European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1447

21.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1447 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(8), pointí (c), (d) agus (e), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (2) , leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún (3) leasaítear Roinn III, pointe 3, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) trí bhunaíochtaí láimhseála géim a údarú maidir le raitítigh feirme agus mamaigh géim chrúbscoilte feirme a fháil agus a láimhseáil i gcás ina maraítear iad ag an áit tionscnaimh. Sna socruithe praiticiúla maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí gaolmhara i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, ní thagraítear ach do sheamlais agus de thoradh na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Rialachán sin do bhunaíochtaí láimhseála géim freisin. Dá bhrí sin, Airteagal 7(2), Airteagal 9, Airteagal 10(1), Airteagal 27(2), Airteagal 33(1), Airteagal 34(1), Airteagal 39(2), pointe (a), Airteagal 48(2), pointe (b), Iarscríbhinn I, pointe 5, agus Iarscríbhinn II, pointí 1(b) agus (c), a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, ba cheart iad a leasú dá réir sin.

(3)

Le hAirteagail 9 agus 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, leagtar síos oibleagáidí ar na húdaráis inniúla nó ar a n-ionadaithe go ginearálta agus ar an tréidlia oifigiúil go háirithe, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ar fhaisnéis faoin mbiashlabhra. Tugadh faoi deara roinnt débhríochtaí agus difríochtaí maidir leis an gcur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha a fhéadfaidh aon ionadaí de chuid na n-údarás inniúil a dhéanamh agus a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha atá le déanamh ag an tréidlia oifigiúil. Mar a shainmhínítear in Airteagal 17, pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625, tá fíorú na faisnéise faoin mbiashlabhra mar chuid den chigireacht réamhbháis agus dá bhrí sin, is é an tréidlia oifigiúil i bprionsabal a dhéanfaidh an fíorú sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2017/625, agus na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 18(2)(b) de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 (5) ón gCoimisiún á gcur san áireamh. I gcásanna eile seachas an chigireacht réamhbháis, e.g. le linn iniúchtaí, féadfaidh aon ionadaí de chuid na n-údarás inniúil na seiceálacha ar fhaisnéis faoin mbiashlabhra a dhéanamh. Ba cheart Airteagail 9 agus 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú chun léiriú níos soiléire a thabhairt ar cén duine a dhéanfaidh na seiceálacha ar fhaisnéis faoin mbiashlabhra.

(4)

An liosta de na Ballstáit agus de chriosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalair maidir le heitinn (i.e. ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis)) i mbó-ainmhithe, leagtar síos an liosta sin i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (6). Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, is gá an tagairt don liosta sin in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a thabhairt cothrom le dáta.

(5)

Le hAirteagal 18(3), Airteagal 19(2), Airteagal 20(2), Airteagal 21(2), Airteagal 22(2) agus Airteagal 23(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, foráiltear maidir le nósanna imeachta cigireachta iarbháis i ndáil le crúbaigh chlóis ina ndéantar an gconablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú, go ndéanfar na nósanna imeachta sin i gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe. D’fhéadfadh riosca traséillithe a bheith ag baint le gearrthacha agus láimhsiú, le pataiginí a d’fhéadfadh a bheith i láthair i gconablaigh nó i scairteach. Dá bhrí sin, níor cheart gach nós imeachta cigireachta iarbháis breise a fhorchur, ach na nósanna imeachta sin atá ábhartha agus iad sin amháin, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 18(3), Airteagal 19(2), Airteagal 20(2), Airteagal 21(2), Airteagal 22(2) agus Airteagal 23(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú dá réir sin.

(6)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (7) leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair in-tarchurtha ainmhithe liostaithe. Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, is gá an tagairt do Threoir 64/432/CEE ón gComhairle (8) in Airteagal 39(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a thabhairt cothrom le dáta.

(7)

Le hAirteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le faisnéis faoin mbiashlabhra atá sna taifid arna gcoimeád i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). In Airteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 tagraítear go heisiach do mharú i seamlais. Mar sin féin, le Roinn I, Caibidil VIa, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, údaraítear, faoi réir ceanglais áirithe, crúbaigh chlóis a mharú ar láthair an ghabháltais bunáitíochta. Le Roinn III, pointe 3 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, údaraítear, faoi réir ceanglais áirithe, raitítigh feirme agus mamaigh géim chrúbscoilte feirme a mharú ar láthair an ghabháltais bunáitíochta. Le Roinn I, Caibidil VI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, suitear ceanglais maidir le marú éigeandála crúbach clóis lasmuigh den seamlas. Ba cheart Airteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú chun na cásanna maraithe ar láthair an ghabháltais bunáitíochta agus maraithe éigeandála lasmuigh den seamlas a chumhdach.

(8)

Le hAirteagal 42 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 leagtar síos bearta atá le déanamh i gcás faisnéis mhíthreorach faoin mbiashlabhra. Tagraíonn an t-airteagal sin go heisiach do sheamlais. Chun na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Roinn III, pointí 1 agus 2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a léiriú, ba cheart Airteagal 42 a leasú chun bunaíochtaí láimhseála géim a chumhdach i gcás géim feirme a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta.

(9)

Bearta rialaithe galar an Aontais maidir le galair ainmhithe liostaithe áirithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ainmhithe áirithe agus, dá bhrí sin, oiriúnacht feola úire ó na hainmhithe sin lena tomhailt ag an duine, leagtar síos na bearta sin anois i Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (11). Dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, is gá na tagairtí in Airteagal 45, pointe (e), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

(10)

Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an nasc idir an cineál mairc sláinte a cheanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 agus na ceanglais maidir le marc speisialta sláinte a leagtar síos chun galair áirithe ainmhithe a rialú de bhun Rialachán (AE) 2016/429. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 48(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú dá réir sin.

(11)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, leagtar síos socruithe praiticiúla maidir leis an marc sláinte i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin. I bpointe 1(c) den Iarscríbhinn II sin tagraítear don Chomhphobal Eorpach, in ionad an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart giorrúcháin a thagraíonn don Aontas Eorpach a chur in ionad giorrúcháin a thagraíonn don Chomhphobal Eorpach. Chun an t-ualach riaracháin a chruthaítear leis an ionadú sin a mhaolú ar oibreoirí, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse, ar lena linn a fhéadfar táirgí ar a bhfuil marc sláinte le giorrúchán a thagraíonn don Chomhphobal Eorpach a choinneáil ar an margadh.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú dá réir sin.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Le linn iniúchtaí i seamlais nó i mbunaíochtaí láimhseála géim, fíoróidh na húdaráis inniúla an mheastóireacht ar fhaisnéis faoin mbiashlabhra, mar a leagtar síos i Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.’;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

Airteagal 9

Oibleagáidí na n-údarás inniúil a mhéid a bhaineann le seiceálacha ar dhoiciméid seachas na seiceálacha ar an bhfaisnéis faoin mbiashlabhra dá dtagraítear in Airteagal 10(1)

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla oibreoir gnólachta bia an ghabháltais bunáitíochta ar an eolas faoin bhfaisnéis íosta faoin mbiashlabhra atá le soláthar d’oibreoir an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim i gcomhréir le Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na seiceálacha is gá ar dhoiciméid chun an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

déantar faisnéis faoin mbiashlabhra a chur in iúl go comhsheasmhach agus go héifeachtach idir an t-oibreoir gnólachta bia a thóg nó a choinnigh na hainmhithe sular seoladh iad, agus oibreoir an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim;

(b)

tá an fhaisnéis faoin mbiashlabhra bailí agus iontaofa;

(c)

soláthraítear aiseolas maidir le faisnéis ábhartha chuig an ngabháltas bunáitíochta, más infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 39(5).

3.   I gcás ina seolfar ainmhithe chuig Ballstát eile lena marú, oibreoidh na húdaráis inniúla ag an ngabháltas bunáitíochta i gcomhair leis na húdaráis inniúla ag an áit mharaithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis faoin mbiashlabhra a sholáthraíonn oibreoir gnólachta bia an ghabháltais bunáitíochta ag oibreoir an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim a fhaigheann an fhaisnéis sin.’

;

(3)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Agus cigireachtaí réamhbháis á ndéanamh ag an tréidlia oifigiúil, fíoróidh sé torthaí na seiceálacha agus na meastóireachtaí ar fhaisnéis faoin mbiashlabhra a sholáthraíonn oibreoir an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim, i gcomhréir le Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. Cuirfidh an tréidlia oifigiúil na seiceálacha agus na meastóireachtaí sin san áireamh agus cigireachtaí réamhbháis agus iarbháis á ndéanamh aige, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile ó thaifid ghabháltas bunáitíochta na n-ainmhithe.’

;

(4)

Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ainmhithe faoi bhun 20 mí d’aois i gcás ina gcoimeádtar iad gan rochtain ar fhéarach ar feadh a saoil i mBallstát atá saor ó eitinn go hoifigiúil nó i gcrios de Bhallstát atá saor ó eitinn, a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (*1).

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).’;"

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘I gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24, rachaidh an tréidlia oifigiúil ar aghaidh leis na nósanna imeachta cigireachta iarbháis seo a leanas atá ábhartha, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/624, nósanna imeachta lena ndéantar an conablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú:’;

(5)

in Airteagal 19(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24, rachaidh an tréidlia oifigiúil ar aghaidh leis na nósanna imeachta cigireachta iarbháis seo a leanas atá ábhartha, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/624, nósanna imeachta lena ndéantar an conablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú:’;

(6)

in Airteagal 20(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24, rachaidh an tréidlia oifigiúil ar aghaidh leis na nósanna imeachta cigireachta iarbháis seo a leanas atá ábhartha, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/624, nósanna imeachta lena ndéantar an conablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú:’;

(7)

in Airteagal 21(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24, rachaidh an tréidlia oifigiúil ar aghaidh leis na nósanna imeachta cigireachta iarbháis seo a leanas atá ábhartha, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/624, nósanna imeachta lena ndéantar an conablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú:’;

(8)

in Airteagal 22(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24, rachaidh an tréidlia oifigiúil ar aghaidh leis na nósanna imeachta cigireachta iarbháis seo a leanas atá ábhartha, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/624, nósanna imeachta lena ndéantar an conablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú:’;

(9)

in Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘I gcás ina bhfuil tásca ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24, rachaidh an tréidlia oifigiúil ar aghaidh leis na nósanna imeachta cigireachta iarbháis seo a leanas atá ábhartha, ar bhonn tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625 agus Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/624, nósanna imeachta lena ndéantar an conablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú:’;

(10)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás inar maraíodh na hainmhithe lasmuigh den seamlas, déanfaidh an tréidlia oifigiúil ag an seamlas nó ag an mbunaíocht láimhseála géim an deimhniú a fhíorú.’

;

(11)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina bhfuil frithghníomh deimhneach nó neamhchonchlúideach ag ainmhithe ar thiúibeirclin, nó i gcás ina bhfuil údair eile amhrais ann go bhfuil ionfhabhtú ann, marófar nó láimhseálfar na hainmhithe sin ar leithligh ó ainmhithe eile, agus réamhchúraimí á nglacadh chun an riosca go n-éilleofaí conablaigh eile, an líne tháirgthe agus an fhoireann atá sa seamlas nó sa bhunaíocht láimhseála géim a sheachaint.’

;

(12)

in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina raibh frithghníomh deimhneach nó neamhchonchlúideach ag ainmhithe ar thástáil bruisealóise, nó i gcás ina bhfuil údair eile amhrais ann go bhfuil ionfhabhtú ann, marófar nó láimhseálfar na hainmhithe sin ar leithligh ó ainmhithe eile, agus réamhchúraimí á nglacadh chun an riosca go n-éilleofaí conablaigh eile, an líne tháirgthe agus an fhoireann atá sa seamlas nó sa bhunaíocht láimhseála géim a sheachaint.’

;

(13)

Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cuirfidh an tréidlia oifigiúil oibreoir an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim ar an eolas;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla torthaí na rialuithe oifigiúla a iontráil i mbunachair sonraí ábhartha, ar a laghad i gcás ina gceanglaítear an fhaisnéis sin a bhailiú faoi Airteagal 4 de Threoir 2003/99/CE, Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (*2) agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/43/CE.

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe agus le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus le hiarratas ar stádas saor ó ghalar a aithint, agus leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2002/oj).’;"

(14)

in Airteagal 40, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4.   Áiritheoidh an tréidlia oifigiúil freisin nach marófar ainmhithe mura mbeidh an fhaisnéis ábhartha faoin mbiashlabhra fíoraithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9(2), pointe (b), sna cásanna seo a leanas:

(a)

marú éigeandála lasmuigh den seamlas i gcomhréir le Roinn I, Caibidil VI, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(b)

marú bó-ainmhithe clóis ar láthair an ghabháltais bunáitíochta cé is moite de bhíosúin, agus ainmhithe den speiceas caorach, ainmhithe den speiceas gabhair agus ainmhithe den speiceas mucúil agus dlúthchrúbaigh chlóis, seachas i gcás marú éigeandála, i gcomhréir le Roinn I, Caibidil VIa, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(c)

marú raitíteach feirme agus mamach géim crúbscoilte feirme ar láthair an ghabháltais thionscnaimh, i gcomhréir le Roinn III, pointe 3, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.’ agus marú bíosún i gcomhréir i Roinn III, pointe 4, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(15)

in Airteagal 42(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Gníomhóidh na húdaráis inniúla i gcoinne an oibreora gnólachta bia atá freagrach as gabháltas bunáitíochta na n-ainmhithe, nó i gcoinne aon duine eile lena mbaineann, lena n-áirítear oibreoir an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim.’;

(16)

in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

má dhíorthaítear í ó ainmhithe atá buailte ag galair ainmhithe a leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe ina leith i gCuid III, Teideal II, nó in Airteagal 259, de Rialachán (AE) 2016/429, nó ag galair ainmhithe a nglactar rialacha maidir le sláinte ainmhithe ina leith ar bhonn Chuid III, Theideal II, nó Airteagal 259, de Rialachán (AE) 2016/429, go háirithe má dhíorthaítear í ó ainmhithe atá buailte ag galair ainmhithe a leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe ina leith i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (*3), ach amháin i gcás ina bhfaightear í i gcomhréir leis na ceanglais shonracha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin má fhoráiltear a mhalairt sna ceanglais maidir leis na rialuithe oifigiúla ar eitinn agus ar bhruisealóis dá bhforáiltear in Airteagail 33 agus 34 den Rialachán seo;

(*3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj.).’;"

(17)

Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

cuirtear an marc sláinte ar dhromchla seachtrach an chonablaigh, trí stampáil i ndúch nó trí bhrandáil the, sa chaoi go mbeidh marc sláinte ar gach cuid de i gcás ina ngearrtar conablaigh sa seamlas nó sa bhunaíocht láimhseála géim ina leathchonablaigh nó ina gceathrúchonablaigh, nó má ghearrtar leathchonablaigh ina dtrí chuid.’;

(b)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas i mír 3:

‘Féadfar na ceanglais maidir le marc speisialta sláinte a leagtar síos ar bhonn Airteagal 67, an dara fomhír, pointe (a), nó Airteagal 71(3) nó (4), nó Airteagal 259 de Rialachán (AE) 2016/429 a chur in ionad na gceanglas maidir leis an gcineál mairc sláinte in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.’;

(18)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal phointe 5 den doiciméad caighdeánach:

‘5.

Sonraí teagmhála an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim (uimhir formheasa)’;

(19)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1(b) agus (c):

‘(b)

uimhir formheasa an tseamlais nó na bunaíochta láimhseála géim;

(c)

(nuair a chuirtear an marc i mbunaíocht atá lonnaithe san Aontas) na giorrúcháin EC, EU, EL, UE, EE, AE, ES nó EÚ. Níor cheart na giorrúcháin sin a bheith ar mharcanna a chuirtear ar fheoil a allmhairítear isteach san Aontas ó sheamlais nó ó bhunaíochtaí láimhseála géim atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.’.

Airteagal 2

Maidir leis na marcanna sláinte ar fheoil atá oiriúnach lena tomhailt ag an duine tar éis na cigireachta réamhbháis agus iarbháis, féadfar leanúint de na giorrúcháin CE, EC, EF, EG, EK, EO, EY, ES, EÜ, EB, EZ, KE nó WE a úsáid go dtí an 31 Nollaig 2028, ar giorrúcháin iad a leagtar amach i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, ós rud é gur mar sin a bhí sé roimh na leasuithe arna ndéanamh leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/627/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha sláinteachais maidir le feoil, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe (IO L, 2024/1141, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1141/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialacha sonracha i dtaca le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgeadh na feola agus i dtaca le limistéir táirgthe agus athsheachadta na moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/624/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus le hiarratas ar stádas saor ó ghalar a aithint, agus leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1,, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2002/oj).

(8)  Treoir 64/432/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1964 maidir le fadhbanna sláinte ainmhithe a dhéanann difear do thrádáil laistigh den Chomhphobal i mbó ainmhithe agus i mucra (IO 121, 29.7.1964, lch. 1977, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1964/432/oj).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas ábhair bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/852/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1447/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)