|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1342 |
14.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1342 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Iúil 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 16 Bealtaine 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 ‘an bun-Rialachán’. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú i ndiaidh gearán a rinne Cónaidhm Eorpach an Tionscail Iontlaise (‘CETI’ nó ‘an gearánach’) an 4 Aibreán 2024. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Bearta sealadacha
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 18 Nollaig 2024, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Tugadh aghaidh ar na barúlacha a fuarthas in aithris (390) den Rialachán sealadach. |
|
(5) |
An 15 Eanáir 2025 d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/78 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach). |
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(6) |
Tar éis nochtadh na mbunfhíoras agus na mbunbhreithnithe ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (‘an nochtadh sealadach’), chuir roinnt páirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn isteach inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den Rialachán sealadach. Is iad seo a leanas na páirtithe sin:
|
|
(7) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh na héisteachtaí le Forest, Fusong, Jinfa, CNSTTF agus CETI. |
|
(8) |
Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí críochnaitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. |
|
(9) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh na Sine (‘an nochtadh deiridh’). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh cinntitheach. |
|
(10) |
Tar éis an nochta chinntithigh, chuir roinnt páirtithe aighneachtaí i scríbhinn isteach inar cuireadh a dtuairimí in iúl. Is iad seo a leanas na páirtithe sin: Amorim, Comhghuaillíocht Allmhaireoirí Urlárlaigh Adhmaid Ilsrathaigh an Aontais (‘AUMI’), Barth, Corà Domenico & Figli Spa (‘Cora Domenico’), CNSTTF, CETI, Holz-Richter GmbH (‘Holz-Richter’), Forest, Fusong, Jinfa, Lovelin of London Ltd (‘Lovelin’), MEFO Floor, Puderbach agus Thede & Witte. |
|
(11) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht freisin. Reáchtáladh éisteachtaí le Amorim, Barth, CNSTTF, Holz-Richter, Forest, Fusong, Jinfa agus Thede & Witte. |
1.5. Maímh maidir le tionscnamh
|
(12) |
In éagmais barúlacha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe tar éis fhorchur na mbeart sealadach, deimhníodh aithrisí (20) go (28) den Rialachán sealadach. |
1.6. Sampláil
|
(13) |
In éagmais barúlacha maidir le sampláil a dhéanamh ar tháirgeoirí de chuid an Aontais agus ar allmhaireoirí agus táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (6) go (12) den Rialachán sealadach. |
1.7. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(14) |
In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse faoi bhreathnú, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí mar a leagtar amach in aithris (19) den Rialachán sealadach. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
|
(15) |
In éagmais aon bharúil maidir leis an táirge faoi imscrúdú, an táirge lena mbaineann agus an táirge comhchosúil, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (29) go (33) den Rialachán sealadach. |
3. DUMPÁIL
3.1. Gnáthluach agus nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
3.1.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(16) |
In éagmais barúlacha maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tír lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún a chuid torthaí agus conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (43) go (137) den Rialachán sealadach. |
3.1.2. Tír ionadaíoch agus ríomh tagarmharcanna le haghaidh costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus le haghaidh brabúis
|
(17) |
Cónaidhm Eorpach an Tionscail Iontlaise (‘CETI’) agus a chomhaltaí a bhí ag gníomhú mar ghearánaigh san imscrúdú seo, ceithre allmhaireoir, is iad sin Puderbach, Amorim, MEFO Floor agus Barth, agus ag an trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, i.e. grúpa JINFA, grúpa Fusong agus grúpa Forest, chuir siad barúlacha ar fáil maidir le rogha na tíre ionadaíche agus maidir le ríomh an Choimisiúin ar na tagarmharcanna le haghaidh costais SGA agus brabúis. |
|
(18) |
Thacaigh CETI leis an tír ionadaíoch a roghnaigh an Coimisiún agus ríomh na dtagarmharcanna le haghaidh costais SGA agus brabúis, mar a leagtar amach sa Rialachán sealadach. |
|
(19) |
Mhaígh Puderbach, Amorim, MEFO agus Barth go bhfuil na cuideachtaí ón Tuirc a úsáidtear chun costais SGA agus brabúis a shuí sa Rialachán sealadach neamhoiriúnach toisc nach dtáirgeann na cuideachtaí sin an táirge faoi imscrúdú. Mhaígh Puderbach, Amorim, MEFO agus Barth freisin go bhfuil cuideachtaí san Áise Thoir Theas agus san Eoraip (neamh-AE) nár mheas an Coimisiún. |
|
(20) |
Thug an Coimisiún dá aire nár shainaithin aon cheann de na páirtithe sin aon chuideachta shonrach sna haighneachtaí uathu, nó aon tír shonrach a bhféadfadh cuideachtaí a bheith inti a tháirgeann urlárlach adhmaid ilsrathach agus a bhfuil sonraí airgeadais acu atá ar fáil go héasca, agus nár mhol siad aon mhodh eile chun costais SGA agus brabúis a shuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(21) |
Mhaígh grúpa JINFA agus grúpa Fusong nach tír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc, i gcomparáid leis an Malaeisia go háirithe. Dá bhrí sin, d’áitigh na páirtithe sin go mba cheart an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch in ionad na Tuirce. |
|
(22) |
Mhaígh grúpa Forest go bhfuil costais SGA agus brabúis a ríomhadh ar bhonn shonraí na gcuideachtaí ón Tuirc a shainaithin an Coimisiún míréasúnta ard agus go mba cheart táirgeoirí ón Malaeisia a úsáid ina n-ionad. |
|
(23) |
Mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte uile, má chloíonn an Coimisiún leis an Tuirc mar a rogha tíre ionadaíche, ba cheart dó na tagarmharcanna a ríomhadh le haghaidh costais SGA agus brabúis a choigeartú anuas. |
|
(24) |
Cuirtear i láthair thuas maímh agus argóintí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus tugtar aghaidh orthu ar bhealach níos mionsonraithe thíos. |
|
(25) |
Mhaígh grúpa JINFA agus grúpa Fusong nach tír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc mar gheall ar a staid eacnamaíoch eisceachtúil agus go háirithe mar gheall ar an hipearbhoilsciú sa bhliain 2023 (.i. an tréimhse imscrúdúcháin), rud a rinne difear gan amhras, dar leo, do na costais táirgthe uile agus do tháscairí eacnamaíocha eile, rud a d’fhág go mbeadh siad neamhiontaofa mar fhoinse chun an gnáthluach a chinneadh. I ndáil leis an maíomh sin, chuir siad na hargóintí seo a leanas ar fáil:
|
|
(26) |
I ndáil le pointe (a) thuas, thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus an méid a thugann na páirtithe le tuiscint, nach dtugtar le fios leis an gceanglas ar an tír ionadaíoch leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil a bheith aici gur gá go mbeadh na príomhtháscairí eacnamaíocha uile ar leibhéil chomhchosúla. Déantar measúnú ar leibhéal forbartha eacnamaíche tíre go ginearálta de réir a leibhéal ioncaim, agus chun na críche sin, is critéar é aicmiú an Bhainc Dhomhanda atá seanbhunaithe i gcleachtas an Choimisiúin agus atá deimhnithe ag cúirteanna an Aontais (5). De réir an aicmithe sin, bhí an Tuirc agus an tSín araon sa réim ioncaim ard-mheánleibhéil le haghaidh 2023, agus dá bhrí sin, bhí leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil acu, gan beann ar a rátaí boilscithe difriúla. I bhfianaise an méid sin, diúltaíodh do gach maíomh. |
|
(27) |
I ndáil le pointe (b) thuas, thug an Coimisiún dá aire gur cosúil go gcónaidhmíonn na páirtithe na méaduithe ar chostais i dtéarmaí ainmniúla, rud is féidir a chur i leith an bhoilscithe, agus na méaduithe ar chostais i dtéarmaí réadacha, rud is féidir a chur i leith tosca eile. I gcás saothair agus leictreachais araon, bhí méadú ar chostais i dtéarmaí réadacha le haghaidh na dtosca sin ó 2022 go 2023. Ba thoradh ar chinntí beartais rialtas na Tuirce iad na méaduithe ar chostais saothair den chuid is mó, lena n-áirítear cinntí a glacadh go gairid roimh toghcháin uachtaránachta 2023 sa tír (6). Ar an gcaoi chéanna, lean na méaduithe ar chostais sa leictreachas treochtaí comhchosúla a bhí ann in go leor tíortha eile, agus is dócha gur bhain siad le fogha míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine. In aon chás, níl aon fhianaise ann gurbh é an boilsciú ba chúis leis na méaduithe sin i dtéarmaí réadacha. Mar a tharlaíonn, má tá nasc cúisíoch ann, a mhalairt leis sin a bheadh fíor, is é sin, an boilsciú mar thoradh ar mhéadú i gcostais réadacha. I bhfianaise na mbreithnithe thuas, diúltaíodh do gach maíomh. |
|
(28) |
I ndáil le pointe (c) thuas, thug an Coimisiún dá aire gur cheart an ceanglas ar thagarmharcanna neamhshaofa le haghaidh costais SGA agus brabúis in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a chur ina gcomhthéacs dlíthiúil oiriúnach, is é sin, saobhadh suntasach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. I bhfianaise an méid sin, mheas an Coimisiún, má tá boilsciú i dtír, nach bhfágann sé sin go bhfuil sonraí airgeadais ón tír sin saofa agus míréasúnta go huathoibríoch. |
|
(29) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil nasc soiléir ann idir an boilsciú agus brabúsacht ard, go háirithe le haghaidh cuideachtaí a oibríonn in earnálacha déantúsaíochta, amhail an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh nó an earnáil adhmaid níos leithne. |
|
(30) |
In aon chás, mar a leagtar amach in aithrisí (46) agus (47) thíos, thoiligh an Coimisiún foinse malartach de shonraí airgeadais a úsáid chun tagarmharc neamhshaofa agus iontaofa le haghaidh costais SGA agus brabúis a bhunú le haghaidh cuideachtaí a oibríonn san earnáil adhmaid níos leithne sa Tuirc. Tá fáil éasca ar an bhfoinse sin agus tá coigeartú ann le haghaidh an bhoilscithe cheana. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go bhfuil pointe (c) gan bhunús agus diúltaíodh do gach maíomh. |
|
(31) |
Thairis sin, mhaígh an trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte go bhfuil sonraí ón Malaeisia níos oiriúnaí chun tagarmharcanna neamhshaofa agus iontaofa le haghaidh costais SGA agus brabúis a bhunú. Chun bunús a thabhairt dá maíomh, bhraith na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar na hargóintí seo a leanas:
|
|
(32) |
I ndáil le pointe (a), thug an Coimisiún faoi deara, mar a leagtar amach in aithris (162) den Rialachán sealadach, tá an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh forbartha níos fearr sa Tuirc i gcomparáid leis an Malaeisia. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint faoi seach. |
|
(33) |
I ndáil le pointe (b), thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil a ráiteas sa Rialachán sealadach maidir le gníomhaíochtaí Unilin (Malaysia) Sdn. Bhd amhantrach. I bhfianaise gur cuid de ghrúpa ilnáisiúnta í an chuideachta agus go bhfuil a cuid oibríochtaí dírithe ar tháirgeadh, deimhníodh (9) go ndíolann Unilin (Malaysia) Sdn. Bhd a dtáirgí críochnaithe laistigh den ghrúpa agus nach ndíolann sé le páirtithe neamhspleácha faoi láthair. Ar an gcúis sin, tá feidhmeanna áirithe maidir le costais SGA, amhail díolachán, margaíocht, taighde agus forbairt láraithe go pointe áirithe agus ní léirítear iad i gcostais SGA tuairiscithe na cuideachta. Dá bhrí sin, tá údar iomlán leis gan sonraí airgeadais na cuideachta sin a chur san áireamh chun tagarmharc le haghaidh costais SGA agus brabúis a bhunú. |
|
(34) |
Thairis sin, a mhéid a bhaineann le Kim Teck Lee Timber Flooring Sdn. Bhd, shoiléirigh an Coimisiún nach measann sé go bhfuil a leibhéil costais SGA (18,5 %) agus brabúis (8,8 %) míréasúnta, arna sloinneadh araon mar chéatadán de na hearraí a díoladh. I bhfianaise chineál an-sonrach agus neamhionadaíoch an táirge a tháirgeann an chuideachta sin, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí brath go heisiach ar an gcuideachta sin chun tagarmharcanna le haghaidh costais SGA agus brabúis a bhunú. |
|
(35) |
Diúltaíodh do na hargóintí a bhain le pointe (b) dá bhrí sin. |
|
(36) |
I ndáil le pointe (c), i gcás dhá chuideachta den trí, is iad sin Dominant Enterprise Berhad agus Hevea Board Berhad, ní bhfuair an Coimisiún an fhianaise gur táirgeoirí d’urlárlach adhmaid ilsrathach na cuideachtaí sin ná níor chuir grúpa Forest an fhianaise sin ar fáil. Thairis sin, mar a mhaígh grúpa Forest, ní raibh a ráiteas airgeadais ar fáil le haghaidh na tréimhse ábhartha, nó thaispeáin siad caillteanas. I gcás an tríú cuideachta, is é sin KLK Hardwood Flooring Sdn Berhad, thug an Coimisiún dá aire nach mbaineann an tuarascáil airgeadais a chuir grúpa Forest isteach leis an gcuideachta sin, ach leis an ngrúpa a bhfuil an chuideachta mar chuid de, is é sin, grúpa Kuala Lumber Kepong Berhad. Tá ioncam comhdhlúite ollmhór de thart ar USD 5,1 billiún USD in 2023 (deireadh an 30 Meán Fómhair 2023) agus brabús dearfach ag an ngrúpa a bhfuil réimse leathan gníomhaíochtaí aige. I gcomparáid leis sin, le haghaidh na tréimhse céanna, bhí ioncam de thart ar 16 mhilliún USD agus brabús diúltach ag KLK Hardwood Flooring Sdn Berhad de réir ORBIS. Is léir dá bhrí sin nach féidir aon cheann de na cuideachtaí thuas a úsáid chun méid neamhshaofa agus réasúnta SGA agus brabúis a shuí. Diúltaíodh do gach maíomh dá bhrí sin. |
|
(37) |
I ndáil le pointe (d), thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán saintreorach a mhéid a bhaineann leis na critéir is ceart a úsáid agus corrlach SGA nó brabúis á mheas mar réasúnta, rud a fhágann go bhfuil lánrogha leathan ag an gCoimisiún. Cé nach mbeadh na corrlaigh éagsúla san Aontas nó sa tír lena mbaineann iomchuí mar thagarmharcanna, is gné bhreise iad chun bonn eolais a chur faoin measúnú i dtaobh an bhfuil tagarmharcanna i dtíortha ionadaíocha féideartha réasúnta. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint faoi seach. |
|
(38) |
I ndáil le pointe (e), thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus a thug na páirtithe le tuiscint, ní raibh a chur chuige sa Rialachán sealadach ag teacht salach ar a gcleachtas i gcásanna eile. Murab ionann agus an cás seo, in Táirgí Cothrom-rollta ón tSín atá Dírithe ar Ghráin, ba í an cheist cibé ar cheart léirmhíniú cúng a ghlacadh ar an gceanglas ar leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil chun go mbainfeadh sé leis an earnáil tionsclaíochta shonrach, nó mar a chinn an Coimisiún, ar cheart dó a bheith bainteach le forbairt eacnamaíoch fhoriomlán na tíre, mar a léirítear ina aicmiú ón mBanc Domhanda. Sa chás Eistir Fosfáite Ailcile ón tSín, ba í an cheist an chúis leordhóthanach í leibhéal forbartha earnála a líomhnaítear a bheith íseal i dtír ionadaíoch fhéideartha leis an tír sin a chur as an áireamh go hiomlán, fiú mura raibh aon tír ionadaíoch fhéideartha eile ann. Sa chás seo, ós rud é go bhfuil an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh sa Mhalaeisia tearcfhorbartha, caitear amhras ar ábharthacht na sonraí airgeadais atá ar fáil chun tagarmharcanna réasúnta agus neamhshaofa le haghaidh costais SGA agus brabús a bhunú. A mhéid a bhaineann le húsáid sonraí ón earnáil adhmaid níos leithne sa Tuirc, mheas an Coimisiún gur dócha go n-oibríonn an earnáil adhmaid níos leithne i gcoinníollacha comhchosúla leis an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh, mar shampla i ndáil le costas ábhar, costais saothair, éileamh an mhargaidh, déine na hiomaíochta agus forbairt theicneolaíoch. Mar a tharlaíonn, dá mhéad í an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh, is amhlaidh is dóichí go mbeidh na cosúlachtaí sin ann. I gcomparáid leis na deicheanna cuideachtaí a tháirgeann urlárlach adhmaid ilsrathach sa Tuirc, ní shainaithnítear ach níos lú ná cúig sa Mhalaeisia. Thairis sin, tá na honnmhairí d’urlárlach adhmaid ilsrathach ón Tuirc fós i bhfad níos airde i gcomparáid leis an Malaeisia. I bhfianaise an méid sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí sonraí ón earnáil adhmaid níos leithne sa Tuirc a úsáid chun tagarmharc réasúnta agus neamhshaofa a bhunú le haghaidh costais SGA agus brabúis. In aon chás, níl cleachtas an Choimisiúin roimhe sin ceangailteach ós rud é go ndéantar measúnú ar gach cás ar bhonn a fhiúntais féin. Diúltaíodh d’argóintí na bpáirtithe dá bhrí sin. |
|
(39) |
I ndáil le pointe (f), tugtar aghaidh air sin in aithris (47) thíos. |
|
(40) |
D’áitigh táirgeoirí onnmhairiúcháin freisin má chloíonn an Coimisiún leis an Tuirc gur cheart dó coigeartuithe anuas a dhéanamh do na costais SGA agus brabúis a ríomhadh. Go háirithe, ba cheart dó an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(41) |
A mhéid a bhaineann le pointe (a) thuas, mar a leagtar amach in aithrisí (46) agus (47) thíos, thoiligh an Coimisiún foinse malartach de shonraí airgeadais a úsáid. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh maidir le costais a bhaineann le hiompar i dtuarascáil airgeadais Orma. |
|
(42) |
A mhéid a bhaineann le pointe (b) thuas, chinn an Coimisiún, cé go bhfuil an mhír ‘an gnóthachan glan nó an caillteanas glan a bhaineann le tuairisciú ar an suíomh glan airgeadaíochta’ a nochtar ar leithligh nasctha leis an mboilsciú, ní féidir eisiamh na míre sin a mheas mar bhealach iomchuí le brabúis a choigeartú le haghaidh boilscithe. Is é sin, ní féidir a mheas go léireofaí brabúis na cuideachta i gcás go raibh boilsciú íseal ann nó i gcás nach raibh boilsciú ann trí na brabúis a bheadh ann i ndiaidh an mhír sin a eisiamh. Is amhlaidh atá toisc go ndéanfadh an boilsciú difear d’ioncaim agus do chostais nach n-áirítear sa mhír sin, amhail an méadú (ainmniúil) i gcostais ionchuir agus praghsanna tháirgí na cuideachta. |
|
(43) |
Ar an gcaoi chéanna, a mhéid a bhaineann le pointe (c) thuas, mheas an Coimisiún nach léireofaí na costais oibriúcháin a bheadh ar an gcuideachta a thabhú in éagmais ardbhoilscithe trí na costais airgeadais, agus an t-ús go háirithe, a asbhaint. Is amhlaidh atá toisc go mbeadh ar an gcuideachta leibhéal de chostais airgeadais a thabhú gan beann ar an mboilsciú. Thairis sin, bhraithfeadh an bealach a ndéanfadh an boilsciú difear do chostais airgeadais, go háirithe mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh, ar théarmaí beachta na gcomhaontuithe maoiniúcháin, e.g. an t-innéacsú de réir an bhoilscithe nó an naisc le hairgeadra cobhsaí. |
|
(44) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin, gan beann ar fhiúntas argóintí na bpáirtithe le haghaidh coigeartuithe, ní bheadh na coigeartuithe sin indéanta ach amháin i gcás shonraí airgeadais Orma, dá bhfuil tuarascálacha airgeadais mhionsonraithe ann. I gcás an táirgeora eile ón Tuirc, AGT, níl an tuarascáil mhionsonraithe sin ar fáil, agus ní féidir glacadh leis go mbeadh aon choigeartú atá oiriúnach do Orma oiriúnach don chuideachta sin freisin. |
|
(45) |
Mar rogha malartach ar shonraí táirgeoirí aonair ón Tuirc a choigeartú, mhol grúpa Forest tagarmharcanna le haghaidh costais SGA agus brabúis a bhunú ar bhonn shonraí rialtas na Tuirce maidir le meánchostais oibriúcháin agus meánbhrabús oibriúchán na gcuideachtaí a bhaineann le ‘Monarú táirgí adhmaid, coirc, tuí agus ábhar fite’, is é sin NACE - C-162 (10). Chinn grúpa Forest gurbh é sin an cur chuige ba réasúnta sa chomhthéacs sin agus go bhfuil sonraí rialtas na Tuirce oifigiúil agus iontaofa. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le costais SGA, mhol grúpa Forest costais a bhaineann leis an iompar agus árachas, le láimhseáil agus lódáil/dáileadh a asbhaint, e.g. bunaithe ar chóimheas arna ríomh ó thuarascálacha airgeadais Orma. |
|
(46) |
D’aontaigh an Coimisiún go bhfuil na sonraí a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce maidir le torthaí airgeadais na gcuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu faoi NACE – C-162 oifigiúil agus iontaofa. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire, ar bhonn an ioncaim iomláin, gur cosúil go bhfuil grúpa cuideachtaí níos cuimsithí san áireamh iontu, agus gur lú i bhfad an seans go ndéanfaidh sainiúlachtaí cuideachtaí aonair difear dóibh dá bhrí sin. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go n-áirítear sna sonraí sin coigeartuithe le haghaidh an bhoilscithe, rud a neartaíonn iontaofacht na sonraí tuilleadh. |
|
(47) |
I bhfianaise an méid sin, d’aontaigh an Coimisiún na sonraí sin a úsáid chun tagarmharcanna nua a bhunú le haghaidh costais SGA agus brabúis. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach raibh sé in ann sonraí airgeadais a aimsiú a bhfuil raon feidhme, sonraíocht agus iontaofacht inchomparáide acu le haghaidh cuideachtaí atá ag feidhmiú sa Mhalaeisia. |
|
(48) |
Mheas an Coimisiún, cé nach dtuairiscítear iad faoi chostais oibriúcháin, tabhaítear costais airgeadais le haghaidh oibriú na cuideachta agus dá bhrí sin, ba cheart iad a chur san áireamh i gcostais SGA. |
|
(49) |
A mhéid a bhaineann le costais iompair agus i ndiaidh an mhaímh ar a dtugtar tuairisc in aithris (40) thuas, thug an Coimisiún dá aire nach raibh faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir leis na costais sin sna sonraí a d’fhoilsigh Banc Ceannas na Tuirce. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’éileamh na cuideachta costais iompair a asbhaint ó chostais SGA. |
|
(50) |
A mhéid a bhaineann le brabús a ríomh, chuir an Coimisiún an brabús oibriúcháin san áireamh ar dtús (le coigeartuithe boilscithe) agus na costais airgeadais a thuairiscigh Banc Ceannais na Tuirce. |
|
(51) |
Ar an mbonn sin, ba é 22,0 % ar dtús méid na gcostas SGA arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm maidir le costais neamhshaofa an táirgthe. Ba é 9,7 % ar dtús an brabús arna shloinneadh ar dtús mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. |
|
(52) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’iarr CETI go bhfillfeadh an Coimisiún ar úsáid shonraí airgeadais tháirgeoirí na Tuirce a shainaithnítear sa rialachán sealadach chun méideanna le haghaidh costais SGA agus brabúis a ríomh, seachas a bheith ag brath ar na sonraí ó Bhanc Ceannais na Tuirce maidir le gníomhaíochtaí a thagann faoi NACE-162. D’áitigh CETI go n-áirítear sa chatagóir sin táirgí atá i bhfad níos faide i gcéin agus atá éagsúil leis an táirge lena mbaineann, i dtéarmaí táirgthe, costais agus praghsála, rud a fhágann nach bhfuil an fhoinse sonraí sin chomh hiontaofa agus nach bhfuil sí chomh hiomchuí céanna. |
|
(53) |
Thug an Coimisiún dá aire nach táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú ceachtar den dá chuideachta Thurcacha a sainaithníodh sa rialachán sealadach. Níor mhínigh CETI cén fáth, i gcomparáid leis an dá chuideachta sin (ar dócha go n-áirítear a sonraí i sonraí Bhanc Ceannais na Tuirce freisin), go dtáirgfeadh cuideachtaí eile a áirítear i sonraí Bhanc Ceannais na Tuirce táirgí atá i bhfad i gcéin ar an meán agus éagsúil leis an táirge lena mbaineann, i dtéarmaí táirgthe, costais agus praghsála. Dá bhrí sin, maidir le sonraí a bhaineann le hoibríochtaí go leor cuideachtaí san earnáil ábhartha, lena n-áirítear táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú is dócha, is foinse níos iontaofa iad le haghaidh méideanna réasúnta ná sonraí a bhaineann le dhá chuideachta nach dtáirgeann an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’argóintí CETI. |
|
(54) |
Thug CETI dá aire freisin, chun tagarmharc le haghaidh brabúis a ríomh ar bhonn na sonraí ó Bhanc Ceannais na Tuirce, nár úsáid an Coimisiún ach an brabús oibriúcháin. De réir CETI, is ionann sin agus imeacht ó chleachtas caighdeánach an Choimisiúin. Dá bhrí sin, d’iarr CETI go n-úsáidfí an brabús roimh cháin ina ionad, lena n-áirítear freisin ioncam agus costais ó oibríochtaí eile chomh maith le hioncam agus costais urghnácha. |
|
(55) |
Thug an Coimisiún dá aire gur áiríodh sa bhrabús roimh cháin sna sonraí a thuairiscigh Banc Ceannais na Tuirce ioncam a bhaineann le díbhinní ó rannpháirtíochtaí. Bhí an t-ioncam sin thar a bheith ard in 2023. I bhfianaise an mhéid sin, mheas an Coimisiún nach mbeadh an brabús roimh cháin don bhliain sin, lena n-áirítear an t-ioncam sin, ina bhonn iomchuí chun méid réasúnach le haghaidh brabúis a ríomh. Ní thagann an tsaincheist sin chun cinn maidir leis na sonraí airgeadais le haghaidh 2022, rud a d’úsáid an Coimisiún dá ríomhanna athbhreithnithe, mar a mhínítear in aithrisí (75) go (76) thíos. |
|
(56) |
D’athdhearbhaigh Fusong a mhaíomh go dtarraingíonn na leibhéil bhoilscithe sa Tuirc amhras ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus gur cheart an Mhalaeisia a roghnú ina ionad sin. Go háirithe, d’áitigh Fusong an méid seo a leanas:
|
|
(57) |
A mhéid a bhaineann le pointe (a) thuas, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil raidhse táscairí ann is féidir a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar gheilleagar tíre, lena n-áirítear táscairí iolracha maidir leis na leibhéil fostaíochta, fiachais, infheistíochta, comhardú trádála agus breisluach ag earnálacha éagsúla. Cé go measann Fusong go bhfuil gá le gaireacht san oiread táscairí eacnamaíocha agus is féidir, ní mhíníonn sé cé na táscairí breise — seachas boilsciú — atá ábhartha chun critéir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a chomhlíonadh ná cén t-ualach coibhneasta ba cheart a bheith acu sa mheasúnú. A mhéid a bhaineann go sonrach le boilsciú, dá nglacfaí le hargóint Fusong, thabharfaí le tuiscint, i gcás inar tír a bhfuil hipearbhoilsciú aici í an tír lena mbaineann, nach bhféadfaí ach tíortha a bhfuil hipearbhoilsciú acu a mheas chun an tír ionadaíoch a roghnú, rud a d’fhágfadh go mbeadh roghnú den sórt sin dodhéanta go minic. Maidir le boilsciú a líomhnaítear ‘a bheith ag saobhadh’ na sonraí ábhartha, tugtar aghaidh air sin in aithris (65). |
|
(58) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin go ndéantar an tOllioncam Náisiúnta (OIN) per capita, a úsáideann an Banc Domhanda chun tíortha a aicmiú i gceithre ghrúpa, a thomhas in airgeadra cobhsaí (USD) agus, dá bhrí sin, go gcuirtear difríochtaí sa bhoilsciú idir tíortha san áireamh cheana féin. Dá bhrí sin, trí úsáid a bhaint as an táscaire sin, soláthraítear modh oibiachtúil inrianaithe chun a mheas an bhfuil leibhéal comhchosúil forbartha eacnamaíche ag dhá thír chun críocha Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, agus an nglacann cúirteanna an Aontais go comhsheasmhach leis go bhfuil sé iomchuí chun na gcríoch sin. A mhéid a bhaineann leis an gceanglas a leagtar síos le cásdlí nach mór don Choimisiún tír a roghnú ina ndéantar ‘praghsanna a chruthú in imthosca atá chomh cosúil agus is féidir leo siúd sa tír is onnmhaireoir’, chuir an Chúirt in iúl go soiléir go gcomhlíontar an ceanglas sin tríd an gcritéar maidir le leibhéal comhchosúil forbartha eacnamaíche a chomhlíonadh. |
|
(59) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh do mhaímh Fusong i bpointe (a). |
|
(60) |
A mhéid a bhaineann leis na costais saothair dá dtagraítear i bpointe (b), thug an Coimisiún dá aire, de réir na n-argóintí a chuir Fusong ar fáil agus na dtagairtí a thug sé chun bunús a thabhairt leo, gurbh é an aidhm a bhí ag rialtas na Tuirce agus an pá íosta á ardú aige le linn 2023 cumhacht ceannaigh shaoránaigh na Tuirce a athbhunú. Ciallaíonn sé sin go raibh sé d’aidhm ag rialtas na Tuirce costais saothair a athbhunú go dtí an leibhéal a bheadh i gcomhréir le leibhéal na forbartha eacnamaíche foriomláine sa tír. I bhfianaise an mhéid sin, níl aon chúis lena mheas go ndearnadh leibhéal na gcostas sin sa tréimhse imscrúdúcháin (arna shloinneadh in CNY) a shaobhadh. |
|
(61) |
A mhéid a bhaineann leis na costais leictreachais dá dtagraítear i bpointe (b), thug an Coimisiún dá aire, cé gur cosúil go n-admhaíonn Fusong nach mbaineann a méadú (i dtéarmaí réadacha) leis an mboilsciú, áitíonn sé gur cheart iad a mheas fós mar saofa toisc nár fhulaing an tSín méaduithe comhchosúla, agus ar an gcúis sin, nach gcomhlíonann an Tuirc coinníoll na hoiriúnachta lena roghnú mar an tír ionadaíoch. Thug an Coimisiún dá aire, i bhfianaise gur suíodh gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, nach bhfuil éabhlóid na bpraghsanna sa tSín ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shaobhadh i dtíortha ionadaíocha ionchasacha. |
|
(62) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh do mhaímh Fusong i bpointe (b). |
|
(63) |
A mhéid a bhaineann le pointe (c)(i), thug an Coimisiún dá aire nár thug Fusong bunús leordhóthanach lena mhaíomh maidir leis an nasc líomhnaithe idir boilsciú agus brabúsacht ard, i gcás na hearnála urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh, ná i gcás earnáil an adhmaid i gcoitinne. Mar a mhínítear in aithris (42), maidir le húsáid chaighdeán cuntasaíochta IAS 29, arna shainordú le Communiqué Ginearálta an Dlí maidir leis an Nós Imeachta Cánach (Uimh. sheichimh: 555) le haghaidh 2023, ní chiallaíonn sé sin, in éagmais boilscithe, go mbeadh leibhéal brabús bainte amach ag cuideachta a bheadh níos ísle, i gcomparáid leis an mbrabús iarbhír, faoin méid céanna a tuairiscíodh mar ghlanghnóthachan airgeadaíochta. Thairis sin, ní féidir cás cuideachta aonair a ghinearálú, maidir leis an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh, ná maidir leis an earnáil adhmaid i gcoitinne. |
|
(64) |
D’ainneoin an mhéid thuas, rinne an Coimisiún comparáid idir an ráta boilscithe agus an bhrabúsacht sna blianta ó 2020 go 2023, ina raibh luaineachtaí móra sa ráta boilscithe sa Tuirc (ó 12 % in 2020 go buaicphointe 72 % in 2022), agus úsáid á baint as na sonraí airgeadais a d’fhoilsigh banc ceannais na Tuirce le haghaidh cuideachtaí atá ag feidhmiú san earnáil adhmaid níos leithne (NACE C-162). I gcás brabúsachta, úsáideadh dhá bheart, arna sloinneadh mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh: (a) brabús oibriúcháin; agus b) brabús roimh cháin agus roimh ioncam/costais urghnácha (11). Is fiú a mheabhrú go mbaineann na sonraí sin le hearnáil iomlán lena n-áirítear níos mó ná 2 000 cuideachta agus, dá bhrí sin, gur lú an seans go ndéanfaidh sainiúlachtaí cuideachtaí aonair difear dóibh. Is léir ó fhéachaint shimplí ar na sonraí nár tháinig méaduithe ar bhrabúsacht tar éis na méaduithe móra ar bhoilsciú. Is é is cúis leis sin, cé gur tháinig méadú ar na brabúis (12), tháinig méadú ar na costais freisin. Mar sin féin, chun an ghaolmhaireacht sin a chainníochtú sna sonraí, ríomh an Coimisiún an chomhéifeacht comhghaolúcháin (13), rud atá diúltach sa chás seo don dá thomhas brabúsachta. Cé nach maíonn an Coimisiún gur cheart an toradh sin a mheas mar fhianaise dhochloíte ar ghaol diúltach idir boilsciú ard agus brabúsacht (i.e. an bhrabúsacht ag dul síos nuair a théann an boilsciú in airde), diúltaíonn sé go láidir do mhaíomh Fusong mar sin féin go mbíonn brabúsacht ró-ard mar thoradh ar hipearbhoilsciú. Is é is cúis leis sin, dá mbeadh maíomh Fusong ceart, go háirithe le haghaidh na tréimhse agus na hearnála atá á meas, go mbeadh coinne go bhfeicfí sna sonraí comhéifeacht comhghaolúcháin atá dearfach nó an-dearfach fiú (gar do + 1), rud nach amhlaidh:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(65) |
A mhéid a bhaineann le pointe (c)(ii), agus mar a mhínítear in aithris (28), mheas an Coimisiún, a mhéid a bhaineann le méid neamhshaofa a chinneadh le haghaidh chostais SGA agus brabúis, nach mór brí an tsaofa a chur ina chomhthéacs dlíthiúil sonrach, arb é an saobhadh suntasach a liostaítear in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Gan an comhthéacs sin, tá brí an tsaofa fós go hiomlán doiléir agus neamhiata. I bhfianaise líon ard na dtosca a dhéanann difear do phraghsanna i dtír, dá léirmhíneofaí ar bhealach éagsúil iad, bheadh sé beagnach dodhéanta an ceanglas maidir le tagarmharcanna agus méideanna neamhshaofa a chomhlíonadh. Thairis sin, fiú dá leanfaí gnáthbhrí an ‘saofa’, in CCCME d’fhorbair an Chúirt Ghinearálta an bhrí atá le ‘sonraí saofa’ i gcomhthéacs líomhain gur úsáid an Coimisiún sonraí den sórt sin agus an gnáthluach á ríomh aige faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Chinn an Chúirt, chun go measfaí iad a bheith ‘saofa’, nach mór a léiriú ‘go ndearnadh ionramháil ar shonraí den sórt sin nó nach bhfuil siad fíor i leith na réaltachta’ (14). Ar an gcaoi chéanna leis na hiarratasóirí in CCCME, níor sholáthair Fusong fianaise chuige sin. |
|
(66) |
A mhéid a bhaineann le pointe (c)(iii), thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus an méid a mholann Fusong, go n-áirítear sna sonraí a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce coigeartuithe le haghaidh boilscithe, san ioncam agus sna costais araon. Cé nach dtagann na coigeartuithe sin faoi raon feidhme Communiqué Ginearálta an Dlí maidir leis an Nós Imeachta Cánach (Uimh. sheichimh: 555) le haghaidh 2023, mheas Banc Ceannais na Tuirce go raibh na sonraí airgeadais a tuairiscíodh iontaofa, cruinn agus faisnéiseach go leor gur fiú iad a fhoilsiú agus a úsáid. |
|
(67) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh do mhaímh Fusong maidir le pointe (c). |
|
(68) |
A mhéid a bhaineann le pointe (d), shoiléirigh an Coimisiún nach critéar ann féin é an méid tionsclaíoch faoi Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Mar a mhínítear, áfach, in aithris (38), ós rud é go bhfuil an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh sa Mhalaeisia tearcfhorbartha, caitear amhras ar oiriúnacht na sonraí airgeadais atá ar fáil chun suimeanna réasúnta agus neamhshaofa le haghaidh costais SGA agus brabús a shuí. Is amhlaidh atá go háirithe toisc nach mbaineann na sonraí sin ach le cuideachta aonair ag a bhfuil gníomhaíochtaí an-sonrach ar dócha nach bhfuil siad ionadaíoch don earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh. Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún gurbh iomchuí brath go heisiach ar shonraí na cuideachta sin chun méideanna réasúnta agus neamhshaofa a shuí le haghaidh costais SGA agus le haghaidh brabúis. Mheas an Coimisiún, os a choinne sin, mar gheall ar mhéid na hearnála urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh sa Tuirc gur dócha go n-oibríonn earnáil an adhmaid níos leithne faoi dhálaí atá comhchosúil leis an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh, agus dá bhrí sin gur féidir na sonraí le haghaidh na hearnála adhmaid níos leithne sa Tuirc a úsáid chun na méideanna réasúnta neamhshaofa a shuí le haghaidh costais SGA agus le haghaidh brabúis. A mhéid a bhaineann le mian Fusong sonraí a úsáid le haghaidh earnáil an adhmaid i gcoitinne sa Mhalaeisia, míníodh in aithris (47) é, nach raibh an Coimisiún in ann sonraí den sórt sin a aimsiú. Thairis sin, níor chuir Fusong sonraí den sórt sin ar fáil ach oiread, ná níor mhol sé aon fhoinse a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(69) |
I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh do mhaímh Fusong maidir le pointe (d). |
|
(70) |
Tar éis an nochta chinntithigh, thug Fusong barúil maidir le ríomh na méideanna le haghaidh brabúis agus costais SGA agus mhaígh sé, cé gur chuir an Coimisiún na costais airgeadais san áireamh i gcostais SGA, nár asbhaineadh na costais airgeadais chéanna, áfach, ón mbrabús a bhí bunaithe ar an mbrabús oibriúcháin seachas ar an mbrabús roimh cháin. Dá bhrí sin, bhí na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun na méideanna a shuí le haghaidh chostais SGA agus le haghaidh brabúis neamhréireach agus neamhshiméadrach. |
|
(71) |
Thug an Coimisiún dá aire sna sonraí airgeadais a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce maidir le cuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu faoi NACE — C-162, go n-áirítear san ioncam ó oibríochtaí eile mír ar a dtugtar ‘Díbhinní ó rannpháirtíochtaí’. Le haghaidh 2023, arb í an bhliain í a úsáideadh ar dtús le haghaidh ríomhanna an Choimisiúin, bhí an mhír sin thar a bheith ard i gcomparáid leis na blianta uile roimhe sin, agus bheadh tionchar nach beag aici dá n-áireofaí í i ríomh an mhéid le haghaidh brabúis. |
|
(72) |
Ar an gcúis sin, agus méid brabúis á ríomh aige, d’úsáid an Coimisiún an brabús oibriúcháin ar dtús sa doiciméad maidir le nochtadh ginearálta cinntitheach, nach n-áirítear ann an mhír thuas, arna roinnt ar chostas na n-earraí a díoladh. Agus méid réasúnta á ríomh le haghaidh costais SGA, d’úsáid an Coimisiún suim na gcostas oibriúcháin agus na gcostas maoiniúcháin (dliteanais fhadtéarmacha agus ghearrthéarmacha), arna roinnt freisin ar chostas na n-earraí a díoladh. |
|
(73) |
Fuarthas amach go raibh údar maith le maíomh Fusong, go bhfuil an mhodheolaíocht thuas chun tagarmharcanna le haghaidh brabúis agus costais SGA a ríomh neamhréireach agus neamhshiméadrach. Go deimhin, cé gur cheart go gcumhdófaí freisin leis an mbrabús oibriúcháin na costais mhaoiniúcháin faoi seach chun go mbeadh an chuideachta brabúsach, cuireadh na costais mhaoiniúcháin sin san áireamh freisin i ríomh na gcostas SGA. I bhfocail eile, áiríodh sa mhodheolaíocht a leanadh sa doiciméad nochta ginearálta costais airgeadais sa dá mhéid a raibh comhaireamh dúbailte costas airgeadais mar thoradh orthu. |
|
(74) |
Chun an comhaireamh dúbailte a leigheas, bheadh sé riachtanach an brabús roimh cháin a úsáid lena n-áireofaí, áfach, ‘Díbhinní ó rannpháirtíochtaí’ a fuarthas, mar a mhínítear thuas in aithris (71), a bheith thar a bheith ard. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid nach iomchuí úsáid a bhaint as na sonraí a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce le haghaidh cuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu faoi NACE — C-162 le haghaidh 2023 toisc go raibh tionchar mór ag an mír sin ar bhrabúsacht na hearnála. |
|
(75) |
I bhfianaise an mhéid thuas, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a ríomh ar na méideanna le haghaidh brabúis agus costais SGA, agus úsáid á baint as na sonraí airgeadais a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce le haghaidh cuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu faoi NACE — C-162 le haghaidh 2022. Sa bhliain sin, agus sna blianta roimhe sin, bhí na díbhinní ó rannpháirtíochtaí ar leibhéil íosta agus dá bhrí sin ní raibh aon tionchar acu ar bhrabúsacht fhoriomlán na hearnála. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an méid le haghaidh chostais SGA agus brabúis atá bunaithe ar fhigiúirí 2022 réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(76) |
Le haghaidh ríomh athbhreithnithe an mhéid neamhshaofa agus réasúnta le haghaidh brabúis, d’úsáid an Coimisiún an brabús roimh mhíreanna urghnácha arna roinnt ar chostas na n-earraí a díoladh, agus é ag tabhairt dá aire go bhfuil an brabús roimh mhíreanna urghnácha glan ó chostais airgeadais cheana féin. I gcás ríomh athbhreithnithe an mhéid le haghaidh chostais SGA, d’úsáid an Coimisiún an cur chuige céanna agus a bhí sa doiciméad nochta ginearálta, i.e. suim na gcostas oibriúcháin agus na gcostas maoiniúcháin arna roinnt ar chostas na n-earraí a díoladh ar bhonn na sonraí airgeadais a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce le haghaidh cuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu faoi NACE — C-162 le haghaidh 2022. |
|
(77) |
Tar éis an athbhreithnithe ar an mbonn sin, ba é 16,1 % na costais SGA arna shloinneadh mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm maidir le costais neamhshaofa táirgthe. Ba é 8,4 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh agus arna chur i bhfeidhm maidir le costais neamhshaofa an táirgthe. Eisíodh nochtadh breise an 12 Bealtaine 2025 ina leith sin. |
|
(78) |
Tar éis an nochta chinntithigh, agus tagairt á déanamh do ríomh na gcostas SGA ar bhonn na sonraí arna dtuairisciú ag Banc Ceannais na Tuirce le haghaidh cuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí acu faoi NACE — C-162 le haghaidh 2023, d’athdhearbhaigh Forest a iarraidh go n-eisiafaí costais airgeadais a mheas sé a bheith thar a bheith ard. Ina ionad sin, mhol Forest na costais SGA a ríomh ar bhonn costais oibriúcháin, nó mar mhalairt air sin, trí úsáid a bhaint as cóimheas 2022 idir na costais maoiniúcháin agus costas na n-earraí a díoladh. |
|
(79) |
I bhfianaise an athbhreithnithe ar ríomh chostais SGA ar bhonn shonraí 2022 faoi seach mar a mhínítear in aithris (76) thuas, mheas an Coimisiún an pointe gan bhunús. |
|
(80) |
Tar éis an nochtadh breise, fuair an Coimisiún barúlacha ó CETI, Fusong agus Forest. |
|
(81) |
Ina bharúlacha, chuir CETI i gcoinne na n-athruithe i ríomh an bhrabúis agus na gcostas SGA, agus an méid seo a leanas á mhaíomh aige:
|
|
(82) |
A mhéid a bhaineann le pointí (a) agus (b), thug an Coimisiún dá aire, sa chomparáid a rinne CETI, go mbeadh an difríocht sa mhéid brabúis ríofa idir an bhliain 2022 agus 2023 trí úsáid a bhaint as brabús roimh cháin thart ar 50 %, agus dá bhrí sin, contrártha leis an méid is cosúil a thugann CETI le fios, go mbeadh tionchar an-mhór aici ar ríomh an ghnáthluacha. In aon chás, ní bhaineann comparáid na dtorthaí idir an bhliain 2022 agus 2023 trí úsáid a bhaint as brabús roimh cháin le hábhar. Is saincheist modheolaíochta go príomha í an tsaincheist ar thug an Coimisiún aghaidh uirthi ina nochtadh breise, rud a dhéanann difear freisin, áfach, don ríomh dumpála. Mar a mhínítear in aithris (71) thuas, mheas an Coimisiún go mbeadh sé mícheart chun críocha an ríomha sin mír a áireamh ina ríomh a dhealraíonn a bheith urghnách agus go hiomlán neamhghaolmhar le gníomhaíochtaí na gcuideachtaí. |
|
(83) |
A mhéid a bhaineann le húsáid sonraí airgeadais ó thréimhse nach bhfuil i gcomhthráth leis an tréimhse imscrúdaithe, thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil an cleachtas roimhe seo ceangailteach in aon chás, agus go ndéantar gach cás a mheasúnú ar a fhiúntas féin. De réir an chásdlí, rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála, ní mór a dhlíthiúlacht a mheasúnú i bhfianaise rialacha dlíthiúla agus, go háirithe, fhorálacha an bhun-Rialacháin, seachas ar bhonn chleachtas líomhnaithe roimhe seo de chuid institiúidí an Aontais maidir le cinntí a dhéanamh (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnais an 10 Feabhra 2021, RFA International v an Coimisiún, C-56/19 P, EU:C:2021:102, mír 79; an 4 Deireadh Fómhair 2006, Moser Baer India v an Chomhairle, T-300/03, EU:T:2006:289, mír 45; agus an 18 Deireadh Fómhair 2016, Crown Equipment (Suzhou) agus Crown Gabelstapler v an Chomhairle, T-351/13, nár foilsíodh, EU:T:2016:616, mír 107). |
|
(84) |
Thairis sin, mheas an Coimisiún nach mbaineann leibhéal na mbrabús a úsáidtear i gcásanna eile leis an Tuirc mar thír ionadaíoch le hábhar ach oiread agus nach féidir é a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil méid an bhrabúis a suíodh sa chás atá idir lámha réasúnta nó iomarcach. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire go mbaineann na cásanna dá dtagraíonn CETI ina aighneacht le hearnálacha seachas an earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh nó fiú leis an earnáil adhmaid i gcoitinne. |
|
(85) |
A mhéid a bhaineann le pointe (c), thug an Coimisiún dá aire, de bhun an bhun-Rialacháin, go bhfuil ríomh an chorrlaigh dumpála go hiomlán neamhspleách ar ríomh an chorrlaigh díobhála. Dá bhrí sin, ní bhaineann an breithniú maidir le cé chomh gar is atá an corrlach dumpála leis an gcorrlach díobhála go hiomlán le hábhar. |
|
(86) |
A mhéid a bhaineann le pointe (d), shoiléirigh an Coimisiún, murab ionann agus an méid a mholann CETI, gur cuireadh na cúiseanna le brabús oibriúcháin a úsáid sa nochtadh cinntitheach in iúl an tráth céanna do na páirtithe leasmhara uile. |
|
(87) |
Ina bharúlacha tar éis nochtadh breise, mhaígh Fusong an méid seo a leanas:
|
|
(88) |
Mar fhreagairt ar phointe (a), agus mar a mhínítear in aithris (71) thuas, cé go raibh sonraí 2023 iontaofa, níor ceadaíodh leo méid réasúnta a ríomh le haghaidh brabúis agus costais SGA. Bhí údar le húsáid sonraí ó thréimhse nach bhfuil i gcomhthráth leis an tréimhse imscrúdaithe sa chás atá idir lámha in éagmais sonraí iomchuí le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin sa Tuirc nó in aon tír ionadaíoch eile a d’fhéadfadh a bheith ann ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí (46) go (48) agus in aithris (76) thuas. Sa chás sin, d’úsáid an Coimisiún sonraí ó 2022, a mheas sé a bheith iontaofa agus sách nua agus, dá bhrí sin, a raibh méideanna le haghaidh chostais SGA agus brabúis mar thoradh orthu atá ‘neamhshaofa’ agus ‘réasúnta’ de réir bhrí na fomhíre deiridh d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Níor léirigh Fusong a mhalairt. |
|
(89) |
Mar fhreagairt ar phointe (b), mheas an Coimisiún go mbíonn ioncam ó oibríochtaí eile agus costais ó oibríochtaí eile mar chuid de ghnáthoibríochtaí cuideachta in earnáil monaraíochta de ghnáth. Ar choinníoll nach bhfuil a méid neamhghnách, mar a léirítear mar shampla trína chur i gcomparáid leis na príomh-mhíreanna oibriúcháin amhail láimhdeachas nó brabús oibriúcháin, is féidir iad a áireamh i ríomh méideanna réasúnta le haghaidh brabúis agus costais SGA. Níor thaispeáin Fusong go mbeadh méideanna do chostais SGA agus do bhrabús nach bhfuil réasúnach ná saofa mar thoradh ar ioncam den sórt sin a chur san áireamh. |
|
(90) |
Mar fhreagairt ar phointe (c), mheas an Coimisiún, murab ionann agus an méid a mhaíonn Fusong, nach bhfuil aon neamhshiméadracht sa ríomh. A mhéid a bhaineann leis an dá ríomh mhalartacha a mhol Fusong, thug an Coimisiún faoi deara, sa dá ríomh mhalartacha, go dtugtar neamhaird iomlán ar ioncam agus ar costais ó oibríochtaí eile. Ar na cúiseanna a mhínítear in aithris (89) thuas, níor mheas an Coimisiún gurbh iomchuí neamhaird a thabhairt orthu, agus dá bhrí sin, níor ghlac sé le ríomhanna malartacha Fusong. |
|
(91) |
I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh do mhaímh Fusong. |
3.1.3. Tagarmharcanna le haghaidh tosca táirgeachta
|
(92) |
Mhaígh grúpa Forest nach bhfuil údar le húsáid adhmad sáfa chun tagarmharc a ríomh le haghaidh veinírí, gan aon ghnéithe a sholáthar chun bunús a thabhairt leis an maíomh sin sa leagan oscailte dá bharúlacha áfach. |
|
(93) |
Mheas an Coimisiún go bhfuil údar iomlán lena chur chuige maidir le tagarmharc a bhunú le haghaidh veinírí ar bhonn an chostais d’adhmad sáfa, i bhfianaise go bhfuil tionchar suntasach ag speiceas adhmaid ar phraghsanna veinírí, agus dá bhrí sin nach léireofaí le tagarmharc atá bunaithe ar cód CC cineálach gan beann ar speiceas an adhmaid praghas margaidh veinírí, mar a leagtar amach in aithris (170) den Rialachán sealadach. I bhfianaise nár sholáthair grúpa Forest aon ghné chun údar a thabhairt dá mhaímh agus chun teacht salach ar chonclúidí an Choimisiúin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(94) |
Mhaígh grúpa Forest nach raibh údar le cur i bhfeidhm tagarmharc neamhshaofa le haghaidh an phríomhábhair ionchuir, is é sin lomáin darach arna n-úsáid ag an ngrúpa i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann. Dhearbhaigh an chuideachta go gceannaítear formhór mór na lomán go díreach ón Eoraip, rud a mhaígh sé a deimhníodh le doiciméid tacaíochta a tíolacadh le linn an imscrúdaithe. De réir na cuideachta, tá praghsanna na lomán darach neamhshaofa agus léiríonn siad coinníollacha an mhargaidh idirnáisiúnta. Thairis sin, mhaígh an chuideachta gur sloinneadh praghsanna ceannaigh idirbhirt in euro agus nach dtáirgtear lomáin darach go háitiúil mar gheall ar an gcosc ar leagan crann i gcás foraoiseacht nádúrtha. Dá bhrí sin, i dtuairim Fusong, ní fhéadfadh an saobhadh sa tSín difear a dhéanamh do na praghsanna. |
|
(95) |
Ní raibh fianaise leordhóthanach ann chun tacú leis na maímh maidir le ceannach díreach lomán. Níor cuireadh aon fhianaise faoi bhráid an Choimisiúin lena dheimhniú gur cheannaigh an chuideachta méid suntasach amhábhar go díreach ó sholáthróirí Eorpacha. Is léir ó na doiciméid agus an fhaisnéis a chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin ar fáil san imscrúdú gur ceannóidh nach mór gach lomán ó chuideachtaí (trádálaithe) sa tSín, cé gur ó thríú tíortha a seoladh na hearraí. Níor chuir an chuideachta aon fhianaise ar fáil a tháinig salach ar an saobhadh suntasach bunaithe sa tSín, mar a thuairiscítear i roinn 3 den Rialachán sealadach. Ní raibh tuilleadh mionshaothraithe ann maidir leis an mbealach a dhéanann an t-airgeadra a úsáidtear chun ceannach difear do shaobhadh sa mhargadh, agus chinn an Coimisiún nach raibh an argóint sin ábhartha san anailís ar an ábhar sin. Thairis sin, ní chuireann an cosc ar dhair a bhuaint bac ar shaobhadh a bheith ann. Ní mór a mheabhrú freisin go mbaineann an saobhadh leis an earnáil adhmaid ina iomláine, lena n-áirítear soláthróirí, mar a leagtar amach in aithris (125) den Rialachán sealadach: Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge lena mbaineann na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go bhfuil na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna arna lua roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir saobhadh. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht atá faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála.’ I bhfianaise go gceannaítear formhór mór na lomán ó chuideachtaí sa tSín, ní raibh an Coimisiún in ann a bhunú, ar bhonn na fianaise ar chomhad, nach raibh saobhadh ar chostais cheannaigh na lomán darach i gcás ghrúpa Fusong. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(96) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Fusong Group freisin gur cheannaigh siad formhór mór na lomán darach ó thrádálaithe atá bunaithe lasmuigh de mhórthír na Síne, i dtríú tír nach féidir a nochtadh ar chúiseanna rúndachta. Tá na trádálaithe sin ionchorpraithe faoin dlí áitiúil agus níor cheart iad a mheas mar thrádálaithe Síneacha. Thairis sin, tá an dá phríomhthrádálaí mar chuid de na grúpaí domhanda, agus ceann amháin atá liostaithe ar NASDAQ agus tá siad faoi réir rialacháin stocmhalartán agus rialacha rialachais na Stát Aontaithe. D’athdhearbhaigh Fusong go seoltar lomáin go díreach ón Eoraip. I dtuairim Fusong, tá na praghsanna ar leibhéal an mhargaidh agus, dá bhrí sin, níor cheart tagarmharc le haghaidh lomáin darach a bheith infheidhme. |
|
(97) |
Shonraigh an Coimisiún nach mbaineann áit seolta na n-earraí le hábhar sa mheasúnú ar an saobhadh praghsanna. De réir mar a suíodh in aithris (54), baineann an saobhadh le soláthróirí freisin. Cé go bhfuil an chuideachta bunaithe lasmuigh de mhórthír na Síne, i dtríú tír nach féidir a nochtadh ar chúiseanna rúndachta, ní athraíonn sé sin an fíoras gur cuideachta faoi úinéireacht na Síne é an trádálaí agus go ndéanann an saobhadh suntasach a aimsíodh le haghaidh na tíre difear dó. Ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil fochuideachta ar mhórthír na Síne ag an bpríomhsholáthróir, a bhfuil an chuideachta sealbhaíochta liostaithe ar NASDAQ, agus thairis sin go bhfuil úinéir tairbhiúil agus stiúrthóir na cuideachta sealbhaíochta ina chomhalta de cheann de choistí Chomhdháil Chomhairleach Pholaitiúil Phobal na Síne. Deimhnítear freisin le caidreamh bhainistíocht an trádálaí le comhlacht polaitiúil na Síne agus le húinéireacht na cuideachta atá bunaithe sa tSín go measfar ceannacháin tríd an trádálaí sin a bheith faoi réir saobhadh. A mhéid a bhaineann leis an dara grúpa, tá an chuideachta lonnaithe sa tír chéanna leis an gceann roimhe sin, agus tá a bpraghas ar an leibhéal céanna leis an bpríomhsholáthróir, rud a thugann le fios go bhfuil tionchar ag an saobhadh air freisin. Ar deireadh, tá na soláthróirí sin uile gníomhach ar mhargadh na Síne agus, dá bhrí sin, déanann an saobhadh suntasach trí fhórsaí iomaíochta difear dá bpraghsanna. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(98) |
Tar éis an nochta bhreise, nár thug aghaidh ar an maíomh maidir le praghsanna tagarmhairc le haghaidh logaí, d’iarr Fusong ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a mheasúnú ina leith sin trí thagairt a dhéanamh do na barúlacha maidir leis an nochtadh cinntitheach. Níor tháinig aon athrú ar mheasúnú an Choimisiúin. |
|
(99) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh Fusong, má choinnítear an Tuirc mar an tír ionadaíoch, gur cheart tagarmharcanna saothair agus leictreachais a ísliú, chun éifeachtaí tionchair urghnácha sa tír amhail boilsciú a bhaint. Mhol Fusong úsáid a bhaint as an meánráta boilscithe sa Tuirc thar thréimhse sách fada roimh 2021, le linn na mblianta nuair nach raibh tionchar ag boilsciú fíor-ard nó aon imthosca urghnácha eile ar an tír, chun na costais saothair agus leictreachais ba cheart a bheith le híoc ag táirgeoirí áitiúla le linn na tréimhse imscrúdúcháin a athchruthú in éagmais na dtionchar urghnách sin. |
|
(100) |
Thug an Coimisiún dá aire, ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí (60) agus (61), nár cheart a mheas go bhfuil costais saothair agus leictreachais saofa. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Fusong maidir leis an ngá atá le coigeartú. |
3.2. Costais mhonaraíochta
|
(101) |
D’iarr CETI deimhniú freisin go n-áirítear sa ghnáthluach meastachán ar fhorchostais mhonaraíochta, chun costais mhonaraíochta nach n-áirítear sna tosca táirgeachta a chumhdach. |
|
(102) |
Dheimhnigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithrisí (193) go (194) den Rialachán sealadach, gur suíodh na costais sin agus gur áiríodh iad sa ghnáthluach. |
3.3. An praghas onnmhairiúcháin
|
(103) |
In éagmais barúlacha maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin, deimhníodh aithrisí (201) go (202) den Rialachán sealadach. |
3.4. Comparáid
|
(104) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin, is iad sin grúpa Fusong agus grúpa Forest, nár cheart go mbeadh feidhm ag coigeartú an ghnáthluach a bhuí le CBL neamh-inaisíoctha ar onnmhairí an táirge lena mbaineann maidir leo, ós rud é go bhfuair siad aisíocaíocht CBL. Thug an dá chuideachta le fios go bhfuair siad aisíocaíocht CBL le haghaidh a ndíolachán onnmhairí ós rud é nár onnmhairigh siad an táirge lena mbaineann faoi chód taraife 4418 75 . Ina ionad sin, mhaígh siad gur onnmhairigh siad an táirge lena mbaineann faoi fho-cheannteidil eile, is é sin 4412 92 agus 4412 52 . Mhaígh na cuideachtaí freisin gur chuir siad i láthair dearbhuithe onnmhairiúcháin chustaim agus doiciméadacht a bhaineann le haisíocaíocht CBL lenar deimhníodh go bhfuarthas an aisíocaíocht CBL. |
|
(105) |
Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na maímh a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin isteach maidir le haicmiú an táirge lena mbaineann faoi chóid CC dhifriúla. Tar éis scrúdú a dhéanamh air, níor tháinig sé ar aon fhianaise chun tacú leis an maíomh go ndearna an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin onnmhairiúcháin na dtáirgí a aicmiú faoi chód CC difriúil. Is é cód CC 4418 75 an cód faoinar cheart an táirge lena mbaineann a aicmiú. Níor cheistigh an Coimisiún an dearbhú maidir le díolacháin onnmhairí ná na foirmeacha maidir le haisíocaíocht CBL. Rinne sé measúnú ar cé acu an raibh na díolacháin le haghaidh onnmhairiú i gcás an táirge lena mbaineann faoi réir na haisíocaíochta CBL má dearbhaíodh iad faoin gcód CC comhfhreagrach. Shuigh an Coimisiún ansin nach bhfuil an táirge lena mbaineann, a thagann faoi chód CC 4418 75 , faoi réir aisíocaíocht CBL. Níor agair aon cheann de na páirtithe leasmhara nach raibh sainmhíniú na n-earraí a thagann faoi chód CC 4418 75 sa tSín ailínithe leis an sainmhíniú a úsáideadh san imscrúdú seo agus níor mhínigh siad cén fáth ar dhearbhaigh siad a ndíolacháin onnmhairí faoi chód CC difriúil seachas faoi chód CC 4418 75 . |
|
(106) |
Thagair an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin don doiciméadacht a chuir siad i láthair le linn an imscrúdaithe maidir le dearbhuithe CBL. Mar sin féin, níl aon doiciméadacht ná réasúnaíocht curtha isteach acu chun údar a thabhairt don imeacht ó aicmiú an táirge lena mbaineann faoi aon chód eile seachas 4418 75 . Ós rud é gur dhearbhaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge faoi chód éagsúil, ní hionann sin agus a rá go bhfuil sé cruinn. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach fianaise leordhóthanach chun an táirge a aicmiú faoin gcód le haisíocaíocht CBL é féindearbhú na gcuideachtaí maidir leis an idirbheart le haghaidh onnmhairiúcháin agus a aicmiú taraife, in éagmais aon doiciméadacht eile lena ndearbhaítear go raibh an t-aicmiú sin ceart. Trí dhíolacháin onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann a dhearbhú faoin gcód nach bhfuil comhfhreagrach le sainmhíniú an táirge lena mbaineann, laghdaigh na cuideachtaí an praghas onnmhairiúcháin tríd an aisíocaíocht CBL a fháil. |
|
(107) |
Níor tháinig an Coimisiún ar aon fhianaise gur cheart an táirge lena mbaineann a aicmiú faoi aon fho-cheannteideal seachas 4418 75 , agus dá bhrí sin, choigeartaigh an CBL neamh-in-aisíoctha an gnáthluach go hiomchuí. Níor sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin aon fhianaise gur cheart iad a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na rialach sin agus nár cheart díolacháin an táirge lena mbaineann a aicmiú faoi chód CC 4418 75 . Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(108) |
Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Forest agus Fusong a maíomh gur cheart costais iompair agus dáileacháin a asbhaint ó ríomh an chostais SGA. Mhaígh na páirtithe, ós rud é gur asbhaineadh costais den sórt sin ón bpraghas onnmhairiúcháin, gur cheart iad a asbhaint ón ngnáthluach freisin chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal na comparáide córa. Chun meastachán a dhéanamh ar na costais iompair agus dáileacháin, d’athdhearbhaigh na páirtithe a moladh sonraí mionsonraithe airgeadais Orma, atá ar fáil go héasca, a úsáid. Go háirithe, mhol siad cóimheas Orma de chostais iompair agus dáileacháin thar a chostais oibriúcháin iomlána a ríomh agus an cóimheas sin a chur i bhfeidhm maidir leis na costais oibriúcháin arna dtuairisciú ag Banc Ceannais na Tuirce le haghaidh gníomhaíochtaí faoi NACE-162. Thairis sin, mheas Forest, mura féidir leis an gCoimisiún meastachán a dhéanamh ar na costais iompair agus dáileacháin le beachtas leordhóthanach, nár cheart dó costais iompair agus dáileacháin a asbhaint ón bpraghas onnmhairiúcháin. |
|
(109) |
Thug an Coimisiún dá aire, agus gnáthluach á ríomh ar leibhéal díreach ón monarcha, go n-asbhainfeadh sé costais iompair de ghnáth i gcás ina sainaithnítear na costais sin go soiléir agus ar leithligh. I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún gur mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta ar dtús ina breithiúnas uaithi i gcás CCCME, i gcomhréir leis an gcásdlí, má éilíonn páirtí coigeartuithe faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán chun go mbeidh an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin inchomparáide chun an corrlach dumpála a chinneadh, nach mór don pháirtí sin a chruthú go bhfuil údar lena éileamh. Is orthu siúd ar mian leo brath ar na coigeartuithe sonracha a liostaítear in Airteagal 2(10)(a) go (k) den bhun-Rialachán atá an dualgas a chruthú nach mór na coigeartuithe sin a dhéanamh (15). Dá bhrí sin, sa chás sin, mar atá san imscrúdú seo, ba faoi na páirtithe leasmhara a bhí sé, i gcomhréir leis an gcásdlí sin, an gá atá leis an gcoigeartú a iarradh a léiriú mar thaca le fianaise a thug siad ar aird le linn an imscrúdaithe (16). |
|
(110) |
Dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta ansin gur cheart a thabhairt faoi deara, cé go mb’fhéidir go bhféadfadh an cleachtas lena ndéantar coigeartuithe a bheith riachtanach, faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán, chun difríochtaí a chur san áireamh, ar difríochtaí iad atá idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach agus lena ndéantar a difear dá n-inchomparáideacht, nach féidir asbhaintí den sórt sin a dhéanamh i leith luach atá ríofa agus nach bhfuil, dá bhrí sin, ina fhíorluach. De ghnáth, ní bhíonn tionchar ag tosca a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’inchomparáideacht an luacha ar an luach féin, toisc gur bunaíodh go saorga é (17). Thairis sin, mar a tharla i gcás CCCME, sa chás faoi chaibidil, áiríodh le ríomh an ghnáthluacha in aghaidh an chineáil táirge ar bhonn ‘díreach ón monarcha’ méid réasúnta le haghaidh costais SGA agus níorbh ann d’aon fhianaise choincréiteach a léiríonn cé acu a bhí nó nach raibh costais choincréiteacha iompair agus dáileacháin san áireamh sna costais SGA a úsáideadh (agus má bhí, a mhéid a áiríodh iad). Dá bhrí sin, i bhfianaise dhiscréid an Choimisiúin i gcur i bhfeidhm Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán (18) chloígh cur chuige an Choimisiúin leis an gcásdlí is déanaí a bhaineann le maímh gan bhunús go bhfuil costais iompair san áireamh i gcostais SGA a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh faoi Airteagal 2(6a)(a), ar costais iad a mheasann an Coimisiún a bheith réasúnach le haghaidh leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(111) |
Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (49), ní raibh faisnéis mhionsonraithe maidir leis na costais sin sna sonraí a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire maidir leis an gcóimheas de chostais iompair agus dáileacháin thar na costais oibriúcháin fhoriomlána, ar choinníoll gur áiríodh iad ar an gcéad dul síos, rud nár léirigh na páirtithe leasmhara san imeacht seo, go bhféadfadh an cóimheas sin a bheith an-éagsúil de réir tosca amhail suíomh na monarchan, na cinn scríbe chuig a seoltar an táirge (19), agus na téarmaí seachadta. In éagmais aon fhaisnéise sonraí maidir leis na tosca sin i sonraí a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce, mheas an Coimisiún nárbh iomchuí coigeartú a dhéanamh ar bhonn shonraí airgeadais Orma. |
|
(112) |
Thairis sin, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí comparáid chóir a dhéanamh trí na costais iompair a áireamh sa phraghas onnmhairiúcháin. Is amhlaidh atá toisc go dtabharfaí le tuiscint leis sin go mbeadh na costais iompair agus dáileacháin arna dtabhú ag cuideachtaí na Tuirce san earnáil adhmaid níos leithne cosúil le costais tháirgeoirí onnmhairiúcháin urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh na Síne. Níl aon bhunús leis an toimhde sin, áfach. |
|
(113) |
Tar éis nochtadh breise, d’athdhearbhaigh Fusong agus Forest a maímh maidir le coigeartú síos chostais SGA ar bhonn na gcostas iompair arna dtabhú ag Orma, gan argóintí nua a dhéanamh, áfach. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(114) |
Mar chonclúid, mheas an Coimisiún, i bhfianaise na faisnéise a bhí ar fáil dó, nach raibh údar le coigeartú a dhéanamh ar chostais SGA le haghaidh costais iompair agus diúltaíodh do mhaímh na bpáirtithe. |
|
(115) |
Tar éis an nochta chinntithigh, thug dhá ghrúpa, Fusong agus an Forest, barúlacha maidir leis na torthaí ar ar a mbonn a coigeartaíodh an gnáthluach le haghaidh CBL neamh-inaisíoctha. |
|
(116) |
Ar an gcéad dul síos, mhaígh an dá pháirtí nach bhfuil inniúlacht ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar aicmiú taraife na Síne. Thairis sin, mhaígh siad go bhfuil measúnú an Choimisiúin mícheart, agus sa tSín, gur féidir an táirge lena mbaineann a aicmiú faoi chód 4412 52 nó 4412 92 . Chuir Forest nótaí custaim na Síne i láthair — Earraí Taraife Custaim agus Nótaí Ítime Taraife, nótaí le haghaidh chaibidil 44 le nótaí fo-cheannteidil. Ar an mbonn sin, mhaígh Forest gur cheart an táirge lena mbaineann a aicmiú faoi cheannteideal 4412 . Thairis sin, thug Forest dá aire nár lorg an Coimisiún aon mhíniú ná deimhniú ó údaráis chustaim na Síne ina leith sin. |
|
(117) |
Ar an dara dul síos, mhaígh Forest gur cheart don Choimisiún an bunús dlí beacht a sholáthar don choigeartú agus mionsaothrú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar maidir lena chur i bhfeidhm, is é sin, nach bhfuil an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach ar bhonn inchomparáide, agus go bhfuil toisc shonrach ann a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. |
|
(118) |
Ar deireadh, mhaígh an dá pháirtí, gan beann ar mheasúnú na gcód is infheidhme maidir leis an táirge lena mbaineann, gur cheart don Choimisiún comparáid a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin agus an cháin iarbhír a aisíocadh toisc go raibh an praghas onnmhairiúcháin glan ó CBL i ndáiríre. |
|
(119) |
Maidir leis an gcéad mhaíomh, níor ghlac an Coimisiún aon seasamh maidir le meastóireacht ná measúnú a dhéanamh ar aicmiú taraife na Síne. Thug an Coimisiún dá aire go n-aicmítear an táirge lena mbaineann faoin gcód CC, a bhfuil an tuairisc air comhchuibhithe agus dá bhrí sin an tuairisc chéanna air san Aontas agus sa tSín araon. Ar an gcúis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtagann an táirge lena mbaineann faoi chód CC 4418 75 . Níor chuir an Coimisiún isteach ar ainmníocht taraife na Síne, ach shuigh sé go bhfuil an cód agus an tuairisc ar chód CC 4418 75 ailínithe leis an táirge faoi imscrúdú. Ar bhonn an toraidh sin, suíodh go dtagann an táirge lena mbaineann faoi chód CC 4418 75 sa tSín, nach bhfuil aon aisíocaíocht CBL ann ina leith i gcás díolacháin onnmhairiúcháin. Maidir leis an líomhain nach ndeachaigh an Coimisiún i gcomhairle le Rialtas na Síne ina leith sin, tá sí gan bhunús. Mar a thuairiscítear in aithris (16) den Rialachán Sealadach, níor chomhoibrigh Rialtas na Síne leis an imscrúdú seo agus, d’ainneoin gur cuireadh an rialachán sealadach agus an doiciméad nochta chinntithigh ar fáil do Rialtas na Síne, níor thug Rialtas na Síne aon bharúil, gan trácht ar fhianaise dá mhalairt, maidir leis an ábhar sin. |
|
(120) |
Mhaígh Forest ina mbarúlacha, de réir na nótaí míniúcháin a ghabhann le Taraif Chustaim na Síne, nach dtagraíonn ceannteideal 4418 don táirge faoi imscrúdú cé gur luaigh sé go n-áirítear leis an gcód sin ‘urlár cóimeáilte, (lena n-áirítear urlár iontlaise) nó [...]’ arb é go díreach an táirge faoi imscrúdú é. Thairis sin, níor luaigh Forest ina barúlacha go bhfuil roinnt táirgí eisiata sna nótaí míniúcháin céanna, is é sin: Ní áirítear leis an gceannteideal seo: (1) Sraithadhmad, painéil veinírithe, agus adhmad lannaithe comhchosúil, a bhfuil veinír adhmaid thanaí ceangailte den dromchla chun aithris a dhéanamh ar urlár cóimeáilte faoi cheannteideal 44.18 (ceannteideal 44.12). Dá bhrí sin, ní thagann ach táirgí a bhfuil veinír aghaidhe tanaí acu a dhéanann aithris ar an táirge faoi imscrúdú ach nach iad an táirge faoi imscrúdú iad faoin gcód a úsáideann na honnmhaireoirí, is é sin 4412 52 agus 4412 92 . |
|
(121) |
Thairis sin, de réir léirmhíniú Forest, is féidir roinnt táirgí eile a aicmiú faoi cheannteideal 4418 , mar shampla sraitheanna ilsrathacha caithimh. Thug an Coimisiún dá aire gur onnmhairigh Forest táirgí a aicmítear mar tháirgí ilsrathacha freisin agus nár cuireadh CC 4418 i bhfeidhm fós maidir leis na díolacháin sin. Tuairiscíodh na díolacháin sin gan aon cháin. Is léir ansin maidir leis na cóid a chuireann an chuideachta i bhfeidhm le haghaidh na dtáirgí a dhíoltar lena n-onnmhairiú, nach bhfreagraíonn na cóid sin don tuairisc ar an táirge, fiú ar bhonn na nótaí míniúcháin. Dá bhrí sin, níor athraigh an Coimisiún a chonclúid go dtagann an táirge lena mbaineann faoi cheannteideal CC 4418 . |
|
(122) |
Ar an dara dul síos, deimhníonn an Coimisiún leis seo gurb é Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán an bunús dlí a úsáidtear, ina dtagraítear do thosca eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chomparáid praghsanna. Mhaígh na cuideachtaí nach ndéanann CBL neamh-inaisíoctha ar dhíolacháin onnmhairiúcháin na dtáirgí faoi chód 4418 75 difear don chomparáid praghsanna toisc go bhfuair na honnmhaireoirí an CBL a aisíocadh le haghaidh na ndíolachán sin go hiarbhír. De réir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, ní bhaineann sé le hábhar go bhfuair na cuideachtaí an aisíocaíocht CBL toisc gur aicmíodh na hearraí faoi chód CC táirgí seachas an táirge faoi imscrúdú, agus níor cheart ach an fíoras maidir leis an aisíocaíocht iarbhír a fuarthas a chur san áireamh le haghaidh comparáid praghsanna agus coigeartuithe faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán. D’athdhearbhaigh an Coimisiún, ar bhonn an toraidh san imscrúdú, nach dtairbhíonn an táirge faoi imscrúdú den aisíocaíocht CBL; dá bhrí sin, rinneadh an gnáthluach a choigeartú dá réir. Dá bhrí sin, bhí údar le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(k). |
|
(123) |
Chomh maith leis sin, an maíomh ó Forest go gceanglaítear le hAirteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán caighdeán dlíthiúil agus fianaise níos airde le haghaidh coigeartuithe i gcomparáid leo siúd is infheidhme faoi phointí (a) – (j), níl an maíomh sin cruinn. Is é is aidhm i gcónaí don chaighdeán a cheanglaítear faoi phointe (k) a áirithiú go ndéanfar comparáid chóir idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach, mar a leagtar amach i dtéarmaí ginearálta i réamhrá Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, is ionann an caighdeán dlíthiúil agus fianaise le haghaidh coigeartuithe faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán agus an caighdeán is infheidhme faoi litreacha eile na forála sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus d’fhan sé leis an measúnú in aithrisí (104) – (107). |
|
(124) |
Níor glacadh le maímh na gcuideachtaí go bhfuil a bpraghas onnmhairiúcháin glan ó CBL ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí (116)-(118) thuas, agus úsáid á baint as an gcód CC nach bhfuil i gcomhréir leis an tuairisc ar an táirge san ainmníocht chustaim. Níor thug aon cheann de na cuideachtaí bunús lena maímh le fianaise leordhóthanach ina léirítear gur cheart an t-aicmiú faoi chód eile a chur i bhfeidhm ar an táirge faoi imscrúdú. |
|
(125) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtagann an táirge faoi imscrúdú faoi chód CC 4418 75 agus gur cheart an gnáthluach a choigeartú dá réir le haghaidh an CBL neamh-inaisíoctha don chomparáid chóir. Diúltaíodh do mhaímh na gcuideachtaí ina leith sin. |
|
(126) |
Tar éis an nochta bhreise, nochtadh nár bhain leis na maímh maidir leis an gcoigeartú ar CBL neamh-inaisíoctha, d’iarr an dá pháirtí ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a mheasúnú i ndáil leis sin ag tagairt dá mbarúlacha roimhe sin maidir leis an nochtadh cinntitheach. Níor tháinig aon athrú ar mheasúnú an Choimisiúin. |
3.5. Corrlaigh dhumpála
|
(127) |
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na tagarmharcanna le haghaidh costais SGA agus brabúis mar a thuairiscítear in aithrisí (46) go (51), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála. |
|
(128) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den phraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:
|
4. DÍOBHÁIL
|
(129) |
Níor lean formhór na maíomh struchtúr an Rialacháin shealadaigh, nó lean siad é go páirteach. Rinne an Coimisiún a dhícheall na maímh a fuair sé faoi na ranna oiriúnacha sa Rialachán a chur san áireamh. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur bhain roinnt mhaith de na maímh a chuir CNSTTF isteach faoin gceannteideal ‘díobháil’ le hargóintí maidir le cúisíocht. Dá bhrí sin, tá aghaidh tugtha ag an gCoimisiún ar na maímh sin faoi roinn 5 den Rialachán seo. |
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(130) |
In éagmais barúlacha maidir leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais, deimhníodh aithrisí (216) go (217) den Rialachán sealadach. |
4.2. Margadh ábhartha an Aontais a chinneadh
|
(131) |
In éagmais barúlacha maidir le margadh ábhartha an Aontais a chinneadh, deimhníodh aithrisí (218) go (221) den Rialachán sealadach. |
4.3. Tomhaltas an Aontais
|
(132) |
In éagmais barúlacha maidir le tomhaltas an Aontais, deimhníodh aithrisí (222) go (226) den Rialachán sealadach. |
4.4. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.4.1. Líon agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(133) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF gur léirigh na cainníochtaí allmhairiúcháin i méadair chearnacha (m2) a d’fhoilsigh Eurostat laghdú níos géire ar allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú ná an laghdú ar allmhairí a léirigh na sonraí Eurostat arna gcoigeartú ag an gCoimisiún i dTábla 3 den Rialachán sealadach. |
|
(134) |
Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil údar tugtha aige in aithris (227) den Rialachán sealadach don ghá atá ann na cainníochtaí allmhairiúcháin i méadair chearnacha ó Eurostat a choigeartú i bhfianaise na lochtanna i sonraí neamhchoigeartaithe Eurostat. Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún nach fiú na treochtaí a leanann na sonraí neamhchoigeartaithe a phlé. |
|
(135) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CNSTTF gur cheistigh sé an gá atá le coigeartú a dhéanamh ar shonraí allmhairiúcháin agus mheas sé nár bunaíodh an mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún ar fhianaise oibiachtúil, infhíoraithe agus inchreidte. |
|
(136) |
Tugadh údar leis an gcoigeartú a rinne an Coimisiún in aithris (227) den Rialachán sealadach. Mar sin féin, diúltaíodh do bharúlacha CNSTTF toisc nár tugadh aon chúis chun tacú leis an tuairim go raibh amhras ann faoin gcoigeartú nó nach raibh an mhodheolaíocht bunaithe ar fhianaise oibiachtúil, infhíoraithe agus inchreidte. |
|
(137) |
Cháin CNSTTF freisin an úsáid a baineadh as na sonraí allmhairiúcháin (i ndearbhthéarmaí agus i ndáil le tomhaltas) sna torthaí díobhála. Dhírigh CNSTTF beagnach go heisiach ar an laghdú ar chainníochtaí allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ar an laghdú ar an sciar den mhargadh sa bhliain sin. |
|
(138) |
Ina anailís sa Rialachán sealadach (i roinn 4.4.1, lena n-áirítear Tábla 3), thíolaic an Coimisiún measúnú níos cothroime ar na sonraí allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus mhínigh sé a chomhthéacs. Go deimhin, ciallaíonn an titim ar thomhaltas le linn na tréimhse imscrúdúcháin (29 %) go dtugann na sonraí maidir leis an sciar den mhargadh léamh níos fearr ar threochtaí maidir le méid na n-allmhairí ná mar a thugann dearbhfhigiúirí. Mar a shonraítear in aithris (231) den Rialachán sealadach, tháinig méadú ar allmhairí ón tSín ó 16,8 % in 2020 go 22,5 %, arbh ionann é agus méadú 34 %. Tharla an laghdú ar an sciar den mhargadh in 2023 mar gheall ar leibhéil arda stoc allmhaireoirí ag deireadh 2022. Ina theannta sin, agus measúnú á dhéanamh ar chineál díobhálach na n-allmhairí, níor mheas CNSTTF gur thit praghsanna ón tSín go mór in 2023 ná gur shocht siad praghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh nach raibh leibhéil na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus an tréimhse imscrúdúcháin díobhálach. |
|
(139) |
In éagmais barúlacha eile maidir le líon agus sciar margaidh allmhairí ón tSín, deimhníodh aithrisí (227) go (231) den Rialachán sealadach. |
|
(140) |
Chuir CNSTTF maíomh isteach maidir le cainníochtaí allmhairiúcháin a mhéid a bhaineann lena dtionchar ar an gcúisíocht díobhála. Pléadh an maíomh sin i roinn 5.1 thíos. |
4.4.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais
|
(141) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Amorim, Barth, CNSTTF, MEFO Floor agus Puderbach gur cheart an leibhéal coigeartaithe trádála a d’úsáid an Coimisiún in aithris (242) den Rialachán sealadach a mhéadú toisc nach gcumhdaíonn sé costais trádstórais, lóistíochta, díolacháin agus margaíochta uile an dáileora i margadh an Aontais. Go háirithe, mhol Amorim costais SGA cuideachta sa Tuirc (an tír thagartha) a úsáid mar a luaitear in aithris (199) den Rialachán sealadach, agus arbh é 19,5 % de chostais na n-earraí a díoladh é. |
|
(142) |
Chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh sin ós rud é nár chuir na páirtithe sin aon fhianaise isteach chun tacú leis. I roinn 7.2 den Rialachán sealadach, thagair an Coimisiún don easpa sonraí fíoraithe atá ar fáil don Choimisiún ón earnáil allmhairiúcháin agus trádála. Níor chomhoibrigh ach allmhaireoir amháin go hiomlán leis an imscrúdú, ar allmhaireoir é a bhí freagrach as 6 % d’allmhairí ón tSín sa tréimhse imscrúdúcháin. Mar thoradh air sin, níl sonraí leordhóthanacha ann chun údar a thabhairt do mhéadú an choigeartaithe ar an leibhéal coigeartaithe trádála a luaitear in aithris (242) den Rialachán sealadach. Thairis sin, chinn an Coimisiún go raibh maíomh Amorim maidir le húsáid costais SGA 19,5 % de chuideachta sa Tuirc mícheart ós rud é nach féidir an coigeartú ar an leibhéal coigeartaithe trádála a bhunú ar shonraí SGA ón tír ionadaíoch agus a shloinneadh mar chéatadán de chostais na n-earraí a díoladh seachas láimhdeachas. In aon chás, tá argóint Amorim gan chuspóir, ós rud é gur athraigh an Coimisiún leibhéal na gcostas SGA mar a shonraítear in aithris (51) den Rialachán seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(143) |
In éagmais aon bharúil eile maidir le praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais, deimhníodh aithrisí (232) go (244) den Rialachán sealadach. |
|
(144) |
Tar éis an nochta chinntithigh, thug Amorim barúil go raibh locht ar anailís shladghearrtha an Choimisiúin toisc nár chuir sé difríochtaí i saintréithe táirge amhail grádú agus brandáil san áireamh go leordhóthanach. |
|
(145) |
Mar sin féin, ní thugtar aon mhionsonraí sna barúlacha a tugadh chun míniú a thabhairt ar aon neamhshiméadracht a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir le grádú nó brandáil nó conas a d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na neamhshiméadrachtaí sin a mheastar a bheith ann. Maidir le grádú, tagraíonn an Coimisiún d’aithris (240) den Rialachán sealadach ina mínítear an modh a d’úsáid an Coimisiún chun grádú a chur san áireamh a mhéid is féidir ina ríomhanna. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ós rud é nach raibh aon fhaisnéis ar comhad aige chun a léiriú nár tugadh aghaidh i gceart ar shaincheist an ghrádaithe, nach raibh sé in ann na ríomhanna a choigeartú ar an gcúis sin i bhfabhar thionscal an Aontais ná tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(146) |
Rinne Holz-Richter agus Barth trácht freisin ar shaincheisteanna maidir le hinchomparáideacht praghsanna ina mbarúlacha tar éis an nochta chinntithigh. Dúirt na páirtithe sin go raibh anailís shladghearrtha an Choimisiúin lochtach toisc nár cuireadh san áireamh go leordhóthanach inti gur gráid ar cháilíocht íseal a bhí in allmhairí ón tSín den chuid is mó. |
|
(147) |
Chuir an Coimisiún grádú san áireamh sna comparáidí praghsanna agus nocht sé a ríomhanna do na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann. Go deimhin, ní chuireann an Coimisiún ina choinne gur de ghráid neamhphríomha a bhí i gcainníocht ard allmhairí ón tSín, ach rinneadh comparáid idir na hallmhairí sin agus na gráid neamhphríomha de thionscal an Aontais amháin. Tagraíonn an Coimisiún d’aithris (240) den Rialachán sealadach ina mínítear an modh a d’úsáid an Coimisiún chun grádú a chur san áireamh a mhéid is féidir ina ríomhanna. Fíoraíodh na praghsanna uile a úsáideadh sna ríomhanna (i ndáil le honnmhairí na Síne agus díolacháin thionscal an Aontais araon) ar an láthair. Ní raibh aon fhianaise ann gur díoladh cainníochtaí móra de tháirgí Síneacha grádaithe an-íseal ar mhargadh an Aontais nó go raibh táirgí den sórt sin de ghrád an-íseal níos forleithne ná mar a bhí laistigh díobh siúd a dhíol tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(148) |
Dúirt Amorim freisin go raibh anailís shladghearrtha an Choimisiúin lochtach toisc nár cuireadh difríochtaí sa leibhéal coigeartaithe trádála san áireamh go leordhóthanach sa choigeartú 5 % a rinneadh ar an leibhéal coigeartaithe trádála. Rinne Holz-Richter maímh freisin maidir le tionchar na slabhraí díolacháin ar na ríomhanna. Dúirt Amorim nár aontaigh sé le frisnéis an Choimisiúin ar a bharúlacha bunaidh (a thuairiscítear thuas in aithrisí (141) agus (142) toisc nár diúltaíodh don bharúil ach ar ‘fhorais theicniúla’ – i.e. mar gheall ar easpa fianaise chun tacú leis an maíomh). Tá an Coimisiún fós den tuairim nár cuireadh aon fhianaise infhíoraithe isteach chun tacú le méadú sa choigeartú ar an leibhéal coigeartaithe trádála. |
|
(149) |
In aithris (142) mhínigh an Coimisiún freisin nach ar bhonn easpa tacaíochta fianaise amháin a diúltaíodh don choigeartú níos airde a mhol Amorim (19,5 % de chostas na n-earraí a díoladh ar bhonn shonraí na Tuirce) , ach gur ó fhoinse nach foinse de chuid an Aontais í freisin. Thairis sin, ba ghá an figiúr sin a laghdú toisc gur céatadán de chostas na n-earraí a díoladh a bhí ann, seachas láimhdeachas, agus, ós rud é nach gcuirfí i bhfeidhm é ach amháin maidir le díolacháin an Aontais a rinneadh trí thrádálaithe comhlachaithe (thart ar 67 %), níor mhór é a laghdú a thuilleadh fós. |
|
(150) |
Bheadh coigeartú thart ar 10 % mar thoradh ar an gcoigeartú ar an leibhéal coigeartaithe trádála a mhol Amorim dá thoradh sin nuair a chuirtear ina chomhthéacs cuí é. Mhaígh Amorim ina aighneacht nach raibh an coigeartú ar an leibhéal coigeartaithe trádála leordhóthanach agus go raibh an baol ann go ndéanfadh sé sin an corrlach sladghearrtha a shaobhadh (suas), ionas go ndéanfaí rómheastachán ar a thionchar ar an anailís chúisíochta. Mar sin féin, ní bheadh coigeartú 10 % éifeachtach chun na corrlaigh sladghearrtha a fhaightear in aithris (238) den Rialachán Sealadach a laghdú chuig leibhéil a d’athródh na torthaí díobhála agus cúisíochta. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh a rinneadh maidir le sladghearradh. |
|
(151) |
Thug Holz-Richter barúlacha maidir le bónais nó lascainí luathíocaíochta arna dtairiscint ag táirgeoirí de chuid an Aontais nach ndéanann onnmhaireoirí de chuid na Síne a thairiscint. |
|
(152) |
Ós rud é go ndearnadh na ríomhanna trí úsáid a bhaint as praghsanna glan ó na lascainí uile, tá an Coimisiún sásta nár saobhadh na ríomhanna leis an tsaincheist sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(153) |
Thug Holz-Richter barúlacha freisin maidir le saincheisteanna eile a d’fhéadfadh na ríomhanna sladghearrtha amhail bónais nó lascainí luathíocaíochta, rátaí lasta agus costais chreidmheasa a shaobhadh. |
|
(154) |
Ós rud é go ndearnadh na ríomhanna trí úsáid a bhaint as praghsanna glan ó na lascainí uile, tá an Coimisiún sásta nár saobhadh na ríomhanna leis an tsaincheist sin. Maidir le rátaí lasta agus costais chreidmheasa, rinneadh na ríomhanna ar leibhéal CAL le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ina theannta sin, níor asbhaineadh costais chreidmheasa ó phraghsanna CAL na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(155) |
Rinne CNSTTF maímh maidir le praghsanna allmhairiúcháin a mhéid a bhaineann lena dtionchar ar an gcúisíocht díobhála. Pléitear na maímh sin faoi roinn 5.1 thíos. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(156) |
In éagmais barúlacha maidir le ráitis ghinearálta ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, deimhníodh aithrisí (245) go (249) den Rialachán sealadach. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(157) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF gurb e an laghdú ar thomhaltas, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta ba chúis leis an laghdú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Pléitear na maímh a bhaineann le cúisíocht i mír 5 thíos. |
|
(158) |
In éagmais barúlacha eile maidir le táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta, deimhníodh aithrisí 250 go 253 den Rialachán sealadach. |
4.5.2.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
(159) |
Tar éis an nochta shealadaigh, d’easaontaigh CNSTTF le cinneadh an Choimisiúin go bhfuil nasc ann idir an laghdú ar chainníochtaí díolacháin thionscal an Aontais agus dul i bhfód allmhairí ón tSín sa mhargadh. Go háirithe, d’áitigh CNSTTF i) nár admhaigh an Coimisiún gur tháinig laghdú de chéatadán níos mó ar allmhairí ón tSín in 2023 ná tionscal an Aontais, rud a mheasann CNSTTF mar tháscaire gurbh iad an laghdú ar thomhaltas agus an méadú ar chostais táirgeachta ba chúis leis na treochtaí sin agus ii) go bhfuil níos lú airde tugtha ag an gCoimisiún ar an bhfachtóir sin le linn a mheasúnaithe ná don laghdú ar dhíolacháin an Aontais. |
|
(160) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. A mhéid a bhaineann le pointe (i), thug an Coimisiún cur i láthair trédhearcach ar na sonraí agus i gcás inarb iomchuí anailís bliain ar bhliain ar fhorbairt díolacháin, méideanna agus sciartha den mhargadh. A mhéid a bhaineann le pointe (ii), rinne an Coimisiún anailís chuimsitheach ar na táscairí uile díobhála agus míníodh a chonclúidí maidir le díobháil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(161) |
In éagmais barúlacha eile maidir le méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh, deimhníodh aithrisí (254) go (259) den Rialachán sealadach. |
|
(162) |
Tugtar aghaidh ar impleachtaí an mhaímh ar chúisíocht i roinn 5.1 thíos. |
4.5.2.3. Fás
|
(163) |
In éagmais barúlacha maidir le fás, deimhníodh aithris (260) den Rialachán sealadach. |
4.5.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(164) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF gur cheart forbairtí i bhfostaíocht agus táirgiúlacht a chur i leith an laghdú ar chainníochtaí díolacháin agus táirgeachta. |
|
(165) |
Chinn an Coimisiún nach raibh fiúntas sa mhaíomh sin toisc go raibh an toradh sin luaite in aithris (286) den Rialachán sealadach cheana. |
|
(166) |
In éagmais barúlacha eile maidir le fostaíocht agus táirgiúlacht, deimhníodh aithrisí 261 go 263 den Rialachán sealadach. |
4.5.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo
|
(167) |
In éagmais barúlacha maidir le méid an chorrlaigh dumpála agus maidir le téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo, deimhníodh aithrisí (264) go (265) den Rialachán sealadach. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(168) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF gur 2023 amháin a bhí i gceist nuair nach raibh tionscal an Aontais in ann méaduithe ar chostais a chur ar aghaidh ina bpraghsanna díolacháin. |
|
(169) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a luaitear in aithris 276 den Rialachán sealadach, thosaigh brabúsacht thionscal an Aontais ag laghdú in 2022, ar bhliain í ina raibh costais ag méadú mar a léirítear i dtábla 8 den Rialachán sealadach. Dá thoradh sin, thosaigh cumas thionscal an Aontais méaduithe ar chostais a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí ag laghdú in 2022. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(170) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF nár thacaigh an chomparáid idir praghsanna agus costais thionscal an Aontais i dTábla 8 den Rialachán sealadach leis an toradh i dTábla 11 den Rialachán sin, is é sin, go raibh díolacháin an Aontais neamhbhrabúsach in 2023. |
|
(171) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a luaitear in aithris (267) den Rialachán sealadach, ba iad na praghsanna díola na praghsanna a rinne tionscal an Aontas do pháirtithe neamh-chomhlachaithe (lena n-áirítear na díolacháin a rinne a dtrádálaithe comhlachaithe), agus ní raibh i gceist leis na costais aonaid ach an costas táirgthe arna thabhú ag táirgeoirí sampláilte an Aontais agus acu sin amháin. Bhí tionscal an Aontais neamhbhrabúsach in 2023 toisc gur thabhaigh na díolacháin sin tuilleadh costas, is e sin, costais na dtrádálaithe comhlachaithe dá dtagraítear in aithris (18) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(172) |
Tar éis an nochta shealadaigh, chuir CNSTTF i gcoinne an toraidh maidir le sochtadh praghsanna a luaitear in aithrisí (267) go (270) den Rialachán sealadach. Go háirithe, mhaígh CNSTTF nár mheas an Coimisiún an dtiocfadh méadú ar phraghsanna intíre in éagmais na n-allmhairí ón tSín a líomhnaíodh gur dumpáladh iad. |
|
(173) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Braitheann measúnú an Choimisiúin sa Rialachán sealadach go príomha ar an tionchar a bheidh ag praghsanna na n-allmhairí ón tSín ar staid thionscal an Aontais, mar shampla i ranna 4.5.4 agus 5.1 den Rialachán sealadach (‘an chonclúid ar dhíobháil’ agus ‘éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte’ faoi seach). Dá bhrí sin, ní hamháin go ndearna an Coimisiún anailís iomlán ar shochtadh praghsanna ach tháinig sé ar an gconclúid gur a bhuí le hallmhairí ón tSín go príomha a laghdaigh brabúsacht in 2022 agus 2023. In éagmais cainníochtaí móra d’allmhairí ar phraghas íseal ón tSín, bheadh an tAontas in ann dul i ngleic leis na dúshláin de mhéadú na gcostas agus laghdú an tomhaltais i bhfad níos fearr in 2022 agus 2023. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(174) |
D’fhill Amorim ar shaincheist na bpraghsanna agus na dtosca a raibh tionchar acu ar phraghsanna (roinn 4.5.3.1 den Rialachán sealadach) ina bharúlacha tar éis an nochta chinntithigh. Dúirt Amorim nár cuireadh san áireamh i gceart in anailís an Choimisiúin go raibh tionchar ag ‘tosca eile’, amhail méaduithe ar chostais agus titim ar thomhaltas, ar shochtadh praghsanna agus ar bhrabúis laghdaithe. |
|
(175) |
D’easaontaigh an Coimisiún nár cuireadh na tosca sin san áireamh. Go deimhin, áirítear an dá shaincheist san anailís i roinn 4.5.3.1 agus áiríodh anailís níos mionsonraithe i ranna 5.2.3 agus 5.2.4 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(176) |
Dúirt Amorim freisin go raibh an anailís ar chostais táirgthe i dTábla 8 lochtach toisc nár cumhdaíodh léi ach costais táirgthe. |
|
(177) |
Go deimhin, cumhdaítear le Tábla 8 den Rialachán sealadach costais uile eintiteas táirgthe tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Áirítear leis sin a gcostais SGA le haghaidh díolacháin dhíreacha. Trí na costais a chur i láthair ar an mbealach sin, bhí an Coimisiún in ann a léiriú an tábhacht a bhaineann le méaduithe costais i gcoibhneas le costais iomlána na gcuideachtaí táirgthe. Ba le hamhábhair a bhain na príomh-mhéaduithe costais mar a shonraítear in aithris (268) den Rialachán sealadach, ar costais táirgthe iad ar ndóigh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(178) |
Ina theannta sin, mhaígh Amorim go raibh an anailís bhrabúsachta lochtach toisc nár chuir sé costais díolacháin na dtrádálaithe comhlachaithe san áireamh. |
|
(179) |
Mar sin féin, cumhdaíodh leis na sonraí brabúsachta i dTábla 11 den Rialachán sealadach láimhdeachas díolachán agus costais na dtrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus a dtrádálaithe comhlachaithe. Cuirtear in iúl go soiléir i dTábla 11 den Rialachán sealadach gur le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas atá an láimhdeachas díolachán. Nocht an Coimisiún ríomh na brabúsachta do gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais, rud a léirigh miondealú ar láimhdeachas agus ar chostais de réir eintiteas an Ghrúpa. Léiríodh sa ríomh freisin nach mbaineann an treocht bhrabúsachta ach le táirgeacht an Aontais, seachas le táirgeadh grúpeintiteas eile a d’fhéadfadh a bheith lonnaithe lasmuigh den Aontas. Os rud é nach raibh aon neamhréir ann idir ioncam agus costais áitíonn an Coimisiún go bhfuil a fhigiúirí brabúsachta cruinn agus diúltaíodh do mhaíomh Amorim. |
|
(180) |
Dúirt Amorim agus CNSTTF freisin nach ndearna an Coimisiún anailís fhrithfhíorasach ar na tosca a dhéanann difear do shochtadh praghsanna. Maíonn siad go bhfuil anailís fhrithfhíorasach fíor-riachtanach chun sochtadh praghsanna a shuí faoi dhlí EDT agus faoi dhlí an Aontais. Leis sin is éard atá i gceist acu, an mbeadh méadú tagtha ar phraghsanna an Aontais in éagmais allmhairí a líomhnaítear a dumpáladh. |
|
(181) |
Ar an gcéad dul síos, mheabhraigh an Coimisiún gur pléadh san anailís a rinneadh sa roinn cúisíochta den Rialachán sealadach saincheist na bpraghsanna méadaithe agus freagairt thionscal an Aontais ar na méaduithe sin. Ar an gcaoi chéanna, pléadh sa Rialachán sealadach freisin an laghdú ar thomhaltas agus a thionchar ar thionscal an Aontais. Luadh in aithris (316) den Rialachán sealadach nach mór do tháirgeoirí a bheith in ann oiriúnú do mhéaduithe ar chostais amhábhar agus fuinnimh trí mhéaduithe den sórt sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Mura mbeadh, ní bheadh gnó inmharthana ag táirgeoirí den sórt sin. Shainaithin an Coimisiún méid na méaduithe costais i dTábla 8 den Rialachán sealadach ach thug sé dá aire gurbh iad allmhairí dumpáilte go príomha ba chúis leis na méaduithe costais sin nach bhféadfaí a chur ar aghaidh go hiomlán chuig a chustaiméirí. Rinneadh an cineál sin anailíse ar bhonn bliain ar bhliain le haghaidh méaduithe costais agus laghdú ar thomhaltas araon. Bhí an Coimisiún in ann a léiriú go raibh ról mór ag allmhairí dumpáilte maidir le praghsanna a shochtadh agus maidir le caillteanais i méid na ndíolachán agus sa sciar den mhargadh. Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go réasúnta, in éagmais an tsochta mhóir ar phraghsanna mar a léirítear sna corrlaigh ghearrdhíola, go dtarlódh méaduithe ar phraghsanna in éagmais allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíonn an Coimisiún don mhaíomh nach raibh a anailís ag luí le rialacha EDT ná le dlí an Aontais. |
|
(182) |
Maidir le maíomh Amorim gurbh í an iomaíocht laistigh den Aontas ba chúis le sochtadh praghsanna, cuireann an Coimisiún in iúl nach bhfuil an maíomh sin bailí ar bhonn sonraí a bhí sa cháschomhad. Is minic a bhí cineálacha táirgí na dtrí tháirgeoir de chuid an Aontais in iomaíocht lena chéile ach bhí siad ar leibhéal níos airde ná praghsanna na gcineálacha inchomparáide urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh arna ndíol ag táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na Síne. Ina theannta sin, fuarthas amach go ndearna gach ceann de na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sladghearradh ar thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(183) |
Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta chinntithigh, mheas CNSTTF nár bhunaigh an Coimisiún a chinneadh maidir le díobháil ar fhianaise dhearfach agus nach ndearna sé anailís ar éifeacht praghsanna mar a cheanglaítear leis an mbun-Rialachán. Mar chuid dá spreagadh chun na tuairime sin, dúirt CNSTTF ‘nach ndearna an Coimisiún anailís ar éifeacht allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ón tSín ar phraghsanna urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais. Ní dhearna sé anailís ar cibé ar tharla sladghearradh mór praghsanna i gcomparáid le praghsanna san Aontas nó ar laghdaigh éifeacht allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ón tSín praghsanna urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais nó ar chuir siad cosc ar a méadú’. |
|
(184) |
Leis na maímh sin, déantar neamhaird iomlán ar na measúnuithe a rinne an Coimisiún i ranna 4.4.2 agus 4.5.3.1 den Rialachán sealadach agus dá bhrí sin diúltaítear dóibh. |
|
(185) |
Chomh maith leis sin, maidir le héifeachtaí praghsanna, rinne CNSTTF comparáid idir na sonraí faoi phraghsanna agus faoi chostais a thaispeántar i dTábla 8 den Rialachán sealadach agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhféadfadh allmhairí ón tSín a bheith ina gcúis díobhála toisc gur chúngaigh an deilte idir praghsanna agus costais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(186) |
Níorbh fhéidir glacadh leis an anailís sin toisc go ndearna sí neamhaird den sladghearradh praghais substaintiúil a shuigh an Coimisiún le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, níor bhain na costais a luaitear ach le costais eintiteas táirgthe an táirgeora sampláilte. Thabhaigh trádálaithe comhlachaithe gach táirgeora costais bhreise. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(187) |
In éagmais barúlacha eile maidir le praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna, deimhníodh aithrisí (266) go (270) den Rialachán sealadach. |
|
(188) |
Pléitear tionchar na maíomh ar phraghsanna agus ar chostais a mhéid a bhaineann le cúisíocht i roinn 5 thíos. |
4.5.3.2. Costais saothair
|
(189) |
In éagmais barúlacha maidir le costais saothair, deimhníodh aithrisí (271) go (272) den Rialachán sealadach. |
4.5.3.3. Fardail
|
(190) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF nach allmhairí ón tSín ba chúis le méaduithe ar fhardail agus gurbh iad an boilsciú, na costais táirgeachta atá ag méadú agus tomhaltas an Aontais ag laghdú ba chúis leo. |
|
(191) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Cé go raibh ról ag na tosca a liostaigh CNSTTF sna méaduithe ar fhardail, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (284) den Rialachán sealadach freisin gur tosca tábhachtacha iad méaduithe ar sciartha na Síne den mhargadh agus ísliú praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(192) |
In éagmais barúlacha eile maidir le fardail, deimhníodh aithrisí (273) go (274) den Rialachán sealadach. |
4.5.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
|
(193) |
Tar éis an nochta shealadaigh, cé is moite den mhaíomh a phléitear in aithris (168) thuas, níor chuir CNSTTF in aghaidh na bhfigiúirí a bhaineann le brabúsacht thionscal an Aontais. Pléitear maíomh CNSTTF maidir leis an gcúis leis an bhforbairt ar bhrabúsacht i roinn 6 thíos. |
|
(194) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF freisin gur comhartha láidir é cumas thionscal an Aontais infheistiú suntasach a dhéanamh ina n-oibríochtaí gnó nach ndearnadh díobháil ábhartha dó in aon chor. |
|
(195) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (280) den Rialachán sealadach go raibh na hinfheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú measartha beag agus go raibh siad srianta mar gheall ar a chumas laghdaitheach caipiteal a thiomsú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(196) |
In éagmais barúlacha eile maidir le brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú, deimhníodh aithrisí (275) go (280) den Rialachán sealadach. |
4.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(197) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF gur cheart don Choimisiún ‘tábhacht ar leith’ a thabhairt do na sonraí is déanaí atá ar fáil san anailís ar an díobháil, is é sin na sonraí ón tréimhse imscrúdúcháin, agus go bhfuil earráid déanta ag an gCoimisiún san anailís toisc nach ndearna sé amhlaidh. Ar an gcúis sin, mhaígh CNSTTF go raibh anailís an Choimisiúin suibiachtúil agus éagórach. |
|
(198) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh. Cé go n-aontaíonn an Coimisiún go bhfuil anailís na sonraí sa tréimhse imscrúdúcháin ríthábhachtach le haghaidh na hanailíse ar dhíobháil, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh orthu ina gcomhthéacs oiriúnach. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún a ghnáthbheartas anailís treochta ceithre bliana a dhéanamh le haghaidh formhór na dtáscairí díobhála. Agus an Coimisiún ag teacht ar chonclúidí ón anailís treochta sin, thug sé dá aire gur lean formhór na dtáscairí méid (cainníochtaí táirgeachta agus díolachán, sciartha den mhargadh agus fostaíocht) treocht fheabhsaithe nó chobhsaí ó 2020 go 2022 agus gur tháinig laghdú in 2023, agus gur thosaigh na táscairí feidhmíochta (brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí) ag dul in olcas cheana in 2022. Dá bhrí sin, bhí anailís an Choimisiúin cuimsitheach, chuir sí san áireamh forbairt gach táscaire agus rinneadh barúlacha maidir leis na forbairtí sa tréimhse imscrúdúcháin go sonrach agus ina gcomhthéacs oiriúnach féin. Dá bhrí sin, seasann an Coimisiún lena thuairim gur thosaigh an díobháil in 2022 agus go ndeachaigh sé in olcas sa tréimhse imscrúdúcháin. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin. |
|
(199) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh CNSTTF nach raibh cinneadh an Choimisiúin maidir le díobháil bunaithe ar fhianaise dhearfach ná nach raibh scrúdú oibiachtúil i gceist leis ar (a) méid na n-allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ón tSín agus a n-éifeachtaí ar phraghsanna i margadh an Aontais le haghaidh urlárlach adhmaid ilsrathach; agus (b) a dtionchar ar tháirgeoirí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh san Aontas. |
|
(200) |
Tá athbhreithniú agus frisnéis déanta ag an gCoimisiún ar na barúlacha uile a thug CNSTTF agus, dá bhrí sin, diúltaíonn sé don phointe ginearálta a rinneadh nach raibh anailís an Choimisiúin oibiachtúil ná bunaithe ar fhianaise dhearfach. |
|
(201) |
In éagmais barúlacha eile maidir leis na conclúidí ar dhíobháil, deimhníodh aithrisí (281) go (287) den Rialachán sealadach. |
5. CÚISÍOCHT
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(202) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF go raibh anailís an Choimisiúin ar an nasc cúisíoch idir allmhairí ón tSín agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais lochtach. Go háirithe, d’áitigh CNSTTF i) nár mheas an Coimisiún an laghdú i gcainníochtaí na n-allmhairí mar thoisc chinntitheach chun neamhaird a dhéanamh den nasc cúisíoch idir allmhairí ón tSín agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais; ii) gur bhraith an Coimisiún go príomha ar phraghsanna ísle na n-allmhairí chun teacht ar a chonclúidí; iii) go raibh an Coimisiún mícheart maidir lena chonclúid go raibh comhtharlú ama ann idir meath staid eacnamaíoch thionscal an Aontais agus láithreacht shuntasach na n-allmhairí ón tSín ós rud é gur tharla an meath nuair a bhí allmhairí ón tSín ag laghdú; agus iv) fiú má bhí comhtharlú ama ann eatarthu, ní bheadh an comhtharlú sin leordhóthanach chun cúisíocht a chruthú ós rud é go raibh tosca eile ina gcúis leis an díobháil. |
|
(203) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. |
|
(204) |
A mhéid a bhaineann le pointe (i), léirigh Tábla 3 den Rialachán sealadach allmhairí ón tSín agus a sciar den mhargadh. Cé gur tháinig laghdú ar chainníocht na n-allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin, is mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas a tharla sé sin. Dá bhrí sin, is táscaire níos cruinne ar an éifeacht ar an margadh é an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí. Mhéadaigh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín ó 16,8 % in 2020 go 25,4 % in 2022, ar méadú 51 % é. Sa tréimhse imscrúdúcháin, áfach, thit an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí sin go 22,5 %, ar méadú 34 % a bhí ann fós i gcomparáid le 2020. Ní mór an laghdú beag ar an sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdúcháin a chur i gcomhthéacs fhorbairt a bpraghsanna agus an tionchair ar thionscal an Aontais mar a mhínítear san aithris seo a leanas. Thairis sin, i bhfianaise na hanailíse a rinneadh in roinn 8.3 den Rialachán seo, níl an laghdú ar chainníochtaí na n-allmhairí ón tSín á choinneáil ar bun in 2024. In ainneoin laghdú 5 % eile ar thomhaltas in 2024, tá méadú substaintiúil tagtha ar chainníochtaí na n-allmhairí. |
|
(205) |
A mhéid a bhaineann le pointe (ii), chuir anailís an Choimisiún cainníocht na n-allmhairí san áireamh agus ní hamháin sin ach forbairt na bpraghsanna díola, an éifeacht choiscthe, agus sladghearradh na n-allmhairí sin agus a sciar den mhargadh freisin. Dá bhrí sin, ní raibh tuairim an Choimisiúin gur phríomhchúis leis an díobháil iad na hallmhairí dumpáilte bunaithe ar shaincheisteanna praghsanna amháin. Léiríodh i dTábla 4 den Rialachán sealadach gur tháinig méadú 30 % ar praghsanna allmhairí ón tSín in EUR/kg ó 2020 go 2022. Mar sin féin, tháinig laghdú 13 % ar na praghsanna sin sa tréimhse imscrúdúcháin. Ní raibh na praghsanna sa tréimhse imscrúdúcháin ach 13 % níos airde ná na praghsanna in 2020. Cuirtear comhthéacs breise ar fáil le Tábla 8 den Rialachán sealadach a léirigh gur tháinig méadú 42 % ar na costais in aghaidh an aonaid i dtionscal an Aontais tríd an tréimhse anailíse. Ina theannta sin, taifeadadh i dTábla 11 gur thit brabúsacht thionscal an Aontais in 2022 agus gur éirigh sé diúltach sa tréimhse imscrúdúcháin. Léiríonn na fíorais sin gur chuir na honnmhaireoirí ón tSín brú praghsanna substaintiúil ar thionscal an Aontais toisc go bhfuil nasc soiléir ann ó thaobh cúise agus éifeachta de, lena n-áirítear comhtharlú ama, idir an laghdú ar bhrabúis thionscal an Aontais agus praghsanna na Síne san Aontas a d’fhan ard le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(206) |
A mhéid a bhaineann le pointe (iii) shuigh an Coimisiún go soiléir gur thosaigh díobháil in 2022, bliain ina raibh an tomhaltas ag méadú. D’imir sochtadh praghsanna tionchar ar thionscal an Aontais an bhliain sin toisc nach bhféadfaí na méaduithe ar chostais an amhábhair a chur ar aghaidh chuig na custaiméirí go hiomlán a bhuí le héifeachtaí praghais na n-allmhairí dumpáilte. |
|
(207) |
A mhéid a bhaineann le pointe (iv), ní chuireann an Coimisiún ina choinne go raibh ról ag tosca eile sa díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais in 2022 agus 2023. Míníodh na tosca sin go hiomlán, lena n-áirítear méaduithe ar chostais agus an laghdú ar thomhaltas in 2023, sa Rialachán sealadach. Mar sin féin, chloígh an Coimisiún lena chonclúid gur phríomhchúis leis an díobháil in 2022 agus 2023 iad na hallmhairí dumpáilte, agus nár mhaolaigh na tosca eile an nasc cúisíoch. |
|
(208) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(209) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Amorim gur sholáthair an Coimisiún léirmhíniú míthreorach ar mhéideanna allmhairí agus ar sciar den mhargadh, go ndearna sé rómheastachán ar chonclúidí maidir le héifeachtaí praghsanna agus sochtadh praghsanna agus gur sholáthair sé amlíne mhícheart díobhála i gcomparáid le hiompraíocht allmhairiúcháin. |
|
(210) |
Níor tugadh aon fhíoras nua sna barúlacha a thug Amorim ina leith sin ach níor soláthraíodh iontu ach argóintí arís agus arís eile a bréagnaíodh cheana féin sa nochtadh cinntitheach. |
|
(211) |
Maidir le forbairt na méideanna allmhairí agus na sciartha den mhargadh, cuireann Amorim i gcoinne anailís an Choimisiúin toisc go gcreideann Amorim nár cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ach ar an laghdú ar sciartha de mhargadh allmhairiúcháin na Síne in 2023, gan féachaint ar a gcomhthéacs foriomlán amhail an titim nach beag ar phraghas sa bhliain sin nó trí chomparáid a dhéanamh idir sciartha den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Easaontaíonn an Coimisiún go raibh an anailís ar mhéideanna allmhairí agus ar sciartha den mhargadh míthreorach. |
|
(212) |
Maidir le héifeachtaí praghsanna agus sochtadh praghsanna, mheas an Coimisiún cheana féin ag céim an Rialacháin shealadaigh go raibh tionchar nach beag ag an laghdú ar thomhaltas in 2023 agus ag na méaduithe ar chostas ar thionscal an Aontais. Mar sin féin, seasann an Coimisiún lena thuairim go raibh leibhéal na n-allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha ina fhíorchúis shubstaintiúil leis an díobháil a fulaingíodh in 2022 agus 2023. |
|
(213) |
Maidir le húsáid sonraí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin maidir le hallmhairí ón tSín, ní raibh an Coimisiún ag brath ar shonraí den sórt sin ar chor ar bith ina Rialachán sealadach. Mar sin féin, bailíodh na sonraí chun measúnú a dhéanamh ar bhailiú cúlghabhálach dleachtanna agus dá bhrí sin úsáideadh iad sa nochtadh cinntitheach chun freagra a thabhairt ar bharúlacha na bpáirtithe. |
|
(214) |
Maidir le tosca díobhála ‘eile’ níor tharraing Amorim aon saincheist nua anuas ach líomhnaíonn sé go raibh iomaíocht laistigh den Aontas ina cúis díobhála. Bréagnaíodh an tsaincheist sin cheana féin níos luaithe sa Rialachán seo in aithris (182). |
|
(215) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(216) |
Thug CNSTTF barúil freisin maidir le héifeachtaí allmhairí ón tSín ar staid thionscal an Aontais. Bhain an chéad bharúil le táirgeacht, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta. Mhaígh CNSTTF gur léirigh an éabhlóid ar thomhaltas an Aontais, ar an gcainníocht táirgeachta, ar an gcainníocht díolachán agus ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais agus ag allmhairí ón tSín treochtaí comhchosúla, rud a chiallaíonn nach bhféadfaí a mheas go bhfuil allmhairí ón tSín díobhálach. |
|
(217) |
Mar sin féin, tugann an anailís sin neamhaird ar thionchar na n-éifeachtaí praghais agus diúltaíodh di dá bhrí sin. |
|
(218) |
Dúirt CNSTTF freisin gur léirigh anailís bliain ar bhliain ar an sciar den mhargadh ar thionscal an Aontais easpa díobhála de réir mar a mhéadaigh sciar thionscal an Aontais den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(219) |
Tá an fhorbairt sin ceart ó thaobh fíoras de, ach tá conclúidí a baineadh as an bhfíoras sin amháin lochtach toisc nach gcuirtear éifeachtaí praghsanna san áireamh leo. Chomh maith leis sin, cuireadh san áireamh cheana féin in anailís an Choimisiúin in aithrisí (257) agus (286) den Rialachán sealadach an laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(220) |
Dúirt CNSTTF freisin nach léiríonn na forbairtí san fhostaíocht agus sa táirgiúlacht díobháil a rinne allmhairí ón tSín. |
|
(221) |
Míníodh cheana féin in aithris (286) den Rialachán sealadach go raibh forbairtí na dtáscairí sin díobhálach nuair a breithníodh iad in éineacht le táscairí agus forbairtí eile in allmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(222) |
Dúirt CNSTTF freisin nach léiríonn na forbairtí ar mheánphraghsanna díola, costais agus brabúsacht thionscal an Aontais díobháil arbh iad allmhairí ón tSín ba chúis léi toisc gur thit allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(223) |
Míníodh cheana féin in aithris (291) den Rialachán sealadach go raibh forbairtí na dtáscairí sin díobhálach mar gheall ar éifeachtaí praghais (sochtadh) allmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(224) |
Thug CNSTTF barúil freisin maidir leis na forbairtí i bhfardail chun a chur in iúl nach léiríonn siad díobháil de dheasca allmhairí ón tSín. |
|
(225) |
Míníodh cheana féin in aithris (284) den Rialachán sealadach go raibh forbairtí an táscaire sin díobhálach nuair a breithníodh iad in éineacht le tosca eile. Ina theannta sin, míníodh in aithris (274) den Rialachán sin cén fáth a bhfuil fardail tábhachtach sa tionscal urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(226) |
D’athdhearbhaigh CNSTTF a bharúlacha freisin go raibh an leibhéal ard infheistíochtaí líomhnaithe a rinne tionscal an Aontais ina chúis leis an díobháil a bhain dó. Mar sin féin, níor cuireadh aon argóint nua i láthair ansin. Ina theannta sin, ní dhearnadh aon iarracht barúlacha an Choimisiúin ag aithris (280) den Rialachán sealadach maidir le cineál beag na n-infheistíochtaí sin a fhrisnéis. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(227) |
Thug Holz-Richter GmbH barúlacha maidir le cúisíocht in aighneacht tar éis an nochta chinntithigh. Mhaígh siad go ndearnadh a n-allmhairí ón tSín mar gheall ar dhroch-infhaighteacht líomhnaithe tháirgí thionscal an Aontais. Sholáthair Holz-Richter sonraí ‘íogaire’ chun tacú lena mhaíomh gur dócha go gcuirfeadh na bearta isteach ar a ghnó toisc gur cheannaigh sé raon táirgí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ón tSín ar phraghas áirithe a dhíol sé ar mhargadh an Aontais. |
|
(228) |
Dhéileáil an Coimisiún cheana féin leis an tsaincheist maidir le ganntanas líomhnaithe soláthair in aithrisí (363) agus (364) den Rialachán sealadach. Mínítear sna haithrisí sin go bhfuil go leor foinsí soláthair urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ann agus go bhfuil coinne leis go leanfar d’allmhairí ón tSín (i gcainníochtaí laghdaithe) mar thoradh ar na bearta seo. Mar sin féin, is é is aidhm do na bearta iomaíocht chóir a athbhunú ar mhargadh an Aontais trí phraghsanna allmhairiúcháin na Síne a ardú. |
|
(229) |
Maidir le maíomh Holz-Richter a bhaineann le raon sonrach táirgí, tugadh le fios in anailís an Choimisiúin ar chomparáidí praghsanna a thuairiscítear in aithris (238) den Rialachán sealadach go raibh leibhéal an-ard meaitseála idir táirgí comhchosúla (os cionn 95 %) ann sna cineálacha táirgí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh a dhíolann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus tionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur nasc Holz-Richter a mhaíomh maidir le hinfhaighteacht le breithnithe praghais a léiríonn nach raibh táirgí den sórt sin ar fáil ó fhoinsí de chuid an Aontais ar an bpraghas céanna le hallmhairí ón tSín. Cé nach féidir a chur as an áireamh nach bhfuil coibhéis dhíreach de chuid tionscal an Aontais ag cainníocht bheag allmhairí, is léir ó na comparáidí mionsonraithe praghsanna a rinne an Coimisiún san imscrúdú seo go bhfuil cainníocht na gcineálacha Síneacha nach bhfuil ar fáil ó fhoinsí de chuid an Aontais an-íseal. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(230) |
In éagmais barúlacha eile maidir le héifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte, deimhníodh aithrisí (289) go (296) den Rialachán sealadach. |
5.2. Éifeachtaí tosca eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(231) |
Shainaithin an Coimisiún earráid i dTábla 13 den Rialachán sealadach maidir le praghsanna na n-onnmhairí i gcás gach tríú tír. Sa tábla seo a leanas ceartaítear na figiúirí. Níl aon tionchar ag an gceartúchán ar chonclúidí foriomlána an Choimisiúin maidir le tionchar na ‘nAllmhairí ó Thríú Tíortha’. Allmhairí ó Thríú Tíortha – Ceartúchán ar Thábla 13 den Rialachán Sealadach
|
|
(232) |
In éagmais barúlacha maidir le hallmhairí ó thríú tíortha, deimhníodh aithrisí (297) go (303) den Rialachán sealadach, arna n-athbhreithniú le haithris (231) den Rialachán seo. |
5.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(233) |
In éagmais barúlacha maidir le feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, deimhníodh na conclúidí ar thángthas orthu in aithrisí (304) go (307) den Rialachán sealadach. |
5.2.3. Forbairtí ar Thomhaltas
|
(234) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF gurbh é an laghdú ar thomhaltas sa tréimhse imscrúdúcháin an chúis le staid dhíobhálach an tionscail, agus i bhfianaise gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí thionscal an Aontais nuair a bhí laghdú ag teacht ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín. |
|
(235) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Le hanailís an Choimisiúin sa Rialachán sealadach aithníodh tionchar tábhachtach an laghdaithe ar thomhaltas. Maíodh in aithris (310) den Rialachán sealadach ‘Dá bhrí sin, ba léir go raibh tionchar suntasach ag an laghdú ar thomhaltas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar thionscal an Aontais’. Le hanailís an Choimisiúin, rinneadh scrúdú ar thionchar an tomhaltais in 2022 nuair a tháinig méadú 4 % ar éileamh. Mar a sainmhíníodh in aithris (311) den Rialachán sealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ós rud é gur mhéadaigh an tomhaltas in 2022, nach bhféadfadh sé a bheith ina chúis leis an laghdú ar bhrabúsacht agus ar tháscairí feidhmíochta eile de chuid thionscal an Aontais an bhliain sin. Dá bhrí sin, cé go raibh tionchar suntasach ag an laghdú ar thomhaltas, d’imir an brú praghsanna a bhí ann mar gheall ar laghdú ar phraghsanna allmhairiúcháin sa tSín ról mór freisin. |
|
(236) |
D’fhill CNSTTF ar shaincheist an laghdaithe ar thomhaltas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ina bharúlacha tar éis an nochta chinntithigh. Chuir sé tuilleadh fianaise ar fáil ó CETI, ó phraghsanna mhí an Mheithimh 2023 san Eoraip ón Líonra Dhomhanda um Thrádáil Adhmaid chun tionchar an laghdaithe ar thomhaltas a léiriú. |
|
(237) |
D’aithin an Coimisiún cheana féin an tábhacht a bhaineann le forbairtí i dtomhaltas i roinn 5.2.3 den Rialachán sealadach. Tá an Coimisiún den tuairim i gcónaí gur chuir an tsaincheist sin leis an díobháil a fulaingíodh ach nach gciallaíonn sé sin nach raibh na hallmhairí dumpáilte ina gcúis mhór, dháiríre agus shubstaintiúil díobhála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(238) |
In éagmais barúlacha eile maidir leis na forbairtí sa tomhaltas, deimhníodh aithrisí (308) go (313) den Rialachán sealadach. |
5.2.4. Méaduithe ar chostais
|
(239) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF nach raibh cinneadh an Choimisiúin ceart, is é sin nach raibh i gceist leis na méaduithe ar chostais ach toisc rannpháirteach don díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais agus gurbh é brú praghsanna ón tSín an fhíorchúis leis an díobháil ábhartha. Thagair CNSTTF do roinnt tuarascálacha faisnéise a bhaineann le méaduithe ar chostais le haghaidh táirgeoirí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais agus do phreaseisiúintí ó CETI a bhaineann le méaduithe ar chostais amhábhar agus nach dtagraíonn d’allmhairí ón tSín mar údar imní is cúis le fadhb. |
|
(240) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Ní dhéanann an Coimisiún díospóid gur tháinig méadú ar chostais, go háirithe costais amhábhar, le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar chúiseanna éagsúla. Aithníodh an fíoras sin i roinn 5.2.4 den Rialachán sealadach, ina ndearnadh tagairt do na figiúirí maidir le costais iarbhír thionscal sampláilte an Aontais i dTábla 8 den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún gur gá méaduithe ar chostais a chur ar aghaidh chuig custaiméirí le go mbeadh tionscail inbhuanaithe. Bhí laghduithe móra ar bhrabúsacht thionscal urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais in 2022 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin toisc nach raibh sé in ann méaduithe ar chostais a chur ar aghaidh chuig custaiméirí de dheasca brú ó thaobh méide agus praghsanna ísle na n-allmhairí dumpáilte ón tSín de. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur fhoinsigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne táirgí darach go minic ó mhargadh an Aontais, ar eochairamhábhair iad le haghaidh urlárlach adhmaid ilsrathach. Dá bhrí sin, níorbh é tionscal an Aontais amháin a bhí thíos leis na méaduithe sin ar chostais. Mar sin féin, tháinig laghdú 13 % ar phraghsanna allmhairiúcháin na Síne le haghaidh urlárlach adhmaid ilsrathach sa tréimhse imscrúdúcháin mar a tuairiscítear in aithris (317) den Rialachán sealadach. Bhí brú praghsanna ann le haghaidh thionscal an Aontais mar thoradh air sin agus ina dhiaidh sin tháinig an laghdú ar bhrabúsacht, toradh ar infheistíocht agus sreabhadh airgid a léirítear i dTábla 11 sa tréimhse imscrúdúcháin. Tá an laghdú sin i bpraghsanna allmhairiúcháin suntasach i bhfianaise an mhéadú ar chostais amhábhar a bheadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i ndiaidh aghaidh a thabhairt air agus an gá a bheadh orthu costais lastais a thabhú chun lomáin darach a loingsiú isteach sa tSín agus na táirgí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh críochnaitheacha a chur ar ais chuig an Aontas. Dá bhrí sin, seasann an Coimisiún lena thuairim nár mhaolaigh méaduithe ar chostais an díobháil a rinne na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus diúltaíodh do mhaíomh CNSTTF. |
|
(241) |
D’fhill CNSTTF ar shaincheist na méaduithe ar chostas ina bharúlacha tar éis an nochta chinntithigh. Chuir sé tuilleadh fianaise ar fáil ó CETI, ó Thuarascáil mhí Mheán Fómhair 2023 maidir le praghsanna san Eoraip ón Líonra Dhomhanda um Thrádáil Adhmaid agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach chun méaduithe ar chostais amhábhar a léiriú. |
|
(242) |
Mar sin féin, d’aithin an Coimisiún cheana féin an tábhacht a bhaineann le méaduithe ar chostais amhábhar i roinn 5.2.4 den Rialachán sealadach. Tá an Coimisiún fós den tuairim, áfach, gur gá méaduithe ar chostais amhábhar a léiriú i bpraghsanna díola chun go leanfaidh tionscal de bheith inmharthana agus gur cuireadh cosc ar mhéaduithe den sórt sin ar phraghsanna den chuid is mó mar gheall ar phraghsanna allmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(243) |
In éagmais barúlacha eile maidir leis na méaduithe ar chostais, deimhníodh aithrisí (314) go (318) den Rialachán sealadach. |
5.2.5. Úsáid faoi chuing
|
(244) |
In éagmais barúlacha maidir le húsáid faoi chuing, deimhníodh na haithrisí (319) go (320) den Rialachán sealadach. |
5.2.6. Tosca eile
|
(245) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF go ndearna tionscal an Aontais droch-chinntí gnó mar is léir ó chinneadh an Choimisiúin go ndearna tionscal an Aontais infheistíochtaí chun éifeachtúlacht a choinneáil ar bun ach nach raibh an cumas céanna acu caipiteal a thiomsú i ndiaidh 2021. |
|
(246) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Léiríonn na fíorais in aithris (280) den Rialachán sealadach nach raibh na hinfheistíochtaí sin iomarcach, agus go raibh siad measartha beag le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Sna blianta 2022 agus 2023 níor mhór na hinfheistíochtaí sin a theorannú do na hinfheistíochtaí sin amháin a bhí fíor-riachtanach mar gheall ar an gcumas laghdaithe caipiteal a thiomsú. |
|
(247) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF freisin nach raibh measúnú déanta ag an gCoimisiún ar a bharúlacha i míreanna 43 go 47 dá aighneacht ón 25 Iúil 2024. |
|
(248) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur thug sé aghaidh ar na saincheisteanna a bhaineann le tomhaltas i roinn 5.2.3 den Rialachán sealadach agus saincheisteanna a bhaineann le feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais i roinn 5.2.2 den Rialachán sealadach. Mar chuid den mhaíomh líomhain CNSTTF go raibh an iomarca infheistíochta déanta ag Barlinek le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní féidir leis an gCoimisiún sonraí a thabhairt maidir le hinfheistíocht Barlinek in acmhainneacht táirgeachta ar chúiseanna rúndachta. Mar sin féin, léiríonn an fhaisnéis fhíoraithe ar an gcomhad íogair go bhfuil an maíomh mícheart ó thaobh na bhfíoras de agus gur diúltaíodh dó dá bhrí sin. |
|
(249) |
In éagmais barúlacha maidir le tosca eile, deimhníodh aithrisí (321) go (326) den Rialachán sealadach. |
5.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(250) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF nach ndearna allmhairí ón tSín díobháil do thionscal an Aontais agus gur cheart dó a chinneadh a athbhreithniú, is é sin nach raibh baint ag aon tosca eile seachas allmhairí ón tSín ar staid tionscal an Aontais. |
|
(251) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin ar na cúiseanna a thugtar ina mheasúnú ar chúisíocht i ranna 5.1 agus 5.2 thuas. |
|
(252) |
In éagmais barúlacha eile maidir leis an gconclúid ar chúisíocht, deimhníodh aithrisí (327) go (332) den Rialachán sealadach. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
6.1. Corrlach díobhála
|
(253) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CETI go raibh an spriocbhrabús a d’úsáid an Coimisiún i ríomh an corrlaigh dhíobhála ró-íseal toisc go raibh corrlach brabúis le haghaidh táirgeora sampláilte de chuid an Aontais san áireamh ann a bhí thar a bheith íseal a bhuí leis na himthosca áirithe a bhain leis an táirgeoir sin. Mhaígh CETI dá bhrí sin gur cheart go mbeadh an bunbhrabús níos airde ná an 7,15 % a fhaightear in aithris (337) den Rialachán sealadach toisc nach soláthraíonn an meánráta brabúsachta a úsáideadh léargas leordhóthanach ar a bhfuil ag teastáil chun iomaíocht chóir faoi ghnáthdhálaí an mhargaidh a athbhunú. |
|
(254) |
Meabhraíonn an Coimisiún gur úsáideadh an bhliain 2020, mar a mhínítear in aithris (337) den Rialachán sealadach, toisc gur tharla sí roimh an méadú ar allmhairí ar phraghsanna ísle a rinne an díobháil do thionscal an Aontais. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfaisnéis atá ann ar an gcomhad maidir le táirgeoir an Aontais a raibh a chorrlach brabúis thar a bheith íseal in 2020 go deimhin. Ní féidir ainm na cuideachta a nochtadh ar chúiseanna rúndachta. Mhaígh CETI go ndearna tosca sealadacha áirithe in 2020 difear do ráta brabúsachta na cuideachta sin, amhail athstruchtúrú shamhail ghnó na cuideachta agus fadhbanna tábhachtacha sa slabhra soláthair le linn phaindéim COVID-19. |
|
(255) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an chuideachta sin a eisiamh ó ríomh an bhunbhrabúis, agus tháinig méadú air ó 7,15 % go [8,7 % – 11 %] (20) mar thoradh air sin. |
|
(256) |
Thug CNSTTF barúlacha maidir leis an spriocbhrabús a úsáideadh i ríomhanna an chorrlaigh díobhála ina aighneacht tar éis an nochta chinntithigh. Rinne CNSTTF agóid i gcoinne úsáid 2020 mar bhonnbhliain don spriocbhrabús ar an bhforas go raibh sé i bhfad ó thaobh ama de ón tréimhse imscrúdúcháin agus mhol sé 2022 mar rogha mhalartach. Chomh maith leis sin, chuir CNSTTF i gcoinne 2020 toisc go bhféadfadh tionchar COVID-19 ar mhargadh an Aontais difear a dhéanamh don bhliain sin. Chomh maith leis sin, mhaígh CNSTTF nár cheart cuideachta amháin a bhfuil brabúis ísle aici a eisiamh ó na sonraí. |
|
(257) |
Mheabhraigh an Coimisiún gur roghnaíodh 2020 toisc gur bliain le déanaí a bhí ann nach ndearna allmhairí dumpáilte difear di. Go deimhin, léirítear in aithris (284) den Rialachán sealadach gur thosaigh díobháil in 2022. Maidir le tionchar COVID-19, léirigh dhá cheann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais gur bhliain bhrabúsach a bhí sa bhliain 2020. Mar sin féin, bhí fadhbanna sonracha ag an tríú táirgeoir sampláilte, fadhbanna a bhí nasctha go páirteach le tionchair COVID-19, as ar eascair a eisiamh ó na sonraí mar a mhínítear i roinn 6.1 den nochtadh cinntitheach. Dá bhrí sin, seasann an Coimisiún lena thuairim gurbh é 2020 an bhonnbhliain is iomchuí don spriocbhrabús agus go raibh údar maith leis na sonraí a theorannú don dá chuideachta le brabúis réasúnta sa bhliain sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(258) |
Thug Puderbach barúil ar an modheolaíocht a úsáideadh chun an corrlach gearrdhíola a ríomh. Mhaígh Puderbach nach raibh costais thionscal an Aontais a úsáideadh chun gearrdhíol a ríomh inchomparáide le praghsanna allmhairiúcháin na Síne. Maíodh nár cuireadh lasta aigéin, táillí Custaim an Aontais, costais iompair agus mhargaíochta agus dáileacháin san áireamh go hiomlán. |
|
(259) |
Mar sin féin, chuir an ríomh an praghas allmhairiúcháin ar leibhéal CAL (móide costais allmhairiúcháin amhail táillí calafoirt) i gcomparáid le praghas díreach ón monarcha thionscal an Aontais, rud a chiallaíonn go raibh lasta aigéin agus táillí custaim sa phraghas allmhairiúcháin cheana féin. Ina theannta sin, bhí an chomparáid idir praghas CAL agus an praghas díreach ón monarcha cóir toisc go raibh gá le hiompar ar aghaidh san Aontas sa dá phraghas. Thairis sin, níor cuireadh costais mhargaíochta agus dáileacháin thionscal an Aontais san áireamh toisc nár áiríodh i gcostais thionscal an Aontais costais trádálaithe comhlachaithe. Nochtadh na ríomhanna mionsonraithe do na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh go raibh na ríomhanna gearrdhíola míchothrom. |
|
(260) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Fusong agus Jinfa gur cheart don Choimisiún an leibhéal coigeartaithe trádála a úsáid ní hamháin chun na corrlaigh shladghearrtha a ríomh ach chun an praghas neamhdhíobhála a ríomh freisin. Gan an coigeartú sin, mhaígh Fusong agus Jinfa nach féidir comparáid a dhéanamh idir an praghas neamhdhíobhála agus praghas na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. |
|
(261) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Níor cuireadh costais trádálaithe comhlachaithe thionscal an Aontais san áireamh agus an costas táirgthe á ríomh in aghaidh an chineáil táirge is infheidhme chun an corrlach gearrdhíola a ríomh. Dá bhrí sin, ríomhadh an corrlach gearrdhíola ar bhonn na gcostas móide gnáthbhrabús táirgeoirí an Aontais, rud a fhágann nach bhfuil gá le haon choigeartú ar an leibhéal coigeartaithe trádála. Is é sin le rá, bhí leibhéal coigeartaithe trádála thionscal an Aontais inchomparáide le leibhéil coigeartaithe trádála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(262) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Fusong agus Jinfa go raibh an spriocbhrabús a úsáideadh le haghaidh ríomh an ghearrdhíola iomarcach toisc gurbh é brabús an ghrúpa (táirgeoir móide trádálaithe comhlachaithe) seachas brabús tháirgeoirí an Aontais a bhí i gceist. |
|
(263) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Leagadh síos brabús na gcuideachtaí táirgeachta agus na trádálaithe comhlachaithe araon de réir comhaontuithe ar phraghsáil aistrithe inmheánach. Dá bhrí sin, ba é an t-aon bhrabús amháin a bhí iontaofa an brabús comhdhlúite ar leibhéal an ghrúpa. Ina theannta sin, léiríonn anailís ar na brabúis a rinne an trí ghrúpa sampláilte táirgeachta de chuid an Aontais go raibh na táirgeoirí ag glacadh formhór na rioscaí agus ag déanamh formhór na mbrabús nó ag fulaingt formhór na gcaillteanas, agus gur nós leis na trádálaithe comhlachaithe feidhmiú de réir brabúis chaighdeánacha. Dá bhrí sin, díorthaíodh na corrlaigh brabúsachta chomhdhlúite a úsáideadh go príomha ó na heintitis táirgthe, bhí siad cosúil le rátaí brabúis an ghrúpa, agus ní raibh bunús leis an maíomh go raibh na rátaí brabúis sin iomarcach agus bhí sé mícheart ó thaobh na bhfíoras de. |
|
(264) |
Ina bharúlacha tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Fusong a thuairim go ndearnadh rómheastachán ar na rátaí brabúsachta a úsáideadh chun an spriocbhrabús a ríomh toisc gur ríomhadh iad ar bhonn Grúpa. |
|
(265) |
Dheimhnigh an Coimisiún nár úsáideadh brabúis a rinne eintitis táirgthe an Aontais amháin toisc gur chumhdaigh siad díolacháin leis na páirtithe comhlachaithe den chuid is mó trí shocruithe praghsála aistrithe. Dá bhrí sin, trí úsáid a bhaint as sonraí maidir le brabús an Ghrúpa, d’úsáid an Coimisiún na sonraí is iomchuí a bhí ar fáil. Ina theannta sin, ar na cúiseanna a tugadh in aithris (135) den nochtadh cinntitheach, bhí an Coimisiún sásta go raibh na sonraí a úsáideadh ionadaíoch do dhíolacháin le mórdhíoltóirí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh go ndearnadh rómheastachán ar an spriocráta brabúis. |
|
(266) |
Deimhníodh an chonclúid in aithris (342) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:
|
|
(267) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CETI go bhfuil saobhadh amhábhair sa tSín de réir bhrí Airteagal 7(2)(a) den bhun-Rialachán agus gur cheart riail na dleachta is lú a tharscaoileadh. D’áitigh CNSTTF gur cheart riail na dleachta is lú a chur i bhfeidhm. |
|
(268) |
Tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil an cheist maidir le cibé is ceart riail na dleachta is lú a chur i bhfeidhm ábhartha, ach amháin nuair atá na corrlaigh dhumpála is infheidhme do tháirgeoirí onnmhairiúcháin níos airde ná na corrlaigh dhíobhála lena mbaineann. Agus torthaí cinntitheacha na gcorrlach dumpála agus díobhála á gcur san áireamh, mar a sholáthraítear in aithrisí (128) agus (266) den Rialachán seo, níl cur i bhfeidhm nó neamhchur i bhfeidhm riail na dleachta is lú ábhartha. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh gá le himscrúdú a dhéanamh féachaint an raibh saobhadh amhábhar ann ós rud é nach mbeadh aon éifeacht ábhartha ag an toradh ar an imscrúdú. |
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(269) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas an Aontais faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán
|
(270) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist ansin arbh fhéidir leis teacht ar an gconclúid shoiléir nár chun leasa an Aontais a bhí sé bearta a ghlacadh sa chás seo, cé go ndearnadh amach go raibh dumpáil dhíobhálach ann. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
7.1.1. Leas thionscal an Aontais
|
(271) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CNSTTF go raibh buntáiste éagórach á lorg ag tionscal an Aontais trí na dleachtanna sin. |
|
(272) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Nochtadh san imscrúdú, mar a fhoráiltear i roinn 4 den Rialachán seo, go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais mar thoradh ar na allmhairí (éagóracha) dumpáilte ón tSín. Leis na bearta féachtar le cothrom iomaíochta a athbhunú, rud a bhí saofa ag na hallmhairí dumpáilte ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(273) |
Ina mbarúlacha tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Lovelin of London (allmhaireoir urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh) nach mbainfeadh tionscal an Aontais tairbhe as na bearta san fhadtéarma toisc go spreagfadh na bearta onnmhaireoirí na Síne urlárlach adhmaid ilsrathach a tháirgeadh i dtríú tíortha agus nuálaíocht a dhéanamh níos mó ná táirgeoirí an Aontais. |
|
(274) |
Tá na barúlacha sin amhantrach agus ní raibh sonraí mar bhunús leo. Dá bhrí sin, diúltaíodh dóibh. |
|
(275) |
In éagmais barúlacha eile maidir le leas an Aontais, deimhníodh aithrisí (348) go (353) den Rialachán sealadach. |
7.1.2. Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe
|
(276) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Amorim, MEFO Floor, HAI agus Puderbach go ndéanfadh na bearta dochar do ghnó na n-allmhaireoirí ós rud é nach nglacfadh custaiméirí le costais iomlána na bpraghsanna díola agus dá bhrí sin nach mbeidh an t-éileamh céanna ann agus bheadh gá ann líon na foirne a laghdú mar thoradh air sin. |
|
(277) |
D’aithin an Coimisiún in aithris (359) den Rialachán sealadach go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag na bearta ar na hearnálacha allmhairiúcháin agus trádála. Thug an Coimisiún dá aire freisin go bhféadfadh na hearnálacha sin an tionchar ar a ngnólachtaí a mhaolú trí fhoinsiú ó thríú tíortha eile nó ó thionscal an Aontais. Chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis na maímh. In éagmais fianaise iarbhír agus fhíoraithe ó chinneadh sealadach an Choimisiúin, ní raibh sé de chumas ag an gCoimisiún bunús a thabhairt do mhéid na maíomh faoi éifeachtaí díobhálacha ar na hearnálacha allmhairiúcháin agus trádála. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
|
(278) |
Thug Amorim barúil maidir le ‘Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhchomhlachaithe’ ina aighneacht a rinneadh tar éis an nochta chinntithigh. Bhain barúlacha Amorim leis an méid seo a leanas: i) an dualgas cruthúnais ar allmhaireoirí agus ar thrádálaithe san imscrúdú, ii) roghanna malartacha foinsithe, iii) tionchar fadtéarmach na mbeart cosanta trádála, iv) an gá atá le measúnú tionchair eacnamaíoch roimh fhorchur na mbeart agus v) an riosca d’iomaíocht an mhargaidh agus do chobhsaíocht an tslabhra soláthair. Thug CNSTTF barúlacha ginearálta freisin maidir le ‘Leas allmhaireoirí agus trádálaithe neamhchomhlachaithe’ ina aighneacht tar éis an nochta chinntithigh. Mhaígh Amorim go bhfuil teorainneacha praiticiúla roimh allmhaireoirí agus trádálaithe maidir lena leasanna a chosaint mar gheall ar easpa acmhainní laistigh de thráthchlár an imscrúdaithe idir na cinntí sealadacha agus deiridh. Mhaígh sé gur athraigh sé sin an dualgas cruthúnais chuig na hoibreoirí eacnamaíocha sin. |
|
(279) |
Is é beartas an Choimisiúin maidir leis na páirtithe leasmhara uile fógra a thabhairt do gach páirtí aitheanta ar Lá 1 faoi imscrúdú agus fógra tionscnaimh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil chun comhar a chur chun cinn ionas gur féidir tuairimí na bpáirtithe uile a chur in iúl agus a fhíorú más gá. Tá an cur chuige sin i gcomhréir leis an mbun-Rialachán. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil spriocdhátaí dlíthiúla ag baint le himscrúduithe, is gné bhunúsach do na páirtithe uile tuairimí a chur chun cinn a luaithe is féidir. Thug an Coimisiún barúil cheana féin maidir leis an leibhéal íseal comhair ó allmhaireoirí agus ó thrádálaithe i roinn 7.2 den Rialachán sealadach. Agus é á chur san áireamh nach mór don Choimisiún imscrúduithe a chur chun cinn i gcomhréir leis an mbun-Rialachán, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an maíomh go ndearna amlíne an imscrúdaithe dochar d’allmhaireoirí agus do thrádálaithe. Thairis sin, de bhun Airteagal 21(5) agus (7) den bhun-Rialachán, is faoi na páirtithe leasmhara atá sé faisnéis arna tacú le fianaise iarbhír atá ionadaíoch agus a thugann bunús lena bailíocht a chur isteach go cuí . Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(280) |
Dúirt Amorim gur róshimpliú a bhí ann a áitiú go bhféadfadh gnólachtaí tionchar na mbeart a mhaolú trí fhoinsiú ó thríú tíortha eile nó ó laistigh de thionscal an Aontais. Chuir Amorim in iúl go raibh roinnt fadhbanna praiticiúla ag trádálaithe maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile amhail costais bhreise, infhaighteacht táirgí coibhéiseacha agus saincheisteanna conarthacha. |
|
(281) |
Chloígh an Coimisiún lena thuairim go bhfuil allmhaireoirí agus trádálaithe in ann éifeachtaí na mbeart ar a ngnó a mhaolú trí fhoinsiú ó thríú tíortha eile nó ó laistigh de thionscal an Aontais. Aithníonn an Coimisiún na saincheisteanna praiticiúla a tharraing Amorim anuas ach fágann an raon leathan táirgí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh atá ar fáil ó thionscal an Aontais amháin agus a acmhainneacht bhreise go bhfuil malartú foinsí soláthair fós ina rogha inmharthana ag allmhaireoirí agus ag trádálaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(282) |
Dúirt Amorim nár cuireadh san áireamh sa nochtadh cinntitheach tionchar fadtéarmach éifeachtaí díobhálacha na mbeart. Mhaígh Amorim nár cheart easpa damáiste inchainníochtaithe láithreach a léirmhíniú mar fhianaise nach ann d’aon damáiste ná nach dtarlóidh aon damáiste. |
|
(283) |
Tá na bearta atá beartaithe le maireachtáil ar feadh 5 bliana agus níor shonraigh Amorim na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar allmhaireoirí agus ar thrádálaithe, ní dhearna sé ach tuairim a thabhairt go bhféadfadh roinnt tionchar a bheith ann dá bhforáiltear. Luaitear go soiléir in Airteagal 21 den bhun-Rialachán gur gá d’argóintí ar mhaithe le leas an Aontais argóintí láidre a sholáthar chun an gá le dleachtanna a fhorchur a chur ar ceal. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin toisc nach raibh bunús leis. |
|
(284) |
Dúirt Amorim freisin gur cheart measúnú eacnamaíoch iomlán a dhéanamh ar leasanna na bpáirtithe leasmhara agus nárbh amhlaidh an cás san imscrúdú seo. Ní mór don Choimisiún tagairt a dhéanamh arís d’Airteagal 21 den bhun-Rialachán ina mínítear cineál na hanailíse is gá i gcás frithdhumpála. |
|
(285) |
Chloígh an Coimisiún leis na ceanglais nós imeachta, agus tá sé de fhreagracht ar na páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl laistigh de thréimhse ama an imscrúdaithe, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíoch ar allmhaireoirí agus ar thrádálaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(286) |
Dúirt Amorim freisin go ndíspreagfadh na bearta foinsiú éagsúlaithe agus stiúradh an éilimh i dtreo comhthiomsú soláthróirí níos cúinge, go bhféadfadh na bearta iomaíocht sa mhargadh a laghdú de thaisme, costais ionchuir a ardú, agus leochaileacht sa slabhra soláthair a chothú. |
|
(287) |
Is é is cuspóir leis na bearta iomaíocht chóir a athbhunú ar an margadh. Is iomaíocht éagórach iad na hallmhairí ón tSín mar gheall ar dhumpáil. Dá bhrí sin, ní chreideann an Coimisiún — ná níl aon fhianaise aige — go bhfuil na bearta frithiomaíoch. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(288) |
In éagmais barúlacha eile maidir le leas allmhaireoirí agus trádálaithe neamhchomhlachaithe, deimhníodh aithrisí (354) go (365) den Rialachán sealadach. |
7.1.3. Leas úsáideoirí, miondíoltóirí etc
|
(289) |
Tar éis an nochta shealadaigh, d’easaontaigh CNSTTF le conclúid an Choimisiúin go mbeadh úsáideoirí agus miondíoltóirí in ann na méaduithe ar phraghsanna a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí i bhfianaise an laghdaithe ar thomhaltas san Aontas. D’easaontaigh CNSTTF freisin le ráiteas an Choimisiúin nach mbeidh ganntanas soláthair ann. |
|
(290) |
Chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh ós rud é nach raibh sonraí coincréiteacha agus fíoraithe nua sa chomhad. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(291) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh HAI go ndéanfadh na bearta dochar do ghnó na miondíoltóirí agus dáileoirí ós rud é nach nglacfadh custaiméirí le costais iomlána na bpraghsanna díola agus dá bhrí sin nach mbeidh an t-éileamh céanna ann. |
|
(292) |
Cé gur chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh sin, bhí sé aitheanta ag an gCoimisiún cheana in aithris (368) den Rialachán sealadach go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag na bearta ar úsáideoirí agus miondíoltóirí ach nach mbeadh siad díréireach ós rud é nach mbeidís thíos le heaspa soláthair, toisc gurb ann d’fhoinsí soláthair eile. Ó chinneadh sealadach an Choimisiúin, ní raibh sé de chumas ag an gCoimisiún bunús a thabhairt do mhéid na maíomh faoi éifeachtaí díobhálacha ar na miondíoltóirí agus úsáideoirí, agus diúltaíodh don mhaíomh sin dá bhrí sin. |
|
(293) |
Thug Amorim barúil maidir le ‘Leas na n-úsáideoirí agus na miondíoltóirí’ ina aighneacht a rinneadh tar éis an nochta chinntithigh. Bhain barúlacha Amorim leis an méid seo a leanas i) na fadhbanna a bhaineann le foinsí soláthair urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh a mhalartú, ii) an méid breithnithe ar éifeachtaí fadtéarmacha, iii) an easnamh a líomhnaítear maidir le cur chuige réamhghníomhach iv) an tionchar ar FBManna agus ar mhiondíoltóirí speisialaithe v) neamhréireacht líomhnaithe i gcur chuige an Choimisiúin agus vi) saincheisteanna tomhaltóirí níos leithne. Thug CNSTTF barúlacha ginearálta freisin maidir le ‘Leas na n-úsáideoirí agus na miondíoltóirí’ ina aighneacht tar éis an nochta chinntithigh. |
|
(294) |
Dála na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe, thug Amorim barúil freisin maidir leis na saincheisteanna a bhíonn roimh úsáideoirí agus miondíoltóirí agus iad ag athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile amhail costais bhreise, infhaighteacht táirgí coibhéiseacha agus saincheisteanna conarthacha. |
|
(295) |
Chloígh an Coimisiún lena thuairim go bhfuil úsáideoirí agus miondíoltóirí in ann éifeachtaí na mbeart ar a ngnó a mhaolú trí fhoinsiú ó thríú tíortha eile nó ó laistigh de thionscal an Aontais. Aithníonn an Coimisiún na saincheisteanna praiticiúla a tharraing Amorim anuas ach fágann an raon leathan táirgí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh atá ar fáil ó thionscal an Aontais amháin agus a acmhainneacht bhreise go bhfuil malartú foinsí soláthair fós ina rogha inmharthana ag allmhaireoirí agus ag trádálaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
|
(296) |
D’athdhearbhaigh Amorim freisin go ndéanfadh na bearta difear d’úsáideoirí agus do mhiondíoltóirí amhail suiteálaithe, conraitheoirí agus forbróirí. Mhaígh Amorim go bhféadfadh laghdú teacht ar dhíolacháin miondíoltóirí, brú ar chorrlaigh, agus laghdú ar éagsúlacht táirgí. Ina theannta sin, mhínigh Amorim go bhféadfadh moill a bheith ar thionscadail nó tionscadail laghdaithe a bheith ann don tionscal tógála agus athchóirithe, a bhfuil costais ardaithe roimhe cheana féin mar gheall ar bhoilsciú agus brúnna sa slabhra soláthair. |
|
(297) |
Cé gur tugadh níos mó mionsonraí sna barúlacha sin ó Amorim maidir lena dtuairimí i ndáil le tionchar na mbeart ar úsáideoirí agus ar mhiondíoltóirí, ghlac an Coimisiún cheana féin in aithris (368) go mbeadh tionchar diúltach áirithe ag na bearta ar na páirtithe sin. Mar sin féin, in éagmais comhair ó na hearnálacha sin, ní raibh an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a thábhachtaí atá urlárlach adhmaid ilsrathach do chineálacha éagsúla miondíoltóirí agus úsáideoirí i dtéarmaí láimhdeachas díolachán, cad iad na corrlaigh bhrabúsachta atá acu faoi láthair agus cé chomh tábhachtach agus a bheadh na costais mhéadaithe. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim nár tugadh bunús leis na maímh go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra ag na hearnálacha sin mar thoradh ar na bearta. |
|
(298) |
Dúirt Amorim freisin nár cuireadh san áireamh sa nochtadh cinntitheach tionchar fadtéarmach éifeachtaí díobhálacha na mbeart ar úsáideoirí agus ar mhiondíoltóirí. Mhaígh Amorim nár cheart easpa damáiste inchainníochtaithe láithreach a léirmhíniú mar fhianaise nach ann d’aon damáiste ná nach dtarlóidh aon damáiste. |
|
(299) |
Tá na bearta atá beartaithe le maireachtáil ar feadh 5 bliana agus níor shonraigh Amorim na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar úsáideoirí agus ar mhiondíoltóirí, ní dhearna sé ach tuairim a thabhairt go bhféadfadh roinnt tionchar a bheith ann dá bhforáiltear. Luaitear go soiléir in Airteagal 21 den bhun-Rialachán gur gá d’argóintí ar mhaithe le leas an Aontais argóintí láidre a sholáthar chun an gá le dleachtanna a fhorchur a chur ar ceal. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin toisc nach raibh bunús leis. |
|
(300) |
Líomhain Amorim freisin go raibh anailís an Choimisiúin ar úsáideoirí agus ar mhiondíoltóirí ‘éighníomhach’ agus chuir sé an dualgas cruthúnais ar na páirtithe dá ndéantar difear. Maidir le FBManna, dúirt Amorim nár cuireadh san áireamh sa nochtadh cinntitheach leasanna úsáideoirí agus miondíoltóirí FBManna a bhféadfadh níos lú acmhainní a bheith acu agus go bhféadfadh sé nach mbeadh siad chomh athléimneach céanna i leith suaitheadh sa mhargadh. |
|
(301) |
Diúltaíonn an Coimisiún don mhaíomh go raibh sé éighníomhach ina chur chuige i leith an imscrúdaithe ar leas an Aontais. Iarradh tuairimí na bpáirtithe uile (lena n-áirítear FBManna) san fhógra tionscnaimh agus sna litreacha a seoladh chuig na páirtithe leasmhara ar Lá 1 den imscrúdú. Sa chás sin, is beag páirtí a tháinig chun cinn chun a dtuairimí a chur in iúl agus níor chomhlánaigh aon pháirtí an ceistneoir a ceapadh lena úsáid ag úsáideoirí agus miondíoltóirí. Arís, ní mór don Choimisiún tagairt a dhéanamh d’Airteagal 21 den bhun-Rialachán lena gcuirtear in iúl go soiléir, mar chuid den tástáil maidir le leas an Aontais, nach mór do pháirtithe leasmhara cúiseanna láidre a léiriú chun torthaí dumpála, díobhála agus cúisíochta a chur ar ceal. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún diúltú don mhaíomh gur ghníomhaigh sé go héagórach nó le críochnúlacht neamhleor. |
|
(302) |
Líomhain Amorim freisin go raibh neamhréireacht i gcur chuige an Choimisiúin agus chuir sé in iúl go n-aithnítear go sainráite sa Rialachán sealadach na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar úsáideoirí agus ar mhiondíoltóirí, ach leis an nochtadh cinntitheach diúltaítear do shaincheisteanna atá bunaithe ar easpa fianaise foirmiúla amháin. |
|
(303) |
Tugann an Rialachán sealadach ón gCoimisiún aghaidh ar na saincheisteanna uile a tarraingíodh anuas ag an gcéim sin den imscrúdú ach ag an gcéim chinntitheach den imscrúdú dírítear ar shaincheisteanna nua agus ar phointí a rinneadh tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh. Chun an t-ábhar sin a shoiléiriú, aithníonn an Coimisiún go fóill go bhféadfadh tionchair dhiúltacha áirithe a bheith ar úsáideoirí agus ar mhiondíoltóirí mar thoradh ar na bearta. |
|
(304) |
Déileáiltear le barúlacha Amorim sa roinn seo maidir le hiarmhairtí do thomhaltóirí sa roinn dar teideal ‘Leas na dtomhaltóirí’. |
|
(305) |
In éagmais barúlacha eile maidir le leas na n-úsáideoirí agus na miondíoltóirí, deimhníodh aithrisí (366) go (369) den Rialachán sealadach. |
7.1.4. Leas thionscal adhmaid an Aontais
|
(306) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Amorim agus Barth maidir le tionscal adhmaid an Aontais, a bhí ag díol amhábhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, go dtiocfaidh laghdú ar a n-onnmhairí. |
|
(307) |
Cé gur chinn an Coimisiún nach raibh bunús leis an maíomh sin, in aithris (373) den Rialachán sealadach léirigh an Coimisiún nach raibh coinne aige go ndéanfadh na bearta difear díréireach do thionscal adhmaid an Aontais ós rud é gur dócha go raibh siad le tacú le táirgeoirí an Aontais agus leis an táirgeacht i dtríú tíortha eile. Ó chinneadh sealadach an Choimisiúin, ní raibh sé de chumas ag an gCoimisiún bunús a thabhairt do mhéid na maíomh faoi éifeachtaí díobhálacha ar thionscal adhmaid an Aontais, agus diúltaíodh don mhaíomh sin dá bhrí sin. |
|
(308) |
Ina bharúlacha tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Holz-Richter go gcuirfeadh teacht i bhfeidhm Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú (‘EUDR’) le héifeachtaí diúltacha na mbeart ar thionscal adhmaid an Aontais, rud a chaillfeadh gnó le táirgeoirí onnmhairiúcháin urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh na Síne. |
|
(309) |
Ní raibh bunús leis an maíomh sin agus in éagmais comhoibriú ón tionscal adhmaid níorbh fhéidir meastóireacht a dhéanamh ar an maíomh sin ná measúnú a dhéanamh ar cé acu a mhéadódh nó nach méadódh tionscal an adhmaid díolacháin le tionscal urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(310) |
In éagmais barúlacha eile maidir le leas thionscal adhmaid an Aontais, deimhnítear aithrisí (370) agus (373) den Rialachán sealadach. |
7.1.5. Leas thomhaltóirí an Aontais
|
(311) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Amorim, MEFO Floor, Puderbach agus HAI go ndéanfar dochar do thomhaltóirí mar thoradh ar phraghsanna méadaithe mar gheall ar na bearta. |
|
(312) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur tugadh aghaidh cheana féin ar an maíomh sin in aithris (375) den Rialachán sealadach. Ní chuireann an Coimisiún ina choinne gur dócha go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna i margadh an Aontais mar thoradh ar an imscrúdú seo. Athdhearbhaíonn an Coimisiún, áfach, nach táirge é urlárlach adhmaid ilsrathach a cheannaíonn tomhaltóirí go tráthrialta agus go deimhin níl urlárlach adhmaid ilsrathach ina ghné thábhachtach sa bhuiséad d’fhormhór na dtomhaltóirí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ós rud é nach raibh aon fhianaise ann go bhféadfadh na bearta difear díréireach a dhéanamh do thomhaltóirí. |
|
(313) |
Thug Amorim barúil maidir le ‘Leas na dtomhaltóirí’ ina aighneacht a rinneadh tar éis an nochta chinntithigh. Bhain barúlacha Amorim leis an méid seo a leanas i) an tábhacht a bhaineann le hurlárlach adhmaid ilsrathach do thomhaltóirí, ii) an méid breithnithe ar éifeachtaí fadtéarmacha, iii) an easnamh a líomhnaítear maidir le cur chuige réamhghníomhach iv) an tionchar ar FBManna agus ar mhiondíoltóirí speisialaithe v) neamhréireacht líomhnaithe i gcur chuige an Choimisiúin agus vi) saincheisteanna tomhaltóirí níos leithne. |
|
(314) |
Thug CNSTTF agus Holz-Richter barúlacha ginearálta freisin maidir le ‘Leas na dtomhaltóirí’ ina n-aighneachtaí tar éis an nochta chinntithigh. |
|
(315) |
Rinne Amorim agus Lovelin of London agóid i gcoinne chinneadh an Choimisiúin maidir leis an tábhacht a bhaineann le hurlárlach adhmaid ilsrathach i mbuiséid tomhaltóirí. Rinne Amorim idirdhealú idir tomhaltóirí a cheannaigh urlárlach adhmaid ilsrathach le déanaí agus tomhaltóirí eile. Luaigh Amorim figiúirí ó Thaighde Tomhaltóirí na hEorpa 2023 a d’fhoilsigh CETI chun tacú lena bharúil go bhféadfadh iarmhairtí móra eacnamaíocha a bheith fós ag ceannacháin aonuaire amhail urlárlach adhmaid ilsrathach ar thomhaltóirí. Leis an taighde léirítear go raibh urlár nua de chineál éigin suiteáilte ag 17 % de thomhaltóirí le 4 bliana anuas. Leis an taighde céanna, áfach, léirítear nach raibh ach 13 % de na hurláir sin déanta as adhmad. Ciallaíonn sé sin nach raibh urlár adhmaid suiteáilte ach ag 2 % de thomhaltóirí sa suirbhé taighde le 4 bliana anuas. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún fós den tuairim nach bhfuil urlárlach adhmaid ilsrathach ina ghné thábhachtach de bhuiséid an chuid is mó de na tomhaltóirí. |
|
(316) |
Mhaígh Amorim freisin go mbeadh tionchar díréireach ar thomhaltóirí atá íogair ó thaobh praghais de agus a cheannódh urlárlach adhmaid ilsrathach a dhéantar sa tSín de ghnáth. |
|
(317) |
Ar an gcéad dul síos, tacaíonn an maíomh sin le cinneadh an Choimisiúin go ndearna allmhairí ón tSín sladghearradh ar phraghas díola tháirgeoir an Aontais. Thairis sin, creideann an Coimisiún gur cheart iomaíocht den sórt sin a bheith bunaithe ar thrádáil chóir agus, dá bhrí sin, dhiúltaigh sé don mhaíomh go ndéanann na bearta a eascraíonn as an imscrúdú seo difear díréireach do thomhaltóirí atá íogair ó thaobh praghais de. |
|
(318) |
Mhaígh Amorim freisin nach ndearna an Coimisiún measúnú leordhóthanach ar thionchar tomhaltóirí ar na saincheisteanna lena mbunófaí torthaí nua don imscrúdú. D’áitigh Amorim freisin gur cheart don Choimisiún taighde críochnúil a dhéanamh chun a áirithiú nach mbainfeadh na bearta an bonn de spriocanna beartais níos leithne an Aontais, amhail an Comhaontú Glas, cothromas sóisialta agus tithíocht inacmhainne. |
|
(319) |
Chuir an Coimisiún in iúl nár cuireadh aon fhianaise isteach chun a léiriú go mbainfeadh na bearta frithdhumpála a moladh sa nochtadh cinntitheach an bonn de na spriocanna beartais níos leithne sin. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil na himscrúduithe frithdhumpála teoranta ó thaobh ama de faoi sprioc-amanna reachtúla dochta. Dá réir sin, tá an Coimisiún ag brath ar pháirtithe leasmhara fianaise agus argóintí iarbhír, ionadaíocha a chur isteach chun bunús a thabhairt lena dtuairimí. Níl aon rogha ag an gCoimisiún ach feidhmiú laistigh den chreat dlíthiúil sin. Dá bhrí sin, diúltaíonn an Coimisiún don mhaíomh nár fheidhmigh sé laistigh den dlí chun tuairimí tomhaltóirí a shainaithint agus chun an tionchar ar shaincheisteanna níos leithne a mheas. |
|
(320) |
In éagmais barúlacha eile maidir le leas thomhaltóirí an Aontais, deimhníodh aithrisí (374) go (376) den Rialachán sealadach. |
7.1.6. Tosca eile
|
(321) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Amorim, MEFO Floor, Puderbach agus CNSTTF go mbeadh ionadú urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh le táirgí níos saoire nach bhfuil chomh hinbhuanaithe céanna mar thoradh ar na bearta. |
|
(322) |
Ní féidir leis an gCoimisiún a chur as an áireamh go bhféadfadh méid áirithe ionadaíochta tarlú. Mar sin féin, ní raibh bunús leis an maíomh sin ós rud é nár cuireadh aon fhianaise isteach chun tacú leis an maíomh nó le méid aon ionadú amach anseo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(323) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Amorim a bharúlacha go mbeadh laghdú ar an éileamh ar urlárlach adhmaid ilsrathach agus méadú ar thomhaltas roghanna urlárlaigh níos saoire amhail lannán, vinil agus só-thíliú vinile mar thoradh ar na bearta. Thacaigh Holz-Richter, Lovelin of London agus Puderbach leis na tuairimí sin. Chuir Amorim sonraí ar fáil maidir le cineálacha áirithe urláir lena gcumhdaítear na blianta 2020 agus 2024 chun a léiriú gur aistríodh an t-éileamh ar chineálacha éagsúla urláir agus gur sainaithníodh praghas mar chúis leis na forbairtí sin. |
|
(324) |
Níor chuir an Coimisiún ina choinne go bhféadfadh roinnt tomhaltóirí athrú go roghanna malartacha urlárlaigh níos inacmhainne mar fhreagairt ar mhéaduithe ar phraghsanna. Mar sin féin, tugtar le fios go soiléir sa Taighde Tomhaltóirí a chuir Amorim isteach nach bhfuil sa phraghsáil ach ceann amháin de na tosca a dhéanann difear do chinnteoireacht tomhaltóirí. Ina theannta sin, d’áitigh CNSTTF go dtiocfaidh méadú ar an éileamh san earnáil urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh sna blianta amach romhainn mar gheall ar bhoilsciú laghdaithe ar a phríomhchostais a luaithe a bheidh deireadh leis an gCogadh san Úcráin. Mar sin féin, is léir nár cuireadh fianaise láidir faoi bhráid an Choimisiúin go léiríonn saincheist na hinionadaitheachta nach bhfuil bearta chun leasa an Aontais. |
|
(325) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Amorim agus MEFO Floor, Puderbach agus HAI go ndéanfaidh allmhairí ó thríú tíortha eile ionadú ar allmhairí ón tSín de réir mar a thagann laghdú ar na hallmhairí sin. Mhaígh na páirtithe sin nach gcuirfeadh na bearta sochair ar fáil do thionscal an Aontais. |
|
(326) |
Chinn an Coimisiún nach bhfuil bunús leis an maíomh sin. Eascraíonn sé ó thuairim an Choimisiúin in aithris (359) den Rialachán sealadach, áfach, go mbainfeadh tionscal an Aontais tairbhe as na bearta. |
7.1.7. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(327) |
In éagmais barúlacha maidir leis an gconclúid ar leas an Aontais, deimhníodh aithris (377) den Rialachán sealadach. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
|
(328) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(329) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(330) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a chonacthas le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart go mbeadh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne’. |
|
(331) |
D’iarr an Coimisiún doiciméid bhreise, amhail ceadúnais ghnó nó airteagail chomhlachais ó na honnmhaireoirí comhoibríocha neamhshampláilte lena stádas mar tháirgeoirí den táirge lena mbaineann a dheimhniú. Ó na 63 pháirtí a chuir isteach faisnéis bhreise, níor léirigh Huzhou Teya Floor Co., Ltd nasc leis an imscrúdú agus ní fhéadfadh an Coimisiún teacht ar an gconclúid gur táirgeoir iarbhír den táirge lena mbaineann é an chuideachta. Níor sholáthair cuideachta eile, JILIN XINYUAN WOODEN INDUSTRY CO., LTD, aon fhaisnéis bhreise ná aon fhianaise bhreise gur táirgeoir onnmhairiúcháin atá ann. Dá bhrí sin, cinneadh go raibh na cuideachtaí sin neamh-chomhoibríoch agus scriosadh iad ón liosta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. |
|
(332) |
Tar éis an nochta chinntithigh sholáthair JILIN XINYUAN WOODEN INDUSTRY CO., LTD an fhaisnéis a iarradh. Dá bhrí sin, cuireadh an chuideachta le liosta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. |
|
(333) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (21). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(334) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirtear sonrasc den sórt sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’. |
|
(335) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(336) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, féadfar imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(337) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála na n-allmhairí uile eile de thionscnamh na Síne ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin freisin. |
|
(338) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) níl sé comhlachaithe le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla. |
8.2. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
|
(339) |
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
8.3. Cúlghabhálacht
|
(340) |
Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe. |
|
(341) |
Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh CETI go léirítear le staitisticí Eurostat gur tháinig méadú ollmhór ar allmhairí ón tSín agus gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna. |
|
(342) |
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha. |
|
(343) |
Measann an Coimisiún go gcomhlíonann allmhairí an táirge lena mbaineann critéar (a), is é sin gur cláraíodh na hallmhairí i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
|
(344) |
Measann an Coimisiún gur tugadh deis d’allmhaireoirí barúlacha a thabhairt faoi chritéar (b) maidir le foilsiú an Rialacháin shealadaigh. |
8.3.1. Stair na dumpála nó na feasachta faoin dumpáil nó faoin díobháil a rinne an t-allmhaireoir
|
(345) |
De bhun Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán, ní mór ‘stair dumpála thar thréimhse fhada a bheith ann, nó bhí an t-allmhaireoir ar an eolas faoin dumpáil i dtaca le méid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe nó cruthaithe, nó ba cheart dó a bheith ar an eolas faoi’. Sa chás seo, measann an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil maidir le méid na dumpála agus na díobhála a líomhnaítear a rinneadh nó a fuarthas ó dháta tionscnaimh an imscrúdaithe, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi. |
|
(346) |
Bhí roinnt ráiteas agus míreanna fianaise san fhógra tionscnaimh agus sa leagan neamhrúnda den ghearán a thacaíonn le méid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe agus a luann an méid sin. Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí agus úsáideoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála líomhnaithe, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil líomhnaithe, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na cleachtais sin. |
|
(347) |
Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur comhlíonadh an critéar sin maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna. |
|
(348) |
Tar éis an nochta chinntithigh, rinne AUMI agus CNSTTF agóid i gcoinne chinneadh an Choimisiúin dleachtanna frithdhumpála a fhorchur go cúlghabhálach ó dháta an chláraithe agus d’áitigh siad nár chomhlíon cur chuige an Choimisiúin na coinníollacha carnacha uile a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán arna léirmhíniú ag an gCúirt i gcás T-749/16 (22). D’áitigh CNSTTF nár thug an Coimisiún údar cuí-réasúnaithe lena chinneadh maidir le clárú ar an gcéad dul síos. De réir CNSTTF, ní mór bunús cuí a thabhairt leis an gcinneadh maidir le hallmhairí a chlárú, go háirithe nuair a ghníomhaíonn an Coimisiún (amhail sa chás seo) ex officio. Thug CNSTTF dá aire freisin go bhfuil sé sin contrártha le cleachtas an Choimisiúin in imscrúduithe roimhe seo agus mhaígh sé maidir le mainneachtain an Choimisiúin bunús leordhóthanach a thabhairt lena chinneadh clárúcháin gur sárú é sin ar na prionsabail dhlíthiúla arna mbunú ag an gCúirt Ghinearálta agus go mbaineann sé an bonn de dheimhneacht dhlíthiúil d’allmhaireoirí. |
|
(349) |
Thug an Coimisiún dá aire, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán, go gcuirfear allmhairí faoi réir a gcláraithe tar éis iarraidh a fháil, ó thionscal an Aontais, ina bhfuil fianaise leordhóthanach chun údar a thabhairt leis an ngníomhaíocht sin. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúchán ar thionscnamh an Choimisiúin freisin. Cé gur léir go bhfuil clárú allmhairí tar éis iarraidh a fháil faoi réir fianaise leordhóthanach a bheith ann chun údar a thabhairt le clárú, níl aon cheanglas den sórt sin ann allmhairí a chlárú ar thionscnamh an Choimisiúin féin. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur cuireadh an t-athrú sa chleachtas in iúl i bpreaseisiúint ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2024 (23). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(350) |
Thairis sin, d’áitigh CNSTTF agus AUMI nár léirigh an Coimisiún go raibh allmhaireoirí ar an eolas (nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas) faoi mhéid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe agus go bhfágann cur chuige an Choimisiúin san imscrúdú seo go bhfuil Airteagal 10(4)(c) iomarcach go bunúsach. Trí na hallmhairí uile a chlárú go huathoibríoch ó mhí Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh, bhain an Coimisiún luach substainteach an cheanglais feasachta, rud a d’fhág gur foirmiúlacht nós imeachta é seachas coinníoll atá fóinteach ó thaobh an dlí de. Mhaígh AUMI agus CNSTTF maidir le toimhde an Choimisiúin gur cheart d’allmhaireoirí a bheith ar an eolas faoin dumpáil tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh agus ón leagan neamhrúnda den ghearán, go ndearnadh Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán toll. |
|
(351) |
Mhaígh Amorim nár leor foilsiú an fhógra tionscnaimh amháin chun go maífeadh an Coimisiún gur cheart go mbeadh páirtithe ar an eolas faoi dhumpáil de réir bhrí Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán. |
|
(352) |
Thug an Coimisiún dá aire go meascann CNSTTF agus AUMI suas dhá choincheap: clárú agus bailiú cúlghabhálach. Cé gur uirlis chustaim é clárú lena n-éascaítear sainaithint na n-allmhairí ar a bhféadfar bailiú cúlghabhálach dleachtanna a lorg agus gur féidir é a dhéanamh ar thionscnamh an Choimisiúin féin, ní féidir bailiú cúlghabhálach a dhéanamh ach amháin má dhéantar measúnú ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán agus má chomhlíontar iad. Mar a mhínítear in aithrisí (345) go (346) thuas, rinne an Coimisiún measúnú agus shuigh sé go raibh allmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoin dumpáil, a mhéid a bhaineann le méid na dumpála agus na díobhála a líomhnaítear nó a aimsíodh’. Mar a dheimhnigh an Chúirt i gcás T-749/16 (24) dá dtagraítear in aithris (348) thuas, mheas an Coimisiún go raibh allmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil agus faoin díobháil líomhnaithe, nó gur cheart iad a bheith ar an eolas fúthu, ó foilsíodh an fógra tionscnaimh agus an leagan neamhrúnda den ghearán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. |
|
(353) |
D’áitigh CNSTTF freisin nár chruthaigh an Coimisiún go raibh méadú suntasach ar allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Ag an tús, bhí laghdú nach beag ar allmhairí mar shaintréith de chuid na tréimhse imscrúdúcháin (2023). I gcomparáid leis na méideanna an-íseal ar allmhairí in 2023, ní raibh sa mhéadú beag ar allmhairí in 2024 ach téarnamh chuig leibhéil trádála níos tipiciúla, mar a léiríodh le sonraí ó bhlianta roimhe sin. Cé gur tháinig méadú ar allmhairí ón tSín in 2024, d’fhan siad faoi bhun na leibhéal a chonacthas in 2022, nuair a bhí dálaí an mhargaidh níos tipiciúla. Thug CNSTTF dá aire, murab ionann agus na himscrúduithe a rinne sé roimhe seo, nach ndearna an Coimisiún anailís chríochnúil ar allmhairí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag méideanna allmhairí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin ar dhálaí margaidh, nó ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu fiú, ar dhálaí margaidh, go háirithe i dtéarmaí praghsála agus iomaíochta. Thairis sin, ní dhearna an Coimisiún measúnú ar aon stoc-charnadh a d’fhéadfadh allmhaireoirí a dhéanamh agus, dá bhrí sin, níor léirigh sé gur dócha go mbainfeadh aon mhéadú an bonn d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna frithdhumpála. I bhfianaise na n-easnamh sin, d’áitigh CNSTTF nach raibh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán chomhlíonta ag an gCoimisiún. Dá réir sin, ní raibh bonn cirt le cur i bhfeidhm cúlghabhálach na ndleachtanna agus ba cheart é a athbhreithniú toisc go bhfuil bailiú cúlghabhálach dleachtanna fós ina eisceacht nach féidir údar a thabhairt léi ach amháin in imthosca urghnácha. |
|
(354) |
D’áitigh Amorim, Barth, Fusong, Lovelin agus Thede&Witte gur cheart don Choimisiún an t-aga idir dáta an ordaithe agus dáta an allmhairithe a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar cheart d’allmhaireoirí a bheith ar an eolas faoi dhumpáil. Mhaígh Amorim agus Barth gur ordaíodh formhór na n-allmhairí tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh roimh an fógra tionscnaimh. Mhaígh Amorim go raibh an t-aga idir dáta an ordaithe agus dáta an allmhairithe idir 12 agus 16 seachtaine, lena n-áirítear 4 go 6 seachtaine chun na hearraí a mhonarú agus thart ar 60 lá chun go mbainfeadh na lastais an tAontas amach. Mhaígh Thede & Witte gur mhair an t-aga 3 mhí ar a laghad, Fusong idir 3,5 agus 4,5 mí agus Lovelin 6 mhí ar a laghad. Mhaígh Barth, maidir le formhór mór an urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh a allmhairíodh tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh, gur ordaíodh é roimh an fhógra tionscnaimh, agus gur chuir sé sonraí rúnda isteach chun tacú leis an maíomh. D’áitigh AUMI nach ndearna an Coimisiún imscrúdú féachaint ar tharla stoc-charnadh agus dúirt sé freisin nár fhiosraigh ná nár fhíoraigh an Coimisiún an t-ábhar le linn chuairt fíorúcháin Lamett. I bhfianaise an aga sin, mhaígh na páirtithe sin nárbh fhéidir leo a bheith ar an eolas faoi dhumpáil tráth na n-orduithe agus, dá bhrí sin, nár comhlíonadh an coinníoll in Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán. |
|
(355) |
Ag an tús, meabhraíonn an Coimisiún, mar a thug an Chúirt Ghinearálta faoi deara in Stemcor, ‘go gceanglaítear le hAirteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán, chun dleacht frithdhumpála chinntitheach a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, ‘sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, go bhfuil méadú suntasach breise ar allmhairí’, rud ar dócha, ‘i bhfianaise a uainiú’ agus a mhéid agus imthosca eile, go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm’ (25). Is léir go dtagraíonn an fhoráil do ‘allmhairí’ seachas do ‘orduithe’ ar dócha go mbainfidh siad an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm. Chinn an Chúirt freisin ‘nach féidir éifeachtaí na n-allmhairí a rinneadh le linn na tréimhse clárúcháin a idirdhealú go cinnte ó éifeachtaí na n-allmhairí a rinneadh roimh an tréimhse sin, ós rud é go bhféadfaí na hallmhairí ar phraghas íseal a tháinig isteach san Aontas Eorpach le linn na tréimhse clárúcháin a chur le stoc-charn méadaithe táirgí a bunaíodh roimh ré, tráth a raibh allmhaireoirí ar an eolas cheana féin go bhféadfaí dleachtanna frithdhumpála a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ar allmhairí cláraithe, rud a rannchuideodh go mór leis an mbonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm’ (26). |
|
(356) |
Ar deireadh, cé go bhfuil feasacht an allmhaireora ar thionscnamh an imscrúdaithe cinntitheach chun Airteagal 10(4)(c) (27) den bhun-Rialachán (28) a chur i bhfeidhm, ‘ní shaothraíonn an Rialachán Cur Chun Feidhme seo cuspóir ‘pionósach’. Cé go ndearbhaítear le hAirteagal 10(1) den bhun-Rialachán, [...], prionsabal neamh-aisghníomhaíochta na mbeart frithdhumpála, maolaítear ar an bprionsabal sin le roinnt forálacha den bhun-Rialachán trí chead a thabhairt, faoi choinníollacha áirithe, bearta frithdhumpála a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin lena mbunaítear na bearta sin, ós rud é gur cláraíodh na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán, agus déantar amhlaidh chun cosc a chur ar an mbonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na mbeart cinntitheach agus gan an bhrí a bhaint de na bearta sin dá réir, agus chun na críche sin amháin’ (29). Dá bhrí sin, ba cheart an éifeacht is dócha a bheidh ag na hallmhairí ábhartha, seachas rún na n-allmhaireoirí, a bheith mar bhéim sa mheasúnú, faoi Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ‘ní mór measúnú a dhéanamh ar an ‘méadú suntasach breise ar allmhairí’ de réir bhrí Airteagal 10(4)(d) den bhun-[R]ialachán ina iomláine, chun a chinneadh an dócha go mbainfidh na hallmhairí, ina n-iomláine, an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha, agus ar an gcaoi sin díobháil bhreise a chruthú do thionscal an Aontais, gan seasamh aonair agus suibiachtúil na n-allmhaireoirí atá i gceist a chur san áireamh’ (30). |
|
(357) |
Níor chuir an Coimisiún ina aghaidh go bhféadfadh sé gur thóg an t-am a chuaigh thart idir an t-ordú agus an dáta allmhairiúcháin roinnt seachtainí nó míonna. Chomh maith leis na prionsabail a atáirgtear sa dá aithris roimhe seo a mheabhrú, agus go háirithe fócas Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán ar éifeacht na n-allmhairí seachas an rún atá taobh thiar díobh nó uainiú a n-orduithe, mheas an Coimisiún, i gcás orduithe atá ar feitheamh tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh, go bhféadfadh allmhaireoirí breithniú a dhéanamh ar roghanna eile seachas cainníochtaí móra den sórt sin a allmhairiú lena n-áirítear athdhíol chuig margaí lasmuigh den Aontas nó athchaibidlíocht lena soláthróir. Rinne an Coimisiún measúnú ar na sonraí a chuir Barth isteach agus thug sé dá aire nach raibh ann ach 14 % de na hallmhairí uile ón tSín. Dá bhrí sin, chomh maith le bheith neamhábhartha go bunúsach i bhfianaise na bprionsabal a luaitear thuas, níor mheas an Coimisiún go raibh na sonraí sách ionadaíoch chun glacadh leis go raibh gach allmhaireoir eile sa chás céanna. Ina theannta sin, níor thug Barth freagra ar an gceistneoir agus níorbh fhéidir a shonraí a fhíorú. I ndáil le maíomh AUMI, d’admhaigh an Coimisiún nár fhíoraigh sé an raibh Lamett, arbh é an t-aon allmhaireoir a chomhoibrigh san imscrúdú seo, ag stoc-charnadh in 2024. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, ós rud é nach raibh i gceist le hallmhairí ó Lamett ach 6 % de na hallmhairí uile ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin, nárbh fhéidir é a úsáid chun teacht ar chonclúidí. Thug an Coimisiún dá aire freisin nach gcuirtear in aghaidh na n-aighneachtaí a bhfuil achoimre orthu in aithris (354) gur tháinig méadú suntasach ar na hallmhairí cé gurbh é urlárlach adhmaid ilsrathach a allmhairiú roimh theacht i bhfeidhm Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú (‘EUDR’) an chúis a soláthraíodh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
8.3.2. Ardú suntasach breise in allmhairí ar dócha go mbainfidh sé an bonn go tromchúiseach d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha frithdhumpála
|
(358) |
De bhun Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán, is gá ‘ardú suntasach breise ar allmhairí a bheith ann i dteannta leibhéal na n-allmhairí a bhí ina gcúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin’. |
|
(359) |
Ba é 935 477 m2 (31) an meánmhéid míosúil allmhairí ón tSín a fógraíodh in Eurostat (32) le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Léirítear i sonraí Eurostat gurbh é 1 457 082 m2 an meánmhéid míosúil allmhairí ón tSín sa tréimhse dar tús an chéad mhí iomlán tar éis fhoilsiú fhógra tionscnaimh an imscrúdaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dar críoch an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (Meitheamh 2024 go Nollaig 2024), i.e. 56 % níos airde ná an meánmhéid mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Agus bhí an figiúir sin 66 % níos airde ná an meánmhéid míosúil allmhairí le haghaidh na míonna féilire céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (Meitheamh 2023 go Nollaig 2023). |
|
(360) |
Maidir leis an tréimhse ón gcéad mhí iomlán tar éis an tionscnaimh go dtí an mhí iomlán dheireanach roimh chlárú na n-allmhairí (Meitheamh 2024 go Meán Fómhair 2024), tá meánmhéid míosúil allmhairí de 1 430 396 m2 ann, atá 53 % níos airde ná an meánmhéid míosúil mar a bhí le linn na tréimhse imscrúdúcháin iomláine. Agus bhí an figiúr sin 52 % níos airde ná an meánmhéid míosúil allmhairí le haghaidh na míonna féilire céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (Meitheamh 2023 go Meán Fómhair 2023). |
|
(361) |
Léiríonn an dá thoradh go raibh méadú substaintiúil ar mhéideanna allmhairí tar éis an tionscnaimh. |
|
(362) |
Tháinig an méadú sin ar allmhairí nuair a bhí laghdú 5 % tagtha ar thomhaltas in 2024 i gcomparáid le 2023, mar a thugtar tuairisc air i bhfoilseacháin an tionscail (33). Is comhartha soiléir é sin go ndearnadh tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. |
|
(363) |
In éagmais aon mhíniú eile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur léirigh méadú substaintiúil ar mhéideanna allmhairí tar éis an tionscnaimh go raibh stoc-charnadh ar bun. |
|
(364) |
Thairis sin, ba é EUR 22,22 in aghaidh m2 an meánphraghas allmhairiúcháin míosúil sa tréimhse idir Meitheamh 2024 agus Meán Fómhair 2024, a bhí 4,1 % níos ísle ná an meánphraghas míosúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin iomláine. Ina theannta sin, ba é EUR 22,47 in aghaidh m2 an meánphraghas allmhairiúcháin míosúil sa tréimhse idir Meitheamh 2024 agus Nollaig 2024, a bhí 3 % níos ísle ná an meánphraghas míosúil le linn na tréimhse imscrúdúcháin iomláine. Léiríonn na torthaí sin go raibh an méadú substaintiúil ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna níos ísle, ar an meán, ná mar a bhí le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(365) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Fusong gur cheart don Choimisiún na sonraí allmhairiúcháin míosúla coigeartaithe a nochtadh chun go mbeadh deis ann barúil a thabhairt orthu. |
|
(366) |
Thug an Coimisiún dá aire gur thug sé tuairisc cheana féin ar an modheolaíocht chun cainníochtaí allmhairí Eurostat a choigeartú in m2 in aithris (227) den Rialachán sealadach agus gur chuir sé na torthaí san áireamh in aithrisí (359) agus (360) thuas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(367) |
D’áitigh Fusong gur cheart don Choimisiún an t-aga idir ordú agus allmhairiú a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar an méadú ar allmhairí. Mhaígh Amorim, Barth gur chomhfhreagair formhór na gcainníochtaí a allmhairíodh ó mhí an Mheithimh 2024 d’orduithe roimh an 17 Bealtaine 2024 agus gur chuir Barth sonraí rúnda isteach chun tacú lena mhaíomh. Dúirt AUMI, Barth, CNSTTF, Fusong agus Thede&Witte freisin go raibh allmhairí in 2023 thar a bheith íseal agus, dá bhrí sin, nach raibh siad oiriúnach chun iad a chur i gcomparáid leis na figiúirí ó 2024. D’áitigh AUMI gur cheart measúnú a dhéanamh ar an méadú ar allmhairí a eascraíonn as comparáid a dhéanamh le sonraí 2023 i bhfianaise uainiú agus mhéid an mhéadaithe sin agus imthosca eile mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. Mhol Fusong comparáid a dhéanamh idir na hallmhairí in 2024 agus an tréimhse iomlán faoi bhreathnú. Dúirt Barth agus Fusong freisin gur fhág dálaí an mhargaidh go ndearna allmhaireoirí stoc-charnadh in 2022, agus tar éis an laghdaithe ar thomhaltas in 2023, gur tháinig laghdú ar allmhairí in 2023. D’áitigh AUMI go raibh allmhairí sa dara leath de na blianta sin níos airde go ginearálta sa tréimhse faoi bhreathnú agus in 2024 ná mar a bhí sa chéad leath ach amháin in 2023, a chuir AUMI i leith thionchar ghéarchéim na Mara Rua ar loingseoireacht tráchtála ó mhí na Samhna 2023, mar a rinne CNSTTF. Mhaígh Cora Domenica gur allmhairigh siad níos lú cainníochta in 2024 ná mar a d’allmhairigh siad in 2023. |
|
(368) |
A mhéid a bhaineann leis na maímh a bhaineann le ról an aga idir dáta an ordaithe agus dáta an allmhairithe, agus mar a mhínítear in aithrisí (355) go (356) thuas, níor mheas an Coimisiún go raibh sé ábhartha allmhairí a ordaíodh roimh fhoilsiú an fhógra tionscnaimh a eisiamh ón gcomparáid. Mar a thug an Chúirt dá haire i gcás T-749/16 dá dtagraítear in aithris (348) thuas, ní mór an ‘ardú substaintiúil breise ar allmhairí’ de réir bhrí Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán a mheasúnú ón nóiméad a bhí allmhaireoirí ar an eolas go bhféadfaí dleacht a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar allmhairí cláraithe, rud a chiallaíonn nach mór na hallmhairí a tharla ó fhoilsiú an fhógra tionscnaimh imscrúdaithe a áireamh chun a chinneadh an dócha go mbainfeadh na hallmhairí sin, mar aon leis na hallmhairí a tharla le linn na tréimhse clárúcháin, an bonn d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha a bhí le cur i bhfeidhm (34). Dá bhrí sin, ní mór diúltú don argóint sin. |
|
(369) |
A mhéid a bhaineann leis na maímh a bhaineann le hionadaíocht 2023, measann an Coimisiún gurb iomchuí 2023 toisc gur úsáid an Coimisiún na sonraí imscrúdúcháin ní hamháin chun comparáid a dhéanamh idir cainníochtaí allmhairí ach freisin chun tomhaltas agus praghsanna a chur i gcomparáid le chéile. Thairis sin, i bhfianaise na n-aighneachtaí ó Barth agus Fusong maidir le stoc-charnadh in 2022, níl aon fhianaise ar comhad chun teacht ar an gconclúid go mbeadh toradh níos ionadaíche ann dá n-úsáidfí 2022 sa ríomh. Maidir leis an maíomh ó Cora Domenica, d’admhaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé gur allmhairigh roinnt allmhaireoirí cainníochtaí níos ísle ná mar a d’allmhairigh siad in 2023. Mar sin féin, ní mór an ‘ardú suntasach breise ar allmhairí’ de réir bhrí Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán a mheasúnú ina n-iomláine chun a chinneadh an dócha go mbainfidh na hallmhairí, ina n-iomláine, an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha agus, ar an gcaoi sin, go gcruthófar díobháil bhreise do thionscal an Aontais, gan seasamh aonair agus suibiachtúil na n-allmhaireoirí sonracha atá i gceist a mheas. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(370) |
Mhaígh Amorim, Barth, Lovelin, Puderbach, Thede&Witte nach raibh an méadú ar fhardail in oirchill dleachtanna frithdhumpála a d’fhéadfadh a bheith ann ach in oirchill theacht i bhfeidhm Rialachán an Aontais maidir le Dífhoraoisiú (‘EUDR’) faoi dheireadh mhí na Nollag 2024. Mhaígh na páirtithe sin gur tugadh isteach leis an Rialachán nua seo ceanglais áirithe a d’fhágfadh go mbeadh an chomhlíontacht deacair. D’áitigh Barth freisin gur léirigh na sonraí rúnda a cuireadh isteach gur tháinig laghdú géar ar allmhairí ó mhí na Samhna 2024 ar aghaidh, agus iad ina gcruthúnas gurbh é teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an dífhoraoisiú ba chúis leis na fardail a mhéadú. Mhaígh Holz-Richter gurbh é ba chúis leis an méadú ar chainníochtaí allmhairithe droch-infhaighteacht urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh ó tháirgeoirí an Aontais, go háirithe in 2021 agus 2022. Mhaígh AUMI agus Puderbach gur tháinig méadú ar chainníochtaí allmhairí ón tSín freisin mar gheall ar an laghdú ar allmhairí ón Úcráin. |
|
(371) |
Ní mheasann an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna le stoc-charnadh ábhartha ós rud é gurb é an toradh, gan beann ar na cúiseanna, gur allmhairíodh earraí ar chainníochtaí i bhfad níos airde agus ar phraghsanna níos ísle sular tháinig na dleachtanna sealadacha i bhfeidhm. Gan beann ar a gcuspóir, ‘is dócha go mbainfidh na stoic sin an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm’ de réir bhrí Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(372) |
Chuir Fusong, Thede &Witte i gcoinne an laghdaithe ar thomhaltas a d’úsáid an Coimisiún i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll faoi Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. Thug Fusong le fios gur réamhaisnéis tosaigh ó CETI é an figiúr a úsáidtear agus gur cheart don Choimisiún é a fhíorú. D’áitigh Thede&Witte go bhféadfadh meascán táirgí amhail adhmad soladach agus mósáic a bheith san áireamh san fhigiúr. Ina theannta sin, thíolaic sé preaseisiúint ó Chomhlachas Iontlaise na Gearmáine inar tuairiscíodh méadú 8 % ar dhíolacháin sa Ghearmáin. |
|
(373) |
Thug an Coimisiún dá aire gur bhain sé úsáid as an aon doiciméad amháin a bhí ar fáil ar comhad a mhéid a bhaineann le tomhaltas an Aontais in 2024 agus nár chuir páirtithe eile aon fhaisnéis eile isteach. Thug an Coimisiún dá aire freisin go bhféadfadh laghdú ar thomhaltas san Aontas a bheith mar thoradh ar mhéadú ar thomhaltas sa Ghearmáin. D’ionsamhlaigh an Coimisiún cás ina mbeadh méadú 8 % tagtha ar thomhaltas an Aontais in 2024 i gcomparáid le 2023. Agus úsáid á baint as cainníochtaí coigeartaithe allmhairí Eurostat in 2024, léiríodh sna torthaí go mbeadh méadú tagtha fós ar sciar margaidh allmhairí ón tSín agus go mbeadh laghdú tagtha ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(374) |
Mhaígh AUMI agus Fusong go raibh sé róshimplí comparáid a dhéanamh idir meánphraghsanna míosúla toisc nár fhreastal siad, mar shampla, ar dhifríochtaí sa mheascán táirgí agus dúirt siad freisin nár leor an toradh chun teacht ar chonclúidí. D’áitigh Fusong freisin nár nocht an Coimisiún na sonraí agus dá bhrí sin nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an laghdú praghais a tuairiscíodh. D’áitigh Barth go bhfuil an laghdú ar phraghsanna a d’úsáid an Coimisiún neamhshuntasach agus go bhféadfaí é a chur i leith difríochtaí i bhfachtóirí amhail praghsanna amhábhar, rátaí malairte airgeadra nó rátaí lasta mara. |
|
(375) |
Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil meánphraghsanna míosúla le haghaidh allmhairí ar fáil ach amháin trí staitisticí Eurostat nach ndéanann idirdhealú idir na cineálacha éagsúla táirgí lena mbaineann. Thug an Coimisiún dá aire freisin, ina mheasúnú, nár bhain sé úsáid as an difríocht sa phraghas ina aonar ach in éineacht leis an difríocht i gcainníochtaí allmhairithe agus i dtomhaltas. Mheas an Coimisiún freisin, a mhéid nach bhfuil méadú mór ar phraghsanna allmhairiúcháin, nach bhfuil aon éifeacht ag méid an laghdaithe ar an measúnú. A mhéid a bhaineann leis an maíomh maidir le hinfhaighteacht na sonraí, thug an Coimisiún aghaidh air cheana féin in aithris (366) thuas. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(376) |
Mhaígh Amorim nár léirigh an Coimisiún go ndearna allmhairí tar éis an fhógra tionscnaimh dochar do thionscal an Aontais. Thairis sin, mhaígh AUMI, Amorim, CNSTTF, Fusong agus Thede&Witte nár chruthaigh an Coimisiún gur bhain allmhairí an bonn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart. Mhaígh AUMI agus CNSTTF, mar a rinneadh san imscrúdú ar tháirgí cruach cothroma fuar-rollta (35), gur cheart don Choimisiún i) measúnú a dhéanamh ar chainníochtaí allmhairiúcháin agus sciartha den mhargadh i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin, ii) anailís a dhéanamh ar fhorbairtí praghsanna agus sladghearradh praghsanna i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin agus iii) scrúdú a dhéanamh ar na maímh a mhéid a bhaineann le stoc-charnadh. Mhaígh Barth gur fhág formhór na gcainníochtaí a allmhairíodh sa dara leath de 2024 a thrádstórais toisc gur díoladh nó gur dáileadh é agus gur chuir sé fianaise isteach chun tacú leis an maíomh. Mhaígh Thede&Witte gur tugadh le fios leis an laghdú ar chainníochtaí allmhairithe ó mhí na Samhna 2024 gur díoladh táirgí a allmhairíodh níos luaithe. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh na hallmhairí sin an bonn a bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha an bhirt. |
|
(377) |
Níor mheas an Coimisiún gur ceanglaíodh leis na forálacha in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne nó nach ndearna allmhairí tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh díobháil do thionscal an Aontais. Chun Airteagal 10(4)(d) a mheabhrú, ceanglaítear leis ‘go bhfuil ardú suntasach breise ar allmhairí, i bhfianaise uainiú agus mhéid an mhéadaithe sin agus imthosca eile, ar dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm’. Agus úsáid á baint as cainníochtaí coigeartaithe allmhairí Eurostat ó 2024 agus as an leibhéal tomhaltais, mheas an Coimisiún gur tháinig méadú ar sciar margaidh allmhairí ón tSín ó 21,5 % in 2023 go 31,2 % in 2024, go háirithe ar chostas an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, ar sciar é a thit ó 67,1 % in 2023 go 57,9 % in 2024. Mheas an Coimisiún gur cheadaigh an méadú ar fhardail allmhairí a laghdú tar éis bearta sealadacha agus dá bhrí sin bhain sé an bonn d’éifeacht na mbeart ós rud é nach n-áireofaí dleachtanna frithdhumpála sna cainníochtaí agus sna stoic allmhairithe agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí iad a athdhíol ar phraghsanna níos ísle ná allmhairí a íocadh le dleacht. A mhéid a bhaineann leis na sonraí a chuir Barth isteach, mheas an Coimisiún nach raibh sé ionadaíoch go leor chun teacht ar chonclúidí mar a léirítear in aithris (357) thuas. A mhéid a bhaineann leis an maíomh ó Thede&Witte, ní mheasann an Coimisiún gur táscaire é cainníochtaí níos ísle allmhairí i mí ar leith gur díoladh allmhairí i míonna roimhe sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(378) |
Mhaígh AUMI nach mbeadh bailiú cúlghabhálach dleachtanna chun leas an Aontais. D’áitigh AUMI, Amorim agus Lovelin go ndéanfadh bailiú cúlghabhálach dleachtanna dochar díréireach d’allmhaireoirí. |
|
(379) |
Thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais. Mar sin féin, cé gur aithin an Coimisiún go ndéanfaidh bailiú cúlghabhálach dleachtanna dochar do roinnt allmhaireoirí, comhlíonadh na coinníollacha uile maidir le bailiú cúlghabhálach dleachtanna sa chás atá idir lámha. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. |
|
(380) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach na dleachta cinntithí frithdhumpála. Dá bhrí sin, ba cheart dleacht frithdhumpála chinntitheach a thobhach ar an táirge lena mbaineann, a cuireadh faoi réir a chláraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733. Ba cheart leibhéal na dleachta atá le bailiú go cúlghabhálach a shocrú ar leibhéal na ndleachtanna sealadacha arna bhforchur faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/78, a mhéid atá siad níos ísle ná leibhéal na ndleachtanna cinntitheacha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo. Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos ísle ná an dleacht shealadach, déanfar an dleacht a athríomh chun an méid níos ísle a bhailiú. |
9. FAIREACHÁN SPEISIALTA
|
(381) |
Faoi láthair, tagann an táirge lena mbaineann faoi chód AC 4418 75 00 . Tá fianaise ag an gCoimisiún sa chomhad go ndearbhaítear an táirge lena mbaineann go mícheart uaireanta faoi chóid custaim 4412 52 00 agus 4412 92 00 na Síne nuair a onnmhairítear é. Tagraíonn na cóid sin do bhloc-chláir, do lannchláir agus do chláir chaolaigh ag a bhfuil sraith sheachtrach amháin ar a laghad d’adhmad neamhbhuaircíneach seachas adhmad trópaiceach. Thairis sin, shuigh an Coimisiún, cé gur sa tSín a táirgeadh an táirge lena mbaineann, nuair a onnmhairíodh chuig cinn scríbe nach é an tAontas é, go ndearnadh é a lipéadú ó am go chéile mar tháirge de thionscnamh tríú tír eile. Dá bhrí sin, chun an riosca imchéimniúcháin a íoslaghdú, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí faireachán a dhéanamh ar allmhairí táirgí ón tSín a dearbhaíodh faoi chóid AC 4412 52 00 agus 4412 92 00 agus ar allmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh tríú tíortha eile nó a choinsínítear ó thríú tíortha eile. |
10. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(382) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán 2024/2509 (36), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(383) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí painéal urláir cóimeáilte ilsraitheanna adhmaid atá faoi láthair faoi chód AC 4418 75 00 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach |
Cód breise TARIC |
||||||||||
|
an tSín |
Grúpa Forest
|
32,1 % |
89IL |
||||||||||
|
an tSín |
Grúpa Fusong
|
36,1 % |
89IM |
||||||||||
|
an tSín |
Grúpa Jinfa
|
21,3 % |
89IN |
||||||||||
|
an tSín |
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I |
28,0 % |
|
||||||||||
|
an tSín |
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne |
36,1 % |
8999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid san aonad atá á úsáid againn) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtíolactar an sonrasc sin, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne.
4. Eisiafar na táirgí seo a leanas ón táirge a thuairiscítear i mír 1:
|
— |
Painéil déanta as bambú nó painéil a bhfuil ar a laghad an tsraith uachtarach díobh (an tsraith chaithimh) déanta as bambú, agus painéil le haghaidh urláir mhósáice. |
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/78 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.
Airteagal 3
Toibhítear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh, a thagann faoi láthair faoi chóid AC 4418 75 00 , ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733.
Is mar a leanas a bheidh an ráta maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag na táirgí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733 ón gCoimisiún agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír thionscnaimh |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach |
Cód breise TARIC |
||||||||||
|
an tSín |
Grúpa Forest
|
32,1 % |
89IL |
||||||||||
|
an tSín |
Grúpa Fusong
|
36,1 % |
89IM |
||||||||||
|
an tSín |
Grúpa Jinfa
|
21,3 % |
89IN |
||||||||||
|
an tSín |
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I |
28,0 % |
|
||||||||||
|
an tSín |
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh na Síne |
36,1 % |
8999 |
Airteagal 4
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023); |
|
(b) |
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C 2024/3186, 16.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3186/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2733 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena gcuirtear allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2024/2733, 25.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2733/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/78 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí urlárlaigh adhmaid ilsrathaigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/78, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/78/oj).
(5) Féach breithiúnas an 21 Meitheamh 2023, Guangdong Haomei New Materials agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology v an Coimisiún, T-326/21, EU:T:2023:347, mír 134-135.
(6) Féach mar shampla: https://www.reuters.com/markets/turkey-raises-monthly-minimum-wage-by-50-2023-2022-12-22/.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stát Aontaithe Mheiriceá, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 10, 17.1.2022, p. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/58/oj, aithris (95)).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2415 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L, 2024/2415, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2415/oj) aithris (162).
(9) Is cuid de chomhad rúnda an imscrúdaithe é an fhianaise.
(10) https://www3.tcmb.gov.tr/sektor/#/en/C/162/manufacture-of-products-of-wood-cork-straw-and-plaiting-materials.
(11) Is é sin an beart a úsáideann an Coimisiún dá ríomh athbhreithnithe ar mhéid réasúnta le haghaidh brabúis. Féach aithris (76) thíos.
(12) Níl brabúis i ndearbhthéarmaí inchomparáide idir blianta éagsúla, toisc go n-athraíonn líon na gcuideachtaí a áirítear sa tuarascáil ó bhliain go bliain freisin (ó 2 346 in 2020 go 3 249 in 2023).
(13) Leis an gcomhéifeacht comhghaolúcháin tomhaistear neart agus treo gaoil línigh idir dhá athróg, e.g. ráta boilscithe agus brabúsacht. Tá luach na comhéifeachta comhghaolúcháin idir -1 agus +1. Tugann luach deimhneach le tuiscint go mbogann an dá athróg le chéile agus sa treo céanna, i.e. nuair a thagann méadú ar athróg amháin, méadaíonn an athróg eile freisin. Os a choinne sin, tugann luach diúltach le tuiscint go dtagann laghdú ar an athróg eile nuair a thagann méadú ar athróg amháin. Is í an fhoirmle don chomhéifeacht comhghaolúcháin is coitianta a úsáidtear (‘comhéifeacht comhghaolúcháin Pearson’) r = [ Σ (xi - mean_x)(yi - mean_y) ] / [ sqrt( Σ (xi - mean_x)2 ) * sqrt( Σ (yi - mean_y)2 ) ], i gcás inarb iad xi agus yi na pointí sonraí aonair ó athróga X agus Y, inarb é mean_x meán (meán) na luachanna xi uile, inarb é mean_y meán (meán) na luachanna yi uile, seasann Σ don tsuim thar na pointí sonraí uile (ó i = 1 go n), agus inarb é sqrt fréamh chearnach.
(*1) Foinse: Institiúid Staidrimh na Tuirce
(*2) Foinse: Banc Ceannais na Tuirce
(14) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (CCCME) agus Eile v an Coimisiún Eorpach, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 73.
(15) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Páirtithe Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 183.
(16) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Páirtithe Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 185.
(17) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Páirtithe Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 188.
(18) Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2024, CCCME agus Páirtithe Eile v an Coimisiún, T-263/22, ECLI:EU:T:2024:663, mír 184.
(19) Mar shampla, deir Orma, go seolann sé chuig 32 tír i 5 mhór-roinn: https://www.orma.com.tr/en/about/
(20) Cuirtear an spriocbhrabús ar fáil i raonta ós rud é gur eascair na sonraí a úsáideadh lena ríomh ó shonraí íogair ó dhá chuideachta agus uathu amháin.
(21) Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.
(22) Breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supplies Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, ECLI:EU:T:2019:310.
(23) Commission to register imports of all products under trade defence investigations in bid to fight unfair competition - An Coimisiún Eorpach , [An Coimisiún chun allmhairí na dtáirgí uile faoi imscrúduithe cosanta trádála a chlárú chun iomaíocht éagórach a chomhrac] https://policy.trade.ec.europa.eu/news/commission-register-imports-all-products-under-trade-defence-investigations-bid-fight-unfair-2024-09-24_en.
(24) Breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supplies Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, ECLI:EU:T:2019:310, féach, go háirithe, míreanna 29-59.
(25) Breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supplies Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, ECLI:EU:T:2019:310, féach, go háirithe, mír 72.
(26) Ibid. mír 75.
(27) Cé acu ‘ an bhfuil nó nach bhfuil stair maidir le dumpáil thar thréimhse fhada ann maidir leis an táirge i gceist, nó an raibh nó nach raibh an t-allmhaireoir ar an eolas faoin dumpáil i dtaobh mhéid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe nó cruthaithe, nó ar cheart nó nár cheart go mbeadh sé ar an eolas faoi ’.
(28) Ibid. mír 76.
(29) Ibid. mír 87.
(30) Ibid. mír 86.
(31) Tá an luach sin 0,2 % níos airde ná an meánluach a fhaightear le húsáid an fhigiúir i dTábla 3 den Rialachán sealadach. Coigeartuithe ar na sonraí i mbunachar sonraí Eurostat is cúis leis an difríocht neamhábhartha sin.
(32) Ceartaíodh na méideanna le húsáid na modheolaíochta ar a dtugtar tuairisc in aithris (227) den Rialachán sealadach.
(33) Foinse: Preaseisiúint ó CETI an 27 Eanáir 2025. https://www.parquet.net/2025/01/european-parquet-market-2024.html#:~:text=At%20the%20occasion%20of%20its,under%205%25%20compared%20to%202023.
(34) Breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supplies Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, ECLI:EU:T:2019:310, féach, go háirithe, míreanna 72-75.
(35) RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2016/1328 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí táirgí cruach cothroma fuar-rollta áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, IO L 210, 4.8.2016, lch. 1, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32016R1328.
(36) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne nár sampláladh
|
Tír |
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
an tSín |
Anhui Jinxiang Wood Technology Co., Ltd. |
89IO |
|
Anhui Sunhouse Floor Technology Co., Ltd. |
89IP |
|
|
Anhui Zhichang Bamboo and Wood Products Co., Ltd. |
89IQ |
|
|
ARTIST INTELLIGENT HOUSEHOLD CO.,LTD. |
89IR |
|
|
BENXI FLOORING FACTORY (GENERAL PARTNERSHIP) |
89IS |
|
|
CENTENNIAL MENDI (JINHU) HOME FURNISHING TECHNOLOGY CO., LTD |
89IT |
|
|
DALIAN AMUER WOOD CO., LTD. |
89IU |
|
|
Dalian Deerfu Wooden Product Co., Ltd. |
89IV |
|
|
DALIAN DUNCHENG WOOD INDUSTRY CO., LTD. |
89IW |
|
|
DALIAN HANCHUAN WOOD PRODUCTS CO., LTD. |
89IX |
|
|
DALIAN HANDIAN WOOD INDUSTRY CO., LTD. |
89IY |
|
|
DALIAN HUIYUE WOOD CO., LTD. |
89IZ |
|
|
DALIAN JAENMAKEN WOOD INDUSTRY CO., LTD. |
89JA |
|
|
DALIAN JINDA WOOD PRODUCTS CO., LTD. |
89JB |
|
|
DALIAN KEMIAN WOOD INDUSTRY CO., LTD. |
89JC |
|
|
DALIAN MUSEN WOOD CO., LTD. |
89JD |
|
|
Dalian New Sanlin Flooring Co., Ltd. |
89JE |
|
|
DALIAN OUXIANG WOOD CO., LTD. |
89JF |
|
|
Dalian Penghong Floor Products Co., Ltd. |
89JG |
|
|
DALIAN RUIJIAN WOOD INDUSTRY CO., LTD. |
89JH |
|
|
DALIAN SHENGCHUANG WOOD INDUSTRY CO., LTD. |
89JI |
|
|
DALIAN SHENGYU SCIENCE AND TECHNOLOGY DEVELOPMENT CO., LTD. |
89JJ |
|
|
Dalian Shumaike Floor Manufacturing Co., Ltd. |
89JK |
|
|
Dalian Universal Wood Products Co.,Ltd. |
89JL |
|
|
DALIAN XINJIAZHOU WOOD PRODUCTS CO., LTD. |
89JM |
|
|
DALIAN YOU MING WOOD BUSINESS CO., LTD. |
89JN |
|
|
Muling Kemian Wood Industry CO., LTD |
89JO |
|
|
DeHua TB New Decoration Material Co, Ltd. |
89JP |
|
|
Deqing Shengfei Wood Co., Ltd. |
89JQ |
|
|
Dunhua Shengda Wood Industry Co., Ltd. |
89JR |
|
|
FUSHUN FUSEN JINFENG WOODEN PRODUCTS CO.,LTD. |
89JS |
|
|
Fushun Handu Import & Export Co., Ltd. |
89JT |
|
|
Fusong County Huayi Wooden Co., Ltd. |
89JU |
|
|
Fusong Huasong Wooden Co., Ltd. |
89JV |
|
|
HaiLin LinJing Wooden Products Co., Ltd. |
89JX |
|
|
HUNCHUN FOREST WOLF WOODEN INDUSTRY CO., LTD |
89JY |
|
|
HUZHOU AMIRA WOOD CO., LTD. |
89JZ |
|
|
Jesonwood Forest Products (ZJ) Co., Ltd. |
89KB |
|
|
Jiangsu Mingle Flooring Co., Ltd. |
89KC |
|
|
Jiangsu ShengYu Flooring Co., Ltd. |
89KD |
|
|
Jiangsu Wanli Wooden Co., Ltd. |
89KE |
|
|
JIANGSU ZHUOYI HOME FURNISHING TECHNOLOGY CO., LTD. |
89KF |
|
|
Jiashan On-Line Lumber Co., Ltd. |
89KG |
|
|
JILIN CITY XIN JINGKAI WOOD CO., LTD. |
89KH |
|
|
Jilin Jiahe Wood Industry Co.,Ltd |
89KI |
|
|
JILIN XINYUAN WOODEN INDUSTRY CO., LTD |
89KJ |
|
|
KINGMAN WOOD INDUSTRY CO.,LTD |
89KK |
|
|
Muling City Yihe Wood Co., Ltd |
89KL |
|
|
NEW GARDEN SMART HOME TECHNOLOGY CO., LTD |
89KM |
|
|
Ning’an City Shengchang Wood Industry Co.,Ltd |
89KN |
|
|
SHANDONG LONGTENG WOOD CO., LTD |
89KO |
|
|
Shaoxing Haohua Timber Industry Co., Ltd |
89KP |
|
|
Sino-Maple (Jiangsu) Co., Ltd |
89KQ |
|
|
SUIFENHE JINLIN WOOD INDUSTRY CO.,LTD. |
89KR |
|
|
SUZHOU DONGDA WOOD CO.,LTD |
89KS |
|
|
Suzhou Duolun Wood Industry Co.,Ltd. |
89KT |
|
|
TONGXIANG SHENGGONG TIMBER INDUSTRY CO., LTD.. |
89KU |
|
|
Xuzhou Changlin Floors Co., Ltd |
89KV |
|
|
Yekalon Mills |
89KW |
|
|
Zhejiang Changfang Wooden Co.,Ltd. |
89KX |
|
|
Zhejiang Guolian Floor Co., Ltd. |
89KY |
|
|
Zhejiang Lingge Wood Co., Ltd. |
89KZ |
|
|
Zhejiang Longsen Lumbering Co., Ltd. |
89LA |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1342/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)