|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1286 |
1.7.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1286 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2025
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann le haghaidh comhaontú maidir le scéim taithí don aos óg
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2) i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) (1), tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021. In éineacht leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) (2), is bunchloch é don chaidreamh déthaobhach idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’). |
|
(2) |
Cé go ndéantar foráil sa Chomhaontú Trádála agus Comhair do chomhordú na slándála sóisialta a thacaíonn le soghluaisteacht daoine faoi dhlí náisiúnta ceachtar Páirtí agus go bhfuil rialacha ann maidir le dul isteach agus fanacht sealadach daoine nádúrtha chun críoch gnó a dtugtar aghaidh leo ar chásanna fanachta shealadaigh chun críche sonraí, amhail soláthar seirbhísí, ní thugann an Comhaontú sin aghaidh ar shoghluaisteacht per se, is é sin go bhféadfadh náisiúnach Páirtí amháin cónaí nó fanacht i gcríoch an Pháirtí eile. Ina ionad sin, is le rialacha baile an Aontais agus a mBallstát maidir le hinimirce agus le rialacha baile na Ríochta Aontaithe maidir le hinimirce faoi seach a rialaítear soghluaisteacht daoine idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Mar thoradh air sin, tá laghdú tagtha ar an líon daoine a bhíonn ag gluaiseacht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Tá sé tar éis tionchar a imirt go háirithe ar na deiseanna a bhíonn ag daoine óga san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe an saol i gcríoch a chéile a bhlaiseadh agus tairbhe a bhaint as malartuithe ógra, cultúrtha, oideachais, taighde agus oiliúna. |
|
(3) |
I gcaitheamh 2023, chuaigh an Ríocht Aontaithe i dteagmháil le roinnt Ballstát agus é ar intinn aici caibidlíocht a dhéanamh faoi shocruithe déthaobhacha maidir le soghluaisteacht na hóige, socruithe a mbunófaí ar scéim víosa na Ríochta Aontaithe um shoghluaisteacht na hóige. Is é an toradh a bheadh ar shocruithe éagsúla ar an leibhéal náisiúnta go gcaithfí ar bhealach difriúil le náisiúnaigh de chuid an Aontais. Sa bhreis air sin, ní thabharfaí aghaidh le cur chuige den sórt sin ar na príomhbhacainní ar shoghluaisteacht a mbíonn ar dhaoine óga dul i ngleic leo. |
|
(4) |
Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht, dá bhrí sin, d’fhonn teacht ar chomhaontú forlíontach de réir bhrí Airteagal 2 den Chomhaontú Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe maidir le scéim taithí don aos óg (‘an comhaontú forlíontach’). Ba cheart an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais. |
|
(5) |
Ba cheart coiste speisialaithe a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair a chumhdaítear leis an gcomhaontú forlíontach. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag Éirinn i litir dár dáta an 3 Márta 2025 gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(8) |
Níor cheart go ndéanfadh an comhaontú forlíontach atá beartaithe difear don cheart atá ag na Ballstáit líon na náisiúnach tríú tír a ligtear isteach ar a gcríoch ó thríú tíortha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 79(5) CFAE. Fanfaidh cosaint an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann le haghaidh comhaontú maidir le scéim taithí don aos óg.
Airteagal 2
Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.
Airteagal 3
Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Ríocht Aontaithe agus i gcomhréir leis na treoracha atá san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, faoi réir aon treoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a eisiúint dá éis seo chuig an gCoimisiún.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DOMAŃSKI
(1) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.
(2) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2020/sign.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1286/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)