European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1448

16.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1448 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2025

lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne trí allmhairí feisteas teilgthe feadáin nó píobáin neamhshnáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe d’Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de,

Tar éis dóibh na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne agus chun allmhairí feisteas feadáin nó píobáin neamhshnáithithe d’iarann teilgthe intuargainte de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chur faoi réir a gcláraithe.

(2)

Is é Coiste Cosanta Ad Hoc an Aontais Eorpaigh maidir le Feistis Feadáin nó Píobáin d’Iarann Teilgthe Intuargainte a chuir an iarraidh isteach an 2 Meitheamh 2025.

B.   TÁIRGE

(3)

Is é an táirge lena mbaineann an t-imchéimniú féideartha feistis feadáin nó píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, cé is moite de bhunpháirteanna feisteas comhbhrú ina n-úsáidtear snáithe méadrach ISO DIN 13; comhchumair chiorclacha shnáithithe d’iarann intuargainte gan claibín orthu; tíonna clampaí d’iarann insínte a bhfuil séalú rubair agus poll asraoin acu; barrchaidhpeanna eitrithe d’iarann insínte lena n-úsáid ar phíobán cruach eitrithe a bhfuil asraon snáithithe air; laghdaitheoirí eitrithe d’iarann insínte a bhfuil ceann snáithithe acu; tíonna laghdaitheoirí eitithe d’iarann insínte a bhfuil asraon snáithithe orthu; diallaití crotánachta d’iarann insínte gan asraonta snáithithe a úsáidtear chun poll a shéalú i bhfeadán nó i bpíobán, a aicmítear ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 ón gCoimisiún (2) faoi chód AC ex 7307 19 10 (cód TARIC 7307 19 10 10 agus 7307 19 10 20) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne iad (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis.

(4)

Is é an táirge faoi imscrúdú maidir le himchéimniú féideartha feistis feadáin agus píobáin neamhshnáithithe d’iarann teilgthe intuargainte atá faoi láthair faoi chóid TARIC 7307 19 10 35 agus 7307 19 10 45 (‘an táirge faoi imscrúdú’).

C.   NA BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(5)

Is iad na bearta atá i bhfeidhm agus a d’fhéadfadh a bheith á n-imchéimniú faoi láthair, bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 (‘na bearta atá ann cheana’).

D.   FORAS

(6)

Tá fianaise leordhóthanach san iarraidh lena léiriú go bhfuil na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar allmhairí an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú mar gheall ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(7)

Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas.

(8)

Tháinig athrú ar phatrún trádála na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann. Cuireann an iarraidh fianaise ar fáil gur tháinig allmhairí an táirge faoi imscrúdú in ionad allmhairí an táirge lena mbaineann ó Dhaon-Phoblacht na Síne go pointe áirithe, is é sin an táirge ar ar díríodh na bearta atá ann cheana.

(9)

Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, is é sin na hoibríochtaí cóimeála/na hoibríochtaí críochnaithe le haghaidh páirteanna Síneacha san Aontas agus díolachán na dtáirgí cóimeáilte/críochnaithe comhchosúla ina dhiaidh sin nach bhfuil cúis chuí ná údar eacnamaíoch leordhóthanach ina leith sin, seachas forchur na dleachta. Léiríonn an fhianaise gurb é atá sna hoibríochtaí cóimeála/críochnaithe sin ná imchéimniú mar gur tháinig méadú suntasach ar na hoibríochtaí ón uair a tionscnaíodh an t-imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe sin, arbh é an toradh a bhí air sin forchur na mbeart atá ann faoi láthair. Thairis sin, is é atá sna páirteanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne os cionn 60 % de luach iomlán pháirteanna an táirge tar éis a chóimeáilte/chríochnaithe agus an luach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála/críochnaithe, tá sé níos ísle ná 25 % den chostas monaraíochta.

(10)

Thairis sin, is léir ón bhfianaise, mar gheall ar na cleachtais a thuairiscítear thuas, go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh cainníochta agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig líon nach beag d’allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais. Ina theannta sin, tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil praghsanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe chomhchosúil díobhálach.

(11)

Ar deireadh, léiríonn an fhianaise gur praghsanna dumpáilte iad praghsanna an táirge chóimeáilte/chríochnaithe chomhchosúil san Aontas i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo don táirge lena mbaineann.

(12)

Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, seachas na cleachtais thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

E.   NÓS IMEACHTA

(13)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an fhianaise atá ann leordhóthanach chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(14)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil le haghaidh an imscrúdaithe seo, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a shocraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí.

(15)

Cuireadh údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe.

(a)   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(16)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

(17)

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair (3)’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

(18)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta.

(19)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(20)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara agus cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe.

(21)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, ní mór cuntas EU Login a bheith ag páirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid le fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3.

(22)

Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

(23)

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Trade

Directorate G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Ríomhphost: TRADE-R838-MTF@ec.europa.eu

(b)   Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól

(24)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha, a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a sholáthar ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

(c)   Iarrataí ar dhíolúintí

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist leis an allmhairiú.

(26)

Ós rud é gur laistigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, d’allmhaireoirí an táirge faoi imscrúdú ar féidir leo a thaispeáint nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dóibh, ba cheart dóibh iad féin a chur in iúl laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Cóipeanna den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, agus den fhoirm éilimh ar dhíolúine le haghaidh allmhaireoirí nó le haghaidh cuideachtaí a dhéanann oibríochtaí cóimeála/críochnaithe san Aontas, tá siad le fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin AS TRADE: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2804. Ní mór na ceistneoirí a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

F.   CLÁRÚ

(27)

De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, cuirfear allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú, i gcás ina léiríonn torthaí an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná an dleacht iarmharach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259, ón dáta a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin.

G.   TEORAINNEACHA AMA

(28)

Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú:

faoinar féidir leis na páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl don Choimisiún, ceistneoirí a chur isteach, a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a bheidh le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe,

faoinar féidir le hallmhaireoirí nó le cuideachtaí a dhéanann oibríochtaí cóimeála/críochnaithe díolúintí ó bhearta a iarraidh,

faoinar féidir le páirtithe leasmhara iarraidh ar éisteacht ón gCoimisiún a dhéanamh i scríbhinn.

(29)

Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a chuirfidh iad féin in iúl laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo.

H.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(30)

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(31)

I gcás ina ndéanfar amach gur chuir páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ar fáil, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus féadfar na fíorais atá ar fáil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(32)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú.

I.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(33)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

J.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(34)

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, tugtar faoi deara go gcaithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(35)

Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.

K.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(36)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

(37)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí nó na páirtithe leasmhara agus seirbhísí de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú ina n-iomláine. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(38)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(39)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin AS TRADE: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036, chun a chinneadh an bhfuil na hallmhairí seo a thagann isteach san Aontas ag imchéimniú na mbeart arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259, is iad sin allmhairí feisteas feadáin agus píobáin neamhshnáithithe d’iarann teilgthe intuargainte a thagann faoi láthair faoi chóid TARIC 7307 19 10 35 agus 7307 19 10 45.

Airteagal 2

1.   De bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, tabharfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a thagann isteach san Aontas a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.

2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

1.   Ní mór do na páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl trí theagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Chun a n-aighneachtaí a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ar an gceistneoir, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1259 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin snáithithe d’iarann teilgthe intuargainte agus d’iarann teilgthe graifíte sféaróidí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 197, 25.7.2019, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1259/oj).

(3)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1448/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)