|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1379 |
16.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1379 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Iúil 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le digitiú an choimeádta taifead, leis an doiciméad tráchtála caighdeánach agus leis na deimhnithe sláinte caighdeánacha le haghaidh gluaiseacht seachtháirgí ainmhithe ó chriosanna srianta agus le haghaidh iompar aoiligh neamhphróiseáilte
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte a mhéid a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (1), agus go háirithe Airteagal 21(5), pointe (a) agus pointe (b), agus Airteagal 22(1), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, ceanglaítear, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh doiciméad tráchtála nó deimhniú sláinte ag gabháil le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe agus iad á n-iompar laistigh den Aontas. Ina theannta sin, tá na hoibreoirí le taifid a choimeád de choinsíneachtaí agus de dhoiciméid tráchtála agus deimhnithe sláinte gaolmhara. |
|
(2) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (2) an doiciméad tráchtála caighdeánach agus an deimhniú sláinte caighdeánach le haghaidh gluaiseacht seachtháirgí ainmhithe ó chriosanna srianta, chomh maith leis an bhfad ar cheart taifid a choimeád. |
|
(3) |
Tá na taifid agus na doiciméid ghaolmhara le coimeád ar feadh tréimhse 2 bhliain ar a laghad chun go mbeidís ar fáil don údarás inniúil i gcás inar gá. Ós rud é go ndéanann córas leictreonach an Chórais um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) (3) leaganacha leictreonacha de dhoiciméid tráchtála agus deimhnithe sláinte a eisiúint agus a thaifeadadh, is iomchuí oibreoirí a dhíolmhú ón oibleagáid doiciméid tráchtála a choimeád sa chás ina bhfuair siad tríd an gcóras TRACES iad. Is iomchuí freisin oibreoirí a dhíolmhú ón oibleagáid deimhnithe sláinte ainmhithe a choimeád le haghaidh coinsíneachtaí d’aoileach neamhphróiseáilte sa chás ina bhfuair siad tríd an gcóras TRACES iad. |
|
(4) |
Ba cheart an deimhniú sláinte caighdeánach le haghaidh gluaiseachtaí seachtháirgí ainmhithe ó chriosanna srianta a thabhairt cothrom le dáta leis an deimhniú sláinte caighdeánach is déanaí a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (4). |
|
(5) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) cuirtear toirmeasc ar ghluaiseacht isteach san Aontas coinsíneachtaí de bhaoití sealgaireachta atá déanta as fual a dhíorthaítear ó ainmhithe den chineál fia de thionscnamh na hIorua, agus cuirtear toirmeasc freisin ar bhaoití sealgaireachta atá déanta as fual a dhíorthaítear ó ainmhithe den chineál fia de thionscnamh na mBallstát a liostaítear i gCaibidil A, Roinn C, pointe 1.1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid. Ba cheart na toirmisc sin a léiriú sa doiciméad tráchtála chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/142/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1715/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2235/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/999/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn VIII, leasaítear Caibidil III mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XI, Caibidil I, Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1379/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)