|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1364 |
24.7.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 110/2025
an 8 Bealtaine 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1364]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2767 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear nós imeachta maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a cheadú agus a dheimhniú i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na nósanna imeachta a chinneadh chun fíorú inseirbhíse na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla de ghluaisteáin paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma a dhéanamh (fíorú inseirbhíse) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/889 ón gCoimisiún an 15 Márta 2024 lena gceartaítear an leagan Ollainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2866 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na nósanna imeachta a chinneadh chun fíorú inseirbhíse na luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla de ghluaisteáin paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma a dhéanamh (fíorú inseirbhíse) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2767 aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011 (4) agus (AE) 427/2014 (5) ón gCoimisiún, Rialacháin atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azq, (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/865 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Scriostar téacs phointí 21aeb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011 ón gCoimisiún) agus 21ayc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2767, (AE) 2023/2866 agus (AE) 2024/889 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Bealtaine 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 08 Bealtaine 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2023/2767, 14.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2767/oj.
(2) IO L, 2023/2866, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2866/oj.
(3) IO L, 2024/889, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/889/oj.
(4) IO L 194, 26.7.2011, lch. 19.
(5) IO L 125, 26.4.2014, lch. 57.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1364/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)