European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1443

15.7.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1443 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2643 (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus gníomhaíochtaí urchóideacha na Rúise atá dírithe ar an Aontas, ar a Bhallstáit, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar thríú tíortha á gcáineadh aige.

(3)

An 26 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí, inar cháin sí an feachtas hibrideach leanúnach atá ar siúl ag an Rúis, lena n-áirítear an tsabaitéireacht, cur isteach ar an mbonneagar criticiúil, cibirionsaithe, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus iarrachtaí an bonn a bhaint den daonlathas, lena n-áirítear sa phróiseas toghchánach. Chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir go mbainfeadh sí leas iomlán as na modhanna uile atá ar fáil, lena n-áirítear bosca uirlisí hibrideach an Aontais, go sonrach chun bagairtí hibrideacha na Rúise a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu.

(4)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 9 nduine nádúrtha agus 6 duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘39.

Andrey Yuryevich ROMANCHENKO

(Rúisis: Андрей Юрьевич РОМАНЧЕНКО)

Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar an bhFiontar Feidearálach faoi úinéireacht an Stáit “Russian Television and Radio Broadcasting Network” (RTRS)

Dáta breithe: 16.10.1960

Áit bhreithe: Moscó, Poblacht Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Cárta aitheantais cánach na Rúise (ИНН): 771515786260

Is é Andrey Yuryevich Romanchenko an tArd-Stiúrthóir ar an bhFiontar Feidearálach faoi úinéireacht an Stáit “Russian Television and Radio Broadcasting Network” (RTRS), fiontar cónaidhme brabúsach Rúiseach a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis agus a oibríonn bonneagar craolacháin raidió agus teilifíse trastíre sa Rúis. Stiúrann Romanchenko, a ceapadh ina Ard-Stiúrthóir ag Uachtarán na Rúise, RTRS, a bhfuil ról díreach aige i gcur chun feidhme bheartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise tríd an mbonneagar agus na cumais theicniúla a chur ar fáil chun na “Cainéil teilifíse agus raidió éigeantacha Uile-Rúiseacha atá ar fáil go poiblí”, mar a thugtar orthu, a tharchur, mar shampla Pervyi Kanal nó Rossiya 24 a scaipeann bolscaireacht stáit na Rúise.

Faoi cheannaireacht Romanchenko, bhí ról lárnach ag RTRS agus seanchóras craoltóireachta na hÚcráine á ionadú, go bunúsach, sna réigiúin faoi fhorghabháil, le gréasán a tharchuireann ábhar arna fhormheas ag Rialtas Chónaidhm na Rúise agus atá beartaithe chun easaontú a chosc, chun an pobal áitiúil a ailíniú le beartais na Rúise agus chun rialachas na hÚcráine sna críocha faoi fhorghabháil a dhídhlisteanú. Baineann sin an bonn go díreach ó chumas na bpobal áitiúil rochtain a fháil ar fhaisnéis éagsúil neamhspleách. Tá leathnú oibríochtaí RTRS chuig na críocha faoi fhorghabháil á éascú ag Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas a thugann an ceart eisiach do RTRS bonneagar tarchuir a bhunú sna críocha faoi fhorghabháil. Trí mhaoirseacht agus stiúradh a dhéanamh ar na hoibríochtaí sin, éascaíonn Romanchenko, ar bhealach gníomhach, an bac atá á chur ar an rochtain ar fhaisnéis éagsúil neamhspleách, agus ar an gcaoi sin tógann sé air féin an fhreagracht as úsáid ionramhála ar fhaisnéis.

Dá bhrí sin, baineann Romanchenko, agus é ina cheann ar RTRS, tairbhe as beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúis, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Úcráin, nó ar bagairt iad na beartais sin ar an méid sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis, nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

40.

Vladimir NAIDENOV

(Russian: Владимир НАЙДЕНОВ)

Feidhm: Stiúrthóir ar an Roinn um Chomhordú Forbartha Bonneagair Cumarsáide i gCríocha Nua an Fhiontair Fheidearálaigh faoi úinéireacht an Stáit “Russian Television and Radio Broadcasting Network” (RTRS)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach

Is é Vladimir Naidenov an Stiúrthóir ar an Roinn um Chomhordú Forbartha Bonneagair Cumarsáide i gCríocha Nua an Fhiontair Fheidearálaigh faoi úinéireacht an Stáit “Russian Television and Radio Broadcasting Network” (RTRS), fiontar aonadach brabúis cónaidhme Rúiseach a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis agus a oibríonn bonneagar craoltóireachta raidió agus teilifíse trastíre sa Rúis. Tá Vladimir Naidenov faoi réir Ard-Stiúrthóir ar RTRS Andrey Yuryevich Romanchenko, a stiúrann RTRS agus a bhfuil ról díreach aige i gcur chun feidhme beartas atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise. Cuireann RTRS bonneagar agus cumais theicniúla ar fáil chun “cainéil teilifíse agus raidió éigeantacha uile-Rúise atá ar fáil go poiblí”, mar a thugtar orthu, a tharchur, amhail Pervyi Kanal nó Rossiya 24 lena scaiptear bolscaireacht stáit na Rúise.

Ina phost laistigh de RTRS, bhí ról lárnach ag Vladimir Naidenov maidir le líonra a chur in ionad chórais chraoltóireachta oidhreachta na hÚcráine i réigiúin faoi fhorghabháil go héifeachtach, ar líonra é lena dtarchuirtear ábhar arna fhormheas ag Rialtas Chónaidhm na Rúise a bhfuil sé beartaithe leis easaontú a chur faoi chois, an pobal áitiúil a ailíniú le beartais na Rúise agus rialachas na hÚcráine sna críocha faoi fhorghabháil a tharmligean. Baineann sé sin an bonn go díreach ó chumas na bpobal áitiúil rochtain a fháil ar fhaisnéis éagsúil neamhspleách. Éascaíonn Rialtas Chónaidhm na Rúise leathnú oibríochtaí RTRS isteach sna réigiúin faoi fhorghabháil, rud a thugann an ceart do RTRS bonneagar tarchurtha a bhunú ansin.

Dá bhrí sin, éascaíonn Vladimir Naidenov, ina Stiúrthóir ar an Roinn um Chomhordú Forbartha Bonneagair Cumarsáide i gCríocha Nua an Fhiontair Fheidearálaigh faoi úinéireacht an Stáit ag RTRS, bac ar rochtain ar fhaisnéis éagsúil neamhspleách trí fhorbairt bonneagair RTRS a chomhordú i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil agus, ar an gcaoi sin, cuireann sé beartais chun feidhme atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den chobhsaíocht san Úcráin, nó ar bagairt iad ar an daonlathas agus ar an gcobhsaíocht sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis, nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

41.

Dmitri BUIMISTRU

Feidhm: Láithreoir teilifíse, aisteoir; blagálaí

Dáta breithe: 26.11.1992

Áit bhreithe: Císineá, Poblacht na Moldóive

Náisiúntacht: Moldóvach

Inscne: fireann

Bíonn Dmitri Buimistru i mbun ionramháil agus cur isteach comhordaithe ar fhaisnéis d’aon ghnó trí bheith ag feidhmiú mar phríomhbholscaire ar MD24, cainéal teilifíse ar líne atá lonnaithe sa Rúis agus a chruthaigh Ilan Shor tar éis ceadúnas a bheith tarraingthe siar ó na stáisiúin a bhí aige roimhe sin as bréagaisnéis na Rúise a scaipeadh. Chuige sin, scaipeann Buimistru éilimh atá bréagach go follasach d’aon ghnó — éilimh a bhréagnaíonn seiceálaithe fíricí neamhspleácha go córasach — go bhfuil ECAT chun an Moldóiv a tharraingt isteach sa choinbhleacht, go bhfuiltear ar tí an neodracht bhunreachtúil a aisghairm, go bhfuil “Romanú” á dhéanamh ar na hinstitiúidí, mífhaisnéis maidir leis na himpleachtaí bunreachtúla a bheidh ag reifreann an Aontais, agus staidreamh trádála cumtha.

Ina theannta sin, is léir ón scannal maidir le trealamh faireachais ambasáid na Rúise i mí Iúil 2023 go raibh sé páirteach i bhfeachtais bhréagaisnéise thrasardáin shioncronaithe, nuair a rinneadh a theachtaireachtaí a chomhordú go beacht le heagraíochtaí eile atá ar son na Creimile, rud a léirigh eagrú láraithe. Ina theannta sin, aithnítear gur príomhuirlís é in oibríocht tionchair sheachtraigh níos leithne an tionscadal “SOSEDI”, tionscadal arb é Buimistru a chuir ar bun é. Leis an gcur chun cinn córasach a dhéanann sé ar fhoinsí faisnéise eile ar son na Rúise agus cur in úsáid na hoirbheartaíochta teachtaireachtaí comhsheasmhacha a cheaptar go sonrach chun an bonn a bhaint de cheannasacht na Moldóive, dá lánpháirtiú Eorpach agus dá próisis dhaonlathacha, deimhnítear tuilleadh go bhfuil páirt d’aon ghnó aige in ionramháil chomhordaithe ar fhaisnéis d’fhonn freastal ar leasanna díchobhsaithe na Rúise sa Mholdóiv.

Dá bhrí sin, tá Dmitri Buimistru freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht i dtríú tír, nó ar bagairt iad ar an gcobhsaíocht sin, trí pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe.

15.7.2025

42.

Veaceslav VALICO

Feidhm: Gníomhaí

Dáta breithe: 10.8.1977

Áit bhreithe: Císineá, Poblacht na Moldóive

Náisiúntacht: Poblacht na Moldóvach

Inscne: fireann

Ghlac Veaceslav Valico páirt, in éineacht le Anatolii Prizenko, duine nádúrtha arna liostú ag an Aontas, in oibríocht díchobhsaithe na Rúise inar péinteáladh réalta David ar shráideanna Pháras tar éis ionsaí Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023 chun teannas a chruthú i sochaí na Fraince, gníomh a bhfuair sé cúiteamh airgeadais as.

Thairis sin, tá Veaceslav Valico rannpháirteach i scaipeadh córasach na bréagaisnéise i bPoblacht na Moldóive agus san Úcráin, mar chuid de ghníomhaíochtaí hibrideacha urchóideacha Chónaidhm na Rúise.

Lena chois sin, tá baint ag Veaceslav Valico le Anatolii Prizenko,ar duine é a liostaítear ag an Aontas. Ba ann don chaidreamh sin sular chomhoibrigh siad le chéile ar an teagmhas sin i bPáras.

Dá bhrí sin, tá Veaceslav Valico freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht i mBallstát agus dá bhrí sin san Aontas agus i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad ar an gcobhsaíocht sin, trí úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a phleanáil, a stiúradh, agus páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach.

15.7.2025

43.

Simeon BOIKOV

Feidhm: Blagálaí ar son na Rúise

Dáta breithe: 15.2.1990

Áit bhreithe: Sydney, an Astráil

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Astrálach/Rúiseach

Is gníomhaí Astrálach ar son na Rúise é Simeon Boikov, duine ar fearr aithne air faoin mbréagainm “Aussie Cossack”. Aithnítear go mbíonn insintí agus mífhaisnéis na Creimile á scaipeadh aige, go háirithe a mhéid a bhaineann le paindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin. Bhí baint ag Boikov freisin le bréagaisnéis a scaipeadh a bhain le toghchán uachtaránachta 2024 na Stát Aontaithe, go háirithe trí thionchaire Meiriceánach a íoc le físeán bréige Storm-1516 a phostáil inar léiríodh - go bréagach - calaois a bheith ar siúl ag vótálaithe sa tSeoirsia.

Dá bhrí sin, tá Simeon Boikov freagrach as cur chun feidhme gníomhaíochtaí nó beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise, agus tacú leo, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, smacht reachta, cobhsaíocht nó slándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a phleanáil, a stiúradh, agus páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, agus tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

44.

Vitaly KULIKOV

Rúisis: Виталий КУЛИКОВ

Feidhm: Leifteanant-Choirnéal in arm na Rúise, atá i gceannas ar lárionad Cogaíochta Leictreonaí (EW) an Chabhlaigh Bhaltaigh

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é an Leifteanant-Choirnéal Vitaly Kulikov ceannasaí lárionad Cogaíochta Leictreonaí (EW) an Chabhlaigh Bhaltaigh ar a dtugtar an 841ú Lárionad Cogaidh Leictreonach Leithleach freisin. Déanann Vitaly Kulikov maoirseacht ar chleachtaí a thrúpaí EW i réigiún Kaliningrad.

Tá nasc ann idir teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha agus gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, lena n-áirítear trasnaíocht agus “spúfáil” chomharthaí GPS, a dhéanann difear go príomha do na Stáit Bhaltacha. Chuir na gníomhaíochtaí sin isteach ar an eitlíocht shibhialta.

Tá trealamh trasnaíochta faighte ag lárionad EW Mhuir Bhailt, faoi orduithe Kulikov, agus rinne sé freachnaimh ina n-úsáidtear ardchórais atá in ann cur isteach ar chumarsáid i limistéir mhóra, agus tá baint aige freisin le hionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a dhéanann difear do Bhallstáit an Aontais a phleanáil agus a chur i gcrích agus tacú leis an méid sin.

Dá bhrí sin, tá Vitaly Kulikov freagrach as úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a dhéanann difear díreach do Bhallstáit an Aontais a phleanáil, a stiúradh, agus páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, nó as an úsáid sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

45.

Yuri Illarionovich LASTOCHKIN

(Rúiseach: Юрий Илларионович ЛАСТОЧКИН

Úcránach: Юрій Iлларіонович ЛАСТОЧКIН)

Feidhm: Oifigeach de chuid Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise; Ceannaire Míleata; Maor-Ghinearál/Leifteanant-Ghinearál; Ceann Fhórsaí Cogaidh Leictreonacha Chónaidhm na Rúise/ceann fhórsa Chogadh Raidió Leictreonach Aireacht Cosanta na Rúise (REB)

Dáta breithe: 18.8.1967

Áit bhreithe: Rzhavka, Mogilev region, SSR na Bealarúise (an Bhealarúis anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é an Leifteanant-Ghinearál Yuri Lastochkin ceann Fhórsaí Cogaidh Leictreonacha (EW) Chónaidhm na Rúise. Déanann Yuri Lastochkin maoirseacht ar ghníomhaíochtaí agus ar fhreachnaimh thrúpaí EW na Rúise, lena n-áirítear iad siúd ón 841ú lárionad EW ar leith i réigiún Kaliningrad.

Le déanaí, tá nasc ann idir teipeanna chomharthaí GPS i roinnt tíortha Eorpacha agus gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí as Kaliningrad, lena n-áirítear trasnaíocht agus “spúfáil” chomharthaí GPS, a dhéanann difear go príomha do na Stáit Bhaltacha. Chuir na gníomhaíochtaí sin isteach ar an eitlíocht shibhialta.

Fuair an 841ú lárionad EW ar leith i réigiún Kaliningrad, faoi orduithe Lastochkin, trealamh trasnaíochta agus rinne sé freachnaimh trí úsáid a bhaint as ardchórais a d’fhéadfadh cur isteach ar chumarsáid i limistéir mhóra; tá baint aige freisin le hionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a dhéanann difear díreach do Bhallstáit an Aontais a phleanáil, a chur i gcrích agus tacú leis an méid sin.

Dá bhrí sin, tá Y. I. Lastochkin freagrach as úsáid ionramhála agus cur isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a dhéanann difear díreach do Bhallstáit an Aontais a phleanáil, a stiúradh, agus páirt ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, nó as an úsáid sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

46.

Yevgeny Shevchenko

Евгений ШЕВЧЕНКО

Feidhm: Bunaitheoir TigerWeb

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Chánach: 910202780107

Is forbróir gréasáin é Yevgeny Shevchenko a bhfuil saineolas aige ar shuíomhanna gréasáin a chruthú le blianta fada anuas. Is é bunaitheoir Tigerweb, an chuideachta gréasáin a reáchtálann an ionramháil faisnéise, a shocraíonn “Portal Kombat” a scaipeann ábhar ar son na Rúise agus a dhíríonn ar roinnt tíortha san Iarthar lena n-áirítear an Fhrainc ar roinnt “tairseacha faisnéise” mar a thugtar orthu. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena gcuirtear cobhsaíocht agus slándáil san Aontas, nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, i mbaol trí pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

47

Aleksey Nikolayevich SHAVROV

(Rúisis: Алексей Николаевич ШАВРОВ)

ar a dtugtar freisin Andrey PETROV

(Rúisis: Андрей ПЕТРОВ)

Feidhm: Oifigeach Faisnéise Míleata de Phríomh-Ard Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU)

Dáta breithe: 12.12.1989

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is oifigeach de chuid GRU é Aleksey Shavrov a bhfuil baint aige le hoibríochtaí tionchair na Rúise atá dírithe ar an Aontas agus a Bhallstáit a dhíchobhsú. Áirítear ar ghníomhaíochtaí mailíseacha Aleksey Shavrov ionramháil ar fhaisnéis agus feachtais bhréagaisnéise i bPoblacht na Seice agus i mBallstáit eile. Trína chomhlach ceilte, Natallia Sudliankova, reáchtálann Aleksey Shavrov feachtais tionchair, lena n áirítear trí scaipeadh na n-alt saincheaptha in eagraíochtaí meán Eorpacha éagsúla a eagrú. Is é is aidhm d’insintí míthreoracha nó d’insintí atá iomlán bréagach tacú le leasanna bheartas eachtrach Chónaidhm na Rúise agus a tionchar siúd a leathnú. Ina theannta sin, tá an t-ábhar ceaptha chun an bonn a bhaint a thuilleadh de mhuinín an phobail as luachanna agus próisis an Aontais, as an daonlathas agus as comhtháthú an Aontais. Tá insintí ionramhálacha sonracha in aghaidh ECAT, in aghaidh na hÚcráine agus in aghaidh ENR sna hailt freisin. D’ordaigh Aleksey Shavrov do Natallia Sudliankova na teachtaireachtaí achrannacha sin a scaipeadh trí na meáin chun a n-ábhar polaraithe a mhéadú. Sholáthair Aleksey Shavrov luach saothair airgeadais dóibh siúd a chuir na cúraimí sin i gcrích agus a d’fhoilsigh na feachtais meán sainceaptha sin ar son na Rúise.

Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí nó beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag Aleksey Shavrov lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i roinnt dá Bhallstáit, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a phleanáil agus a stiúradh.

15.7.2025’;

(2)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Date of listing

‘10.

An Fiontar Cónaidhme “Russian Television and Radio Broadcasting Network” (RTRS);

Федеральное государственное унитарное предприятие “Российская телевизионная и радиовещательная сеть”

Seoladh: 13, Korolyov street, Moscó, an Rúis

Suíomh gréasáin: https://moscow.rtrs.ru/

Áit chlárúcháin: 13, Korolyov street, Moscó, an Rúis

Dáta clárúcháin: 30.11.2001

Uimhir chlárúcháin: ИНН: 7717127211; ОГРН: 1027739456084

Is é an Fiontar Cónaidhme “Russian Television and Radio Broadcasting Network” (RTRS) a oibríonn bonneagar craolacháin talún na Rúise. Tá sé fo-ordaithe go díreach ag Aireacht Forbartha Digití, Cumarsáide agus Ollmheáin Chónaidhm na Rúise agus oibríonn sé faoi údarás stiúrthóra ghinearálta arna cheapadh ag Uachtarán na Rúise. Cuireann RTRS acmhainní bonneagair agus teicniúla ar fáil chun na “Cainéil teilifíse agus raidió éigeantacha Uile-Rúiseacha atá ar fáil go poiblí”, mar a thugtar orthu, a tharchur, mar shampla Pervyi Kanal nó Rossiya 24. Tá ról lárnach ag RTRS agus seanchóras craoltóireachta na hÚcráine á ionadú, go bunúsach, sna réigiúin faoi fhorghabháil, le gréasán a tharchuireann ábhar arna fhormheas ag Rialtas Chónaidhm na Rúise agus atá beartaithe chun easaontú a chosc, chun an pobal áitiúil a ailíniú le beartais na Rúise agus chun rialachas na hÚcráine sna críocha faoi fhorghabháil a dhídhlisteanú. Baineann sin an bonn go díreach ó chumas na bpobal áitiúil rochtain a fháil ar fhaisnéis éagsúil neamhspleách. Tá leathnú oibríochtaí RTRS chuig na réigiúin faoi fhorghabháil á éascú ag Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas a thugann an ceart do RTRS bonneagar tarchuir a bhunú ansin.

Dá bhrí sin, tá beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme ag RTRS agus baineann sé tairbhe astu, ar beartais iad lena mbaintear an bonn ón daonlathas agus ón gcobhsaíocht san Úcráin, nó ar bagairt iad ar an daonlathas agus ar an gcobhsaíocht sin, agus lena mbaintear an bonn de cheannasacht nó de neamhspleáchas na hÚcráine, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

11.

An 841ú Lárionad Cogaíochta Leictreonach Leithleach den Chabhlach Baltach

841-й центр радиоэлектронной борьбы

Seoladh: 238580, Kaliningrad oblast, Yantarny settlement, Balebin street, 09643

238580, Калининградская обл., пгт.Янтарный, ул.Балебина, в/ч 09643

An cineál eintitis: Aonad míleata

Áit chlárúcháin: Réigiún Kalininingrad, Cónaidhm na Rúise

Uimhir theileafóin: 8(40153)37- 244

Aonad míleata 09643

Tá an 841ú Lárionad Cogaíochta Leictreonach ar leithligh i gcroílár ceann de na grúpaí cogaíochta leictreonaí is láidre sa Rúis. Tá an t-ionad freagrach as teicneolaíocht a úsáid chun dí-eagrú a dhéanamh ar aon chóras cumarsáide gearrthoinne, as cleachtaí leictreonacha cogaíochta (EW) a dhéanamh chun cur isteach ar loingseoireacht namhad agus ar chumarsáid raidió agus as eolas faisnéise a bhailiú agus a anailísiú a fhaightear trí radaíocht leictreamaighnéadach a bhreathnú sna raonta tonnta gearra agus ultraghearra.

D’fhulaing roinnt tíortha Eorpacha teipeanna comharthaí GPS, ar gníomhaíochtaí cogaíochta leictreonaí de chuid na Rúise ba chúis leo, go háirithe ó Kaliningrad. Áirítear leis sin trasnaíocht d’aon ghnó agus “spúfáil” comharthaí GPS, a dhéanann difear go príomha do na Stáit Bhaltacha. Mar thoradh ar thrasnaíocht agus ionramháil comharthaí GPS, tá bacainní ar eitleáin shibhialta a thuirlingt.

Fuair an 841ú Lárionad EW ar leithligh i Kaliningrad trealamh trasnaíochta agus rinne sé freachnaimh ag baint úsáide as ardchórais atá in ann cur isteach ar chumarsáid thar cheantair mhóra.

Dá bhrí sin, tá an 841ú Lárionad EW ar Leithligh, mar chuid d’fhórsaí míleata na Rúise a chumasaíonn mí-úsáid na hearnála radaimhinicíochta, freagrach as páirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a dhéanann difear díreach do Bhallstáit an Aontais, nó as an úsáid sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

12.

BRICS Journalist Association

Suíomh gréasáin: bricspress.live

Is eagraíocht neamhrialtasach Rúiseach é BRICS Journalist Association (BJA) atá nasctha leis an Foundation to Battle Injustice (R-FBI), arna chruthú ag Yevgeny Prigozhin, agus faoi cheannas Oksana Vovk (Mira Terada). Baineadh úsáid as BJA mar mheán chun insintí agus bréagaisnéis ar son na Rúise a scaipeadh faoi scáth na hiriseoireachta neamhspleáiche, lena n-áirítear ábhar bréige a thagann ón Storm-1516 Information Manipulation Set (IMS).

Dá bhrí sin, tá BJA freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo agus as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn ón daonlathas, ón smacht reachta, ón gcobhsaíocht nó ón tslándáil san Aontas, nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó i dtríú tír, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe agus trí sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

13.

An Lárionad um Shaineolas Geopholaitiúil

Центр геополитических экспертиз, CGE

Suíomh gréasáin: cge.evrazia.ru, cge.su

Áit chlárúcháin: UL. Dinamovskaya D.1a, Office 409, Moscó, RUS, 109044

Dáta clárúcháin: 17.12.2002

Uimhir chlárúcháin: 1027739806940

Is meitheal mhachnaimh é an Lárionad um Shaineolas Geopholaitiúil (CGE) atá lonnaithe i Moscó agus a bhunaigh Aleksandr Dugin, agus faoi cheannas Valery Korovin, ar cuireadh ina leith feachtais bhréagaisnéise a eagrú arb é is aidhm dóibh díriú ar leasanna na hÚcráine, míchlú a tharraingt ar phearsana polaitiúla an Iarthair, agus tionchar a imirt ar phróisis toghcháin i dtíortha an Iarthair. Tuairiscítear go bhfuil baint ag CGE agus a stiúrthóir, Valery Mikhaylovich Korovin, le faisnéis bhréagach a chruthú agus a scaipeadh trí úsáid a bhaint as uirlisí intleachta saorga chun físeáin dhomhainbhrionnaithe a tháirgeadh, agus le tacú le líonra de na céadta suíomhanna gréasáin bréagnuachta. Líomhnaítear gur oibrigh CGE go dlúth le gníomhaireacht faisnéise míleata na Rúise (GRU), a fuair tacaíocht airgeadais chun na hoibríochtaí sin a dhéanamh.

Dá bhrí sin, tá CGE freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme, as tacú leo agus as tairbhe a bhaint astu, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn ón daonlathas, ón smacht reachta, ón gcobhsaíocht nó ón tslándáil san Aontas nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe a phleanáil, a stiúradh, agus páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, agus tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

14.

Foundation to Battle Injustice

Dáta a cruthaithe: 23.3.2021

Suíomh gréasáin: fondfbr.ru

Is eagraíocht neamhrialtasach bhréagach um chosaint chearta an duine í Foundation to Battle Injoustice (R-FBI) a chruthaigh Yevgeny Prigozhin, bunaitheoir an ghrúpa Wagner, i mí an Mhárta 2021. Bhí baint ag R-FBI leis an iliomad oibríochtaí faisnéise atá dírithe ar an bhFrainc agus ar an Úcráin, lena n-áirítear feachtas inar cuireadh i leith saighdiúirí Francacha leanaí a fhuadach ón Nígir díreach tar éis an coup d’état míleata in 2023. Ó bhás Yevgeny Prigozhin i mí Lúnasa 2023, bhí baint ag R-FBI le méadú a dhéanamh ar oibríochtaí faisnéise go leor Storm-1516.

Dá bhrí sin, tá R-FBI freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme agus as tacú leo, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn ón daonlathas, ón smacht reachta, ón gcobhsaíocht nó ón tslándáil san Aontas, nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó i dtríú tíortha, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, trí úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach eile a phleanáil, a stiúradh, agus páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, agus tacú léi nó í a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025

15.

Tigerweb

Suíomh gréasáin: Tigerweb.ru

Áit chlárúcháin: 295000, Krim Republic, Simferopol City, Oktyabirskaya Street, 3, Office 408

Dáta clárúcháin: 2019

Uimhir chlárúcháin: 1199112018973

Is é Tigerweb an chuideachta gréasáin Rúiseach atá lonnaithe sa Chrimé agus a oibríonn an tionscadal ionramhála faisnéise “Portal Kombat”, a scaipeann ábhar ar son na Rúise agus a dhíríonn ar roinnt tíortha san Iarthar, lena n-áirítear an Fhrainc, trí “thairseacha faisnéise” éagsúla, mar a thugtar orthu.

Dá bhrí sin, tá Tigerweb rannpháirteach i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí agus beartas atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise, rud a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Aontas, nó i gceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó i dtríú tíortha, i mbaol, trí pháirt a ghlacadh in úsáid ionramhála agus cuir isteach ar fhaisnéis ar bhealach comhordaithe nó trí sin a éascú ar bhealach eile.

15.7.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1443/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)