European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1331

10.7.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1331 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Iúil 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 1, 7, 9 agus 10, agus le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 7

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún (2), glacadh caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta agus léirmhínithe áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta a bhí ann an 8 Meán Fómhair 2022.

(2)

An 18 Iúil 2024, d’eisigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (‘IASB’) Annual Improvements to IFRS Accounting Standards – Volume 11 faoi chuimsiú a phróisis feabhsúcháin thráthrialta. Tá sé d’aidhm ag na feabhsuithe bliantúla na caighdeáin atá ann cheana féin a chuíchóiriú agus a shoiléiriú. Is é is cuspóir do na feabhsuithe bliantúla aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna atá tábhachtach ach nach bhfuil práinneach ar phléigh IASB iad le linn thimthriall an tionscadail maidir le réimsí neamhréireachta i gCaighdeáin Idirnáisiúnta IFRS, nó maidir le cásanna ina bhfuil gá le soiléiriú san fhoclaíocht.

(3)

Tá leasuithe beaga sna feabhsuithe bliantúla ar Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (‘IFRS’) 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí, IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais agus IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (‘IAS’) 7 Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid.

(4)

Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, maidir leis na leasuithe ar IFRS 1, IFRS 7, IFRS 9, IFRS 10 agus ar IAS 7, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le glacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1803 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1803, leasaítear an méid seo a leanas i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo:

(a)

Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (‘IFRS’) 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;

(b)

IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí;

(c)

IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

(d)

IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite;

(e)

Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (‘IAS’) 7 Ráiteas faoi Shreabhadh Airgid.

Airteagal 2

Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ar a dhéanaí ó dháta tosaithe a céad bhliana airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 243, 11.9.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1606/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1803/oj).


IARSCRÍBHINN

Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11

Leasuithe ar IFRS 1, IFRS 7, IFRS 9, IFRS 10 agus IAS 7

Leasuithe ar IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

Cuirtear isteach mír 39AK.

DÁTA ÉIFEACHTACH

...

39AK

Le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11, arna eisiúint i mí Iúil 2024, leasaíodh míreanna B5–B6. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Aguisín B

Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach IFRSanna eile

Leasaítear míreanna B5–B6.

Cuntasaíocht fálaithe

...

B5

Ní léireoidh eintiteas ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais gaolmhaireacht fálaithe de chineál nach gcáilíonn le haghaidh cuntasaíocht fálaithe i gcomhréir le IFRS 9 (mar shampla, go leor gaolmhaireachtaí fálaithe i gcás inar céadrogha gheallta neamhspleách nó glan-chéadrogha gheallta atá sa ghaolmhaireacht fálaithe; nó i gcás inar suíomh glan i bhfálú ar an sreabhadh airgid le haghaidh riosca eile seachas riosca malairte eachtraí atá sa mhír fhálaithe) (féach mír 6.4.1(a) de IFRS 9). Ach, má d’ainmnigh eintiteas suíomh glan mar mhír fhálaithe i gcomhréir le prionsabal cuntasaíochta a raibh glacadh leis go ginearálta roimhe seo (GAAP roimhe seo), féadfaidh sé mír aonair laistigh den suíomh glan sin a ainmniú mar mhír fhálaithe i gcomhréir le IFRSanna, nó suíomh glan má chomhlíonann sé sin na ceanglais i mír 6.6.1 de IFRS 9, ar choinníoll go ndéanann sé é sin tráth nach déanaí ná an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

B6

I gcás inar ainmnigh eintiteas idirbheart mar fhálúchán, roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ach nach gcomhlíonann an fálúchán na critéir cháilitheachta maidir le cuntasaíocht fálaithe i mír 6.4.1(b)–(c) de IFRS 9, cuirfidh an t-eintiteas míreanna 6.5.6 agus 6.5.7 de IFRS 9 i bhfeidhm chun scor de chuntasaíocht fálaithe. Idirbhearta arna ndéanamh roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ní ainmneofar go cúlghabhálach mar fhálúcháin iad.

Leasuithe ar IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

Cuirtear isteach mír 44NN.

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

...

44NN

Le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11, arna eisiúint i mí Iúil 2024, leasaíodh mír B38. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Aguisín B

Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

Leasaítear mír B38.

DÍ-AITHINT (MÍREANNA 42C–42H)

...

Gnóthachan nó caillteanas ar dhí-aithint (mír 42G(a))

B38

Le mír 42G(a) ceanglaítear ar eintiteas an gnóthachan nó caillteanas ar dhí-aithint a nochtadh, ar dí-aithint í a bhaineann le sócmhainní airgeadais ina bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ag an eintiteas. Nochtfaidh an t-eintiteas má d’eascair gnóthachan nó caillteanas ar dhí-aithint toisc go raibh luachanna córa na gcomhpháirteanna den tsócmhainn a aithníodh roimhe sin (i.e. an leas sa tsócmhainn a dí-aithníodh agus an leas a choinnigh an t-eintiteas) éagsúil le luach cóir na sócmhainne trí chéile a aithníodh roimhe sin. Sa chás sin, nochtfaidh an t-eintiteas freisin cé acu a áiríodh nó nár áiríodh sna tomhais luach cóir ionchuir dhobhraite mhóra, mar a thuairiscítear i míreanna 72–73 de IFRS 13.

Leasuithe ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

Caibidil 2 Raon feidhme

Leasaítear mír 2.1(b)(ii). Ní leasaítear mír 2.1(b)(ii), ach cuirtear isteach í chun tagairt di a éascú.

2.1.

Cuirfidh na heintitis uile an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le gach cineál ionstraime airgeadais seachas:

...

(b)

cearta agus oibleagáidí faoi léasanna a bhfuil feidhm ag IFRS 16 Léasanna ina leith. Mar sin féin:

(i)

méideanna infhaighte um léas airgeadais (i.e. glaninfheistíochtaí i léasanna airgeadais) agus suimeanna infhaighte um léas oibriúcháin arna n-aithint ag léasóir, tá siad faoi réir cheanglais dí-aitheanta agus lagaithe an Chaighdeáin seo;

(ii)

dliteanais léasa arna n-aithint ag léasaí, tá siad faoi réir na gceanglas dí-aitheanta i míreanna 3.3.1 agus 3.3.3 den Chaighdeán seo; agus

...

Caibidil 5 Tomhas

Leasaítear mír 5.1.3. Ní leasaítear míreanna 5.1.1–5.1.2 ach cuirtear isteach iad chun tagairt dóibh a éascú.

5.1   TOMHAS TOSAIGH

5.1.1.

Ach amháin do thrádáil infhála faoi raon feidhme mhír 5.1.3, tráth na haitheanta tosaigh, déanfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a thomhas ar a luach cóir, móide nó lúide, i gcás nach bhfuil sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, costas idirbheart atá inchurtha go díreach i leith éadáil nó dáileadh na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais.

5.1.1A

Ach, má tá luach cóir na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais tráth na haitheanta tosaigh difriúil ón bpraghas idirbhirt, cuirfidh eintiteas mír B5.1.2A i bhfeidhm.

5.1.2.

I gcás ina n-úsáideann eintiteas cuntasaíocht dáta socraíochta do shócmhainn a thomhaistear ar chostas amúchta ina dhiaidh sin, aithnítear an tsócmhainn i dtosach ar bhonn a luacha chóir an dáta trádála (féach míreanna B3.1.3–B3.1.6).

5.1.3.

D’ainneoin an cheanglais i mír 5.1.1, tráth na haitheanta tosaigh, déanfaidh eintiteas trádáil infhála a thomhas ar an méid a chinntear trí IFRS 15 a chur i bhfeidhm mura bhfuil comhpháirt maoiniúcháin mhór ag an trádáil infhála i gcomhréir le IFRS 15 (nó i gcás ina gcuireann an t-eintiteas an beart coincréiteach i bhfeidhm i gcomhréir le mír 63 de IFRS 15).

Caibidil 7 Dáta éifeachtach agus aistriú

Cuirtear isteach míreanna 7.1.14 agus 7.2.50 agus an fo-cheannteideal roimh mhír 7.2.50.

7.1   DÁTA ÉIFEACHTACH

...

7.1.14.

Le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11, arna eisiúint i mí Iúil 2024, leasaíodh mír 2.1(b)(ii), mír 5.1.3 agus Aguisín A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

...

7.2   AISTRIÚ

...

Aistriú le haghaidh Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11

7.2.50.

Cuirfidh eintiteas an leasú ar mhír 2.1(b)(ii) arna dhéanamh le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11 i bhfeidhm maidir le dliteanais léasa arna múchadh i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm den chéad uair nó ina dhiaidh sin.

Aguisín A

Téarmaí sainmhínithe

Leasaítear an mhír dheireanach d’Aguisín A. Ní dhéantar na fonótaí a ghabhann leis an téacs a atáirgeadh.

...

Sainítear na téarmaí seo a leanas i mír 11 de IAS 32, Aguisín A de IFRS 7 nó Aguisín A de IFRS 13 agus úsáidtear iad sa Chaighdeán seo de réir na mbríonna a shonraítear in IAS 32, IFRS 7 nó IFRS 13:

(a)

riosca creidmheasa;

(b)

ionstraim chothromais;

(c)

luach cóir;

(d)

sócmhainn airgeadais;

(e)

ionstraim airgeadais; agus

(f)

dliteanas airgeadais.

Leasuithe ar IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite

Leasaítear mír B74. Ní leasaítear míreanna B73 agus B75 ach cuirtear isteach iad chun tagairt dóibh a éascú.

MEASÚNÚ AR RIALÚ

...

Gaolmhaireacht le páirtithe eile

B73

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag infheisteoir ar rialú, breithneoidh sé cineál a ghaolmhaireachta le páirtithe eile agus cé acu a ghníomhaíonn nó nach ngníomhaíonn na páirtithe eile sin thar ceann an infheisteora (i.e. cé acu is ‘gníomhairí de facto’ iad nó nach ea). Tá gá le breithiúnas chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil páirtithe eile ag gníomhú mar ghníomhairí de facto, ina mbreithnítear cineál na gaolmhaireachta chomh maith leis an mbealach a n-idirghníomhaíonn na páirtithe sin le chéile agus leis an infheisteoir.

B74

Ní gá go mbeadh socrú conarthach i gceist le gaolmhaireacht den sórt sin. Is gníomhaire de facto é páirtí i gcás ina bhfuil an cumas ag an infheisteoir an páirtí sin a stiúradh chun gníomhú thar ceann an infheisteora. D’fhéadfadh sé gur gníomhaire de facto é páirtí freisin i gcás ina bhfuil an cumas acu siúd a stiúrann gníomhaíochtaí an infheisteora an páirtí sin a stiúradh chun gníomhú thar ceann an infheisteora. Breithneoidh an t-infheisteoir cearta cinnteoireachta a ghníomhaire de facto agus an nochtadh indíreach atá aige do thorthaí athraitheacha, nó na cearta atá aige chun na dtorthaí sin, tríd an ngníomhaire de facto in éineacht lena chuid féin nuair a bheidh measúnú á dhéanamh aige ar rialú institiúide infheistiúcháin.

B75

Is samplaí iad na nithe seo a leanas de pháirtithe eile den sórt sin a d’fhéadfadh gníomhú mar ghníomhairí de facto le haghaidh an infheisteora, de bharr chineál a ngaolmhaireachta:

(a)

páirtithe gaolmhara an infheisteora.

(b)

páirtí a fuair a leas san institiúid infheistiúcháin mar ranníocaíocht nó mar iasacht ón infheisteoir.

(c)

páirtí a chomhaontaigh gan a leasanna san institiúid infheistiúcháin a dhíol ná a aistriú ná eire a chur orthu gan formheas an infheisteora roimh ré (ach amháin cásanna ina bhfuil an ceart chun formheasa roimh ré ag an infheisteoir agus ag an bpáirtí eile agus ina bhfuil na cearta bunaithe ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach ag páirtithe neamhspleácha toilteanacha).

(d)

páirtí nach féidir leis a oibríochtaí a mhaoiniú gan tacaíocht airgeadais fho-ordaithe ón infheisteoir.

(e)

institiúid infheistiúcháin a bhfuil an tromlach de chomhaltaí a boird bainistíochta nó a príomhphearsanra bainistíochta mar an gcéanna leo siúd atá ag an infheisteoir.

(f)

páirtí a bhfuil dlúthghaolmhaireacht ghnó aige leis an infheisteoir, amhail an ghaolmhaireacht idir soláthróir seirbhíse gairmiúla agus ceann dá chliaint shuntasacha.

Aguisín C

Dáta éifeachtach agus aistriú

Cuirtear isteach mír C1E.

DÁTA ÉIFEACHTACH

...

C1E

Le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11, arna eisiúint i mí Iúil 2024, leasaíodh mír B74. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

Leasuithe ar IAS 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgid

Leasaítear mír 37.

INFHEISTÍOCHTAÍ I bhFOCHUIDEACHTAÍ, I gCOMHLAIGH AGUS I gCOMHFHIONTAIR

37.

Nuair atá infheistíocht i gcomhlach, i gcomhfhiontar nó i bhfochuideachta á cur i gcuntas, ar infheistíocht í a chuirtear i gcuntas trí bhíthin mhodh an chothromais nó ar chostas, déanann infheisteoir a thuairisciú sa ráiteas ar shreafaí airgid a theorannú do na sreafaí airgid idir é féin agus an institiúid infheistiúcháin, do dhíbhinní agus d’airleacain, mar shampla.

Cuirtear isteach mír 65.

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

...

65.

Le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin Chuntasaíochta IFRS – Imleabhar 11, arna eisiúint i mí Iúil 2024, leasaíodh mír 37. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1331/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)