|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1428 |
18.7.2025 |
CINNEADH UIMH. 1/2022 ÓN gCOMHCHOISTE UM CHOMHAR CUSTAIM IDIR CEANADA AGUS AN tAONTAS EORPACH MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH A THABHAIRT DO CHLÁR AN OIBREORA EACNAMAÍOCH ÚDARAITHE SAN AONTAS EORPACH AGUS DO CHLÁR CHEANADA MAIDIR LE COMHPHÁIRTITHE COSANTA [2025/1428]
AN COMHCHOISTE UM CHOMHAR CUSTAIM (“CCCC”),
Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ceanada maidir le Comhar Custaim agus Cúnamh Frithpháirteach i gCúrsaí Custaim arna dhéanamh in Ottawa an 4 Nollaig 1997, (“CCFC”), agus go háirithe Airteagal 20 de lena mbunaítear CCCC, ina bhfuil ionadaithe ó Údaráis Chustaim na bPáirtithe Conarthacha i CCFC;
Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada maidir le Comhair Custaim i ndáil le Cúrsaí a bhaineann le Slándáil an tSlabhra Soláthair, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 4 Márta 2013, (“CSSS”), agus go háirithe Airteagal 5 de na forálacha maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chláir a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair agus don mhalartú sonraí agus faisnéise ábhartha in Airteagal 4 (c), (d) agus (f);
Agus é á aithint go bhfuil an tAontas Eorpach (“AE”) agus Ceanada (na “Páirtithe Conarthacha”) tiomanta a gcomhar custaim a threisiú i gcomhréir le CCFC agus CSSS;
Á dheimhniú go bhfuil gealltanas tugtha ag na Páirtithe Conarthacha trádáil a éascú agus slándáil an tslabhra soláthair a mhéadú trí chláir chomhpháirtíochta trádála;
Á dheimhniú gur féidir slándáil agus sábháilteacht, agus éascú an tslabhra soláthair trádála idirnáisiúnta, gur féidir iad sin a fheabhsú go mór trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcuid clár comhpháirtíochta trádála, is é sin clár an Oibreora Eacnamaíoch Údaraithe (‘OEÚ’) san Aontas Eorpach agus clár Cheanada maidir le Comhpháirtithe Cosanta (‘PIP’);
Á dheimhniú go bhfuil cláir OEÚ agus PIP bunaithe ar chaighdeáin slándála a aithnítear ar fud an domhain agus a mholtar sa Chreat Caighdeán SAFE chun an Trádáil Dhomhanda a Áirithiú agus a Éascú ar ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim é i mí an Mheithimh 2005;
Ós rud é gur léir ó chuairteanna ar an láthair agus cómheasúnú ar chlár OEÚ san Aontas agus clár PIP i gCeanada, is léir ón méid sin go bhfuil a gcuid caighdeán cáilíochta, chun críoch slándála agus sábháilteachta, i gcomhréir le chéile agus go mbíonn torthaí coibhéiseacha dá thoradh;
Ós rud é go dtugtar cead do na Páirtithe Conarthacha, trí aitheantas frithpháirteach, sochair éascaitheacha a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil infheistíocht déanta acu i slándáil an tslabhra soláthair agus a bhfuil údarú tugtha dóibh faoina gcuid clár féin;
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an chinnidh seo,
ciallaíonn “Údarás Custaim” Údarás Custaim mar a mhínítear in Airteagal 1 de SCSA, dá ngairtear “Údaráis Chustaim” le chéile anseo feasta agus “Údarás Custaim” ina aonar;
Is é is brí le “hoibreoir eacnamaíoch” páirtí atá rannpháirteach i ngluaiseacht idirnáisiúnta earraí;
Is é is brí le “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine aonair atá aitheanta nó inaitheanta;
Is é is brí le "clár”:
|
(a) |
san Aontas: clár OEÚ lena gcumhdaítear OEÚ-Slándáil agus Sábháilteacht (údarú) agus an OEÚ-Simpliú Custaim/Slándáil agus Sábháilteacht (OEÚC/OEÚS) (údarú); |
|
(b) |
i gCeanada: An Clár maidir le Comhpháirtithe Cosanta; agus |
Is é is brí le “Comhaltaí Cláir” oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil stádas ballraíochta OEÚ acu san Aontas agus stádas ballraíochta PIP i gCeanada mar a bhfuil tuairisc orthu sa sainmhíniú ar “Chlár” nuair a dhéantar tagairt dóibh i dteannta a chéile.
Airteagal 2
Aitheantas Frithpháirteach agus Cur Chun Feidhme an Chinnidh
1. Lena Údarás Custaim féin, tabharfaidh gach Páirtí Conarthach aitheantas do Chlár an Pháirtí Chonarthaigh eile mar chlár atá comhoiriúnach agus coibhéiseach lena chlár féin agus caithfidh siad le Comhaltaí Chlár an Pháirtí Chonarthaigh eile ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 4.
2. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha an Cinneadh seo i bhfeidhm lena nÚdaráis Chustaim féin.
Airteagal 3
Comhoiriúnacht
Oibreoidh na hÚdaráis Chustaim i gcomhar chun an chomhoiriúnacht agus an choibhéis idir a gCláir a choinneáil ar bun, go háirithe maidir leis na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht; |
|
(b) |
na hiarratais a mheasúnú; agus |
|
(c) |
ballraíocht a dheonú agus stádas ballraíochta a bhainistiú. |
Airteagal 4
Sochair
1. Soláthróidh gach Údarás Custaim sochair do Chomhaltaí Cláir an Údaráis Custaim eile, sochair atá inchomparáide leis na sochair a sholáthraíonn sé dá Chomhaltaí Cláir féin.
2. Áirítear leis na sochair dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
an stádas údaraithe atá ag Comhalta Cláir den Údarás Custaim eile a chur san áireamh go fabhrach ina mheasúnú riosca, a fhéadfaidh laghdú ar iniúchtaí agus ar rialuithe a bheith i gceist dá bharr agus, nuair a bheadh siad ar fáil, a fhéadfaidh bearta slándála agus sábháilteachta eile teacht as; |
|
(b) |
an stádas údaraithe atá ag Comhalta Cláir den Údaráis Custaim eile á chur san áireamh go fabhrach agus na ceanglais comhpháirtithe gnó le haghaidh iarratasóirí faoina Chlár féin á measúnú ag an Údarás Custaim; |
|
(c) |
ag féachaint leis an stádas údaraithe atá ag Comhalta Cláir den Údaráis Custaim eile a chur san áireamh agus tús áite á áirithiú le haghaidh Comhaltaí Cláir agus a lastas, mar a mheastar a bheith iomchuí ag an Údarás Custam atá ag soláthar na sochar, agus féadfaidh tosaíocht scrúdaithe, próiseáil bhrostaithe agus scaoileadh brostaithe na lastas atá bainteach le Comhaltaí Cláir a bheith san áireamh sna sochair sin; agus |
|
(d) |
ag féachaint le sásra um leanúnachas gnó a bhunú chun imréiteach brostaithe a sholáthar do Chomhaltaí Cláir agus a lastais, mar a mheastar a bheith iomchuí ag an Údarás Custam atá ag soláthar na sochar, ar athbhunú na seirbhísí tar éis briseadh sa chóras trádála idirnáisiúnta mar gheall ar an méadú atá tagtha ar leibhéil foláirimh slándála, dúnadh teorannacha nó tubaistí nádúrtha, éigeandálaí contúirteacha nó móreachtraí eile. |
3. Tar éis an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2), féadfaidh gach Údarás Custaim gach Páirtí Conarthaigh sochair éascaithe bhreise a sholáthar i gcomhar le húdaráis rialtais eile ar a chríocha, agus féadfaidh sruthlíniú próiseas agus méadú ar intuarthacht ghluaiseachta ag an teorainn, a bheith san áireamh leis na sochair sin, a mhéid is féidir.
4. Maidir le gach Údarás Custaim:
|
(a) |
féadfaidh sé na sochair a sholáthraítear do Chomhaltaí Cláir an Údaráis Chustaim eile a chur ar fionraí faoin gCinneadh seo; |
|
(b) |
déanfaidh sé, laistigh de thréimhse réasúnta ama, an fhionraí a bhfuil tuairisc tugtha uirthi i bhfomhír (a) agus na cúiseanna a ghabhann léi a chur in iúl don Údarás Custaim eile; agus |
|
(c) |
ní fhéadfaidh sé fionraí a chur de bhun fhomhír (a) ach ar chúiseanna atá comhionann leo siúd a chuirfeadh an Comhalta Cláir ar fionraí óna Chlár féin. |
5. Tuairisceoidh gach Údarás Custaim, nuair is iomchuí leis, neamhrialtachtaí a bhaineann le Comhalta Cláir de Chlár an Údaráis Custaim eile don Údarás Custaim sin chun anailís láithreach ar a oiriúnach atá na socair agus an stádas a dheonaigh an tÚdarás Custaim eile a áirithiú.
6. Le bheith níos cinnte, ní chuirtear leis an gCinneadh seo srian le Páirtí Conarthach ná Údarás Custaim ó fhaisnéis a iarradh de bhun CCFC nó aon ionstraim is infheidhme eile idir na Páirtithe Conarthacha nó idir na hÚdaráis Chustaim.
Airteagal 5
Faisnéis agus Cumarsáid a Mhalartú
1. Feabhsóidh na hÚdaráis Chustaim a gcuid cumarsáide chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme go héifeachtach trí:
|
(a) |
mionsonraí na gComhaltaí Cláir a chur ar fáil dá chéile de réir Airteagal 5(3); |
|
(b) |
an tÚdarás eile a choinneáil cothrom le dáta maidir le feidhmiú agus forbairt a gClár féin go tráthúil; |
|
(c) |
faisnéis a mhalartú faoi bheartais agus treochtaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair; agus |
|
(d) |
cumarsáid éifeachtach a áirithiú idir seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus údarás custaim Cheanada chun cleachtais bainistithe riosca a fheabhsú ó thaobh shlándáil an tslabhra soláthair de. |
2. Déanfaidh na seirbhísí inniúla sa Choimisiún Eorpach agus an t-údarás custaim i gCeanada an fhaisnéis agus an chumarsáid a mhalartú eatarthu féin faoi chuimsiú an Chinnidh seo, mura gcinntear a mhalairt de chomhthoil roimh an malartú faisnéise nó cumarsáide.
3. Tar éis dó toil a fháil óna Chomhalta Cláir féin, seolfaidh gach Údarás Custaim na mionsonraí seo a leanas faoin gComhalta Cláir sin chuig an Údarás Custaim eile, agus na mionsonraí seo a leanas amháin:
|
(a) |
ainm; |
|
(b) |
seoladh; |
|
(c) |
stádas ballraíochta, is é sin, údaraithe, curtha ar fionraí, cúlghairthe nó curtha ar ceal; |
|
(d) |
dáta bailíochtaithe nó údaraithe nuair atá sé ar fáil; |
|
(e) |
uimhir aitheantais uathúil (mar shampla: uimhreacha PIP, EORI nó OEÚ); agus |
|
(f) |
mionsonraí eile a fhéadfaidh a chinneadh go frithpháirteach idir na hÚdaráis Chustaim faoi réir, nuair is infheidhme, aon choimirce is gá. |
Ar mhaithe le cinnteacht níos mó, ní áirítear leis na sonraí i bhfomhír (c) na cúiseanna le haghaidh fionraí, cúlghairme ná cur ar ceal.
4. Malartóidh na hÚdaráis Chustaim an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar bhealach atá córasach trí bhíthin leictreonach.
Airteagal 6
Cóireáil Faisnéise
1. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:
|
(a) |
mura bhforáiltear a mhalairt sa Chinneadh seo, déanfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis, lena n-áireofar aon sonraí pearsanta, a fhaightear faoin gCinneadh seo a úsáid le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh, agus chun na críche sin amháin, lena n-áireofar faireachán agus tuairisciú; agus |
|
(b) |
d'ainneoin fhomhír (a), chun an fhaisnéis a úsáid chun críoch eile, gheobhaidh sé formheas i scríbhinn roimh ré ón Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis. Aon úsáid den chineáil sin, beidh sé faoi réir aon shrianta a leagann an t-údarás sin síos. |
2. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:
|
(a) |
faisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a láimhseáil mar fhaisnéis rúnda; agus |
|
(b) |
an leibhéal cosanta céanna, ar a laghad, a thabhairt don fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo agus a thabharfaí d'fhaisnéis a fhaightear ó Chomhaltaí Cláir dá Chlár féin. |
3. D'ainneoin mhír 1(a), féadfaidh Údarás Custaim an fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a úsáid in aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a tionscnaíodh i gcás nach gcomhlíontar dlí custaim a Pháirtí Chonarthaigh féin, lena n-áirítear sna taifid fianaise, na tuarascálacha agus an fhianaise ó na finnéithe. An tÚdarás a bhfuil an fhaisnéis faighte aige, tabharfaidh sé fógra don Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis roimh aon úsáid den chineáil sin.
4. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:
|
(a) |
aon fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a nochtadh chun na críche a bhfuarthas í, agus chun na críche sin amháin; agus |
|
(b) |
d'ainneoin fhomhír (a), nuair atá ceanglas ar Údarás Custaim faisnéis a nochtadh le linn imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, nó nuair atá ceanglas air de réir dhlí a Pháirtí Chonarthaigh féin, cuirfidh sé an tÚdarás Custaim a sheol an fhaisnéis ar an eolas faoin nochtadh roimh ré agus i scríbhinn, mura gcuirtear bac orthu faoin dlí nó mar gheall ar imscrúdú atá ar siúl. Sa chás sin, cuirfidh sé an tÚdarás Custaim a sheol an fhaisnéis ar an eolas chomh luath agus is féidir tar éis an nochta. |
5. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh sé go mbeidh aon fhaisnéis a sheolann sé cruinn agus tugtha cothrom le dáta go rialta; |
|
(b) |
glacfaidh sé nó coinneoidh sé ar bun nósanna imeachta iomchuí maidir le scriosadh na faisnéise; |
|
(c) |
tabharfaidh sé fógra don Údarás Custaim eile go gasta má chinneann sé gur sheol sé faisnéis mhíchruinn nó easnamhach chuig an Údarás Custaim eile, nó nach féidir brath uirthi, nó gur sháraigh an faighteoir an Cinneadh seo, nó gó sárófar úsáid bhreise na faisnéise an Cinneadh seo; |
|
(d) |
glacfaidh sé gach beart a mheasann sé a bheith iomchuí, lena n-áirítear forlíonadh, scriosadh nó ceartú na faisnéise dá dtagraítear i bhfomhír (c), ionas nach mbeadh spleáchas contráilte ar fhaisnéis den chineál sin; agus |
|
(e) |
ní choinneoidh sé an fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo ach chomh fada agus is gá chun an Cinneadh a chur i bhfeidhm, ach amháin i gcás a bhfuil ceanglas ann de réir dhlí a Pháirtí Chonarthaigh féin, nó chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. |
6. De thoradh mhíreanna 4 agus 5, déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas a áirithiú, go háirithe:
|
(a) |
go bhfuil coimircí slándála ann (lena n-áirítear coimircí leictreonacha) lena rialaítear, de réir mar a bheidh an fhaisnéis sin de dhíth, rochtain ar fhaisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo; |
|
(b) |
go gcosnaítear faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo ar rochtain, scaipeadh, leasú, scriosadh nó díothú neamhúdaraithe; |
|
(c) |
nach nochtar faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo d'aon duine nó páirtí príobháideach ná d'aon Stát nó comhlacht idirnáisiúnta nach Páirtithe iad i CCFC ná CSSS, ná d'aon údarás poiblí eile san Aontas Eorpach nó i gCeanada, ach amháin i gcás a bhfuil ceanglas ann le linn imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, nó i gcás a bhfuil ceanglas ann de réir dhlí a Pháirtí Chonarthaigh féin; agus |
|
(d) |
go stóráiltear faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo i gcórais stórála leictreonacha nó i gcórais páipéir atá slán i gcónaí, agus go gcoinnítear logaí nó doiciméadacht maidir le gach rochtain, nochtadh nó úsáid faisnéise a fhaightear ón Údarás Custaim eile. |
7. Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:
|
(a) |
áiritheoidh sé go láimhseálfar sonraí pearsanta Comhalta Cláir den Údarás Custaim eile, chomh fada agus a bhainfidh sé le rochtain, ceartú, tráthúlacht nó úsáid na sonraí a chur ar fionraí go sealadach, go láimhseálfar na sonraí sin ar bhealach atá comhionann ar a laghad le láimhseáil sonraí pearsanta a Chomhalta Cláir féin; agus |
|
(b) |
foilseoidh sé faisnéis chun a Chomhaltaí Cláir féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas is infheidhme le haghaidh iarrataí dá dtagraítear i bhfomhír (a) faoi dhlí a Pháirtí Chonarthaigh féin. |
8. Déanfaidh gach Údarás Custaim foráil maidir le rochtain ar shásamh riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach a bheith ag Comhaltaí Cláir, sa mhéid is go mbaineann sé lena sonraí pearsanta, gan beann ar a náisiúntacht ná a dtír chónaithe.
9. Foilseoidh na hÚdaráis Chustaim faisnéis chun Comhaltaí Cláir a choinneáil ar an eolas maidir leis na roghanna atá acu chun sásamh riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach a iarraidh.
10. Beidh comhlíonadh fhorálacha Airteagal 6 ag gach Údarás Custaim faoi réir athbhreithniú óna údarás ábhartha féin, rud a áiritheoidh go bhfaighfear aon ghearán a bhainfidh le neamhchomhlíonadh maidir le láimhseáil faisnéise, go ndéanfar imscrúdú orthu, go dtabharfar freagra orthu agus go dtabharfar sásamh iomchuí ina leith. Áirítear leis na húdaráis sin:
|
(a) |
san Aontas: an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a chomharba, agus údaráis cosanta sonraí na mBallstát Eorpach; |
|
(b) |
i gCeanada: An Recourse Directorate nó a chomharba laistigh d'údarás custaim Cheanada. |
Airteagal 7
Comhairliúchán agus Athbhreithniú
1. Réiteoidh na hÚdaráis Chustaim aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Chinnidh seo trí chomhairliúcháin faoi choimirce CCCC.
2. Déanfaidh CCCC athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa phróiseas athbhreithnithe, go háirithe:
|
(a) |
comhfhíorúcháin a dhéanamh chun láidreachtaí agus laigí a shainaithint san aitheantas frithpháirteach; |
|
(b) |
malartú tuairimí ó thaobh mionsonraí a mhalartaítear agus sochair a dheonaítear do Chomhaltaí Cláir, lena n-áirítear mionsonraí nó sochair amach anseo, i gcomhréir le hAirteagal 4; |
|
(c) |
malartú tuairimí ó thaobh forálacha slándála ar nós prótacail a bheadh le leanúint i rith nó tar éis eachtra tromchúiseach slándála (tús a chur athuair le gnó) nó nuair is ceart an t-aitheantas frithpháirteach a chur ar fionraí de réir dálaí; |
|
(d) |
scrúdú a dhéanamh ar chur ar fionraí na sochar dá dtagraítear in Airteagal 4; agus |
|
(e) |
athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 6. |
Airteagal 8
Admhálacha Ginearálta
Leis an gCinneadh seo, cruthaítear cearta agus oibleagáidí idir an tAontas Eorpach agus Ceanada faoin dlí idirnáisiúnta poiblí.
Airteagal 9
Socruithe Deiridh
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis do Cheanada fógra a thabhairt don Aontas faoi chríochnú na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
2. Féadfaidh CCCC an Cinneadh seo a leasú. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i mír 1.
3. Féadfaidh Údarás Custaim comhar faoin gCinneadh seo a chur ar fionraí tráth ar bith trí fhógra tríocha (30) lá i scríbhinn a thabhairt don Údarás Custaim eile . Déanfar fógra den chineál sin a sholáthar do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus d'údarás custaim Cheanada, nó déanfaidh na seirbhísí agus an t-údarás sin an fógra a sholáthar, faoi seach. D'ainneoin an Cinneadh a chur ar fionraí, leanfaidh na hÚdaráis Chustaim d'Airteagal 6(1), Airteagal 6(2) agus Airteagal 6(4) go hAirteagal 6(6) a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis.
4. Féadfaidh Páirtí Conarthach deireadh a chur leis an gCinneadh seo tráth ar bith le fógra a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh deireadh leis an gCinneadh tríocha (30) lá tar éis don Pháirtí Conarthach eile an fógra i scríbhinn a fháil. D'ainneoin deireadh a chur leis an gCinneadh, leanfaidh na hÚdaráis Chustaim d'Airteagal 6(2), Airteagal 6(4) agus Airteagal 6(6) a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis.
Arna dhéanamh i ndúblach sa Bhruiséil, an 28ú lá de mhí Dheireadh Fómhair, 2022, i mBéarla agus i bhFraincis, agus comhúdarás ag an dá leagan de.
Leis an gCOMHCHOISTE UM CHOMHAR CUSTAIM IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CEANADA
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Gerassimos THOMAS
Thar ceann Cheanada
Ailish Johnson CAMPBELL
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1428/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)