|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1371 |
24.7.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 117/2025
an 8 Bealtaine 2025
lena leasaítear Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil fíona a dhíothú [2025/1371]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2742 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Urbezo (ATFC)) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le fíon a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le fíon, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa seachtú mír den réamhrá ar Phrótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Protacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 8zn (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1875 ón gCoimisiún) d’Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘8zo. |
32024 R 2742: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2742 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Urbezo (ATFC)) (IO L, 2024/2742, 25.10.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2742 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Bealtaine 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 08 Bealtaine 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/2742, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2742/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1371/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)