|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1296 |
1.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1296 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2025
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207(4), an chéad fhomhír agus 209(2), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5),
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 16 Iúil 2018, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na hÚisbéiceastáine maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe. |
|
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) chun críche go rathúil trí inisiliú an Chomhaontaithe an 6 Iúil 2022, rud a bhí ina fhorbairt ar mhianta na bPáirtithe an caidreamh eatarthu a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach nuálach. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais. |
|
(4) |
I bhfianaise an ghá an Comhaontú a chur i bhfeidhm sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis do na Ballstáit é a dhaingniú, ba cheart codanna den Chomhaontú a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. |
|
(5) |
Tá síniú an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais agus cur i bhfeidhm sealadach chodanna den Chomhaontú gan dochar do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann leis na hábhair a thagann faoina inniúlacht. Coimeádann na Ballstáit a n-inniúlacht sa mhéid nach ndéanann an Comhaontú difear do chomhrialacha ná nach n-athraíonn sé a raon feidhme. |
|
(6) |
Meabhraítear gur oibleagáidí idirnáisiúnta iad prionsabail cheannasacht agus iomláine chríochach na Stát uile, lena n-áirítear urraim do Rúin 541 (1983) agus 550 (1984) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ar oibleagáidí iad a eascraíonn, go háirithe, as ballraíocht na Náisiún Aontaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hÚisbéiceastáine, den pháirt eile, a údarú thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).
Airteagal 2
Go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 345 den Chomhaontú, ní chuirfear na codanna seo a leanas den Chomhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach idir an tAontas agus Poblacht na hÚisbéiceastáine ón gcéad lá den dara mí tar éis an dáta faoina mbeidh fógra tugtha ag an Aontas agus Poblacht na hÚisbéiceastáine dá chéile gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun na críche sin, mar aon le léiriú ar na codanna sin den Chomhaontú atá le cur i bhfeidhm go sealadach, ach amháin a mhéid a chumhdaítear leo na hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, lena n-áirítear na hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme:
|
(a) |
Teideal I; |
|
(b) |
Teideal II: Airteagail 3, 4, 6 agus 9; |
|
(c) |
Teideal III: Airteagail 14(1) agus 15(2); |
|
(d) |
Teideal IV (cé is moite d’Airteagail 26, 75 (a mhéid a bhaineann sé le forfheidhmiú coiriúil na gceart maoine intleachtúla), 233 agus 234 (2) go (4)); |
|
(e) |
Teideal V: Airteagail 284, 285, 286, 288, 289 (cé is moite de phointe (b)), 290, 291 (cé is moite de mhír (1) (a), agus (f) agus (i)), 292, 306 agus 307; |
|
(f) |
Teideal VII: Airteagail 331 go 336; |
|
(g) |
Teideal VIII a mhéid atá forálacha an Teidil sin teoranta do chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe a áirithiú; |
|
(h) |
Teideal IX, cé is moite d’Airteagal 347(1) agus (2), a mhéid atá forálacha an Teidil sin teoranta do chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe a áirithiú; agus |
|
(i) |
Iarscríbhinní 3, 5-A, 5-B, 5-C, 5-D, 6, 7-A, 7-B, 7-C, 9-A, 12-A, 12-B, 12-C, 12-D, 14-A agus 14-B, chomh maith leis an bPrótacal maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach in ábhair chustaim. |
Airteagal 3
I gcás ina measfadh Ballstát nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) nach gcomhlíontar oibleagáid idirnáisiúnta a eascraíonn, go háirithe, as ballraíocht na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear urraim do Rúin 541 (1983) agus 550 (1984) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh an Ballstát sin nó an tArdionadaí an tsaincheist a tharraingt anuas sa Chomhairle d’fhonn a chinneadh an dtionólfar comhairliúcháin faoi choimirce na Comhairle um Chomhar arna bhunú ag Airteagal 337(1) den Chomhaontú, de bhun Airteagal 343(4) den Chomhaontú.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. HENNIG-KLOSKA
(1) Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1296/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)