European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1293

30.6.2025

CINNEADH (AE) 2025/1293 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Meitheamh 2025

lena n-údaraítear an Coimisiún páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa chaibidlíocht maidir le leasú ar Airteagal 1, pointe (a), den Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘an Coinbhinsiún’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle (1), agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Márta 1998.

(2)

Chuir an Spáinn agus an Phortaingéil togra isteach de bhun Airteagal 15(2) den Choinbhinsiún chun Airteagal 1, pointe (a) den Choinbhinsiún a leasú chun go gcuimseofar sa limistéar muirí atá faoi rialú an Choinbhinsiúin na huiscí mórthimpeall na Micrinéise (Maidéara agus na hOileáin Chanáracha).

(3)

Is é is aidhm don leasú atá beartaithe comhleanúnachas níos fearr a áirithiú idir an Coinbhinsiún agus forálacha Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), atá infheidhme cheana féin i Micrinéise, rud a chuirfidh feabhas ar chomhordú chosaint agus chaomhnú na bithéagsúlachta saibhre agus na n-éiceachóras leochaileach sa Mhicrinéis.

(4)

Pléifear an togra sin le haghaidh leasú ar Airteagal 1, pointe (a), den Choinbhinsiúnle linn an 28ú cruinniú den Choimisiún arna bhunú le hAirteagal 10(1) den Choinbhinsiún (‘Coimisiún OSPAR’). De bhun Airteagal 15(3) den Choinbhinsiún, tá Coimisiún OSPAR leis an leasú a ghlacadh de réir vóta d’aon toil na bPáirtithe Conarthacha.

(5)

De bhun Airteagal 15(4) den Choinbhinsiún, tá an Rialtas Taiscíochta leis an leasú a chur faoi bhráid na bPáirtithe Conarthacha lena dhaingniú, lena ghlacadh nó lena fhormheas. De bhun Airteagal 15(5) den Choinbhinsiún, níl an leasú le teacht i bhfeidhm go dtí go bhfaigheadh an taisce Rialtas Taiscíochta fógra faoina dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta ó sheacht bPáirtí Chonarthacha ar a laghad, agus ina dhiaidh sin amháin.

(6)

Ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht maidir leis an leasú atá beartaithe ar Airteagal 1, pointe (a), den Choinbhinsiún le linn an 28ú cruinniú de Choimisiún OSPAR.

(7)

Maidir leis an gCinneadh seo, lena n-údaraítear don Choimisiún páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh, baineann sé le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna dhlí an Aontais nó a raon feidhme a athrú. I réimse na n-inniúlachtaí comhroinnte, coinníonn na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach ndéantar difear do rialacha comhchoiteanna dhlí an Aontais leis an gCoinbhinsiún ná nach n-athraítear a raon feidhme leis,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún páirt a ghlacadh, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht i gCoimisiún an Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (‘an Coinbhinsiún’) maidir le leasú ar Airteagal 1, pointe (a), den Choinbhinsiún arb é is aidhm dó na huiscí mórthimpeall na Micrinéise (Maidéara agus na hOileáin Chanáracha) a chuimsiú sa limistéar muirí faoi rialú an Choinbhinsiún.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um an gComhshaol, a ainmnítear leis seo mar choiste speisialta de réir bhrí Airteagal 218(4) den Chonradh.

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DZIEMIANOWICZ-BĄK


(1)  Cinneadh 98/249/CE ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 1997 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le cosaint mhuirthimpeallacht an Atlantaigh thoir thuaidh (IO L 104, 3.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1998/249/oj).

(2)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj).


Treoracha chun leasú ar Airteagal 1(a) de Choinbhinsiún OSPAR a chaibidil lena n-áirítear an t-uisce timpeall ar an Macrainéis (Maidéara agus na hOileáin Chanáracha) sa limistéar muirí atá faoi rialú Choinbhinsiún OSPAR

Ag an 28ú cruinniú/seisiún rialta de Choimisiún OSPAR, tacóidh an tAontas leis an leasú ar Airteagal 1(a) de Choinbhinsiún OSPAR arna mholadh go comhpháirteach ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil chun na huiscí timpeall ar an Macrainéis (Maidéara agus na hOileáin Chanáracha) a áireamh sa limistéar muirí atá faoi rialú Choinbhinsiún OSPAR.

Áiritheoidh an tAontas go leanfaidh an leasú ar Airteagal 1(a) de Choinbhinsiún OSPAR de bheith i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear go háirithe Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (2), Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Féachfar le comhleanúnachas le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 (5) a áirithiú freisin.


(1)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(2)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(3)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030, Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] COM(2020) 380 final.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1293/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)