|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1396 |
15.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1396 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998. |
|
(2) |
An 8 Nollaig 2020, trí bhíthin Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, leagtar béim ar a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach ag an Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
|
(3) |
Is cúis imní don Aontas an brú faoi chois trasnáisiúnta atá á dhéanamh ag comhlachtaí stáit na hIaráine trí úsáid leanúnach a bhaint as seachghníomhairí, a bhaineann go háirithe le coirpigh agus líonraí coireachta eagraithe atá dírithe ar easaontaigh agus ar chosantóirí chearta an duine ar fud an domhain, lena n-áirítear ar chríoch an Aontais. Bhí na coirpigh agus na líonraí coiriúla eagraithe sin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine, mar shampla básuithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha agus fuadaigh fhorfheidhmithe daoine a cháin gníomhaíochtaí nó beartais Phoblacht Ioslamach na hIaráine, nó daoine a measadh a bheith i gcoinne Phoblacht Ioslamach na hIaráine ar bhealach eile. |
|
(4) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart ochtar agus eintiteas amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CBES) 2020/1998 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1396/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)