European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1439

16.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1439 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319 (1).

(2)

An 28 Iúil 2023, i bhfianaise na staide polaitiúla, eacnamaíche, daonnúla agus slándála i Háítí atá ag dul in olcas, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1574 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2022/2319 agus lenar bunaíodh creat nua de bhearta sriantacha breise.

(3)

Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus Airteagal 3a(1) agus (2) de Chinneadh (CBES) 2022/2319, agus i bhfianaise a thromchúisí atá an staid i Háítí, ba cheart na bearta sin a athnuachan go dtí an 29 Iúil 2026.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/2319 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2022/2319, cuirtear an dáta ‘29 Iúil 2026’ in ionad ‘29 Iúil 2025’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 307, 28.11.2022, lch. 135, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2319/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 192, 31.7.2023, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1574/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1439/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)