European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1416

10.11.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1416 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a chur siar le haghaidh gnóthais áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 29b(1), an chéad fhomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Treoir 2013/34/AE chun ceanglais bhreise áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a thabhairt isteach sa Treoir sin.

(2)

Le Foscríbhinn C a ghabhann le ESRS 1 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún (3), ceadaítear do ghnóthais áirithe faisnéis inbhuanaitheachta áirithe a fhágáil ar lár óna dtuairisciú le haghaidh na chéad bhliana, nó blianta, d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

(3)

An 26 Feabhra 2025, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach (4) (‘an Pacáiste Simpliúcháin Omnibus’), ina moltar, inter alia, roinnt leasuithe ar na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a tugadh isteach le Treoir (AE) 2022/2464. Go háirithe, molann an Coimisiún an líon gnóthas a laghdú atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta. De réir an togra ón gCoimisiún, ní bheadh ach gnóthais mhóra ag a bhfuil níos mó ná 1 000 fostaí fós faoi réir an cheanglais faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Mar chuid den Phacáiste Simpliúcháin Omnibus sin, mhol an Coimisiún freisin Airteagal 5 de Threoir (AE) 2022/2464 a leasú chun na dátaí a chur siar óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais tuairiscithe a chur i bhfeidhm i dtaca leis na gnóthais sin a mbeadh orthu tuairisciú den chéad uair le haghaidh na mblianta airgeadais 2025 agus 2026 (an togra i ndáil le sásra stadta an chloig). Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra sin i ndáil le sásra stadta an chloig gan modhnuithe substaintiúla mar Threoir (AE) 2025/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a tháinig i bhfeidhm an 17 Aibreán 2025. Mar sin féin, ionas nach ndéanfar réamhbhreithiúnas ar thoradh an nós imeachta reachtaigh maidir leis an togra ón gCoimisiún chun na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leasú, agus go háirithe na forálacha lena leagtar amach cé na gnóthais a bheidh faoi réir na gceanglas tuairiscithe amach anseo, níor cuireadh siar le Treoir (AE) 2025/794 na dátaí óna gcuirfidh na Ballstáit na ceanglais tuairiscithe i bhfeidhm le haghaidh gnóthais atá le tuairisciú den chéad uair i ndáil leis an mbliain airgeadais 2024.

(4)

De bhun an tráthchláir atá ann cheana i bhFoscríbhinn C a ghabhann le ESRS 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772, na gnóthais ar gá dóibh faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú cheana féin i ndáil leis an mbliain airgeadais 2024, beidh siad faoi réir céimniú isteach breise i dtaobh ceanglais tuairiscithe éagsúla i ndáil leis na blianta airgeadais 2025 agus 2026. Thairis sin, ní thairbheoidh gnóthais ag a bhfuil níos mó ná 750 fostaí de na forálacha céimnithe isteach céanna le gnóthais eile atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ní bheadh sé réasúnta a cheangal ar ghnóthais ceanglais tuairiscithe bhreise a chomhlíonadh nuair atá moladh déanta ag an gCoimisiún chun a áirithiú nach mbeidh ar na gnóthais sin aon fhaisnéis a thuairisciú ina dhiaidh sin. Thairis sin, bheadh sé contrártha do chuspóir laghdaithe ualaigh an Phacáiste Simpliúcháin Omnibus cosc a chur ar ghnóthais ag a bhfuil níos mó ná 750 fostaí tairbhiú de na forálacha céimnithe isteach céanna le gnóthais eile atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta, go háirithe i gcás na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta sin is dúshlánaí do ghnóthais, is é sin le rá na caighdeáin thopaicshonracha ESRS E4 (bithéagsúlacht agus éiceachórais), ESRS S2 (oibrithe sa slabhra luacha), ESRS S3 (pobail dá ndéantar difear) agus ESRS S4 (tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh) a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772.

(5)

De bhun ESRS 2, mír 17, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772, ní mór do ghnóthas nó do ghrúpa ag a bhfuil suas le 750 fostaí a úsáideann na díolúintí sealadacha i gcomhréir le Foscríbhinn C a ghabhann le ESRS 1 le haghaidh caighdeán topaicshonrach iomlán faisnéis achoimrithe áirithe ar an topaic lena mbaineann a thuairisciú mar sin féin má tháinig an gnóthas nó an grúpa sin ar an gconclúid go bhfuil an topaic atá i gceist ábhartha. Dá mba cheart na díolúintí sealadacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn C a ghabhann le ESRS 1 le haghaidh caighdeán topaicshonrach iomlán a bheith infheidhme freisin ag gnóthais ag a bhfuil níos mó ná 750 fostaí, bheadh sé riachtanach – ar chúiseanna comhsheasmhachta – a cheangal ar aon ghnóthas a úsáideann na díolúintí sealadacha i gcomhréir le Foscríbhinn C a ghabhann le ESRS, a cheangal orthu ESRS 2, mír 17, a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na gnóthais nó na grúpaí ag a bhfuil níos mó ná 750 fostaí agus atá le tuairisciú ón mbliain airgeadais 2024.

(6)

Is gá, dá bhrí sin, an tráthchlár céimnithe isteach i bhFoscríbhinn C a ghabhann le ESRS 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 a oiriúnú, agus mír 17 de ESRS 2 den Rialachán Tarmligthe sin a leasú, dá réir sin.

(7)

Chun go gcuirfear ar a gcumas do na gnóthais lena mbaineann tairbhiú den oiriúnú sin a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

An 30 Aibreán 2025, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an dréachtghníomh tarmligthe seo le linn cruinniú comhpháirteach de Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát um Maoiniú Inbhuanaithe agus den Choiste Rialála Cuntasaíochta, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 49(3b), an tríú fomhír, de Threoir 2013/34/AE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó ina dhiaidh sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 182, 29.6.2013, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj.

(2)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta (IO L, 2023/2772, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2772/oj).

(4)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach, (COM (2025) 81 final).

(5)  Treoir (AE) 2025/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2025 lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann leis na dátaí óna bhfuil na Ballstáit le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i bhfeidhm (IO L, 2025/794, 16.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/794/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 mar a leanas:

(1)

in ESRS 1, Foscríbhinn C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach’:

‘Foscríbhinn C

Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach

Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

ESRS

Ceanglas maidir le Nochtadh

Ainm iomlán an Cheanglais maidir le Nochtadh

Dáta céimnithe isteach nó dáta éifeachtach (lena n-áirítear an chéad bhliain)

ESRS 2

SBM-1

Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha

Tuairisceoidh an gnóthas an fhaisnéis a fhorordaítear le ESRS 2 SBM-1 mír 40 (b) (miondealú ar ioncam iomlán de réir earnáil shuntasach ESRS) agus 40(c) (liosta de na hearnálacha móra breise ESRS) ag tosú ón dáta cur i bhfeidhm a shonraítear i nGníomh Tarmligthe ón gCoimisiún atá le glacadh de bhun Airteagal 29b(1) an tríú fomhír, pointe (ii), de Threoir 2013/34/AE.

ESRS 2

SBM-3

Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS 2 SBM-3, mír 48(e), (éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo) a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS 2 SBM-3 mír 48(e) (éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo) a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS 2 SBM-3, mír 48 (e), a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta, má bhíonn sé dodhéanta nochtaí cainníochtúla a ullmhú.

ESRS E1

E1-6

Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad na pointí sonraí maidir le hastaíochtaí scóip 3 agus iomlán na n-astaíochtaí GCT a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, maidir le gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad na pointí sonraí maidir le hastaíochtaí scóip 3 agus iomlán na n-astaíochtaí GCT a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E1

E1-9

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E1-9 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS E1-9 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS E1-9 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta, má bhíonn sé dodhéanta nochtaí cainníochtúla a ullmhú.

ESRS E2

E2-6

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E2-6 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS E2-6 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Seachas an fhaisnéis arna forordú le mír 40(b) maidir leis an gcaiteachas oibriúcháin agus caiteachas caipitiúil a rinneadh sa tréimhse thuairiscithe i gcomhar le mórtheagmhais agus taiscí, féadfaidh an gnóthas ESRS E2-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E3

E3-5

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E3-5 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS E3-5 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS E3-5 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E4

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS E4 a fhágáil ar lár ar feadh an chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS E4 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E4

E4-6

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E4-6 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS E4-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS E5

E5-6

Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E5-6 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS E5-6 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

Féadfaidh an gnóthas ESRS E5-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S1 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, maidir le gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S1 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-7

Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais

Féadfaidh an gnóthas tuairisciú a fhágáil ar lár le haghaidh na bpointí sonraí uile sa Cheanglas maidir le Nochtadh sin ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an tuairisciú le haghaidh na bpointí sonraí uile sa Cheanglas maidir le Nochtadh sin a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-8

Cumhdach na cómhargála agus idirphlé sóisialta

Féadfaidh an gnóthas an Ceanglas maidir le Nochtadh sin a fhágáil ar lár maidir lena fhostaithe féin i dtíortha nach tíortha LEE iad ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an Ceanglas maidir le Nochtadh sin a fhágáil ar lár maidir lena fhostaithe féin i dtíortha nach tíortha LEE iad ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-11

Cosaint shóisialta

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-11 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-11 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-12

Daoine faoi mhíchumas

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-12 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-12 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-13

Oiliúint agus forbairt scileanna

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-13 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-13 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-14

Sláinte agus sábháilteacht

Féadfaidh an gnóthas na pointí sonraí maidir le cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair agus maidir leis an líon laethanta a cailleadh de dheasca gortuithe, timpistí, básanna agus drochshláinte a bhaineann leis an obair a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 na pointí sonraí maidir le cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair agus maidir leis an líon laethanta a cailleadh de dheasca gortuithe, timpistí, básanna agus drochshláinte a bhaineann leis an obair a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-14

Sláinte agus sábháilteacht

Féadfaidh an gnóthas tuairisciú ar dhaoine nach fosaithe iad a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 tuairisciú ar dhaoine nach fosaithe iad a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S1

S1-15

Cothromaíocht oibre agus saoil

Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-15 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad bhliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-15 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S2

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S2 a fhágáil ar lár ar feadh an chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S2 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S3

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S3 a fhágáil ar lár ar feadh an chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S3 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

ESRS S4

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gach ceanglas maidir le nochtadh

Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S4 a fhágáil ar lár ar feadh an chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. De mhaolú ar an gcéad abairt, féadfaidh gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus an tríú fomhír, pointe (a), de Threoir (AE) 2022/2464 an fhaisnéis a shonraítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S4 a fhágáil ar lár ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta.

’;

(2)

in ESRS 2, roinn 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Má fhágann gnóthas nó grúpa an fhaisnéis a cheanglaítear le ESRS E4, ESRS S1, ESRS S2, ESRS S3 nó ESRS S4 ar lár i gcomhréir le rónna Fhoscríbhinn C a ghabhann le ESRS 1 ina léirítear ‘Gach ceanglas maidir le nochtadh’ sa cholún ‘Ainm iomlán an Cheanglais maidir le Nochtadh’, nochtfaidh sé mar sin féin cé acu a measadh nó nár measadh na topaicí inbhuanaitheachta a chumhdaítear le ESRS E4, ESRS S1, ESRS S2, ESRS S3 agus ESRS S4 faoi seach a bheith ábhartha de thoradh mheasúnú ábharthachta an ghnóthais. Ina theannta sin, má tá measúnú déanta ar cheann amháin nó níos mó de na topaicí sin a bheith ábhartha, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas, i gcás gach topaice ábhartha:’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1416/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)