|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1421 |
10.12.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1421 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh táirgí leasacháin AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009, leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh. Ní fhéadfar táirge leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh ach amháin i gcás gur chomhlíon sé an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
Áirítear sa nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme maidir le leasacháin níotráite amóiniam a bhfuil cion ard nítrigine iontu, mar a thugtar tuairisc orthu i Modúl A1 d’Iarscríbhinn IV, Cuid II, tástáil friotaíochta madhmtha, agus timthriallta teirmeacha roimhe sin, atá le déanamh ag saotharlann arna roghnú ag an monaróir agus atá le maoirsiú ag comhlacht faoina dtugtar fógra. Mar gheall ar acmhainneacht phléascach leasachán níotráite amóiniam, tá sé tábhachtach go mbeidh torthaí na dtimthriallta teirmeacha agus na dtástálacha friotaíochta madhmtha iontaofa. Dá bhrí sin, níor cheart ach saotharlanna atá creidiúnaithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe a bheith incháilithe. |
|
(3) |
Leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta a thugtar tuairisc air i Modúl D1 d’Iarscríbhinn IV, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ceanglaítear ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla a dhéanamh. Maidir le táirgí leasacháin ina bhfuil ábhair chomhpháirteacha athshlánaithe, tá minicíocht na n-iniúchtaí nasctha le minicíocht na samplála ar ábhair aschuir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV freisin, rud a fhágann go mbíonn ard-dlús iniúchta ann, suas le 48 n-iniúchadh in aghaidh na bliana, le haghaidh monaróirí a mbíonn tonnáistí arda acu. Chun comhréireacht an cheanglais iniúchóireachta a áirithiú, ba cheart minicíocht na n-iniúchtaí a bheith neamhspleách ar mhinicíocht na samplála, agus ba cheart minicíocht iniúchta ghinearálta a leagan síos, is é sin aon iniúchadh amháin in aghaidh na bliana. Éascóidh sé sin an measúnú comhréireachta ar tháirgí leasacháin ciorclacha AE ina bhfuil ábhair chomhpháirteacha athshlánaithe gan sábháilteacht na n-ábhar sin a chur i mbaol, ós rud é go leanfaí de shamplaí a thógáil ar an minicíocht chéanna. |
|
(4) |
Chun go mbeidh idirthréimhse ann le haghaidh monaróirí, ba cheart feidhm a bheith ag an leasú ar Mhodúl A1 maidir le timthriallta teirmeacha agus tástálacha friotaíochta madhmtha 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cuid II d’Iarscríbhinn IV ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
I MODÚL A1 - RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE MÓIDE TÁSTÁIL FAOI MHAOIRSEACHT AR THÁIRGÍ, pointe 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘Déanfar na timthriallta teirmeacha agus an tástáil dá dtagraítear i bpointí 4.3 agus 4.4 i saotharlanna atá creidiúnaithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe.’ |
|
(2) |
I MODÚL D1 – DEARBHÚ CÁILÍOCHTA PHRÓISEAS AN TÁIRGTHE, pointe 6.3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ráitis tosaigh: ‘I gcás ábhair de chuid CMCanna 3, 5, 12, 13, 14 agus 15, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí bliantúla. Ina theannta sin, tógfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra samplaí d’ábhar aschuir agus déanfaidh sé anailís orthu ar an minicíocht seo a leanas:’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) ón 30 Nollaig 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1009/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1421/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)