|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1419 |
18.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1419 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2025
lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148, (AE) 2021/2094 agus (AE) 2023/1172 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le breiseáin bheathaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148 (2), (AE) 2021/2094 (3) agus (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún (4) údaraíodh dé-coicíonáit (Deccox agus Avi-Deccox 60G), hidreaclóiríd ribeinidín (Robenz 66G) agus ullmhóid sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseáin bheathaithe (‘breiseáin bheathaithe lena mbaineann’). |
|
(2) |
Sealbhóir na n-údaruithe le haghaidh na mbreiseán beathaithe lena mbaineann, Zoetis Belgium S.A., chuir sé iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 lena moladh ainm shealbhóir na n-údaruithe le haghaidh na mbreiseán beathaithe lena mbaineann a athrú go Phibro Animal Health SA. |
|
(3) |
Is athrú de chineál riaracháin amháin é an t-athrú sin atá beartaithe i dtéarmaí na n-údaruithe agus ní dhéanfar measúnú nua ar na breiseáin lena mbaineann. Cuireadh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar an eolas faoin iarratas. |
|
(4) |
Chun gur féidir le Phibro Animal Health SA a chearta margaíochta a shaothrú, is gá téarmaí na n-údaruithe lena mbaineann a athrú. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148, (AE) 2021/2094 agus (AE) 2023/1172 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú ina bhféadfar stoic de na breiseáin bheathaithe lena mbaineann atá ann cheana a ídiú. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148 mar a leanas:
|
(1) |
sa teideal, cuirtear ‘Phibro Animal Health SA’ in ionad an ainm ‘Zoetis SA’; |
|
(2) |
sa dara colún den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148, cuirtear ‘Phibro Animal Health SA’ in ionad an ainm ‘Zoetis SA’. |
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2094
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2094 mar a leanas:
|
(1) |
sa teideal, cuirtear ‘Phibro Animal Health SA’ in ionad an ainm ‘Zoetis Belgium SA’; |
|
(2) |
sa dara colún den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2094, cuirtear ‘Phibro Animal Health SA’ in ionad an ainm ‘Zoetis Belgium SA’. |
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 mar a leanas:
|
(1) |
sa teideal, cuirtear ‘Phibro Animal Health SA’ in ionad an ainm ‘Zoetis Belgium SA’; |
|
(2) |
sa dara colún den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172, cuirtear ‘Phibro Animal Health SA’ in ionad an ainm ‘Zoetis Belgium S.A.’. |
Airteagal 4
Beart idirthréimhseach
Na breiseáin bheathaithe lena mbaineann, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an dáta sin, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2020 maidir le hidreaclóiríd róibeinidín (Robenz 66G) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1800/2004 (sealbhóir an údaraithe Zoetis SA) (IO L 33, 5.2.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/148/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2094 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 maidir le dé-coicíonáit (Deccox agus Avi-Deccox 60G) a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: Zoetis Belgium SA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1289/2004 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 173, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2094/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le hagahidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: Zoetis Belgium S.A.) (IO L 155, 16.6.2023, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1172/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1419/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)