European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1337

11.7.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1337 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) a úsáid mar iompróir i dtáibléid datha le haghaidh dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe éanlaithe clóis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhreiseáin bia a formheasadh lena n-úsáid i mbreiseáin bia, in einsímí bia, i mblastáin bhia agus cothaithigh, agus a gcoinníollacha úsáide.

(2)

Féadfar an liosta Aontais de bhreiseáin bhia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(3)

I mí Dheireadh Fómhair 2023 cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú úsáide polaiviniolpolaipioróladóin (E 1202) mar iompróir i dtáibléid datha a úsáidtear chun dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe éanlaithe clóis. Cuireadh an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(4)

Údaraítear polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar bhreiseán bia a bhfuiltear lena úsáid ar leibhéal quantum satis i gcatagóir bhia 11.4.3 ‘Milseoirí boird i dtáibléid’ agus le haghaidh forbhianna i bhfoirm táibléad agus táibléad brataithe i gcatagóir bhia 17.1 ‘Forbhianna a sholáthraítear i bhfoirm sholadach, gan forbhianna do naíonán agus leanaí óga a áireamh’. De bhun Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, údaraítear polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) mar bhreiseán bia a bhfuiltear lena úsáid mar iompróir ar leibhéal quantum satis i milseoirí.

(5)

Nuair a úsáidtear polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) mar iompróir i dtáibléid, áirithíonn sé próiseas monaraíochta rianúil mar gheall ar a airíonna sreafachta lenar féidir comhdhéanamh agus meáchan na dtáibléad a rialú. Fágann sé sin go mbíonn táibléid níos láidre agus dea-cruthach agus nach bhfágann siad iarmhar ar na huirlisí bruite. Éascaíonn sé freisin tuaslagadh tapa agus éifeachtúil an táibléid in uisce agus bíonn sáithiú datha agus dathú níos iomláine ar na blaoscanna uibhe i gceist leis.

(6)

An 10 Lúnasa 2020 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) Tuairim Eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar pholaivinilpioróladón (E 1201) agus polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) mar bhreiseáin bhia agus le leathnú ar úsáidí polaivinilpioróladón (E 1201) (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh aon ghá le hiontógálacha laethúla inghlactha uimhriúla le haghaidh polaivinilpioróladóin (E 1201) agus polaiviniolpolaipioróladón (E 1202), agus nach raibh aon ábhar imní sábháilteachta ann maidir leis na úsáidí agus na leibhéil úsáide a tuairiscíodh i ndáil le polaivinilpioróladóin (E 1201) agus polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) mar bhreiseáin bhia. De réir an ráitis maidir le creat coincheapúil chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhreiseáin bhia áirithe a ndearnadh athmheastóireacht orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún (4), úsáidtear an chonclúid ‘gan aon ghá le hiontógálacha laethúla inghlactha uimhriúla’ le haghaidh substaintí ar ábhar imní an-íseal sábháilteachta iad agus ní úsáidtear í ach amháin sa chás go bhfuil faisnéis iontaofa ann maidir le nochtadh agus tocsaineacht araon agus go bhfuil dóchúlacht íseal ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha sláinte do dhaoine ag dáileoga nach spreagann éagothroime chothaitheach in ainmhithe.

(7)

De bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ní mór don Choimisiún tuairim ón Údarás a lorg chun an liosta Aontais de bhreiseáin bhia a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a thabhairt cothrom le dáta, ach amháin i gcás nach dócha, leis an tabhairt cothrom le dáta atá i gceist, go mbeidh tionchar aige ar shláinte an duine. Maidir leis an nochtadh cothúcháin breise do polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) nuair a úsáidtear é i dtáibléid datha le haghaidh dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe éanlaithe clóis, léirigh an t-iarratasóir go raibh an nochtadh sin diomaibhseach agus nach dócha go mbeadh tionchar aige ar shláinte an duine, agus dá bhrí sin, ní gá tuairim ón Údarás a lorg.

(8)

Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid polaiviniolpolaipioróladóin (E 1202) mar iompróir i dtáibléid datha a úsáidtear chun dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe éanlaithe clóis a údarú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj.

(2)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1331/oj.

(3)  Painéal EFSA um Breiseáin agus Blastáin Bhia, Tuairim Eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar pholaivinilpioróladón (E 1201) agus polaiviniolpolaipioróladón (E 1202) mar bhreiseáin bhia agus le leathnú ar úsáidí polaivinilpioróladón (E 1201). EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(8):6215, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6215.

(4)  Painéal EFSA um Breiseán agus Foinsí Substaintí Cothaitheacha, Ráiteas maidir le creat coincheapúil chun measúnú riosca a dhéanamh ar bhreiseáin bhia áirithe a ndearnadh athmheastóireacht orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 257/2010 ón gCoimisiún. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(6):3697, doi: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2014.3697.


IARSCRÍBHINN

I gCuid 1 (Iompróirí i mbreiseáin bhia) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas idir na hiontrálacha le haghaidh ‘E 1202 polaiviniolpolaipioróladón’ agus ‘E 322 Leicitiní’:

 

‘E 1202

Polaiviniolpolaipioróladón

quantum satis

Táibléid datha le haghaidh dathú maisitheach a dhéanamh ar bhlaoscanna uibhe éanlaithe clóis’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1337/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)