|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1385 |
24.7.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 96/2025
an 8 Bealtaine 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1385]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1618 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (1), arna cheartú le IO L, 2024/90490, 8.8.2024, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 14azza (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32024 R 1618: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1618 ón gCoimisiún an 06 Meitheamh 2024 (IO L, 2024/1618, 7.6.2024), arna cheartú le OJ L, 2024/90490, 8.8.2024.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1618, arna cheartú le IO L, 2024/90490, 8.8.2024, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Bealtaine 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 08 Bealtaine 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/1618, 7.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1618/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1385/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)