European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1310

4.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1310 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Iúil 2025

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí agus na sprioc-amanna chun tuarascálacha meiteashonraí agus cáilíochta bliantúla a chur isteach le haghaidh na topaice ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’ le haghaidh na bliana tagartha 2026, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear sonraí le haghaidh na topaice ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, le Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (2) chun faireachán a dhéanamh ar spriocanna digiteacha an Aontais le haghaidh 2030, amhail Táscaire na Déine Digití maidir le claochlú digiteach gnólachtaí, nó glacadh seirbhísí néal-ríomhaireachta, anailís mórshonraí (anailísíocht sonraí) nó an intleacht shaorga. Soláthraítear leis an topaic sin faisnéis le haghaidh beartais éagsúla eile de chuid an Aontais a bhaineann le treoirlínte polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh 2024-2029, amhail an plean nua um rathúnas agus iomaíochas inbhuanaithe na hEorpa agus an Teachtaireacht maidir le Bosca Uirlisí Cuimsitheach an Aontais le haghaidh Ríomhthráchtáil Shábháilte Inbhuanaithe.

(2)

Ionas gur féidir cáilíocht na sonraí a mheasúnú agus chun a áirithiú go mbeidh sonraí le haghaidh na topaice ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’ inchomparáide agus comhchuibhithe, ní mór sprioc-amanna le haghaidh tuarascálacha meiteashonraí agus cáilíochta a shonrú.

(3)

Na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh na bliana tagartha 2026, déanfaidh na Ballstáit sonraí le haghaidh na topaice ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat), ar sonraí iad a bheidh i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

Airteagal 2

1.   An tuarascáil bhliantúil meiteashonraí ar an topaic ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’ le haghaidh na bliana tagartha 2026, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 31 Bealtaine 2026.

2.   An tuarascáil cháilíochta bhliantúil ar an topaic ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’ le haghaidh na bliana tagartha 2026, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 5 Samhain 2026.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 17.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2152/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2481/oj).


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí maidir leis an topaic ‘Úsáid TFC agus ríomhthráchtáil’

Sainordaitheach/roghnach

Raon feidhme (scagaire)

Athróg

Athróga sainordaitheacha

(i)

i gcás gach fiontair:

(1)

príomhghníomhaíocht eacnamaíoch an fhiontair sa bhliain féilire roimhe sin

(2)

an meánlíon fostaithe agus daoine féinfhostaithe sa bhliain féilire roimhe sin

(3)

luach iomlán an láimhdeachais (i dtéarmaí airgeadaíochta gan CBL a áireamh) sa bhliain féilire roimhe sin

(4)

an líon fostaithe nó daoine féinfhostaithe nó an céatadán den líon iomlán fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó

(5)

fostú speisialtóirí TFC

(6)

aon chineál oiliúna arna soláthar do speisialtóirí TFC atá fostaithe ag an bhfiontar chun scileanna a bhaineann le TFC a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(7)

aon chineál oiliúna arna soláthar d’fhostaithe eile chun scileanna a bhaineann le TFC a fhorbairt, le linn na bliana féilire roimhe sin

(8)

earcú speisialtóirí TFC nó iarrachtaí speisialtóirí TFC a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin

(ii)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(9)

úsáid ceangail sheasta leis an idirlíon d’aon chineál

(10)

suíomh gréasáin a bheith acu

(11)

úsáid na meán sóisialta (i.e. próifíl úsáideora nó cuntas a bheith acu)

(12)

díolachán gréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir (lena n-áirítear eislíonta) an fhiontair sa bhliain féilire roimhe sin

(13)

díolachán gréasáin earraí nó seirbhísí trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a d’úsáid roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil sa bhliain féilire roimhe sin

(14)

díolachán earraí nó seirbhísí acu de chineál idirmhalartaithe leictreonaigh sonraí (EDI), sa bhliain féilire roimhe sin

(15)

úsáid bogearraí Pleanála Acmhainní Fiontraíochta (ERP) chun acmhainní a bhainistiú trí fhaisnéis a roinnt idir réimsí feidhme éagsúla, mar shampla an chuntasaíocht, an phleanáil, an táirgeadh, an mhargaíocht

(16)

úsáid bogearraí Bainistithe Caidrimh Custaiméirí (CRM) chun faisnéis faoi chustaiméirí, mar shampla caidreamh nó idirbhearta, a bhainistiú

(17)

úsáid bogearraí Faisnéise Gnó (BI) chun sonraí a rochtain agus a anailísiú, amhail sonraí ó stórais sonraí nó ó lochanna sonraí ó chórais TF inmheánacha agus/nó ó fhoinsí seachtracha seachtracha agus chun torthaí anailíseacha a chur i láthair i dtuarascálacha, achoimrí, deaiseanna, graif, cairteacha nó léarscáileanna chun léargas mionsonraithe a thabhairt d’úsáideoirí maidir le cinnteoireacht nó pleanáil straitéiseach

(18)

sonraí a chomhroinnt go leictreonach le soláthraithe nó le custaiméirí laistigh den slabhra soláthair, mar shampla trí shuíomhanna gréasáin nó aipeanna, córais de chineál EDI, braiteoirí fíor-ama nó rianú

(19)

anailísíocht sonraí (ó fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha) á déanamh ag fostaithe an fhiontair féin

(20)

anailísíocht sonraí á déanamh ag fiontar seachtrach nó ag eagraíocht sheachtrach thar ceann an fhiontair (lena n-áirítear anailísíocht sonraí bunaithe ar shonraí ó fhoinsí inmheánacha agus seachtracha)

(21)

úsáid teicneolaíochtaí Intleachta Saorga (IS) lena ndéantar anailís ar an teanga scríofa (amhail mianadóireacht téacsanna)

(22)

úsáid teicneolaíochtaí IS lena ndéantar an teanga labhartha a thiontú ina formáid meaisín-inléite (aithint cainte)

(23)

úsáid teicneolaíochtaí IS lena ngintear an teanga scríofa, labhartha nó cóid ríomhchlárúcháin (giniúint teanga nádúrtha, sintéis chainte)

(24)

úsáid teicneolaíochtaí IS lena ngintear pictiúir, físeáin, fuaim/closán

(25)

úsáid teicneolaíochtaí IS lena sainaithnítear nithe nó daoine bunaithe ar íomhánna nó ar fhíseáin (aithint íomhánna, próiseáil íomhánna)

(26)

úsáid meaisínfhoghlama (amhail an domhainfhoghlaim) chun anailís a dhéanamh ar shonraí

(27)

úsáid teicneolaíochtaí IS lena ndéantar sreafaí oibre éagsúla a uathoibriú nó lena dtugtar cúnamh don chinnteoireacht (amhail uathoibriú róbatach próiseas le bogearraí atá bunaithe ar IS)

(28)

úsáid teicneolaíochtaí IS lena gcumasaítear gluaiseacht fhisiceach meaisíní trí chinntí uathrialacha bunaithe ar bhreathnóireacht ar an timpeallacht (róbait uathoibríocha, feithicil gan tiománaí, ladrainn uathrialaitheacha)

(29)

úsáid seirbhísí néal-ríomhaireachta íoctha

(30)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú bunaithe ar theaglaim de dhá mheicníocht fíordheimhniúcháin ar a laghad (i.e. teaglaim de phasfhocal atá sainithe ag an úsáideoir, pasfhocal aonuaire (OTP), cód a ghintear trí cheadchomhartha slándála nó a fhaightear trí fhón cliste, modh bithmhéadrach (bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh, mar shampla)

(31)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: sonraí, doiciméid nó ríomhphoist a chriptiú

(32)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: cúltaca sonraí a chóipeáil go suíomh ar leithligh (lena n-áirítear iad a chóipeáil go dtí an néal)

(33)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: Córas faireacháin slándála TFC a úsáideadh chun gníomhaíocht amhrasach a bhrath (amhail córais chun ionradh a bhrath nó córais coiscthe a dhéanann faireachán ar iompraíocht úsáideoirí nó gairis, trácht líonra), seachas bogearraí frithvíreas agus réiteach balla dóiteáin réamhshocraithe a áirítear i gcóras oibriúcháin ríomhairí pearsanta agus ródairí

(34)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: measúnú riosca TFC, i.e. measúnú tráthrialta ar dhóchúlacht agus ar iarmhairtí teagmhais slándála TFC

(35)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí oiliúint dheonach nó trí fhaisnéis atá ar fáil go hinmheánach (amhail faisnéis ar an inlíon)

(36)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh chúrsaí slándála TFC de trí chúrsaí oiliúna éigeantacha nó trí ábhar éigeantach a léamh

(37)

daoine fostaithe a chur ar an eolas faoina gcuid oibleagáidí ó thaobh cúrsaí slándála TFC de trí bhíthin conartha (amhail conradh fostaíochta)

(38)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: seirbhísí TFC gan bheith ar fáil i ngeall ar ionsaí seachtrach amhail ionsaithe bogearraí éirice, ionsaithe Diúltaithe Seirbhíse

(39)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí a scriosadh nó a éillíodh i ngeall ar ionfhabhtú ó bhogearraí mailíseacha nó ionradh neamhúdaraithe

(40)

teagmhais slándála a bhaineann le TFC a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh na hiarmhairtí seo a leanas ina dtoradh orthu: sonraí rúnda a nochtadh i ngeall ar ionradh, atreorú mailíseach, ionsaí fioscaireachta, nó gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair d’aon ghnó

(iii)

i gcás fiontair a úsáideann ceangal seasta d’aon chineál leis an idirlíon:

(41)

luas íoslódála uasta conraithe an cheangail sheasta idirlín is tapa sna raonta seo a leanas: [0 Mbit/s, < 30 Mbit/s], [30 Mbit/s, < 100 Mbit/s], [100 Mbit/s, < 500 Mbit/s], [500 Mbit/s, < 1 Gbit/s], [≥ 1 Gbit/s]

(iv)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus/nó trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a úsáideann roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin:

(42)

luach an díolacháin gréasán d’earraí nó de sheirbhísí, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán a gineadh trí dhíolachán gréasán, sa bhliain féilire roimhe sin

(43)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh trí dhíolachán ghréasáin le tomhaltóirí príobháideacha (Gnólacht le Tomhaltóirí GleT), le linn na bliana féilire roimhe sin

(44)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasáin a gineadh trí dhíolachán ghréasáin le fiontair eile (Gnólacht le Gnólacht GleG) agus leis an earnáil phoiblí (Gnó le Rialtas: GleR), sa bhliain féilire roimhe sin

(v)

i gcás fiontair a dhíol earraí nó seirbhísí ar an ngréasán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair agus trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a d’úsáid roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin:

(45)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasán d’earraí nó de sheirbhísí a gineadh le díolacháin trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir an fhiontair (seachas eislíonta), sa bhliain féilire roimhe sin

(46)

an céatadán de luach na ndíolachán gréasán d’earraí nó de sheirbhísí a gineadh trí dhíolachán trí shuíomhanna gréasáin nó feidhmchláir margaidh ríomhthráchtála a d’úsáid roinnt fiontar chun earraí nó seirbhísí a thrádáil, sa bhliain féilire roimhe sin

(vi)

i gcás fiontair a raibh díolacháin de chineál EDI acu, sa bhliain féilire roimhe sin:

(47)

luach na ndíolachán earraí nó seirbhísí de chineál EDI, nó an céatadán de láimhdeachas iomlán a gineadh trí dhíolacháin earraí nó seirbhísí de chineál EDI, sa bhliain féilire roimhe sin

(vii)

i gcás fiontair a d’earcaigh speisialtóirí TFC nó a rinne iarracht iad a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin:

(48)

folúntais do speisialtóirí TFC a raibh sé deacair iad a líonadh

(viii)

i gcás fiontair a mbíonn anailísíocht sonraí (ó fhoinsí sonraí inmheánacha agus seachtracha) á déanamh ag fostaithe an fhiontair féin:

(49)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó thaifid idirbheart amhail sonraí maidir le díolacháin, taifid íocaíochtaí (mar shampla ó ERP, siopa gréasáin an fhiontair)

(50)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí faoi chustaiméirí amhail faisnéis maidir le ceannach a dhéanann custaiméirí, suíomh, roghanna, léirmheasanna custaiméirí, cuardaigh (mar shampla ó chóras CRM nó ó shuíomh gréasáin an fhiontair)

(51)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó na meáin shóisialta, lena n-áirítear sonraí ó phróifílí meán sóisialta an fhiontair féin (amhail faisnéis phearsanta, barúlacha, físeáin, comhaid fuaime agus comhaid íomhá)

(52)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí gréasáin (amhail treochtaí innill cuardaigh, sonraí maidir le cnuaschóipeáil ón ngréasán)

(53)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí suímh ó úsáid gléasanna iniompartha nó ó fheithiclí (amhail gléasanna iniompartha a bhaineann úsáid as líonraí teileafón soghluaiste, naisc gan sreang nó GPS)

(54)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí (amhail cumarsáid meaisín le meaisín (M2M), braiteoirí atá suiteáilte in innealra, braiteoirí monaraíochta, méadair chliste, clibeanna sainaitheanta radaimhinicíochta (clib RFID))

(55)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí oscailte na n-údarás rialtais (amhail taifid phoiblí fiontair, dálaí aimsire, dálaí topagrafacha, sonraí iompair, sonraí tithíochta, sonraí maidir le foirgnimh)

(56)

anailísíocht sonraí a dhéanamh ar shonraí satailíte (amhail íomhánna satailíte, comharthaí loingseoireachta, comharthaí suímh), lena n-áirítear sonraí arna bhfáil ó bhonneagar an fhiontair féin nó ó sheirbhís arna soláthar go seachtrach (mar shampla AWS Ground Station) agus gan sonraí suímh ó úsáid gléasanna iniompartha nó feithiclí a úsáideann GPS a chur san áireamh)

(ix)

i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí IS, agus tagairt tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (28), sealbhú IS:

(57)

bogearraí/córas arna fhorbairt ag fostaithe dílse (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe)

(58)

bogearraí/córas arna fhorbairt ag soláthraithe seachtracha le haghaidh an fhiontair

(59)

baineadh úsáid as bogearraí foinse oscailte saor in aisce nó ar tháille

(60)

baineadh úsáid as bogearraí foinse dúnta saor in aisce nó ar tháille

(x)

i gcás fiontair a úsáideann bogearraí foinse oscailte nó bogearraí foinse dúnta:

(61)

modhnú bogearraí nó córas IS ag fostaithe dílse (lena n-áirítear iad siúd atá fostaithe i máthairfhiontar nó i bhfiontar cleamhnaithe) agus/nó soláthraithe seachtracha

(xi)

i gcás fiontair a úsáideann seirbhísí néal-ríomhaireachta íoctha:

(62)

úsáid ríomhphoist mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(63)

úsáid bogearraí oifige (amhail próiseálaithe focal nó scarbhileoga) mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(64)

úsáid feidhmchlár bogearraí airgeadais nó cuntasaíochta mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(65)

úsáid feidhmchlár bogearraí pleanála acmhainní fiontraíochta (PAF) mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(66)

úsáid feidhmchláir bogearraí bainistíochta caidrimh custaiméirí (BCC) mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(67)

úsáid feidhmchlár bogearraí slándála (amhail clár frithvíreas, rialú rochtana líonra) mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(68)

úsáid óstáil bhunachair sonraí an fhiontair mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(69)

úsáid stórála comhad mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(70)

úsáid cumhachta ríomhaireachta chun bogearraí an fhiontair féin a reáchtáil mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(71)

úsáid ardáin ríomhaireachta lena soláthraítear timpeallacht óstála le haghaidh forbairt, tástáil nó cur chun úsáide feidhmchlár (amhail modúil bogearraí in-athúsáidte, comhéadain feidhmchláir (APInna)) mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

(72)

úsáid bogearraí agus córas IS lena ngintear téacs, íomhánna, físeáin, ábhar fuaime nó cóid mar sheirbhís néalríomhaireachta íoctha

Athróga roghnacha

(i)

i gcás gach fiontair:

(1)

feidhmeanna TFC (amhail bonneagar TFC a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna ndéanamh ag fostaithe an fhiontair féin (lena n-áirítear daoine atá fostaithe i máthairghnóthais nó i bhfiontair chleamhnaithe), le linn na bliana féilire roimhe sin

(2)

feidhmeanna TFC (amhail bonneagar TFC a chothabháil, tacaíocht le haghaidh bogearraí oifige, córais nó bogearraí um bainistiú gnó agus/nó réitigh gréasáin a fhorbairt nó tacaíocht a thabhairt dóibh, slándáil agus cosaint sonraí), arna bhfeidhmiú ag soláthróirí seachtracha, le linn na bliana féilire roimhe sin

(ii)

i gcás fiontair ina bhfuil fostaithe agus daoine féinfhostaithe a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon chun críoch gnó:

(3)

íoc chun fógraíocht a dhéanamh ar an idirlíon (amhail fógraí ar innill chuardaigh, ar na meáin shóisialta, ar shuíomhanna gréasáin nó ar aipeanna eile)

(4)

sonraí ar bith de chuid an fhiontair féin (amhail sonraí faoi roghanna custaiméirí an fhiontair, sonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí an fhiontair) a dhíol (rochtain ar na sonraí sin) sa bhliain féilire roimhe sin

(5)

aon sonraí (rochtain ar an shonraí) a cheannach (amhail sonraí faoi roghanna custaiméirí fiontair eile, sonraí ó ghléasanna cliste nó ó bhraiteoirí de chuid fiontair eile), sa bhliain féilire roimhe sin

(6)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú trí phasfhocal láidir (amhail fad íosta an phasfhocail, úsáid uimhreacha agus carachtar speisialta, an pasfhocal a athrú go tráthrialta)

(7)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: fíordheimhniú trí mhodhanna bithmhéadracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar chóras TFC an fhiontair (amhail fíordheimhniú bunaithe ar mhéarloirg, guth, aghaidh)

(8)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: rialú ar rochtain ar an líonra (bainistiú chearta na n-úsáideoirí i líonra an fhiontair)

(9)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: Líonra Príobháideach Fíorúil (LPF), a leathnaíonn an líonra príobháideach thar líonra poiblí chun gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán thar líonra poiblí

(10)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: comhaid loga a choinneáil chun gur féidir anailís a dhéanamh tar éis theagmhais slándála TFC

(11)

bearta slándála TFC a cuireadh i bhfeidhm maidir le córais TFC an fhiontair: tástálacha slándála TFC (amhail tástálacha bréagionsaí, an córas foláirimh a thástáil, na bearta slándála a athbhreithniú, na córais chúltaca a thástáil)

(12)

sonraisc a sheoltar i bhfoirm leictreonach, i struchtúr caighdeánach atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe (ríomhshonraisc), seachas tarchur comhad PDF sa bhliain féilire roimhe sin

(13)

sonraisc a seoltar i bhfoirm leictreonach nach bhfuil oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, lena n-áirítear tarchur comhad PDF, sa bhliain féilire roimhe sin

(14)

sonraisc a seoltar i bhfoirm páipéir, sa bhliain féilire roimhe sin

(iii)

i gcás fiontair a íocann chun fógraíocht a dhéanamh ar an idirlíon:

(15)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe atá bunaithe ar ábhar nó eochairfhocail arna gcuardach ag úsáideoirí idirlín

(16)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe atá bunaithe ar rianú ghníomhaíochtaí nó san am a chuaigh thart nó ar phróifíl úsáideoirí idirlín

(17)

úsáid fógraíochta spriocdhírithe bunaithe ar gheoshuíomh úsáideoirí idirlín

(18)

úsáid aon mhodh eile fógraíochta spriocdhírithe ar an idirlíon seachas na modhanna a shonraítear in athróga roghnacha (15), (16) nó (17)

(iv)

i gcás fiontair ina bhfuil folúntais do speisialtóirí TCF a raibh sé deacair iad líonadh nuair a bhí iarracht á déanamh speisialtóirí TCF a earcú le linn na bliana féilire roimhe sin:

(19)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú i ngeall ar easpa iarratas, le linn na bliana féilire roimhe sin

(20)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú toisc nach raibh na cáilíochtaí ábhartha oideachais agus/nó oiliúna maidir le TFC ag na hiarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(21)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú i ngeall ar easpa taithí oibre ábhartha na n-iarratasóirí, le linn na bliana féilire roimhe sin

(22)

deacrachtaí i leith speisialtóirí TFC a earcú toisc go raibh ionchais tuarastail na n-iarratasóirí ró-ard

(v)

i gcás fiontair a úsáideann teicneolaíochtaí IS, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga éigeantacha (21) go (28), cineálacha cuspóirí:

(23)

úsáid bogearraí nó córas IS le haghaidh margaíocht nó díolacháin (amhail próifíliú custaiméirí, barrfheabhsú praghsanna, tairiscintí margaíochta pearsantaithe, anailís mhargaidh bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bota comhrá bunaithe ar phróiseáil teanga nádúrtha le haghaidh tacaíocht do chustaiméirí, róbait uathrialaitheacha chun orduithe a phróiseáil, uathchomhairleoirí le haghaidh pleanáil uathoibrithe, mar shampla, pleanáil infheistíochta (1))

(24)

úsáid bogearraí nó córas IS le haghaidh próisis táirgthe nó próisis seirbhíse (amhail cothabháil thuarthach nó optamú próisis bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, uirlisí chun táirgí a aicmiú nó lochtanna a aimsiú i dtáirgí bunaithe ar amharc ríomhaireachtúil, ladrainn uathrialaitheacha le haghaidh faireachas ar tháirgeadh, slándála nó cigireachta, oibreacha cóimeála a dhéanann róbait uathrialaitheacha, scóráil creidmheasa bunaithe ar mheaisínfhoghlaim (2))

(25)

úsáid bogearraí nó córas IS chun próisis riaracháin gnó nó bainistithe gnó a eagrú (amhail cúntóirí fíorúla gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim agus/nó próiseáil teanga nádúrtha (mar shampla doiciméid a dhréachtú), anailís sonraí nó cinnteoireacht straitéiseach bunaithe ar mheaisínfhoghlaim (mar shampla measúnú riosca), pleanáil nó réamhaisnéisiú gnó bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, bainistiú acmhainní daonna bunaithe ar mheaisínfhoghlaim nó ar phróiseáil teanga nádúrtha (mar shampla scagthástáil réamhroghnúcháin ar iarrthóirí, próifíliú fostaithe nó anailís ar fheidhmíocht)

(26)

úsáid bogearraí nó córas IS le haghaidh lóistíochta (amhail róbait uathrialaitheacha le haghaidh réitigh pioc agus pacáil i dtrádstórais le haghaidh seachadadh, rianú, dáileadh nó sórtáil beartán, optamú bealaí bunaithe ar mheaisínfhoghlaim)

(27)

úsáid bogearraí nó córas IS le haghaidh slándáil TFC (amhail aghaidh-aithint bunaithe ar amharc ríomhaireachtúil chun úsáideoirí TFC a fhíordheimhniú, cibear-ionsaithe a bhrath agus a chosc bunaithe ar mheaisínfhoghlaim)

(28)

úsáid bogearraí nó córas IS le haghaidh cuntasaíochta, rialú nó bainistiú airgeadais (amhail meaisínfhoghlaim chun anailís a dhéanamh ar shonraí a chabhraíonn le cinntí airgeadais a dhéanamh, próiseáil sonrasc bunaithe ar mheaisínfhoghlaim, meaisínfhoghlaim nó próiseáil teanga nádúrtha a úsáidtear le haghaidh cúraimí leabharchoimeádta)

(29)

úsáid bogearraí nó córas IS le haghaidh taighde agus forbartha (T&F) nó le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta, cé is moite de thaighde ar an Intleacht Shaorga (amhail anailís ar shonraí chun taighde a dhéanamh, fadhbanna taighde a réiteach, táirge/seirbhís nua nó feabhsaithe atá bunaithe ar mheaisínfhoghlaim a fhorbairt)

(30)

sonraí a phróiseáil (amhail inscne, aois, tionscnamh ciníoch nó eitneach, míchumas, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh, íomhánna den aghaidh, taifead ar cheannacháin, gairm bheatha nó seoladh) faoi dhaoine (amhail fostaithe, iarratasóirí ar phost nó custaiméirí) a úsáideann teicneolaíochtaí IS

(vi)

i gcás fiontair a d’úsáid teicneolaíochtaí IS chun sonraí faoi dhaoine aonair a phróiseáil:

(31)

bearta a bheith ann (amhail anailís a dhéanamh ar thorthaí samhlacha éagsúla meaisínfhoghlama, scrúdú a dhéanamh ar an tacar sonraí a úsáideadh chun oiliúint a chur ar an tsamhail mheaisínfhoghlama, méadú sonraí lena mbaineann teicnící chun pointí sonraí breise a ghiniúint go saorga ó shonraí atá ann cheana, i.e. sonraí sintéiseacha) chun na torthaí a ghintear le teicneolaíochtaí IS a sheiceáil le haghaidh claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i leith daoine aonair bunaithe ar ghnéas, aois, tionscnamh ciníoch nó eitneach, mhíchumas, reiligiún nó creideamh, ghnéaschlaonadh

(vii)

i gcás fiontair nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht IS, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga sainordaitheacha (21) go (28):

(32)

breithniú ar úsáid aon teicneolaíochta IS, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga sainordaitheacha (21) go (28)

(viii)

i gcás fiontair nár bhain úsáid as aon teicneolaíocht IS ach a bhreithnigh ar a húsáid, agus tagairt á déanamh go sonrach d’athróga sainordaitheacha (21) go (28):

(33)

teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh toisc go raibh cuma ar na costais go raibh siad ró-ard

(34)

Teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh toisc go raibh easpa saineolais ábhartha san fhiontar

(35)

teicneolaíochtaí IIS nár úsáideadh mar gheall ar neamh-chomhoiriúnacht don trealamh, do na bogearraí nó do na córais a bhí ann cheana

(36)

teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh mar gheall ar dheacrachtaí maidir le hinfhaighteacht nó cáilíocht na sonraí riachtanacha

(37)

teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh de dheasca imní maidir le sárú ar chosaint sonraí agus ar phríobháideachas

(38)

teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh de dheasca easpa soiléireachta i dtaobh na n-iarmhairtí dlíthiúla (amhail dliteanas i gcás damáiste a tharlaíonn de thoradh úsáid na hIntleachta Saorga)

(39)

Teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh de bharr cúinsí eiticiúla

(40)

teicneolaíochtaí IS nár úsáideadh toisc nach bhfuil siad úsáideach don fhiontar

 

(ix)

i gás fiontair a sheol sonraisc i bhfoirm leictreonach, i struchtúr caighdeánach oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe (ríomhshonraisc), seachas tarchur comhad PDF sa bhliain féilire roimhe sin:

(41)

céatadán de r-shonraisc as gach sonrasc a sheoltar, nó céatadán de r-shonraisc as gach sonrasc a sheoltar sna raonta seo a leanas: [0,< 10], [10,< 25], [25,< 50], [50,< 75], [>=75], sa bhliain féilire roimhe sin


Aonad tomhais

Dearbhfhigiúirí, cé is moite de shaintréithe a bhaineann le láimhdeachas san airgeadra náisiúnta (mílte) nó an céatadán den láimhdeachas (iomlán)

An pobal staidrimh

Cumhdach na ngníomhaíochtaí:

Ranna C go K, M go O agus grúpa 95.1 d’athbhreitniú 2.1. ar NACE, atá roghnach: Roinn L d’athbhreithniú 2.1 ar NACE le haghaidh athróga éigeantacha (1), (2), (5)-(8), (15)-(40), (48)-(72) agus athróga roghnacha (1), (2), (4)-(11), (19)-(40)

Cumhdach na haicme méide:

Fiontair a bhfuil 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe nó níos mó iontu. Maidir le fiontair a bhfuil níos lú ná 10 nduine d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe iontu, féadfar iad a chumhdach go roghnach.

Miondealuithe

Miondealú ar na gníomhaíochtaí

chun comhiomláin náisiúnta a ríomh:

comhiomláin ranna NACE Ath. 2.1 agus ghrúpaí: C+D+E+F+G+H+I+J+K+M+N+O+95.1, D+E

Ranna NACE Ath. 2.1: C, F, G, H, I, J, K, M, N, O, roghnach: Roinn L d’athbhreithniú 2.1 ar NACE le haghaidh athróga éigeantacha (1), (2), (5)-(8), (15)-(40), (48)-(72) agus athróga roghnacha (1), (2), (4)-(11), (19)-(40)

Rannáin NACE Ath. 2.1: 47, 55

comhiomláin rannáin NACE Ath. 2.1: 10 + 11 + 12 + 13 + 14 + 15 + 16 + 17 + 18, 19 + 20 + 21 + 22 + 23, 24 + 25, 26 + 27 + 28 + 29 + 30 + 31 + 32 + 33

comhiomlán rannáin agus ghrúpaí NACE Ath. 2.1: 26.1 + 26.2 + 26.3 + 26.4 + 46.5 + 58.2 + 61 + 62 + 63.1 + 95.1, roghnach: rannáin agus grúpaí 64 + 66.1 + 66.3, 65 + 66.2 d’athbhreithniú 2.1 ar NACE le haghaidh athróga éigeantacha (1), (2), (5)-(8), (15)-(40), (48)-(72) agus athróga roghnacha (1), (2), (4)-(11), (19)-(40)

le rannchuidiú leis na hiomláin Eorpacha amháin:

Ranna NACE Ath. 2.1: D, E

Rannáin NACE Ath. 2.1: 19, 20, 21, 26, 27, 28, 46, 61, 72, 79, roghnach: Rannáin NACE Ath. 2.1: 64, 65, 66 le haghaidh athróga éigeantacha (1), (2), (5)-(8), (15)-(40), (48)-(72) agus athróga roghnacha (1), (2), (4)-(11), (19)-(40)

Grúpa NACE Ath. 2.1: 95,1

comhiomláin rannáin NACE Ath. 2.1: 10 + 11 + 12, 13 + 14 + 15, 16 + 17 + 18, 22 + 23, 29 + 30, 31 + 32 + 33, 62 + 63, 69 + 70 + 71, 73 + 74 + 75, 77 + 78 + 80 + 81 + 82

Aicme mhéide an lín fostaithe agus daoine féinfhostaithe: 10+, 10-49, 50-249, 250+; roghnach: 0-9, 0-1, 2-9

Sprioc-am chun na sonraí a tharchur

5 Deireadh Fómhair 2026


(1)  An sampla ‘uathchomhairleoirí le haghaidh pleanáil uathoibrithe, mar shampla, pleanáil infheistíochta’, ba cheart é a chur isteach má áirítear roinn L roghnach d’athbhreithniú 2.1 ar NACE.

(2)  An sampla ‘scóráil creidmheasa bunaithe ar mheaisínfhoghlaim’, ba cheart é a chur isteach má áirítear roinn L roghnach d’athbhreithniú 2.1 ar NACE.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1310/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)