European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1315

2.7.2025

CINNEADH (AE) 2025/1315 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le hionadaí de chuid an Aontais a ainmniú ar Bhord an Chiste chun Freagairt do Chaillteanas agus Damáiste

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór rannpháirtíocht an Aontais, de réir mar is iomchuí, in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó i mboird díobh a chinneadh ar bhonn cás ar chás, agus na rialacha lena rialaítear comhdhéanamh na n-eagraíochtaí sin nó na mbord sin mar aon le hinniúlachtaí sonracha an Aontais atá i gceist á gcur san áireamh.

(2)

Tá an tAontas ina Pháirtí i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus i gComhaontú Pháras (1) a glacadh faoi UNFCCC agus ghlac sé páirt sna cinntí lena bhformheastar bunú Ciste chun Freagairt do Chaillteanas agus Damáiste (‘an Ciste’) agus ionstraime rialaithe don Chiste sin (‘an Ionstraime Rialaithe’), ar cinntí iad a ghlac Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC agus Comhdháil na bPáirtithe atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras an 30 Samhain 2023.

(3)

De bhun mhír 17 den Ionstraim Rialaithe, is éard a bheidh i mBord an Chiste (‘an Bord’), inter alia, ná ‘12 chomhalta ó thíortha forbartha’. I gcomhréir le mír 8 den Ionstraim Rialaithe, iarradh ar na Páirtithe in UNFCCC agus i gComhaontú Pháras, trína ngrúpaí réigiúnacha agus a dtoghlaigh, ainmniúcháin le haghaidh bhallraíocht an Bhoird a chur faoi bhráid rúnaíocht UNFCCC a luaithe is féidir.

(4)

Cuirfear tús le socruithe chun an chéad chruinniú den Bhord a chomóradh a luaithe is féidir tar éis gach ainmniúchán le haghaidh comhaltaí vótála a bheith curtha isteach.

(5)

Ar bhonn seasamh ón Aontas arna chomhaontú ag an gComhairle agus comhsheasaimh óna Ballstáit arna chomhaontú a n-ionadaithe i mí Feabhra 2024, chomhaontaigh an tAontas le Páirtithe eile ar tíortha forbartha iad go n-ainmneoidh an tAontas agus a Bhallstáit 7 gcomhalta agus 7 gcomhalta malartacha mar ionadaithe a suífidh ar an mBord.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le hionadaí de chuid an Aontais a ainmniú ar an mBord agus maidir le roinnt na suíochán idir ionadaithe an Aontais agus na mBallstát a bhunú i gcomhthráth leis an gcomhsheasamh a tháinig ionadaithe na mBallstát air i mí na Bealtaine 2025, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag ainmniúchán ionadaí de chuid an Aontais ar an mBord. Ní bhaineann an Cinneadh seo ach le hainmniúchán tosaigh chomhaltaí de chuid an Bhoird agus tá sé gan dochar do sheasaimh an Aontais agus na mBallstát maidir le leithdháileadh suíochán i ngrúpaí, ar painéil nó ar bhoird cistí iltaobhacha nó tionscnamh eile, nó maidir le hathnuachan téarmaí oifige ionadaithe de chuid an Aontais agus na mBallstát ar an mBord agus i ngrúpaí, ar phainéil nó ar bhoird eile, a bhunófar i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme. Ní hionann leithdháileadh na suíochán i measc ionadaithe ó thíortha forbartha i gcomhdhéanamh an Bhoird agus fasach le haghaidh cinntí eile a bheidh le glacadh agus téarmaí oifige chomhaltaí an Bhoird á n-athnuachan nó i bhfóraim idirnáisiúnta eile.

(7)

Ní athraíonn suíochán an Aontais ar an mBord, atá i seilbh ionadaithe ón gCoimisiúin, cibé an bhfuil gá le seasamh ón Aontas maidir le hábhair a pléadh ar an mBord nó a mhéid atá gá leis, ná na nósanna imeachta chun seasamh mar sin a ghlacadh, agus ní mór prionsabal an chomhair dhílis a urramú leis. Labhróidh agus vótálfaidh ionadaí an Aontais ar son agus thar ceann an Aontais amháin agus labhróidh agus vótálfaidh ionadaithe na mBallstát ar son agus thar ceann an Bhallstáit i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Ní athraítear, leis an gCinneadh seo, roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i ndáil le hábhair atá faoi réir na gcinntí eile a dhéanann an Bord. Go háirithe, de bhun Airteagal 4(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i réimse an chomhair um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil, tá inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; mar sin féin, ní chuirfear cosc ar Bhallstáit a n-inniúlachtaí féin a fheidhmiú mar thoradh ar fheidhmiú na hinniúlachta sin. Ní féidir a thuiscint leis an gCinneadh seo go bhfeidhmítear inniúlacht an Aontais ar ábhair a chumhdaítear leis an gCiste nár fheidhmigh an tAontas a inniúlachtaí comhroinnte ina leith go fóill agus a fhanann, dá bhrí sin, faoi inniúlacht na mBallstát.

(8)

Ní dhéanann an togra maidir le suíochán de chuid an Aontais a áireamh ar an mBord difear do chumas na mBallstát a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord tacaíocht a léiriú d’aon seasamh ón Aontas arna chomhaontú go cuí, ná dá seasaimh féin, maidir le hábhair a thagann faoina n-inniúlachtaí, agus prionsabal an chomhair dhílis á urramú ag an am céanna.

(9)

Tá an Coimisiún le tuairisciú go tréimhsiúil don Chomhairle maidir le himeachtaí an Bhoird i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear sna Conarthaí.

(10)

Ní athraíonn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le ballraíocht an Bhoird ionadaíocht an Aontais agus a Bhallstát in UNFCCC.

(11)

Ní mór gealltanais cistiúcháin ón Aontas chuig an gCiste a ullmhú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais, urraim á tabhairt san am céanna do shainphribhléidí na n-institiúidí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir le hionadaí de chuid an Aontais a ainmniú ar Bhord an Chiste chun Freagairt do Chaillteanas agus Damáiste agus maidir le roinnt na suíochán idir ionadaithe an Choimisiúin agus na mBallstát i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. HENNIG-KLOSKA


(1)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.


Seasamh atá le glacadh maidir le hionadaí de chuid an Aontais a ainmniú ar Bhord an Chiste chun Freagairt do Chaillteanas agus Damáiste

(1)   

Déanfaidh an tAontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, suíochán ar Bhord an Chiste chun Freagairt do Chaillteanas agus Damáiste (‘an Bord’) arna bhunú ag na páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus i gComhaontú Páras a lorg.

(2)   

Déantar comhroinnt chomhaontaithe ionadaithe an Choimisiúin agus na mBallstát ar na suíocháin ar an mBord, mar sheachtar comhaltaí agus seachtar comhaltaí malartacha, le haghaidh an chéad téarma 3 bliana den Bhord a chur in iúl sa scéim seo a leanas:

Comhalta

an Fhrainc

an Iodáil

an Ghearmáin

an Coimisiún

an Phortaingéil

an Danmhairg

an Ostair

Comhalta malartach

an Fhrainc

an Iodáil

an Ghearmáin

Éire

an Spáinn

an Fhionlainn/an tSualainn

Lucsamburg/an tSlóivéin


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1315/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)