European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1332

10.7.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1332 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Iúil 2025

maidir le cur chun feidhme an tionscadail trasteorann Rail Baltica ar Chonair Iompair Eorpach na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt agus ar Chonair Iompair Eorpach na Mara Duibhe – na Mara Aeigéiche i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1723 ón gCoimisiún

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 3944)

(Is iad na téacsanna Eastóinise, Fionlainnise, Laitvise, Liotuáinise, Polainnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 55(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Meastar go mbeidh ról ríthábhachtach ag an tionscadal trasteorann Rail Baltica maidir le feidhmiú Chonaire Iompair Eorpach na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt agus Chonaire Iompair Eorpach Mhuir Bhailt – na Mara Duibhe – na Mara Aeigéiche a áirithiú. Beidh an líne Rail Baltica ina nasc iarnróid idir-inoibritheach agus éifeachtúil idir an Pholainn agus na Stáit Bhaltacha agus, go hindíreach, an Fhionlainn. Cruthóidh sé pointí nasctha idir iompar d’iarnród, iompar ar muir, iompar aeir agus iompar de bhóthar. Mar nasc mór atá in easnamh ar an dá chonair, cuideoidh an líne Rail Baltica freisin leis an réigiún a nascadh leis an Úcráin agus leis an Moldóiv atá mar chuid de chonairí na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt agus Mhuir Bhailt – na Mara Duibhe – na Mara Aeigéiche. Meastar go rannchuideoidh sé le soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn i gcomhréir le spriocanna ábhartha laghdaithe CO2 an Aontais.

(2)

I bhfianaise an chomhthéacs idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, tá méadú suntasach tagtha ar luach geostraitéiseach na líne Rail Baltica. Ba cheart an méid a chuireann sé leis an gcosaint, leis an tslándáil agus leis an tsoghluaisteacht mhíleata a chur san áireamh le linn a chur chun feidhme.

(3)

Bhí imthosca urghnácha roimh an tionscadal Rail Baltica, amhail ráig phaindéim COVID agus cogadh iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a chuir isteach go mór ar chur chun feidhme an tionscadail. Chuige sin, is gá athmheastóireacht a dhéanamh ar an tráthchlár cur chun feidhme mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1723 ón gCoimisiún (2).

(4)

Cuirtear an líne Rail Baltica chun feidhme mar ghnáthlíne iarnróid mhear mheasctha paisinéirí agus lasta. Ba cheart di cur leis an uaillmhian príomhchathracha uile na hEorpa a nascadh le hiarnród ardluais.

(5)

Ba cheart don líne Rail Baltica na trí thír Bhaltacha a nascadh leis an ngréasán iarnróid Eorpach in 2030 agus iad a chomhtháthú sa limistéar Eorpach aonair iarnróid.

(6)

Is í an líne Rail Baltica cnámh droma an chórais iarnróid Eorpaigh atá bunaithe ar leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach 1 435 mm san Eastóin, sa Laitvia agus sa Liotuáin. Amach anseo, ba cheart an córas iarnróid Eorpach sin a leathnú de réir a chéile sa réigiún, i gcomhréir leis na pleananna náisiúnta um leasú na rianleithead.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1679, gan dochar d’Airteagal 8(5) den Rialachán sin, tá na Ballstáit leis an gcroíghréasán a chomhlánú faoin 31 Nollaig 2030. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 8(5) go mbeidh cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn ag brath ar a n-aibíocht, ar chomhlíonadh nósanna imeachta dlíthiúla an Aontais agus nósanna imeachta dlíthiúla náisiúnta, agus ar infhaighteacht acmhainní airgeadais, gan dochar do ghealltanas airgeadais Ballstáit nó an Aontais.

(8)

Ba cheart don Eastóin, don Laitvia, don Liotuáin agus don Pholainn gach iarracht a dhéanamh spriocdháta 2030 don chroíghréasán a bhaint amach. Mar gheall ar na dúshláin theicniúla agus airgeadais a bhaineann leis an tionscadal, áfach, ní bheidh an tionscadal Rail Baltica críochnaithe roimh dheireadh 2030.

(9)

Ar thaobh amháin, i bhfianaise an ama agus na n-acmhainní is gá chun an líne iomlán Rail Baltica a thógáil agus, ar an taobh eile, i bhfianaise na tábhachta straitéisí a bhaineann leis an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin a nascadh leis an ngréasán Eorpach iarnróid a luaithe is féidir, ba cheart an líne sin a thógáil in dhá chéim.

(10)

Le linn na chéad chéime go dtí deireadh 2030, ba cheart an líne bhunúsach Rail Baltica a thógáil chun an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin a nascadh leis an ngréasán iarnróid Eorpach. Le linn an dara céim, ba cheart eilimintí breise atá fíor-riachtanach chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na líne Rail Baltica a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1679.

(11)

Chun go mbeidh an líne oibríochtúil a luaithe is féidir, ba cheart don Eastóin, don Laitvia agus don Liotuáin an líne Rail Baltica a thógáil mar rian aonair ó Thaillinn go Kaunas le linn na chéad chéime. Chun borradh a chur faoin trácht trasteorann ar an gconair Rail Baltica le linn na chéad chéime, ba cheart don Liotuáin a bheith in ann suiteálacha fochórais fuinnimh, rialaithe agus ceannais agus comharthaíochta a chur chun feidhme ar an rian iarnróid atá ann cheana sa leithead ainmniúil caighdeánach Eorpach 1 435 mm ar an gcuid idir an Pholainn agus Kaunas.

(12)

Ba cheart go dtabharfaidh an céimniú sin cinnteacht do na comhpháirtithe uile lena mbaineann go dtógfar na naisc bhunúsacha trasteorann mar thosaíocht agus faoi dheireadh 2030.

(13)

Ba cheart don Eastóin, don Laitvia, don Liotuáin, don Pholainn agus don Fhionlainn comhoibriú go dlúth le linn phleanáil agus thógáil líne Rail Baltica chun tógáil chomhordaithe agus líne iarnróid atá go hiomlán idir-inoibritheach a áirithiú. Ba cheart do Thascfhórsa Rail Baltica, faoi chathaoirleacht Chomhordaitheoir Eorpach chonair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt, foráil a dhéanamh maidir le stiúradh idir aireachtaí na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na Polainne agus na Fionlainne, agus an Coimisiún chun tacú leis an gcomhordú, chun an tionscadal a threorú agus chun cur chun feidhme rianúil a chothú.

(14)

Chomhaontaigh an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn an líne Rail Baltica a thógáil i ndlúthchomhar leis an bhFionlainn.

(15)

Ba cheart do na stáit Bhaltacha oibriú lena gcomhfhiontar RB Rail AS, a leanann de bheith ag feidhmiú mar chomhordaitheoir tionscadail, agus a ghníomhaíonn mar phríomh-idirghabhálaí chomhpháirtithe Rail Baltica, mar atá an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin agus a n-eintitis chleamhnaithe náisiúnta, ina malartuithe leis an gCoimisiún chun cur chun feidhme comhleanúnach a áirithiú. Ba cheart don chomhfhiontar RB Rail AS agus do na heintitis chleamhnaithe náisiúnta an tionscadal trasteorann Rail Baltica a chur chun feidhme, i gcomhréir le bunú comhaontaithe an tionscadail.

(16)

Ba cheart a leagan amach sa Chinneadh seo na gníomhaíochtaí agus an tráthchlár chun iad a chur i gcrích chun obair na gcomhpháirtithe tionscadail a threorú agus chun soiléireacht a sholáthar do pháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an tionscadail. Ina theannta sin ba cheart a léiriú ann an straitéis cur chun feidhme nuashonraithe bunaithe ar ranna oibríochtúla geografacha mar a leagtar amach sa Chomhaontú um Bainistiú Tionscadal a tugadh i gcrích idir an comhfhiontar RB Rail AS, aireachtaí freagracha na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine agus eintitis chleamhnaithe náisiúnta an tionscadail Rail Baltica an 28 Feabhra 2024.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2024/1679, tá an Coimisiún leis an gCinneadh seo a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana nó ar iarraidh ó cheann de na Ballstáit lena mbaineann.

(18)

Ós rud é go bhfuil an tráthchlár agus na bearta a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1723 as dáta agus go bhfuil athrú tagtha ar an gcomhthéacs geopholaitiúil, ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin a aisghairm.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1679,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an gCinneadh seo na tosaíochtaí, na gníomhaíochtaí agus an t-amchlár le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail trasteorann Rail Baltica (Taillinn-Pärnu-Riga-Panevėžys-Kaunas-Vársá, agus le Vilnias), chomh maith le forálacha gaolmhara rialachais agus tuairiscithe.

Airteagal 2

Tosaíochtaí le haghaidh na chéad chéime

1.   Le linn na chéad chéime, go dtí an 31 Nollaig 2030, tabharfaidh an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn tosaíocht do thógáil na stráicí Taillinn-Pärnu-Salaspils-Misa-Panevėžys-Kaunas-Vársá agus oibreoidh siad chun na stráicí sin a thabhairt chun críche. Le linn na céime sin, áiritheofar an nasc le líne Rail Baltica Ríge agus Vilnias faoi seach tríd an ngréasán iarnróid atá ann cheana.

2.   A mhéid a bhaineann leis an gcéad chéim, féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin an líne Rail Baltica a thógáil mar rian aonair ó Thaillinn go Kaunas, ar choinníoll go dtógfar claífort rianta dúbailte agus a dóthain lúba tardhula le haghaidh oibríocht rianúil.

3.   I gcomhthráth le gníomhaíochtaí na chéad chéime dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Liotuáin suiteálacha fuinnimh, suiteálacha fochórais um rialú agus ceannas agus um fhochóras comharthaíochta a chur chun feidhme ar an rian iarnróid Eorpach atá ann cheana sa stráice idir an Pholainn agus Kaunas.

4.   Féadfaidh an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin tús a chur le gníomhaíochtaí a dhéanamh ón dara céim roimh thabhairt i gcrích na chéad chéime, i gcás nach gcuireann sé sin moill dhíreach nó indíreach ar thabhairt i gcrích ghníomhaíochtaí na chéad chéime.

Airteagal 3

Tosaíochtaí le haghaidh an dara céim

Ní mheasfar an tionscadal Rail Baltica a bheith iomlán sula mbeidh Taillinn, Ríge, Vilnias agus Vársá nasctha tríd an iarnród ar leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach 1 435 mm a thógfar ar rian dúbailte ar an mbealach ar fad.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí agus tráthchlár

1.   Áiritheoidh an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn go gcuirfear chun feidhme go tráthúil na gníomhaíochtaí seo a leanas chun an chéad chéim den tionscadal Rail Baltica a thabhairt chun críche:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an stráice Taillinn-Pärnu:

(i)

cuirfear an éadáil talún i gcrích faoin 31 Nollaig 2026;

(ii)

cuirfear tús le tógáil an fhostruchtúir iarnróid faoin 31 Nollaig 2025;

(iii)

cuirfear tógáil an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2028;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an stráice teorainn-Pärnu idir an Eastóin agus an Laitvia:

(i)

cuirfear dearadh an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2026;

(ii)

cuirfear an éadáil talún i gcrích faoin 31 Nollaig 2026;

(iii)

cuirfear tús le tógáil an fhostruchtúir iarnróid agus déanfar dul chun cinn leordhóthanach faoin 31 Nollaig 2026;

(iv)

cuirfear tógáil an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2028;

(c)

a mhéid a bhaineann leis an teorainn stráice idir an Eastóin agus an Laitvia-Salaspils:

(i)

cuirfear dearadh an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2026;

(ii)

cuirfear an éadáil talún i gcrích faoin 30 Meitheamh 2027;

(iii)

cuirfear tús le tógáil an fhostruchtúir iarnróid agus déanfar dul chun cinn leordhóthanach faoin 31 Nollaig 2026;

(iv)

cuirfear tógáil an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2029;

(d)

a mhéid a bhaineann leis an stráice teorainn-Salaspils idir an Laitvia agus an Liotuáin:

(i)

cuirfear dearadh an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2025;

(ii)

cuirfear an éadáil talún i gcrích faoin 31 Nollaig 2026;

(iii)

cuirfear tús le tógáil an fhostruchtúir iarnróid agus déanfar dul chun cinn leordhóthanach faoin 31 Nollaig 2025;

(iv)

cuirfear tógáil theorainn an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoi lár 2029;

(e)

a mhéid a bhaineann leis an stráice idir an Laitvia agus an Liotuáin-Panevėžys:

(i)

cuirfear dearadh an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2027;

(ii)

cuirfear tús le tógáil an fhostruchtúir iarnróid agus déanfar dul chun cinn leordhóthanach faoin 31 Nollaig 2027;

(iii)

beidh tógáil an fhochórais bonneagair iarnróid ar siúl faoi lár 2029;

(f)

a mhéid a bhaineann leis an stráice Panevėžys-Kaunas:

(i)

cuirfear tús le tógáil an fhochórais bonneagair iarnróid (forstruchtúr iarnróid) agus déanfar dul chun cinn leordhóthanach faoin 31 Nollaig 2025

(ii)

cuirfear tógáil an fhostruchtúir iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2028;

(iii)

cuirfear an fochóras bonneagair iarnróid (forstruchtúr iarnróid) i gcrích faoi lár 2029;

(g)

a mhéid a bhaineann leis an stráice Kaunas-Vársá (agus nasc aige le Vilnias):

(i)

cuirfear an éadáil talún i gcrích faoin 31 Nollaig 2026, cé is moite den roinn idir Kaunas go Vilnias;

(ii)

cuirfear an éadáil talún i gcrích faoin 31 Nollaig 2027, cé is moite den roinn idir Kaunas go Vilnias;

(iii)

cuirfear dearadh an fhochórais bonneagair iarnróid i gcrích faoi lár 2029 (lena n-áirítear an nasc le Vilnias);

(iv)

cuirfear an bonneagar iarnróid i gcrích faoin 31 Nollaig 2028 ón teorainn idir an Liotuáin agus an Pholainn go Marijampolė chun nasc a áirithiú leis an líne iarnróid atá ann cheana arb é atá inti leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach 1 435 mm;

(v)

cuirfear an bonneagar iarnróid ó Marijampolė go Kaunas i gcrích faoin 31 Nollaig 2029;

(h)

a mhéid a bhaineann leis an stráice teorainn-Vársá idir an Liotuáin agus an Pholainn:

(i)

cuirfear na hoibreacha uasghrádaithe bonneagair iarnróid ar an stráice Vársá-Ełk i gcrích faoin 31 Nollaig 2029;

(ii)

cuirfear cuid den teorainn Ełk idir an Liotuáin agus an Pholainn i gcrích faoin 31 Nollaig 2030;

(i)

a mhéid a bhaineann leis na stráicí uile Taillinn-Pärnu-Salaspils-Misa-Panevėžys-Kaunas-Vársá:

(i)

cuirfear dearadh an fhochórais leictriú i gcrích faoin 31 Nollaig 2027;

(ii)

cuirfear dearadh an fhochórais um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht i gcrích faoi lár 2028;

(iii)

cuirfear tús le hoibreacha suiteála an fhochórais um leictriú sa chéad ráithe de 2027;

(iv)

cuirfear tús le hoibreacha suiteála an fhochórais um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht sa chéad ráithe de 2028;

(v)

críochnófar an bonneagar iarnróid mar mheascán de líne iarnróid aonriain agus rianta dúbailte ar chlaífort rianta dúbailte le haghaidh trácht measctha, agus beidh sé oiriúnach do thraenacha lasta 740-m ar a laghad, leictrithe, i leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach faoin 31 Nollaig 2030;

(vi)

déanfar an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) a úsáid chun idir-inoibritheacht iomlán a bhaint amach, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), faoin 31 Nollaig 2030;

(vii)

tosóidh tástáil dhinimiciúil ó 2030 ar aghaidh.

2.   Is éard atá sna gníomhaíochtaí faoin dara céim den tionscadal Rail Baltica na gníomhaíochtaí is gá atá fágtha chun a áirithiú go mbeidh an líne Rail Baltica i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2024/1679.

Airteagal 5

Rialú agus tuairisciú

1.   Iarrfar ar Chomhordaitheoir Eorpach Chonair Iompair Eorpach na Mara Thuaidh-Bailt, ar ionadaithe ón gCoimisiún agus ar ionadaithe ainmnithe na Polainne agus na Fionlainne a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe Bhord Maoirseachta RB Rail AS. Féadfaidh RB Rail AS cinneadh a dhéanamh freisin iarradh ar an gComhordaitheoir Eorpach nó ar an gCoimisiún freastal ar chruinnithe straitéiseacha na gcomhpháirtithe tionscadail.

2.   Tiocfaidh Tascfhórsa Rail Baltica le chéile ar iarraidh ó Chomhordaitheoir Eorpach Chonair Iompair Eorpach na Mara Thuaidh – Mhuir Bailt dhá uair sa bhliain ar a laghad. Rachfar i gcomhairle leis an tascfhórsa maidir le cinntí straitéiseacha le haghaidh an tionscadail. Coinneoidh Comhordaitheoir Eorpach chonair na Mara Thuaidh – Bhailt Comhordaitheoir Eorpach Mhuir Bhailt – na Mara Duibhe – na Mara Aeigéiche ar an eolas faoi fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an tionscadal Rail Baltica agus atá ábhartha don dá chonair.

3.   Tar éis do RB Rail AS dul i gcomhairle leis an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn, cuirfidh sé faisnéis nuashonraithe ar fáil do Chomhordaitheoir Eorpach chonair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt i scríbhinn uair sa bhliain ar a laghad faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 agus tabharfaidh siad fógra, i gcás inarb ábhartha, faoi aon mhoill a thiocfaidh chun cinn agus léireoidh siad na bearta ceartaitheacha a rinneadh.

4.   Má tá tionchar ag force majeure ar an gclár cur chun feidhme agus ar a mhaoiniú, rachaidh comhpháirtithe an tionscadail agus an Comhordaitheoir Eorpach chonair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt i gcomhairle le chéile chun bearta ceartaitheacha a shainiú.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1723.

Airteagal 7

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na hEastóine, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Polainne agus Poblacht na Fionlainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Apostolos TZITZIKOSTAS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1723 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2018 maidir leis an tionscadal trasteorann Rail Baltica ar Chonair Chroíghréasáin na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt (IO L 287, 15.11.2018, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2018/1723/oj).

(3)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1332/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)