|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1333 |
9.7.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1333 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2025
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Seineagáile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle, tá SES le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí tríú stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú i ndáil le cúrsaí míleata agus cosanta. |
|
(2) |
Cuireann neart leanúnach méadaitheach na n-eagraíochtaí antoisceacha foréigneacha sa tSaiheil láir cobhsaíocht na Seineagáile agus réigiún iomlán na hAfraice Thiar i mbaol. |
|
(3) |
I bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag dul in olcas, tá sé tábhachtach Fórsaí Armtha na Seineagáile a neartú chun tacú le hiarrachtaí na Seineagáile i gcoinne iarmhairtí na bagartha sceimhlitheoireachta a thagann ón tSaiheil, go háirithe ar theorainn na Seineagáile le Mailí. Sa chomhthéacs sin, agus é go hiomlán ar an eolas go bhfuil gá le freagairt chomhtháite sa chás seo, is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é an tsíocháin agus an tslándáil fhadtéarmach a áirithiú sa tSeineagáil. |
|
(4) |
An 4 Samhain 2024, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ón tSeineagáil go dtabharfadh an tAontas cúnamh d’Fhórsaí Armtha na Seineagáile i ndáil le soláthar trealaimh thábhachtaigh agus bonneagair oibríochtúil chun a gcumais oibríochtúla a neartú le teorainneacha talún a dhaingniú agus chun cur i gcoinne grúpaí armtha nach grúpaí de chuid an stáit iad a bhfuil an tír agus réigiún na hAfraice Thiar ina iomláine á ndíchobhsú acu. |
|
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoi SES. |
|
(6) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Seineagáile (‘an tairbhí’) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is é is cuspóir don bheart cúnaimh tacú le Fórsaí Armtha na Seineagáile iomláine chríochach na Seineagáile a chosaint agus a pobal sibhialta a chosaint ar bhagairtí inmheánacha agus seachtracha.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, agus na hoibreacha bonneagair seo a leanas:
|
(a) |
trealamh faireachais agus radhairc talún agus abhann don lá agus don oíche; |
|
(b) |
trealamh bailithe faisnéise; |
|
(c) |
trealamh cosanta fórsaí; |
|
(d) |
bunáit cois abhann a thógáil in Foundiougne agus in Bakel; |
|
(e) |
cúrsa lingthe allamuigh agus dianchúrsa bacainní a thógáil d’Acadamh Náisiúnta na nOifigeach Neamhchoimisiúnaithe in Kaolack. |
Leis an mbeart cúnaimh, maoineofar freisin seirbhísí agus saoráidí ábhartha, lena n-áirítear oiliúint theicniúil, arna iarraidh sin.
4. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta glactha an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 10 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na Seineagáile dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus i gcomhréir leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme agus leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é an riarthóir um bearta cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) den Chinneadh seo a chur chun feidhme trí shocrú riaracháin leis an Économat des Armées i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar a mhéid a chomhlíonfaidh an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha na Seineagáile dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta SES a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, na soláthairtí, na seirbhísí agus an bonneagar arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí SES chun cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí SES a dhéanamh, arna iarraidh sin. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ach a gcríochnófar an beart cúnaimh chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/509/oj).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear comhrialacha lena rialaítear rialú ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2008/944/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1333/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)