuimsitheach ar fáil freisin do thír roghnaithe, mar thionscnamh píolótach, lena n-áirítear Prótacal maidir le hAisghabháil Arm Tine a cheapadh, lena ngabhfaidh nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha, sreafaí oibre caighdeánacha, agus próisis chun a áirithiú go ndéanfar airm thine aisghafa a scagthástáil (ag féachaint do chritéir tosaíochta maidir le rianú agus imscrúdú), a rianú agus a imscrúdú, agus go n-imscarfar tascfhórsa chun tacú le pearsanra náisiúnta an prótacal a chur chun feidhme agus airm thine a rianú ó shampla roghnaithe. Áirítear leis sin tuarascálacha faisnéise a fhorbairt chun tacú le hobair na bpóilíní.
5. Laghdú ar na tosca riosca a bhaineann le foréigean armtha ar leibhéal an phobail
Leanfaidh RSP/ESM de chur chuige iomlánaíoch a bheith aige maidir le foréigean gunnaí a chosc ar leibhéal an phobail, lena ngabhann beartais fhócasaithe ina meastar i dtaca le grúpaí ardriosca i gcás an fhoréigin armtha, gur íospartaigh agus déantóirí araon iad. Áirítear leis sin, i dtír amháin, cur chun feidhme na modheolaíochta OASIS de chuid RSP/ESM, a n-eagraítear ranganna ceoil iarscoile mar chuid de chun scileanna a fhorbairt i measc daoine óga atá i mbaol; tacaíocht shíceasóisialta a chur ar fáil, agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta pobail a chur chun cinn trí Ionad Treoraíochta d’Íospartaigh an Fhoréigin Armtha; agus oiliúint a chur ar pháirtithe leasmhara pobail maidir le foréigean armtha a chosc. Ina theannta sin, díreofar i gCéim III ar fhoréigean a bhaineann le hairm thine a chosc i scoileanna trí oiliúint maidir le straitéisí coisctheacha, idirghabháil agus cúnamh d’íospartaigh an fhoréigin gunnaí a chur ar fáil d’oideoirí agus do phearsanra scoile. Comhlánófar é sin le ceardlanna lena ndíreofar ar iriseoirí agus ar thionchairí chun feabhas a chur ar thuairisciú ar an bhforéigean a bhaineann le hairm thine, ionas nach mbeadh daoine óga páirteach san fhoréigean gunnaí sin agus nach ndéanfaí aithris ar a leithéid. Leanfaimid freisin de bheith ag tógáil ar dhul chun cinn Chéim II trí oiliúint d’oiliúnóirí a thairiscint chun eolas agus dea-chleachtais a scaipeadh maidir le cosc a chur ar an bhforéigean inscnebhunaithe a bhaineann le hairm thine. Ar deireadh, i bhfianaise obair thosaigh Chéim II, cuirfimid ar fáil cúnamh teicniúil le haghaidh feachtais múscailte feasachta agus cláir dheonacha chun airm a thabhairt suas, rud a laghdóidh cúrsaíocht na n-arm tine aindleathach sna pobail sin atá buailte go trom leis an bhfadhb sin.
6. Comhar foréigiúnach a neartú trí Threochlár Foréigiúnach Arm Tine a fhorbairt agus a chur chun feidhme
I gCéim II den chomhar, d’éirigh le RSP/ESM, i gcomhar le UNLIREC agus le Córas Lánpháirtithe Mheiriceá Láir (SICA), Treochlár Mheiriceá Láir a fhorbairt chun Leathadh agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine agus Armlóin a Chosc. I gCéim III, bunóidh RSP/ESM sásra leantach chun tacú le cur chun feidhme Threochlár Arm Tine Mheiriceá Láir, mar a shainordaigh Comhthionól Ginearálta Eagraíocht na Stát Meiriceánach (4). Saineofar struchtúr an tsásra leantaigh leis na Stáit rannpháirteacha agus ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtais na dTreochlár eile á mbreithniú acu, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
— |
Creat Faireacháin agus Meastóireachta a chruthú don Treochlár, lena n-áirítear pointí fócasacha M&E a ainmniú agus ardán gréasánbhunaithe a fhorbairt do Stáit chun tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn an Treochláir; |
|
— |
Cúnamh do Stáit chun na measúnuithe bonnlíne a bhailiú, lena n-áirítear tacaíocht theicniúil chun oiliúint a chur ar Stáit maidir le húsáid an chreata M&E, agus an tacaíocht chun na sonraí is gá a bhailiú; |
|
— |
Cruinnithe bliantúla na Stát a eagrú tar éis ghlacadh an Treochláir; |
|
— |
Cruinnithe rialta na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, na n-údarás rialtais, agus na ndeontóirí (ar leithligh agus i gcomhpháirt); |
|
— |
Ceardlanna náisiúnta agus cúnamh teicniúil do thíortha chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt, agus spriocanna foriomlána an treochláir á gcur san áireamh, lena n-áirítear oiliúint, oiliúint chun feasachta a mhúscailt, agus meantóireacht aonuaire do thíortha. |
Trí Chéim III, cuirfidh RSP/ESM príomhghnéithe an tsásra leantaigh chun cinn, mar shampla, cruinniú bliantúil a eagrú, an creat M&E a chruthú, agus tacú le roinnt tíortha le measúnuithe bonnlíne agus le pleananna gníomhaíochta náisiúnta. Lorgóidh RSP/ESM ranníocaíochtaí breise ó dheontóirí freisin chun an creat a neartú chun Treochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, i bhfianaise spéis thíortha na nAindéas (an Bholaiv, an Cholóim, Eacuadór, agus Peiriú) aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gáinneála ar airm thine trí chur chuige níos comhleanúnaí agus níos comhtháite, mar gheall ar riachtanais shonracha an fhoréigiúin (a bhfuil tionchar ag dinimic áitiúil dronganna, sreafaí drugaí, agus mianadóireacht neamhdhleathach orthu), i gCéim III, cuirfidh RSP/ESM tús leis an bpróiseas chun Treochlár Arm Tine na nAindéas a fhorbairt. Le linn na céime tosaigh sin, déanfaimid riachtanais agus tosaíochtaí na dtíortha a mhapáil agus dréacht den Treochlár a fhorbairt trí cheardlanna náisiúnta agus réigiúnacha le hionadaithe rialtais. Déanfaimid ár ndícheall freisin foinsí cistiúcháin eile a aimsiú chun acmhainní an Aontais Eorpaigh a chomhlánú agus chun glacadh an Treochláir laistigh de Chéim III a bhaint amach.
Achoimre agus Cur Chuige Cur Chun Feidhme
Trí aghaidh a thabhairt ar na réimsí iomadúla sin, is é is aidhm don Ghníomhaíocht freastal ag an am céanna ar riachtanais na dtíortha agus athruithe fadtéarmacha inbhuanaithe a chur chun cinn. Déanfar gníomhaíochtaí chun rialú arm tine a neartú agus soláthar arm tine a laghdú a chomhlánú le bearta coisctheacha chun an t-éileamh i bpobail a bhfuil tionchar mór ag foréigean armtha orthu a laghdú.
Déanfaidh RSP/ESM, trí PACAM, an Ghníomhaíocht a chomhordú agus a chur chun feidhme i gcomhar le gníomhaireachtaí eile agus le húdaráis náisiúnta. Trí úsáid a bhaint as fóraim pholaitiúla agus cainéil chumarsáide ESM, sainaithneoidh RSP/ESM tíortha a dteastaíonn tacaíocht uathu agus oibreoidh sé leo chun pleananna cúnaimh saincheaptha a chruthú. Leis an tionscadal seo, glacfar cur chuige sonrach saincheaptha i leith gach tíre, lena n-aithneofar go bhfuil éagsúlacht sna riachtanais agus sna bearnaí. Ní thabharfar tacaíocht do na tíortha go léir i gcomhpháirteanna uile an tionscadail; ina ionad sin, leanfaidh RSP/ESM d’úsáid a bhaint as modheolaíocht rathúil PACAM: riachtanais a mhapáil, údaráis a mhealladh, pleananna cúnaimh a chruthú, agus misin a imscaradh. Beidh RSP/ESM rannpháirteach freisin i sásraí comhordúcháin chun dúbailt oibre a sheachaint, mar shampla, leanúint de thacaíocht a thabhairt do thíortha Mhuir Chairib trí Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib.
Dearcadh maidir le hInscne agus Cearta an Duine
I bhfianaise na dtionchar éagsúil a bhíonn ag coinbhleacht armtha ar dhaoine leochaileacha, coinneofar gné inscne agus chearta an duine i gCéim III. Áirítear leis sin mná a chur san áireamh ar gach leibhéal de chur chun feidhme an tionscadail agus rannpháirtíocht chomhionann na mban i ngníomhaíochtaí tionscadail a spreagadh. Díreofar gníomhaíochtaí chun foréigean a chosc ar riachtanais sábháilteachta agus slándála na mban agus na gcailíní ina pobail féin agus ar a rannpháirtíocht chun teacht ar réitigh ar na dúshláin sin. Ina theannta sin, díreofar comhpháirteanna go heisiach ar aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe.
7. Sprioc Fhoriomlán
Acmhainneacht thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib a neartú chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean armtha sa réigiún trí leathadh agus gáinneáil aindleathach ar airm thine agus ar mhuinisean a rialú, agus teagmháil le hairm thine i bpobail atá buailte go mór a chosc.
8. Cur Síos ar Straitéisí Idirghabhála na dTionscadal
Cuspóir 1: Creataí rialála a neartú chun aghaidh a thabhairt ar an ngáinneáil ar airm thine i gCríocha Mheiriceá
Gníomhaíochtaí
|
— |
Cúnamh teicniúil do thíortha chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar an gcreat normatach agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus ar chomhchuibhiú inmheánach sainorduithe, chomh maith le gné inscnebhunaithe a chomhtháthú; |
|
— |
Treoirlínte CIFTA a fhorbairt chun cláir dheonacha um thabhairt suas arm a fhorbairt, a phleanáil, a chur chun feidhme agus a mheas; |
|
— |
Treoirlínte CIFTA a fhorbairt ina mbeidh moltaí maidir le caighdeáin sábháilteachta agus slándála nach mór do chuideachtaí slándála príobháideacha a choinneáil chun atreorú MAAÉ agus armlóin chuig an margadh aindleathach a sheachaint; |
|
— |
An tArdán Eolais Leathsféaraigh a scaipeadh, lena n-áirítear uirlis chuardaigh bharrfheabhsaithe chun rochtain ar chaighdeáin agus ar threoirlínte CIFTA a éascú (arna fhorbairt le linn Chéim II). |
Aschuir
|
— |
Cúnamh reachtach a thairiscint do 3 thír ar a laghad sa réigiún chun feabhas a chur ar an gcreat normatach náisiúnta maidir le hairm thine, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus gné na hinscne á gcur san áireamh; |
|
— |
Infhaighteacht mhéadaithe uirlisí réigiúnacha chun tacú le tíortha i ngach gné de rialú arm tine (ar leibhéal an tsoláthair agus an éilimh araon) tríd an méid seo a leanas a fhorbairt agus a chur ar fáil: (i) Treoirlínte CIFTA chun cláir dheonacha um thabhairt suas arm a fhorbairt, a phleanáil, a chur chun feidhme agus a mheas; agus (ii) Treoirlínte CIFTA maidir le Cleachtais Sábháilteachta agus Slándála do Chuideachtaí Slándála Príobháideacha a úsáideann airm thine; |
|
— |
An tArdán Leathsféarach um Eolas ar Airm Tine a leathnú agus a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara sa réigiún. |
Cuspóir 2: Cur le comhroinnt eolais agus faisnéise maidir leis an ngáinneáil ar airm thine agus leathadh aindleathach MAAÉnna i gCríocha Mheiriceá
Gníomhaíochtaí
|
— |
Measúnú cuimsitheach ar acmhainneachtaí stáit chun saolré MAAÉ agus armlóin a bhainistiú (agus Modheolaíocht UNIDIR le haghaidh Measúnú Bonnlíne Bainistithe Arm agus Armlóin á cur san áireamh); |
|
— |
Ceistneoir CIFTA a chur chun feidhme chun acmhainneachtaí stáit a shainaithint chun trádáil aindleathach arm tine a bhainistiú, a chosc, a rialú agus a ionchúiseamh; |
|
— |
Oiliúint a chur ar phearsanra náisiúnta chun sonraí maidir le gáinneáil ar airm thine agus leathadh aindleathach MAAÉ a bhailiú agus a chórasú, agus gné na hinscne á cur san áireamh. |
Aschuir
|
— |
Rinneadh Measúnú Bonnlíne Bainistithe Arm agus Armlóin UNIDIR i dtír amháin sa réigiún; |
|
— |
Seoladh ceistneoir CIFTA sa réigiún, agus chuir 60 % ar a laghad de Stáit is Páirtithe CIFTA freagraí isteach; |
|
— |
Tuarascáil ina bhfuil príomhthorthaí ó chur i bhfeidhm cheistneoir CIFTA a mhionsaothrú, a fhoilsiú agus a scaipeadh; |
|
— |
Eagraíodh trí sheimineár fhoréigiúnacha fhíorúla (Méisimheiriceá, Meiriceá Theas, agus Muir Chairib), le 20 rannpháirtí ar a laghad i ngach ceann acu, a rinneadh chun feasacht a mhúscailt i measc pearsanra náisiúnta ardleibhéil ar uirlisí bailithe sonraí i ndáil le gáinneáil ar airm thine agus leathadh aindleathach, chomh maith le teicnící agus straitéisí chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí agus ar chórasú sonraí. |
Cuspóir 3: Feabhas a chur ar acmhainneachtaí stáit chun saolré MAAÉnna agus armlóin a bhainistiú, agus an baol a bhaineann le hatreorú chuig an margadh aindleathach a laghdú
Gníomhaíochtaí
|
— |
Oiliúint speisialaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme do phearsanra náisiúnta ar bhainistiú arm agus armlóin, lena n-áirítear maidir le slándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn, marcáil agus coimeád taifead, feachtais um thabhairt suas deonach na n-arm, agus MAAÉ agus armlón a scriosadh, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh; |
|
— |
Deimhniú idirnáisiúnta a sholáthar i dtaca le hardoiliúint maidir le hordanás pléascach a dhiúscairt (EOD-3) a chur ar phearsanra náisiúnta, i gcomhpháirtíocht le hAireacht Cosanta na Spáinne; |
|
— |
Cúnamh teicniúil agus ábhartha, agus deimhniú maidir le próiseas náisiúnta scriosta MAAÉ agus armlóin atá coigistithe, imithe i léig nó a bhfuil barrachas díobh ann; |
|
— |
Cúnamh teicniúil agus ábhartha chun bonneagar iostaí náisiúnta MAAÉ agus armlóin a mheasúnú agus a fheabhsú, de réir chaighdeáin CIFTA, MOSAIC, agus IATG. |
|
— |
Ceardlann amháin a chur chun feidhme d’úsáideoirí na mBogearraí Rialaithe Fardail le haghaidh Arm agus Muinisin (SAM), a forbraíodh le linn Chéim I agus a leathnaíodh i gCéim II, chun dúshláin agus ceanglais maidir le huasghráduithe a shainaithint; |
|
— |
Bogearraí Rialaithe Fardail le haghaidh Arm agus Muinisin a sholáthar d’institiúidí náisiúnta bhallstáit Eagraíocht na Stát Meiriceánach a mbíonn sé de dhíth orthu, lena n-áirítear oiliúint agus tacaíocht ón deasc chabhrach d’úsáideoirí; |
|
— |
Tástáil a dhéanamh ar choincheap tosaigh réiteach leictreonach an tSásra Cumarsáide Réigiúnaigh maidir le hAistrithe Dleathacha Arm agus Armlóin (MCTA), a forbraíodh le linn Chéim II; |
|
— |
Modúil roghnacha an tSásra Cumarsáide Réigiúnaigh maidir le hAistrithe Dleathacha Arm agus Armlóin (MCTA), agus na feidhmiúlachtaí breise, a fhorbairt, agus an t-aiseolas a fhaigheann tíortha píolótacha á chur san áireamh; |
|
— |
Tacú le seoladh an Chórais Náisiúnta Ceadúnúcháin um Rialú ar Onnmhairiú/Allmhairiú i dtíortha, a forbraíodh le linn Chéim II, lena n-áirítear oiriúnú do chaighdeáin agus do phróisis náisiúnta. |
Aschuir
|
— |
50,000 de MAAÉ agus 100 tonna d’armlón ar a laghad, cinn de bhreis, imithe i léig, agus/nó urghafa, a scriosadh trí chúnamh agus/nó trí dheimhniú an tionscadail; |
|
— |
Cuireadh oiliúint ar 400 pearsanra náisiúnta ar a laghad, ó 10 dtír, a chuir feabhas ar a gcuid eolais maidir le dea-chleachtais Bainistithe Arm agus Armlóin a chur i bhfeidhm; |
|
— |
30 pearsanra náisiúnta ar a laghad ó 10 mballstát d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach atá deimhnithe i ndiúscairt ordanáis phléascaigh (EOD-3), i gcomhpháirtíocht le hAireacht Cosanta na Spáinne; |
|
— |
Tháinig feabhas ar shlándáil na stoc-charn institiúideach in 5 iosta/stóras náisiúnta MAAÉ agus armlóin ar a laghad sa réigiún; |
|
— |
Acmhainneacht fheabhsaithe maidir le fardal agus cuntasacht MAAÉ agus armlóin i stoc-chairn institiúidí náisiúnta trí Bhogearraí Rialaithe Fardail le haghaidh Arm agus Muinisin a fheabhsú agus a scaipeadh; |
|
— |
Acmhainneacht mhéadaithe 3 bhallstát d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach ar a laghad maidir le haistrithe idirnáisiúnta MAAÉ agus armlóin a rialú tríd an gCóras Ceadúnúcháin Náisiúnta a shuiteáil; |
|
— |
Sásra Cumarsáide Réigiúnach maidir le hAistrithe Dleathacha Arm agus Armlóin (MCTA) arna fhorbairt agus arna thástáil go hiomlán ag ballstáit Eagraíocht na Stát Meiriceánach. |
Cuspóir 4: Córais náisiúnta a bhunú nó a neartú chun MAAÉnna aindleathacha a rianú go córasach
Gníomhaíochtaí
|
— |
Ceardlanna foréigiúnacha a chur chun feidhme chun faisnéis a mhalartú maidir le dea-chleachtais chun MAAÉnna aindleathacha a rianú; |
|
— |
Prótacail náisiúnta maidir le haisghabháil arm tine a fhorbairt chun rianú agus imscrúdú córasach arm tine aisghafa a chumasú, i gcomhpháirtíocht le INTERPOL; |
|
— |
Cúnamh teicniúil d’údaráis náisiúnta chun airm thine aisghafa a shainaithint agus a rianú, agus faisnéis a ghiniúint chun aonaid ábhartha um imscrúdú a chothú; |
|
— |
Measúnú a dhéanamh ar na príomhbhearnaí i gcórais coimeádta taifead agus i mbailiú sonraí a chuireann bac ar rianú intíre agus idirnáisiúnta arm tine aisghafa, agus cúnamh teicniúil agus acmhainní a sholáthar chun na córais/bunachair sonraí náisiúnta sin a neartú nó a bhunú, agus bearnaí sainaitheanta á gcur san áireamh; |
|
— |
Cúnamh teicniúil agus ábhartha maidir le marcáil agus coimeád taifead, go háirithe do na Ballstáit sin ar tugadh cúnamh dóibh i gcéimeanna roimhe seo den chomhar leis an Aontas Eorpach. |
Aschuir
|
— |
Acmhainneachtaí méadaithe i mballstát amháin d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach chun MAAÉ aisghafa a rianú trí phrótacal maidir le haisghabháil arm tine a fhorbairt, trí chúnamh teicniúil a thairiscint chun airm thine a rianú, agus trí fheabhas a chur ar na córais agus ar an trealamh is gá le haghaidh rianú intíre agus idirnáisiúnta; |
|
— |
Seimineár réigiúnach amháin, ina raibh 20 rannpháirtí, ar a laghad, a rinneadh chun dea-chleachtais le haghaidh rianú, creataí CIFTA le haghaidh rianú (lena n-áirítear pointí teagmhála a ainmniú le haghaidh rianú), agus malartú faisnéise a scaipeadh; |
|
— |
Chuidigh 5 institiúid náisiúnta de bhallstáit Eagraíocht na Stát Meiriceánach le feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí marcála agus coimeádta taifead. |
Cuspóir 5: Na tosca riosca a bhaineann le foréigean armtha ar leibhéal an phobail a laghdú
Gníomhaíochtaí
|
— |
Gníomhaíochtaí seach-churaclaim laethúla a sholáthar chun scileanna saoil na hóige atá i mbaol a neartú trí mhodheolaíocht OASIS i mballstát amháin d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach; |
|
— |
Lárionad tagartha a bhunú do thacaíocht shíceasóisialta d’íospartaigh foréigin armtha i bpobal amháin, ar a laghad, ina bhfuil foréigean armtha ag titim amach i mBallstát d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach; |
|
— |
Oiliúint a chur ar lucht ceaptha beartas ar an leibhéal áitiúil, ar oifigigh rialtais, ar sholáthraithe seirbhíse, ar oideachasóirí, ar thuismitheoirí agus ar an tsochaí shibhialta maidir le foréigean arm tine a chosc; |
|
— |
Clár oiliúna oideachais réigiúnach a fhorbairt agus a thairiscint (trí chúrsa ollmhór oscailte ar líne, agus cúrsa ‘oiliúint a chur ar an oiliúnóir’) d’oideoirí, d’oifigigh scoile agus d’údaráis eile maidir le cé mar is féidir aghaidh a thabhairt ar úsáid arm tine i scoileanna agus an úsáid sin a chosc; |
|
— |
Oiliúint a chur ar phearsanra na hearnála poiblí náisiúnta (trí chur chuige hibrideach le modúil ar an láthair agus cúrsa oscailte ollmhór ar líne) maidir le foréigean inscnebhunaithe a dhéantar le harm tine a chosc; |
|
— |
Ceardlanna a dhéanamh le hiriseoirí agus tionchairí digiteacha chun feasacht a mhúscailt ar thosca riosca foréigin gunnaí agus gníomhaíocht a éileamh chun bac a chur ar an bhforéigean agus é a chosc; |
|
— |
Cúnamh teicniúil agus ábhartha do bhallstát d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach chun cláir feasachta ar riosca agus cláir um thabhairt suas deonach na n-arm a fhorbairt agus a chur chun feidhme i bpobail roghnaithe. |
Aschuir
|
— |
Chuir ar a laghad 300 duine óg atá i mbaol (lena n-áirítear daoine óga atá i gcoinbhleacht leis an dlí) ó na pobail is tairbhithe feabhas ar a gcuid scileanna saoil trí oiliúint agus trí ghníomhaíochtaí laethúla iarscoile; |
|
— |
Chuir Lárionad Tagartha amháin um Thacaíocht Shíceasóisialta d’Íospartaigh Foréigin Gunna atá bunaithe i bpobal amháin, (i) tacaíocht shíceasóisialta phearsantaithe ar fáil do 100 duine ar a laghad a tháinig slán as an bhforéigean armtha agus/nó do dhaoine atá i mbaol dul i muinín an fhoréigin armtha nó a bheith thíos leis an bhforéigean sin; agus (ii) ceardlanna téamacha maidir le foréigean a chosc, agus gníomhaíochtaí for-rochtana laistigh de phobal na scoile agus spásanna rannpháirtíochta áitiúla; |
|
— |
Cuireadh oiliúint ar 200 duine de lucht ceaptha beartas ar a laghad, ar an leibhéal áitiúil, idir oifigigh rialtais, soláthraithe seirbhíse, oideachasóirí, tuismitheoirí agus an tsochaí shibhialta maidir le foréigean armtha a chosc; |
|
— |
Cuireadh oiliúint ar 150 oideoir ar a laghad, idir oifigigh scoile, agus údaráis náisiúnta ghaolmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar úsáid arm tine i scoileanna agus an úsáid sin a chosc; |
|
— |
Cuireadh oiliúint ar 150 duine ar a laghad, idir oifigigh rialtais agus an tsochaí shibhialta, ar fhoréigean inscnebhunaithe a dhéantar le hairm thine a chosc, lena n-áirítear 15 dhuine atá oilte le bheith ina n-iolraitheoirí eolais tríd an gcúrsa ‘oiliúint a chur ar an oiliúnóir’; |
|
— |
Mhéadaigh 25 iriseoir agus tionchaire dhigiteacha, ar a laghad, a bhfeasacht ar thosca riosca a bhaineann le foréigean armtha trí pháirt a ghlacadh sa cheardlann maidir le cosc foréigin gunnaí; |
|
— |
Eagraíodh oideachas feasachta riosca agus seoladh feachtais um thabhairt suas deonach na n-arm i bpobail is tairbhithe i dtír amháin, rud a rannchuidíonn leis an éileamh ar airm thine agus infhaighteacht arm tine a laghdú. |
Cuspóir 6: An comhar foréigiúnach a neartú trí Threochlár Foréigiúnach maidir le hAirm Thine a fhorbairt agus a chur chun feidhme
Gníomhaíochtaí
|
— |
Creat Faireacháin agus Meastóireachta a bhunú do Threochlár Mheiriceá Láir maidir le Airm Thine, lena n-áirítear uirlisí leictreonacha a fhorbairt chun tacú le bailiú agus anailís sonraí; |
|
— |
Cúnamh teicniúil do thíortha Mheiriceá Láir maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Treochlár, lena n-áirítear tacaíocht chun measúnuithe bonnlíne a dhéanamh, oiliúint a chur ar phearsanra náisiúnta maidir le húsáid an chreata M&E, agus cúnamh leanúnach chun na sonraí is gá a bhailiú; |
|
— |
Cruinniú bliantúil amháin ar an láthair de Stáit, deontóirí agus comhpháirtithe cur chun feidhme Threochlár Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine a chur chun feidhme; |
|
— |
Cur chun feidhme chruinnithe fíorúla leathbhliantúla na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, na n-údarás rialtais, agus na ndeontóirí (ar leithligh agus i gcomhpháirt); |
|
— |
Ceardlanna náisiúnta agus cúnamh teicniúil a chur chun feidhme do thíortha Mheiriceá Láir chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt, agus spriocanna foriomlána an treochláir á gcur san áireamh, lena n-áirítear oiliúint, agus meantóireacht ar bhonn duine le duine do thíortha. |
Aschuir
|
— |
Creat faireacháin agus meastóireachta do Threochlár Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine arna fhorbairt agus arna fhormheas ag na tíortha rannpháirteacha; |
|
— |
Measúnú bonnlíne a rinneadh i 50 % ar a laghad de thíortha rannpháirteacha Mheiriceá Láir; |
|
— |
Cruinniú bliantúil amháin ar an láthair ar Threochlár Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine; |
|
— |
6 chruinniú fhíorúla de Threochlár Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine a cuireadh chun feidhme le comhpháirtithe cur chun feidhme, le húdaráis rialtais agus le deontóirí; |
|
— |
40 % ar a laghad de thíortha rannpháirteacha Threochlár Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine maille le pleananna gníomhaíochta náisiúnta arna bhforbairt agus arna bhformheas; |
|
— |
Dréacht de Threochlár na nAindéas maidir le hAirm Thine a forbraíodh agus a comhaontaíodh le tíortha na nAindéas. |
9. Ré
Is é 36 mhí a bheidh i ré mheasta iomlán Chéim III, an chéim chuimsitheach réigiúnach.
10. Eintiteas cur chun feidhme theicniúil
Cuireadh cur chun feidhme teicniúil an chláir seo de chúram ar Roinn Slándála Poiblí Eagraíocht na Stát Meiriceánach (RSP/ESM). Tá RSP/ESM in áit uathúil chun tacú le tíortha Chríocha Mheiriceá i bhfianaise an dá ról atá aige mar Chomhrúnaíocht Theicniúil CIFTA, agus mar chomhlacht teicniúil agus oibríochtúil ESM maidir leis an réimse sin. Sa cháil sin, tá cuntas teiste ag RSP/ESM maidir le tionscadail agus cláir a chur chun feidhme a chuidíonn le Ballstáit ESM a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le stoc-chairn náisiúnta arm tine a dhaingniú, bearta reachtacha a achtú chun monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine a choiriúlú, marcáil arm tine a éileamh, agus faisnéis maidir le rianú agus patrúin gáinneála aindleathaí a chomhroinnt le sínitheoirí eile CIFTA. Níl an tionchar polaitiúil, an saineolas teicniúil ná an raon geografach is gá chun tacú agus cabhrú le gach stát Meiriceánach ag aon eagraíocht réigiúnach nó foréigiúnach eile a chlúdaíonn Críocha uile Mheiriceá.
Le linn Chéim III, leanfaidh RSP/ESM de bheith ag comhordú agus ag comhoibriú le hinstitiúidí agus eagraíochtaí eile. Ó Chéim I i leith, bunaíodh comhpháirtíochtaí straitéiseacha le heintitis a thacaíonn le tíortha de chuid Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus éifeachtacht na Gníomhaíochta a uasmhéadú. Áirítear ar na comhpháirtithe sin Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um an tsíocháin, um an dí-armáil agus um an bhforbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (UNLIREC), Oifig na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí agus Coireacht (UNODC), Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR), Gníomhaireacht Cur Chun Feidhme Chomhphobal Mhuir Chairib um Choireacht agus um Shlándáil (CARICOM IMPACS), an Bord Cosanta Idir-Mheiriceánach, Foireann Chomhairleach um Bainistiú Armlón Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (AMAT-GICHD), agus INTERPOL.
11. Ábharthacht
— Ábharthacht Réigiúnach
D’ainneoin dul chun cinn suntasach maidir leis an daonlathas a chomhdhlúthú agus forbairt shocheacnamaíoch a bhaint amach, tá dúshláin ollmhóra fós roimh thíortha de chuid Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib maidir le sábháilteacht a saoránach agus a bpobal a chur chun cinn. Is ardtosaíocht í an tslándáil phoiblí, nó an easpa slándáil phoiblí, do shaoránaigh agus d’údaráis rialtais araon sa réigiún. Tá Críocha Mheiriceá fós ar cheann de na limistéir is foréigní ar domhan; tá infhaighteacht arm tine agus an rochtain neamhshrianta atá orthu sainaitheanta ag saineolaithe mar phríomhthosca riosca a chuireann le rátaí arda foréigin mharfaigh. Ag cur leis an tsaincheist sin, tá an méadú atá ag teacht ar shofaisticiúlacht agus ar chastacht na ngrúpaí coiriúla eagraithe, a bhfuil a n-oibríochtaí leathnaithe acu agus atá i gceannas anois ar mhargadh na gáinneála aindleathaí ar airm. Tá na grúpaí sin tar éis athrú ó struchtúir ingearacha go heagraíochtaí líonraithe, rud a mhéadaigh éifeachtúlacht agus brabúsacht a ngníomhaíochtaí aindleathacha agus a d’fhág go raibh sé níos deacra ciontóirí a shainaithint agus a imscrúdú.
Is léir go mbíonn tionchar suntasach ag gáinneáil ar airm thine agus ag infhaighteacht arm tine ar an réigiún, rud atá ar cheann de na príomhdhúshláin roimh an tslándáil réigiúnach agus dhomhanda. Léirítear é sin i roinnt gealltanais pholaitiúla agus dlíthiúla a rinne tíortha sa réigiún, lena n-áirítear:
|
— |
Daingniú Choinbhinsiún CIFTA agus ionstraimí idirnáisiúnta eile, mar shampla, an Conradh Trádála Arm agus an Prótacal Arm Tine; |
|
— |
Rannpháirtíocht ghníomhach i gcreataí deonacha, mar shampla, UN-PoA agus an Creat Domhanda chun Gnáth-Armlón a Bhainistiú le linn a Shaolré; |
|
— |
Treochlár Arm Tine Mhuir Chairib agus Mheiriceá Láir a ghlacadh. |
Le CIFTA cuirtear roinnt oibleagáidí ar Stáit is Páirtithe, lena n-áirítear dlínse ar chionta coiriúla a bhunú, marcáil éigeantach arm tine, taifid a chothabháil le haghaidh rianú, rialuithe maidir le haistriú a fheabhsú, bearta chun atreorú a chosc, agus comhar trasnáisiúnta. Treisíonn an Dara Cúrsa Gníomhaíochta de chuid CIFTA aidhmeanna Stáit is Páirtithe CIFTA sna réimsí sin, i gcomhréir le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe agus leis an bPrótacal Arm Tine. Leis an tionscadal seo, déantar an creat sin a ghiaráil chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thíortha chun gealltanais agus diúscairtí na gconarthaí sin a oibríochtú, go háirithe Coinbhinsiún CIFTA.
— Ailíniú le Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh
Tá na cuspóirí, na gníomhaíochtaí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an tionscadal seo ailínithe le spriocanna agus cur chuige Straitéis an Aontais dar teideal ‘Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’ (5), agus dearcadh iltaobhach á chur san áireamh chun rannpháirtíocht a chothú ar fud réigiúin an domhain. Trí dhul i gcomhpháirtíocht le ESM, leanfaidh an Ghníomhaíocht seo de shineirgí a chothú idir an tAontas agus ESM agus, dá réir sin, idir an Eoraip agus Críocha Mheiriceá, chun foréigean armtha agus gníomhaíocht choiriúil a laghdú. Go háirithe, cuirfidh an Ghníomhaíocht sin obair an Aontais Eorpaigh sa réigiún chun cinn trí thacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do thíortha a ndéanann leathadh, carnadh iomarcach agus gáinneáil MAAÉ difear tromchúiseach dóibh.
Go sonrach, léiríonn Céim III na tosaíochtaí seo a leanas den Straitéis:
|
2.1. |
An creat normatach a neartú: Féachtar le gníomhaíochtaí Chuspóir 1 den Ghníomhaíocht a áirithiú go ndéanfaidh tíortha a reachtaíocht a chomhchuibhiú leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus go mbeidh uirlisí acu chun cur chun feidhme na gconarthaí agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta a chur chun cinn; |
|
2.2.2 |
Rialuithe maidir le hairm thine agus a n-armlón a onnmhairiú: Le cur chun cinn an chórais náisiúnta ceadúnúcháin agus an tsásra cumarsáide réigiúnaí maidir le haistrithe dleathacha arm tine agus armlóin, maidir le Cuspóir 3, tugtar aghaidh ar a thábhachtaí atá sé an trádáil dhlíthiúil a rialú chun atreorú chuig an margadh aindleathach a sheachaint; |
|
2.2.3 |
Bainistiú sábháilte stoc-charn MAAÉ agus armlóin: Tá sraith gníomhaíochtaí mar chuid de Chuspóir 3 lena ndírítear ar shlándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn armán (PSSM), lena n-áirítear oiliúint oifigeach, agus cúnamh teicniúil agus ábhartha chun cleachtais agus saoráidí a fheabhsú, ag cloí le caighdeáin idirnáisiúnta na Coimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC) agus na dTreoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATGanna); |
|
2.2.4 |
Diúscairt fhreagrach MAAÉ agus a n-armlóin: Áirítear le Cuspóir 3 oiliúint, cúnamh ábhartha, maoirseacht, agus deimhniú ar phróisis scriosta arm tine agus armlóin do thíortha a éilíonn a leithéidí; |
|
2.2.5 |
Saincheisteanna trasearnálacha: Le cuspóirí uile na Gníomhaíochta, déanfaimid réitigh agus straitéisí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine trí chur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear saincheisteanna trasearnálacha ar nós freagrúlacht inscne agus úsáid na teicneolaíochta faisnéise. |
Ina theannta sin, tá an Ghníomhaíocht sin ailínithe freisin le plean gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine, i bhfianaise a cheithre thosaíocht bhunaithe:
|
— |
Tosaíocht 1: An margadh dleathach a chosaint agus an t-atreorú a theorannú |
|
— |
Tosaíocht 2: Feasacht staide a fheabhsú trí fhaisnéis a úsáid |
|
— |
Tosaíocht 3: An brú ar mhargaí coireachta a mhéadú |
|
— |
Tosaíocht 4: Dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta |
Cuideoidh go leor de na gníomhaíochtaí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón nGníomhaíocht sin le hatreorú ó úsáideoirí údaraithe stáit agus neamhstáit a laghdú (mar shampla, cúnamh teicniúil a thairiscint maidir le PSSM, marcáil agus scriosadh), chomh maith le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine a mhéadú trí straitéis chuimsitheach rianaithe a chur chun cinn do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí. Ina theannta sin, tríd an nGníomhaíocht, tá an tAontas Eorpach ag cur leis an tacaíocht a thugtar do Chríocha Mheiriceá agus le raon feidhme a chláir oibre maidir le comhar idirnáisiúnta. Mar a luadh, is é an réigiún is mó a ndéanann foréigean gunnaí difear dó ná Críocha Mheiriceá, foréigean a chuireann an tslándáil i mbaol sa réigiún, agus a bhfuil iarmhairtí díobhálacha aige in áiteanna eile ar fud an domhain freisin, an Eoraip san áireamh. Ar na hiarmhairtí sin, tá bealaí trasréigiúnacha gáinneála ar airm thine, agus imirce neamhrialta mar gheall ar éagobhsaíocht Chríocha Mheiriceá.
Tá na cuspóirí, na gníomhaíochtaí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an tionscadal seo ag teacht go dlúth le spriocanna agus cur chuige Straitéis an Aontais dar teideal ‘Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’ (6), agus béim á leagan ar dhearcadh iltaobhach chun rannpháirtíocht a chothú ar fud na réigiún. Trí dhul i gcomhpháirtíocht le ESM, leanfaidh an tionscnamh seo de shineirgí a chruthú idir an tAontas agus ESM, agus dá réir sin, idir an Eoraip agus Críocha Mheiriceá, chun foréigean armtha agus gníomhaíocht choiriúil a laghdú. Go sonrach, leagfar béim sa tionscadal seo ar obair an Aontais Eorpaigh sa réigiún trí thacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do thíortha atá thíos go mór le leathadh, carnadh iomarcach agus gáinneáil ar mhionairm agus armáin éadroma (MAAÉ).
Léiríonn Céim III na tosaíochtaí seo a leanas de chuid Straitéis an Aontais:
|
|
An creat normatach a neartú: Is é is aidhm do ghníomhaíochtaí Chuspóir 1 a áirithiú go ndéanfaidh tíortha a reachtaíocht a chomhchuibhiú le caighdeáin idirnáisiúnta agus go mbeidh na huirlisí is gá acu chun conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta a chur chun feidhme. |
|
|
Rialuithe maidir le hairm thine agus armlón a onnmhairiú: Le Cuspóir 3 cuirtear chun cinn córais náisiúnta ceadúnúcháin agus sásraí cumarsáide réigiúnacha maidir le haistrithe dleathacha arm tine agus armlóin, agus aghaidh á tabhairt ar a thábhachtaí atá sé an trádáil dhlíthiúil a rialú chun atreorú chuig an margadh aindleathach a chosc. |
|
|
Bainistiú sábháilte stoc-charn MAAÉ agus armlóin: Mar chuid de Chuspóir 3, tá sraith gníomhaíochtaí a dhíríonn ar PSSM, lena n-áirítear oiliúint a chur ar oifigigh, agus cúnamh teicniúil agus ábhartha a sholáthar chun cleachtais agus saoráidí a fheabhsú, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta mar atá Coimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC) agus Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATGanna). |
|
|
Diúscairt fhreagrach MAAÉ agus armlóin: Áirítear le Cuspóir 3 freisin oiliúint, cúnamh ábhartha, maoirseacht, agus deimhniú ar phróisis scriosta arm tine agus armlóin i dtíortha a dteastaíonn tacaíocht mar sin uathu. |
|
|
Saincheisteanna trasearnálacha: Leis na cuspóirí uile, cuireann an Ghníomhaíocht réitigh chuimsitheacha chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil ar airm thine, lena n-ionchorpraítear saincheisteanna trasearnálacha ar nós freagrúlacht inscne agus úsáid na teicneolaíochta faisnéise. |
|
|
Tá an Ghníomhaíocht sin ailínithe freisin le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh gáinneáil ar airm thine 2020-2025, lena mbunaítear ceithre thosaíocht: |
|
|
An margadh dleathach a chosaint agus an t-atreorú a theorannú: Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí agus do na torthaí a bhfuiltear ag súil leo atreorú ó úsáideoirí údaraithe stáit agus neamhstáit a laghdú trí chúnamh teicniúil a thabhairt maidir le PSSM, marcáil agus scriosadh. |
|
|
Feasacht staide a fheabhsú trí fhaisnéis a úsáid: Leis an straitéis chuimsitheach rianaithe a chuirtear chun cinn sa Ghníomhaíocht seo, cuirfear feabhas ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí lena dtugann gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí aghaidh ar gháinneáil ar airm thine. |
|
|
An brú ar mhargaí coireachta a mhéadú: Trí aghaidh a thabhairt ar gháinneáil aindleathach MAAÉ agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar le forfheidhmiú an dlí, cuireann an Ghníomhaíocht seo leis an mbrú méadaitheach ar mhargaí coireachta. |
|
|
Dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta: Leis an nGníomhaíocht seo, feabhsaítear an tacaíocht a chuirtear ar fáil do Chríocha Mheiriceá agus leathnaítear clár oibre an Aontais maidir le comhar idirnáisiúnta. Tá tionchar suntasach ag foréigean a bhaineann le hairm thine ar réigiún Chríocha Mheiriceá, rud a chuireann an tslándáil i mbaol agus a bhfuil iarmhairtí díobhálacha aige ar fud an domhain, lena n-áirítear bealaí trasréigiúnacha gáinneála ar airm thine agus imirce neamhrialta mar gheall ar éagobhsaíocht réigiúin. |
Trí aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, cuidíonn an tionscadal le foréigean a bhaineann le hairm thine a laghdú i gCríocha Mheiriceá agus feabhsaíonn sé an tslándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta, rud a léiríonn tiomantas an Aontais cobhsaíocht agus sábháilteacht a chothú ar fud na réigiún.
12. Tuairisciú
Ullmhóidh an RSP/ESM tuarascálacha tráthrialta, i gcomhréir leis an gComhaontú Tarmligin a caibidlíodh.
(1) UNODC, Global Study on Homicide [Staidéar Domhanda ar Dhúnbhású]. 2023. https://www.unodc.org/documents/data-and-analysis/gsh/2023/GSH23_ExSum.pdf
(2) UNODC, Global Study on Homicide [Staidéar Domhanda ar Dhúnbhású]. 2019. https://www.unodc.org/unodc/en/data-and-analysis/global-study-on-homicide.html
(3) UNODC, Global Study on Homicide [Staidéar Domhanda ar Dhúnbhású]. 2023. https://www.unodc.org/documents/data-and-analysis/gsh/2023/GSH23_ExSum.pdf
(4) ‘27. Iarraidh ar SMS, trí RSP agus faoi chuimsiú an Chláir Cúnaimh chun Arm agus Muinisin a Rialú (PACAM), ar clár deonach é: a) tacú le forbairt agus cur chun feidhme Threochlár Mheiriceá Láir maidir le Gáinneáil Aindleathach agus Leathadh Arm agus Muinisean a Chosc i gcomhar le SICA agus le Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um Shíocháin, Dí-armáil agus Forbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (UNLIREC), lena n-áirítear sásra leantach a chruthú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun comhordú éifeachtach a chur chun cinn i measc rialtas, comhpháirtithe cur chun feidhme, agus deontóirí;’ (AG/RES. 3009 – LIII-O/23, arna ghlacadh an 23 Meitheamh 2023)
(5) ‘Airm a dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’: Straitéis an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha agus a nArmlóin, a ghlac an Chomhairle Eorpach an 19 Samhain 2018
(6) ‘Airm a dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’: Straitéis an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha agus a nArmlóin, a ghlac an Chomhairle Eorpach an 19 Samhain 2018
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1451/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)