European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1397

15.7.2025

CINNEADH (CBES) 2025/1397 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1).

(2)

An 8 Nollaig 2020, trí bhíthin Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, leagtar béim ar a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach ag an Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

(3)

Is cúis imní don Aontas an brú faoi chois trasnáisiúnta atá á dhéanamh ag comhlachtaí stáit na hIaráine trí úsáid leanúnach a bhaint as seachghníomhairí, a bhaineann go háirithe le coirpigh agus líonraí coireachta eagraithe atá dírithe ar easaontaigh agus ar chosantóirí chearta an duine ar fud an domhain, lena n-áirítear ar chríoch an Aontais. Bhí na coirpigh agus na líonraí coiriúla eagraithe sin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, mar shampla básuithe seachbhreithiúnacha, achomair agus treallacha chomh maith le fuadaigh fhorfheidhmithe daoine a cháin gníomhaíochtaí nó beartais Phoblacht Ioslamach na hIaráine, nó daoine a measadh a bheith i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine.

(4)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart ochtar agus eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1999/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha (litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostiú

Dáta an liostaithe

‘126.

Naji Ibrahim SHARIFI-ZINDASHTI ar a dtugtar freisin KENANI, Emirhan

SERIFI ZINDASTI, Naci

SERIFI-ZINDASTI, Naci

SHARIFI ZINDASHTI, Naji

SHARIFI-ZINDASHTI, Naji

ناجی ابراهیم شریفی زیندشتی

(Litriú Peirsise)

Dáta breithe: 31.5.1974

Áit bhreithe: Zindasht nó Orumiyeh, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 2753229112

Eintitis chomhlachaithe:

Zindashti Network (Líonra Zindashti)

Is gáinneálaí drugaí támhshuanacha Iaránach agus ceann feadhna coireachta eagraithe é Naji Sharifi-Zindashti. Tá sé ina cheannaire ar Líonra Zindashti, grúpa coiriúil a rinne go leor gníomhartha diansmachta trasnáisiúnta lena n-áirítear feallmharuithe lasmuigh den Iaráin.

Tá baint aige le hAireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine (MOIS), arb í an brainse de rialtas na hIaráine a bhfuil sé de chúram air inter alia daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Phoblacht Ioslamach na hIaráine a fheallmharú, nó daoine a mheasann Poblacht Ioslamach na hIaráine a bheith i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine.

Dá bhrí sin, tá Naji Sharifi-Zindashti freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine lasmuigh den Iaráin, go háirithe básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha agus fuadach forfheidhmithe daoine.

15.7.2025

127.

Abdulvahap KOCAKar a dtugtar freisin

Abdolwahab KOCAK

Abdolvahab KUCHAK

 

Áit bhreithe: Adiyaman, an Tuirc

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: Ul2429867

Go hoifigiúil, is é Abdulvahap Kocak garraíodóir Naji Zindashti. Bhí sé ina fheallmharfóir freisin agus meastar go raibh baint aige le maruithe iomadúla a d’ordaigh Naji Zindashti agus a d’fhorghníomhaigh Líonra Zindashti.

Go háirithe, d’fheallmharaigh Abdulvahap Kocak an t-easaontóir Iaránach Mas’ud Molavi Vardanjani, coir inar ciontaíodh é sa Tuirc.

Dá bhrí sin, tá baint ag Abdulvahap Kocak le Naji Zindashti agus le Líonra Zindashti atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha. Tá sé freagrach freisin as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine lasmuigh den Iaráin, go háirithe maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha.

15.7.2025

128.

Ali ESFANJANI

علی اسفنجانی

(Litriú Peirsise)

Dáta breithe: 15.8.1985

Náisiúntacht:

Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: P30251288

Mar chuid de chomhcheilg de chuid Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine (MOIS) agus Líonra Zindasthi, chothaigh Ali Esfanjani cairdreas leis an easaontóir Iaránach Mas’ud Molavi Vardanjani, thug sé faisnéis do MOIS ina thaobh agus thug sé go dtí an áit inar mharaigh Abdulvahap Kocak é.

Dá bhrí sin, tá baint ag Ali Esfanjani le Naji Zindashti agus le Líonra Zindashti atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha. Tá baint dhíreach aige freisin le marú seachbhreithiúnach, achomair nó treallach trí chúnamh a thabhairt don mharú sin, é a ullmhú nó a éascú.

15.7.2025

129.

Ali KOCAK

 

Áit bhreithe: Adiyaman Kahta,

An Tuirc

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Uimhir aitheantais: 20926131442

Is é Ali Kocak deartháir Abdulvahap Kocak agus tá baint aige le Líonra Zindashti. Rinne Ali Kocak faireachas ar úinéir Gem TV na hIaráine, Saeed Karimian, sular maraíodh é agus tá amhras faoi go bhfuil sé freagrach as an marú féin.

Dá bhrí sin, tá baint ag Ali Kocak le sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, trí chuidiú le maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, iad a ullmhú agus a éascú.

Ina theannta sin, go foirmiúil is é Ali Kocak tiománaí Naji Zindashti. Dá bhrí sin, tá baint ag Ali Kocak le Naji Zindashti agus le Líonra Zindashti atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha.

15.7.2025

130.

Ekrem Abdulkerym OZTUNC ar a dtugtar freisin Ekrem ÖZTUNÇ

 

Dáta breithe: 7.10.1984

Áit bhreithe: Yuksekova, an Tuirc

Náisiúntacht: Turcach

Inscne: fireann

Seoladh: Orumiyeh, West Azerbaijan, an Iaráin

Uimhir aitheantais: U01292672

Is nia le Naji Zindashti é Ekrem Oztunc agus comhlach dlúth de Líonra Zindashti. Bhí ról lárnach aige in orduithe maraithe a chur ar aghaidh, trí bhealaí criptithe, le linn iarrachtaí feallmharaithe an Líonra. Mar sin, tá baint ag Ekrem Oztunc le Naji Zindashti agus Líonra Zindashti, chomh maith le bheith freagrach as básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha agus fuadach forfheidhmithe daoine, ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine iad, a phleanáil, a ordú, a éascú nó cúnamh a thabhairt dóibh.

15.7.2025

131.

Mohammed Reza ANSARI

 

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Is é Mohammed Ansari ceannaire Aonad Fórsa Quds 840 i gCór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC). D’ordaigh sé go ndéanfaí iriseoirí a cháin réimeas na hIaráine a fheallmharú, lena n-áirítear beirt iriseoirí ó Iran International. Dá bhrí sin, tá Mohammed Ansari freagrach as maruithe seachbhreithiúnacha a phleanáil, a ullmhú agus a éascú, ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine iad.

15.7.2025

132.

Nihat Abdul Kadir ASAN ar a dtugtar freisin ASAN, Nihat

ASAN, Nihat Abdulkadir

EBRAHIMIHARKIAN, Ramin

KURD, Ibrahim

ASHAN, Nihat

BAHTIYAR

 

Dáta breithe: 1.10.1981 nó 11.11.1981

Áit bhreithe: Van, an Tuirc

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 2751062326 (an Iaráin)

Pas: U13927927 (an Tuirc)

Is dlúthchomhlach de Líonra Zindashti é Nihat Asan, a raibh ról lárnach aige sa phleanáil lóistíochta le haghaidh go leor d’iarrachtaí feallmharaithe an líonra. Mar sin, tá baint ag Asan le Naji Zindashti agus Líonra Zindashti. Tá sé freagrach freisin as básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha, ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine iad, a phleanáil, a ordú, a éascú nó cúnamh a thabhairt dóibh.

15.7.2025

133.

Reza HAMIDIRAVARI ar a dtugtar freisin Reza HAMIDI RAVARI

رضا حمیدی راوری

(Litriú Peirsise)

Dáta breithe: 31.10.1963

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: V40150378

Is oifigeach faisnéise é Reza Hamidiravari atá ag obair d’Aireacht Faisnéise na hIaráine (MOIS). Déanann sé maoirseacht ar oibríochtaí faoi stiúir MOIS de chuid Naji Zindashti, lena n-áirítear easaontaigh agus daoine a cháineann réimeas na hIaráine a mharú. Dá bhrí sin, tá baint ag eza Hamidiravari le Naji Zindashti agus le Líonra Zindashti atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha \ar chearta an duine, lena n-áirítear maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha.

15.7.2025’

(2)

cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘37.

Zindashti Network (Líonra Zindashti) ar a dtugtar freisin líonra coiriúil Zindashti

eagraíocht choiriúil Zindashti

 

Dáta clárúcháin: 18.8.1983

Príomháit a chuid gníomhaíochtaí: An Iaráin, an Tuirc, an Eoraip

Daoine aonair comhlachaithe: Naji Ibrahim Sharifi-Zindashti, Reza Hamidiravari, Nihat Abdul Kadir Asan, Ekrem Abdulkerym Oztunc, Ali Esfanjani, Ali Kocak, Abdulvahap Kocak

Eintitis chomhlachaithe eile: Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine (MOIS), Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Is grúpa coiriúil é Líonra Zindashti a rinne go leor gníomhartha diansmachta trasnáisiúnta lena n-áirítear feallmharuithe lasmuigh den Iaráin.

Tá Líonra Zindashti faoi stiúir an gháinneálaí Iaránaigh drugaí támhshuanacha Naji Sharifi-Zindashti agus tá baint aige le hAireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine (MOIS), arb í an brainse de rialtas na hIaráine a bhfuil sé de chúram air inter alia daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Phoblacht Ioslamach na hIaráine a fhuadach agus a fheallmharú, nó daoine a mheasann Poblacht Ioslamach na hIaráine a bheith i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine.

Dá bhrí sin, tá Líonra Zindashti freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine lasmuigh den Iaráin, go háirithe básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallacha agus fuadach forfheidhmithe daoine.

15.7.2025’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1397/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)