|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1407 |
14.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1407 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2025
maidir le glacadh an euro ag an mBulgáir an 1 Eanáir 2026
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 140(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach (1),
Ag féachaint don tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach (2),
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (3),
Ag féachaint don phlé sa Chomhairle Eorpach,
Ag féachaint don mholadh ó chomhaltaí na Comhairle a dhéanann ionadaíocht do na Ballstáit arb é an euro an t-airgeadra atá acu (4) ,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuireadh tús leis an tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (‘AEA’) an 1 Eanáir 1999. Ag cruinniú sa Bhruiséil an 3 Bealtaine 1998, chinn an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeann Stáit nó Rialtais, gur chomhlíon an Bheilg, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Spáinn na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 1999 (5). |
|
(2) |
Le Cinneadh 2000/427/CE (6), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Ghréig na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2001. Le Cinneadh 2006/495/CE (7), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóivéin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2007. Le Cinntí 2007/503/CE (8) agus 2007/504/CE (9), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Chipir agus Málta na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh an 1 Eanáir 2008. Le Cinneadh 2008/608/CE (10), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an tSlóvaic na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2010/416/AE (11), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Eastóin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2013/387/AE (12), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Laitvia na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh 2014/509/AE (13), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Liotuáin na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. Le Cinneadh (AE) 2022/1211 (14), chinn an Chomhairle gur chomhlíon an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. |
|
(3) |
I gcomhréir le pointe 1 de Phrótacal Uimh. 16 maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg, atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gCinneadh arna ghlacadh ag na Ceannairí Stáit nó na Ceannairí Rialtais i nDún Éideann i mí na Nollag 1992, chuir an Danmhairg in iúl don Chomhairle nach mbeidh sí rannpháirteach sa tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Níor iarr an Danmhairg an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a thionscnamh. |
|
(4) |
De bhua Chinneadh 98/317/CE, is Ballstát ag a bhfuil maolú í an tSualainn de réir bhrí Airteagal 139(1) de CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 4 d’Ionstraim Aontachais 2003, is Ballstáit ag a bhfuil maolú iad an Pholainn, an tSeicia, agus an Ungáir de réir bhrí Airteagal 139(1) de CFAE. I gcomhréir le hAirteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2005, is Ballstáit ag a bhfuil maolú iad an Bhulgáir agus an Rómáin de réir bhrí Airteagal 139(1) de CFAE. |
|
(5) |
Bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach (‘BCE’) an 1 Iúil 1998. Cuireadh sásra ráta malairte in ionad an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, sásra ar comhaontaíodh é a bhunú leis an Rún ón gComhairle Eorpach maidir le sásra ráta malairte a bhunú sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an 16 Meitheamh 1997 (15). Na nósanna imeachta maidir le sásra ráta malairte i gcéim a trí den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (ERM II) leagadh síos iad i gComhaontú an 16 Márta 2006 idir an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát atá lasmuigh den limistéar euro, ar comhaontú é lena leagtar síos na nósanna imeachta oibriúcháin le haghaidh sásra ráta malairte i gcéim a trí den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (16). |
|
(6) |
Le hAirteagal 140(2) de CFAE leagtar síos na nósanna imeachta maidir le maoluithe na mBallstát lena mbaineann a aisghairm. Ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain nó arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil maolú aige, tuairisceoidh an Coimisiún agus BCE don Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 140(1) de CFAE. |
|
(7) |
Déanfar an reachtaíocht náisiúnta sna Ballstáit, lena n-áirítear reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta, a oiriúnú de réir mar is gá d’fhonn comhoiriúnacht a áirithiú le hAirteagail 130 agus 131 de CFAE agus le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (‘Reacht CEBC agus BCE’). Leis na tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE soláthraítear measúnú mionsonraithe ar chomhoiriúnacht reachtaíocht na Bulgáire le hAirteagail 130 agus 131 de CFAE agus le Reacht CEBC agus BCE. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 de Phrótacal Uimh. 13 maidir leis na critéir um chóineasú atá i gceangal le CFAE, ciallaíonn an critéar um chobhsaíocht praghsanna dá dtagraítear sa chéad fhleasc d’Airteagal 140(1) de CFAE gur inbhuanaithe an fheidhmíocht praghsanna atá ag Ballstát agus go bhfuil meánráta boilscithe aige, arna bhreathnú thar thréimhse 1 bhliana roimh an scrúdú, nach dtéann níos mó ná aon phointe céatadáin go leith os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is fearr feidhmíocht maidir le cobhsaíocht praghsanna. Chun críoch an chritéir um chobhsaíocht praghsanna, tomhaistear an boilsciú de réir na n-innéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí a shainítear i Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar um chobhsaíocht praghsanna, déantar boilsciú an Bhallstáit a thomhas leis an athrú céatadáin ar an meán uimhríochtúil de 12 innéacs mhíosúla i gcoibhneas le meán uimhríochtúil 12 innéacs mhíosúla ón tréimhse roimhe sin. Sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE, úsáideadh luach tagartha arna ríomh mar mheán uimhríochtúil simplí de rátaí boilscithe na dtrí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, móide 1,5 pointe céatadáin. Sa tréimhse 1 bhliana dar críoch mí Aibreáin 2025, ríomhadh gurb é 2,8 % an luach tagartha boilscithe, agus is iad Éire, an Fhionlainn agus an Iodáil na trí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, tíortha ag a raibh rátaí boilscithe 1,2 %, 1,3 % agus 1,4 %, faoi seach. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 13, leis an gcritéar maidir leis an riocht buiséadach rialtais dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 140(1) de CFAE ceanglaítear nach mbeidh an Ballstát, tráth an scrúdaithe, faoi réir cinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(6) de CFAE go bhfuil easnamh iomarcach ann i gcás an Bhallstáit i dtrácht. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 13, leis an gcritéar um rannpháirtíocht i sásra ráta malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta dá dtagraítear sa tríú fleasc d’Airteagal 140(1) de CFAE, ceanglaítear nach mór do Bhallstát na gnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le sásra ráta malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a urramú, gan ghéartheannas, ar feadh an 2 bhliain deiridh ar a laghad roimh an scrúdú. Go háirithe, níor cheart díluacháil a bheith déanta ag an mBallstát, ar a thionscnamh féin, ar a ráta lárnach déthaobhach airgeadra in aghaidh an euro ar feadh na tréimhse céanna. Ó bhí an 1 Eanáir 1999 ann, soláthraíonn ERM II an creat chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir ráta malairte. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir sin sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE, scrúdaigh siad an tréimhse 2 bhliain dar críoch an 19 Bealtaine 2025. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 13, an critéar um chóineasú rátaí úis dá dtagraítear sa cheathrú fleasc d’Airteagal 140(1) de CFAE, is critéar é a chiallaíonn go raibh ag Ballstát, arna bhreathnú thar thréimhse 1 bhliana roimh an scrúdú, meánráta úis ainmniúil fadtéarmach nach dtéann níos mó ná dhá pointe céatadáin os cionn ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is fearr feidhmíocht maidir le cobhsaíocht praghsanna. Is é an critéar a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chóineasú rátaí úis, rátaí úis inchomparáide ar bhannaí rialtais tagarmhairc 10 mbliana. Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir um rátaí úis, sna tuarascálacha ón gCoimisiún agus ó BCE breithníodh luach tagartha arna ríomh mar mheán uimhríochtúil simplí de rátaí úis ainmniúla fadtéarmacha na dtrí Bhallstát ab fhearr feidhmíocht i dtéarmaí cobhsaíocht praghsanna, móide dhá phointe céatadáin. Tá an luach tagartha bunaithe ar na rátaí úis fadtéarmacha in Éirinn (2,8 %), san Fhionlainn (2,9 %) agus san Iodáil (3,7 %) agus 5,1 % a bhí ann sa tréimhse 12 mhí dar chríoch mí Aibreáin 2025. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 13, is é an Coimisiún a sholáthair na sonraí a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú. Sholáthair an Coimisiún sonraí buiséadacha tar éis tuairisciú ó na Ballstáit roimh an 1 Aibreán 2025, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle (18). |
|
(13) |
Ar bhonn tuarascálacha arna gcur i láthair ag an gCoimisiún agus ag BCE maidir le dul chun cinn na Bulgáire i dtaca le comhlíonadh a hoibleagáidí maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach, is é an chonclúid atá ann go bhfuil reachtaíocht náisiúnta na Bulgáire, lena n-áirítear Reacht an bhainc ceannais náisiúnta, comhoiriúnach le hAirteagail 130 agus 131 de CFAE agus le Reacht CEBC agus BCE. |
|
(14) |
Ar bhonn tuarascálacha arna gcur i láthair ag an gCoimisiún agus ag BCE maidir le dul chun cinn na Bulgáire i dtaca le comhlíonadh a hoibleagáidí maidir le haontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach, is é an chonclúid atá ann maidir leis an mBulgáir na critéir um chóineasú a luaitear sna ceithre fhleasc d’Airteagal 140(1) de CFAE a chomhlíonadh: gurb é 2,7 % an meánráta boilscithe sa Bhulgáir sa tréimhse 12 mhí dar chríoch mí Aibreáin 2025, ar ráta é atá faoi bhun an luacha tagartha, agus le hathbhreithniú ar raon leathan táscairí níor sainaithníodh ábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht na cobhsaíochta praghsanna; nach bhfuil an Bhulgáir faoi réir cinneadh ón gComhairle maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann; go bhfuil an Bhulgáir ina comhalta de ERM II ó bhí an 10 Iúil 2020 ann agus le linn an 2 bhliain roimh an measúnú, níor raibh ráta malairte an lev (BGN) faoi réir teannais thromchúiseacha agus níor dhíluacháil an Bulgáir ráta lárnach déthaobhach BGN in aghaidh an euro ar a tionscnamh féin. Ar deireadh, sa tréimhse 12 mhí dar chríoch mí Aibreáin 2025, is é 3,9 % ar an meán an ráta úis fadtéarmach sa Bhulgáir, ráta atá go mór faoi bhun an luacha tagartha. |
|
(15) |
I bhfianaise an mheasúnaithe ar chomhoiriúnacht dhlíthiúil agus ar chomhlíonadh na gcritéar um chóineasú mar aon leis an measúnú ar thosca breise, comhlíonann an Bhulgáir na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Comhlíonann an Bhulgáir na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. An maolú dá dtagraítear in Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2005, aisghairfear é le héifeacht ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) Tuarascáil an 4 Meitheamh 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuarascáil an 4 Meitheamh 2025(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Tuairim an 8 Iúil 2025.
(4) IO C, C/2025/,3950 14.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3950/oj.
(5) Cinneadh 98/317/CE ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 i gcomhréir le hAirteagal 109j(4) den Chonradh (IO L 139, 11.5.1998, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/317(1)/oj).
(6) Cinneadh 2000/427/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 2000 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an nGréig an 1 Eanáir 2001 (IO L 167, 7.7.2000, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/427/oj).
(7) Cinneadh 2006/495/CE ón gComhairle an 11 Iúil 2006 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an tSlóivéin an 1 Eanáir 2007 (IO L 195, 15.7.2006, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/495/oj).
(8) Cinneadh 2007/503/CE ón gComhairle an 10 Iúil 2007 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an gCipir an 1 Eanáir 2008 (IO L 186, 18.7.2007, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2007/503/oj).
(9) Cinneadh 2007/504/CE ón gComhairle an 10 Iúil 2007 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag Málta an 1 Eanáir 2008 (IO L 186, 18.7.2007, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2007/504/oj).
(10) Cinneadh 2008/608/CE ón gComhairle an 8 Iúil 2008 i gcomhréir le hAirteagal 122(2) den Chonradh maidir le glacadh an airgeadra aonair ag an tSlóvaic an 1 Eanáir 2009 (IO L 195, 24.7.2008, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/608/oj).
(11) Cinneadh 2010/416/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010 i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh maidir le glacadh an euro ag an Eastóin an 1 Eanáir 2011 (IO L 196, 28.7.2010, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/416(1)/oj).
(12) Cinneadh 2013/387/AE ón gComhairle an 9 Iúil 2013 maidir le glacadh an euro ag an Laitvia an 1 Eanáir 2014 (IO L 195, 18.7.2013, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/387/oj).
(13) Cinneadh 2014/509/AE ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le glacadh an euro ag an Liotuáin an 1 Eanáir 2015 (IO L 228, 31.7.2014, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/509/oj).
(14) Cinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023 (IO L 187, 14.7.2022, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1211/oj).
(15) IO C 236, 2.8.1997, lch. 5.
(16) IO C 73, 25.3.2006, lch. 21.
(17) Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (IO L 135, 24.5.2016, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/792/oj).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/479/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1407/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)