European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1272

10.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1272 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2025

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 223(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leagtar síos rialacha lena rialaítear an trádáil idirnáisiúnta i dtáirgí talmhaíochta, lena n-áirítear na ceanglais chun forfheidhmiú éifeachtach na bhfoirmiúlachtaí a bhaineann le trádáil a áirithiú.

(2)

Chun tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus chun comhar idir na húdaráis ábhartha a chuíchóiriú, ba cheart córas leictreonach a bhunú chun foirmiúlachtaí talmhaíochta a bhaineann le trádáil a bhainistiú ar bhealach slán iontaofa. Ba cheart an córas leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) a thabhairt ar an gcóras sin agus ba cheart é a fhorbairt mar mhodúl neamhspleách den Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (2). Na doiciméid is gá chun foirmiúlachtaí neamhchustaim an Aontais a bhaineann le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a chomhlíonadh, mar a leagtar síos i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 (3), (AE) 2020/761 (4), (AE) 2020/1988 (5), agus (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún (6), ba cheart iad a stóráil agus a phróiseáil in ELAN.

(3)

Chun comhar a éascú agus malartú faisnéise rianúil a áirithiú idir na húdaráis nó na comhlachtaí eisiúna ábhartha agus na húdaráis chustaim, ba cheart ELAN a idirnascadh le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, mar a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(4)

Ba cheart feidhm a bheith ag na sainmhínithe agus na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 ón gCoimisiún (8) maidir leis an Rialachán seo.

(5)

Ba cheart ELAN a nascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (‘CSW-CERTEX AE’), chomh maith leis na córais leictreonacha a úsáideann na Ballstáit agus tríú tíortha chun na doiciméid a chumhdaítear le ELAN a tháirgeadh. Leis an nasc sin idir córais, ba cheart a bheith in ann faisnéis a mhalartú lena ndeimhnítear comhlíonadh foirmiúlachtaí neamhchustaim le haghaidh táirgí talmhaíochta arna dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha.

(6)

Ba cheart doiciméid a tháirgeadh go díreach in ELAN nó a tharchur chuige trí chórais náisiúnta na mBallstát. Tá feidhm ag prionsabail cosanta sonraí atá leabaithe i Rialacháin (AE) 2016/679 (9) agus (AE) 2018/1725 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le próiseáil doiciméid arna eisiúint nó arna tharchur chuig ELAN i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(7)

Ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh ELAN ná na córais náisiúnta atá nasctha leis ar fáil go sealadach mar gheall ar oibríochtaí cothabhála nó bristeacha teicniúla gan choinne. I gcás oibríochtaí cothabhála, ba cheart don Choimisiún úsáideoirí a chur ar an eolas in am trátha, chun aon mhíchaoithiúlacht a íoslaghdú. I gcás nach mbeidh an córas ar fáil agus gan beann ar an gcúis atá leis, ba cheart don Choimisiún rialacha soiléire a leagan síos chun leanúnachas gnó a áirithiú d’úsáideoirí ELAN agus d’oibreoirí eacnamaíocha araon.

(8)

Ba cheart forálacha a leagan síos lena gcuirfear é ar a gcumas d’údaráis agus do chomhlachtaí eisiúna doiciméid a tháirgeadh i gcás nach mbeidh ELAN ar fáil go páirteach nó go hiomlán. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart forálacha a leagan síos leis an Rialachán seo lena bhféadfaí cead a thabhairt d’údaráis chustaim rialuithe a dhéanamh ar dhoiciméid a stóráiltear in ELAN fiú le linn tréimhsí nach bhfuil an córas ar fáil go sealadach.

(9)

Chun am a thabhairt do na Ballstáit eolas a chur ar chóras ELAN agus ar na hoibleagáidí gaolmhara, ba cheart úsáid ELAN a thabhairt isteach de réir a chéile idir an 15 Iúil 2025 agus an 18 Meán Fómhair 2028. Ba cheart ELAN a bheith ar fáil le haghaidh tástála ón 15 Iúil 2025 ar aghaidh. Féadfaidh na Ballstáit tús a chur le ceadúnais a chur ar fáil in ELAN ón 19 Eanáir 2026 ar ceadúnais iad a bhfuil luach dlí acu maidir le himréiteach custaim a dhéanamh. Ón 18 Eanáir 2027 ar aghaidh, ba cheart ceadúnais a eisiúint i gcomhréir leis na samhlacha sonraí a leagtar síos in Iarscríbhinn I.1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239. Ón 17 Eanáir 2028, ba cheart na doiciméid uile arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha a chumhdaítear le ELAN a chur ar fáil in ELAN. An 6 Deireadh Fómhair 2028, ba cheart d’údaráis chustaim tús a chur le hoibríochtaí imréitigh custaim a dhéanamh ar dhoiciméid in ELAN, trí bhíthin CSW-CERTEX AE.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 26 Márta 2025.

(11)

Níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha teagmhasacha a leagtar síos i Roinn 3 den Rialachán seo maidir le doiciméid a eisítear chun críoch tástála amháin. Ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na doiciméid uile a eisítear in ELAN nó a tharchuirtear chuig ELAN, ag tosú ar bhonn deonach ón 19 Eanáir 2026, nó ón 18 Eanáir 2027 i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Rialachán seo.

(12)

Na ceanglais lena sainordaítear digitiú na ndoiciméad is gá le haghaidh scaoileadh táirgí talmhaíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo i saorchúrsaíocht agus le haghaidh onnmhairiú na dtáirgí sin, déanann siad difear do sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá réir sin, rinneadh measúnú idir-inoibritheachta agus tá an tuarascáil a thiocfaidh as sin le foilsiú ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

(13)

Ba cheart an Rialachán a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm i gceart sula gcuirfear ELAN ar fáil dá úsáideoirí chun críocha tástála.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunóidh an Coimisiún córas leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) lena n-éascófar malartú agus stóráil leictreonach na ndoiciméad a úsáidtear chun na foirmiúlachtaí neamhchustaim is gá le haghaidh trádáil táirgí a chumhdaítear leis na hearnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le tríú tíortha a chomhlíonadh.

2.   Le ELAN, beifear in ann na doiciméid seo a leanas a eisiúint, a tharchur, a stóráil agus a aisghabháil ar bhealach slán, iontaofa agus éifeachtúil:

(a)

ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin arna dtáirgeadh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (12) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239;

(b)

doiciméid arna dtáirgeadh ag tríú tíortha ar doiciméid iad a bhfuil gá leo chun taraif-chuótaí a bhainistiú, dá bhforáiltear sna bileoga sonracha taraif-chuóta in Iarscríbhinní II go XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 – cé is moite den deimhniú onnmhairiúcháin is gá le haghaidh an taraif-chuóta dar sraithuimhir 09.4127 - agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 – cé is moite den deimhniú comhréireachta is gá le haghaidh an taraif-chuóta lena mbaineann an tsraithuimhir 09.0076;

(c)

doiciméid arna n-eisiúint ag tríú tíortha, dá bhforáiltear in Airteagal 31(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988;

(d)

doiciméid arna n-eisiúint ag tríú tíortha, dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834.

3.   Áiritheoidh ELAN barántúlacht, sláine agus rúndacht na ndoiciméad malartaithe, chomh maith le fíorú thionscnamh na cumarsáide.

4.   Déanfaidh an Coimisiún ELAN a idirnascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (‘CSW-CERTEX AE’) arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399 faoin 18 Meán Fómhair 2028.

5.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit uile agus maidir leis na tríú tíortha sin a eisíonn na doiciméid a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais’ rialacháin de chuid an Aontais lena rialaítear gach ceann de na doiciméid a chumhdaítear le ELAN agus a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 agus aon cheann de na doiciméid sin;

(b)

ciallaíonn ‘doiciméid ELAN’ na doiciméid uile a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269;

(c)

ciallaíonn ‘samhail sonraí’ liosta den fhaisnéis a sholáthróidh na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla in ELAN chun doiciméad a tháirgeadh nó a tharchur, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais is infheidhme maidir leis na doiciméid lena mbaineann, agus leis na treoracha a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (13) dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (j) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239;

(d)

ciallaíonn ‘córas leictreonach náisiúnta’ an córas TF a úsáideann údaráis agus comhlachtaí na mBallstát agus tríú tíortha atá inniúil chun na doiciméid a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 a bhainistiú agus a tháirgeadh;

(e)

ciallaíonn ‘ELAN (timpeallacht inghlacthachta)’ an córas leictreonach arb ionann é agus ELAN, arb é an t-aon raon feidhme atá aige ligean d’úsáideoirí feidhmiúlachtaí an chórais sin a thástáil, agus doiciméid nach bhfuil aon stádas dlí acu a eisiúint nó a tharchur;

(f)

Ciallaíonn ‘máistir-uimhir thagartha’ uimhir thagartha dearbhaithe custaim mar a shainmhínítear in Airteagal 1(22) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (14).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269.

ROINN 2

FORÁLACHA TEICNIÚLA

Airteagal 3

Formáid na ndoiciméad

1.   Sainaithneofar doiciméid uile ELAN in ELAN i gcomhréir leis na treoracha a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Gach doiciméad a tháirgtear in ELAN nó a tharchuirfear chuige, comhlíonfaidh sé an tsamhail sonraí a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais a liostaítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 agus líonfar isteach é i gcomhréir leis na treoracha sonracha is infheidhme maidir leis.

Airteagal 4

Eisiúint doiciméad agus seiceálacha bailíochta

1.   Déanfaidh údaráis eisiúna náisiúnta agus údaráis eisiúna tríú tír na doiciméid leictreonacha ábhartha a tháirgeadh go díreach in ELAN nó déanfaidh siad iad a tharchur chuig ELAN tar éis iad a tháirgeadh ina gcórais leictreonacha náisiúnta féin.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar gach doiciméad a chuirfear ar fáil in ELAN:

(a)

an ríomhshéala cáilithe nó an ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ón údarás inniúil eisiúna; nó

(b)

an ríomhshíniú cáilithe nó an ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ionadaí údaraithe ón údarás inniúil eisiúna, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

3.   Fíoróidh ELAN bailíocht na ndoiciméad a tháirgfear sa chóras nó a tharchuirfear chuige go huathoibríoch.

Airteagal 5

Próiseáil sonraí pearsanta

Déanfaidh ELAN sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun Airteagail 10 agus 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715.

Airteagal 6

Idirthréimhse

1.   Ón 15 Iúil 2025 féadfaidh údaráis eisiúna náisiúnta tús a chur ar bhonn deonach leis na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a) den Rialachán seo in ELAN (timpeallacht inghlacthachta) a tháirgeadh nó iad a tharchur chuig an gcóras sin chun críoch tástála. Ní bheidh aon stádas dlí ag na doiciméid sin.

2.   Ón 19 Eanáir 2026 féadfaidh údaráis eisiúna náisiúnta na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a) a tháirgeadh in ELAN nó iad a tharchur chuig an gcóras sin ar bhonn deonach. Beidh luach dlí ag na doiciméid sin maidir le gníomhaíochtaí imréitigh custaim a dhéanamh.

3.   Ón 18 Eanáir 2027, soláthróidh na húdaráis eisiúna náisiúnta na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a) den Rialachán seo i gcomhréir le hIarscríbhinn I.1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 agus leis na treoracha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

4.   Ón 17 Eanáir 2028, déanfaidh údaráis eisiúna náisiúnta agus údaráis eisiúna tríú tír na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (b), (c) agus (d) a tháirgeadh in ELAN nó ina gcórais leictreonacha náisiúnta. Sa chás deireanach sin, tarchuirfear na doiciméid chuig ELAN díreach tar éis iad a tháirgeadh sa chóras leictreonach náisiúnta.

5.   Ón 6 Deireadh Fómhair 2028, déanfaidh údaráis chustaim fíoruithe uathoibríocha ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, déanfar cainníochtaí imréitithe a thuairisciú do ELAN trí CSW-CERTEX AE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2399.

ROINN 3

FORÁLACHA TEAGMHASACHA

Airteagal 7

Faisnéis faoi oibríochtaí cothabhála sceidealaithe

Cuirfidh an Coimisiún úsáideoirí ELAN ar an eolas coicís roimh ré faoi aon oibríocht cothabhála sceidealaithe ar an gcóras agus faoin bhfad a mheastar a mhairfidh siad.

Airteagal 8

Doiciméid a tháirgtear le linn chothabháil ELAN nó nuair nach mbeidh ELAN ar fáil gan choinne

1.   I gcás nach mbeidh ELAN nó ceann dá fheidhmiúlachtaí ar fáil ar feadh níos mó ná uair an chloig, cuirfidh na húdaráis eisiúna náisiúnta nó údaráis eisiúna an tríú tír na doiciméid is gá chun foirmiúlachtaí custaim a dhéanamh ar fáil ar pháipéar nó i gcóras leictreonach náisiúnta.

2.   Sna himthosca a dtugtar tuairisc orthu i mír 1, táirgfear doiciméid go leictreonach i gcóras leictreonach náisiúnta.

Na húdaráis chustaim ar gá dóibh imréiteach custaim na n-earraí a dhéanamh agus na cainníochtaí imréitithe a thuairisciú ar na doiciméid ábhartha, nuair nach mbeidh rochtain acu ar chóras leictreonach náisiúnta na n-údarás nó na gcomhlachtaí eisiúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, priontálfar na doiciméid sin ar pháipéar agus beidh siad i seilbh an dearbhóra agus ar fáil do na húdaráis chustaim tráth a thaiscfear an dearbhú custaim.

3.   Doiciméid a phriontálfar ar pháipéar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, an dara fomhír, déanfaidh an t-údarás eisiúna inniúil iad a shíniú agus a stampáil go cuí.

Beidh an téacs ‘Arna tháirgeadh nuair nach raibh ELAN ar fáil’ ar gach doiciméad arna tháirgeadh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.

4.   I gcás doiciméid arna dtáirgeadh ag tríú tíortha ar réamhchoinníoll iad chun ceadúnais a eisiúint i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, sonróidh na húdaráis náisiúnta a eisíonn an ceadúnas comhfhreagrach uimhir an doiciméid tríú tír ar an gceadúnas, agus bailíochtóidh siad an doiciméad tríú tír trí stampa an údaráis, síniú oifigigh údaraithe agus a dháta, chomh maith le huimhir an cheadúnais a bhaineann leis an doiciméad sin a chur ar a leathanach cúil.

Coinneoidh an t-údarás eisiúna náisiúnta na bunchóipeanna de na doiciméid arna dtáirgeadh ag na tríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, mura gceanglaítear ar an oibreoir an doiciméad a chur faoi bhráid na n-údarás custaim.

5.   I gcás doiciméad a tháirgeann tríú tíortha nach mór a thíolacadh ar leibhéal custaim amháin, déanfaidh na húdaráis chustaim an doiciméad a bhailíochtú trí stampa an údaráis, síniú oifigigh údaraithe agus an dáta a úsáidfear an doiciméad a chur ar a leathanach cúil.

6.   Cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na doiciméid arna gcló ar pháipéar i gcomhréir le mír 1 go mír 5 faoi bhráid na n-údarás custaim chun rialuithe custaim a dhéanamh.

Airteagal 9

Rialuithe custaim ar dhoiciméid a tháirgtear nuair nach bhfuil ELAN ar fáil

1.   Rialóidh na húdaráis chustaim na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus le reachtaíocht ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le reachtaíocht ábhartha an Aontais, léireoidh na húdaráis chustaim sa roinn ar leith den doiciméad cóid tráchtearraí agus cainníocht na dtáirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht nó a onnmhairítear agus, i gcás ina bhfuil roinnt ítimí i ndearbhú custaim nó i ndoiciméad ELAN, uimhir sheicheamhach na hítime sa doiciméad ELAN agus uimhir na hítime sa dearbhú custaim, mar aon leis an Máistir-Uimhir Thagartha, an oifig custaim, an dáta agus an t-am, síniú an oifigigh údaraithe a dhéanann an tseiceáil agus stampa an údaráis.

3.   Déanfar na rialuithe dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear an t-imréiteach custaim agus tuairisciú na gcainníochtaí imréitithe, ar na doiciméid atá ar fáil ar an gcóras leictreonach eisiúna náisiúnta nuair a ligfidh an córas sin do na húdaráis chustaim rochtain a fháil air agus na gníomhaíochtaí a luaitear sa mhír seo a dhéanamh.

4.   Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 8(2), déanfaidh na húdaráis chustaim na rialuithe a cheanglaítear le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo ar an doiciméad páipéir.

Airteagal 10

Doiciméid a tháirgtear nuair nach bhfuil ELAN ar fáil a chlárú in ELAN

1.   Déanfaidh an Coimisiún agus úinéirí na gcóras náisiúnta bulcmhalartú ad hoc ar na doiciméid a tháirgtear nuair nach bhfuil ELAN ar fáil chun iad a chlárú in ELAN a luaithe a bheidh sé ar fáil arís.

2.   Na doiciméid uile a tháirgfear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus (2), a luaithe a bheidh ELAN ar fáil arís, cuirfear ar ais láithreach iad chuig na húdaráis nó na comhlachtaí eisiúna ábhartha, agus déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

na doiciméid a chlárú in ELAN;

(b)

na doiciméid ar pháipéar a chuirtear ar ais a dhéanamh neamh-inúsáidte; agus

(c)

a léiriú in ELAN go bhfuil doiciméad úsáidte nó, má cheanglaítear é le reachtaíocht ábhartha an Aontais, na saintréithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a léiríonn na húdaráis chustaim sa roinn ar leith a chlárú.

Airteagal 11

Rialuithe custaim nuair nach bhfuil ELAN ar fáil ar dhoiciméid atá ar fáil in ELAN

1.   I gcás nach mbeidh ELAN ná ceann dá fheidhmiúlachtaí ar fáil ar feadh níos mó ná uair an chloig agus gur gá do na húdaráis chustaim rialú a dhéanamh ar dhoiciméid a cláraíodh in ELAN nuair nach bhfuil sé ar fáil, iarrfar ar an údarás a chuir na doiciméid ábhartha ar fáil sliocht nó cóip de na doiciméid sin a bheidh fíordheimhnithe go cuí a sholáthar.

2.   Agus cóip nó sliocht den doiciméad á thabhairt don oibreoir eacnamaíoch agus á chur ar fáil do na húdaráis chustaim, cuirfidh na húdaráis eisiúna náisiúnta san áireamh na saintréithe a thugtar don doiciméad sin go dtí an lá a tháirgfear an chóip.

3.   Beidh an téacs ‘Cóip lena húsáid nuair nach bhfuil ELAN ar fáil’ ar chóipeanna agus sleachta a tháirgtear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Rialachán seo agus déanfar iad a shíniú agus a stampáil go cuí má chuirtear ar fáil ar pháipéar iad, nó síneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 3 má chuirtear faoi bhráid na n-údarás custaim iad trí chóras leictreonach náisiúnta.

4.   Tá feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9 maidir leis na rialuithe custaim a dhéantar ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

5.   A luaithe a bheidh ELAN ar fáil arís, déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí eisiúna ábhartha sna Ballstáit an méid seo a leanas láithreach:

(a)

a chur in iúl in ELAN nach féidir na doiciméid a ndearnadh cóip díobh a úsáid go leictreonach sa chóras sin, mura bhfuil an chóip curtha ar ais;

(b)

sonraí maidir leis an sliocht as an gceadúnas nó maidir leis an gcóip den sliocht a chur isteach in ELAN, nó iad a tharchur ón gcóras leictreonach náisiúnta, agus a chur in iúl nach féidir é a úsáid in ELAN go dtí go gcuirfear an chóip pháipéir ar ais, nó go dtí go ndéanfar an leagan sa chóras leictreonach náisiúnta neamh-inúsáidte; agus

(c)

na saintréithe ar na ceadúnais, ar na sleachta nó ar na cóipeanna díobh a chlárú in ELAN agus, i gcás na ndoiciméad eile, a léiriú in ELAN gur úsáideadh na doiciméid sin a luaithe a chuirfear ar ais iad.

Airteagal 12

I gcás nach bhfuil CSW-CERTEX AE ar fáil go sealadach

I gcás nach mbeidh CSW-CERTEX AE ar fáil ar feadh níos mó ná uair an chloig, déanfaidh lucht custaim rochtain ar na doiciméid atá ar fáil in ELAN tríd an gcomhéadan úsáideora tiomnaithe chun na rialuithe is gá, an t-imréiteach custaim agus tuairisciú na gcainníochtaí imréitithe ar na doiciméid sin a dhéanamh.

Airteagal 13

Oibríochtaí a dhéanfar ar dhoiciméid atá ar fáil in ELAN nuair nach bhfuil ELAN ar fáil

1.   I gcás nach mbeidh ELAN nó ceann dá fheidhmiúlachtaí ar fáil ar feadh níos mó ná uair an chloig, agus nach mór do na húdaráis eisiúna náisiúnta nó d’údaráis eisiúna tríú tír doiciméad a cheartú, sliocht a bhaint as, é a aistriú, nó síneadh a chur lena bhailíocht, déanfaidh siad an doiciméad a atáirgeadh ar pháipéar, agus déanfaidh siad an oibríocht ar an doiciméad sin.

2.   Doiciméid a tháirgtear i gcomhréir le mír 1, beidh an téacs ‘Cóip lena húsáid nuair nach bhfuil ELAN ar fáil’ orthu agus déanfaidh an t-údarás eisiúna inniúil iad a shíniú agus a stampáil go cuí.

3.   I gcás inarb eol d’údaráis eisiúna na mBallstát go gcuirfear doiciméad faoi bhráid na n-údarás custaim ar féidir leo rochtain a fháil ar na doiciméid ina gcórais leictreonacha náisiúnta, féadfaidh na húdaráis eisiúna sin na hoibríochtaí a liostaítear i mír 1 a dhéanamh ina gcórais leictreonacha náisiúnta féin. Cláróidh na húdaráis nó na comhlachtaí eisiúna in ELAN na hoibríochtaí a dhéantar nuair nach bhfuil ELAN ar fáil a luaithe a bheidh sé ar fáil arís. Déanfar na doiciméid in ELAN neamh-inúsáidte go dtí go gcuirfear na cóipeanna priontáilte ar pháipéar le linn na tréimhse teagmhais ar ais chuig na húdaráis eisiúna.

4.   A luaithe a thabharfar na doiciméid ar a ndearna na húdaráis nó na comhlachtaí eisiúna ábhartha oibríochtaí i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 ar ais dóibh, déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

na doiciméid a chuirtear ar ais a dhéanamh neamh-inúsáidte; agus

(b)

a léiriú in ELAN gur doiciméad úsáidte é nó na saintréithe cainníochta arna sonrú sa roinn thiomnaithe ag na húdaráis chustaim a chlárú, más infheidhme.

ROINN 4

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Iúil 2025.

Beidh feidhm ag Roinn 3 áfach ón 18 Eanáir 2027, nó ón 19 Eanáir 2026 maidir leis na Ballstáit sin ina gcinnfidh a n-údaráis eisiúna náisiúnta úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 6(2).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1715/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/1239/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/761/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riar taraif-chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ (IO L 422, 14.12.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1988/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2834 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hallmhairí sna hearnálacha ríse, gránach, siúcra agus leannlusanna (IO L, 2023/2834, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2834/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1269 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2025 lena leagtar síos rialacha lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras leictreonach le haghaidh foirmiúlachtaí neamhchustaim talmhaíochta (‘ELAN’) chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar thrádáil agus ar mhargadh i dtáirgí talmhaíochta (IO L, 2025/1269, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1269/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/1237/oj).

(13)  Fógra faoi na treoracha maidir le samhlacha sonraí ELAN1L-AGRIM agus ELAN1L-AGREX a chomhlánú (IO C, C/2025/2819, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2819/oj).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1272/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)