European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1348

11.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1348 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2025

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Samhain 2022, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (‘an Comhaontú’). Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil.

(2)

De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorann ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tá comhaontú stádais le tabhairt i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige nó faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(5)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú agus ba cheart an Dearbhú atá i gceangal leis seo maidir leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a fhormheas, thar ceann an Aontais.

(6)

D’fhonn a áirithiú go bhféadfaí buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh go práinneach ar chríoch na Boisnia agus an Heirseagaivéin, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (‘an Comhaontú’) a shíniú, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.

Airteagal 2

An Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo, déanfar é a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Is go sealadach a chuirfear an Comhaontú i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) den Chomhaontú, ó dháta a shínithe, go dtí an uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. SIEKIERSKI


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).


DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, RÍOCHT NA hIORUA, CÓNAIDHM NA hEILVÉISE AGUS PRIONSACHT LICHTINSTÉIN

Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin dá n-aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004, agus Prótacal an 28 Feabhra 2008 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

In himthosca den sórt sin, tá sé inmhianaithe go dtabharfaidh údaráis na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Chónaidhm na hEilvéise agus Phrionsacht Lichtinstéin, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, comhaontuithe déthaobhacha i gcrích, gan mhoill, maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i dtéarmaí atá comhchosúil le téarmaí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1348/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)