European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1266

1.7.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/1266 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meitheamh 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 agus Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 7

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (1) a chur i bhfeidhm, agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún (2), glacadh caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta agus léirmhínithe áirithe idirnáisiúnta cuntasaíochta a bhí ann go dtí an 8 Meán Fómhair 2022.

(2)

An 18 Nollaig 2024, d’eisigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (‘IASB’) leasuithe ar Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 Ionstraimí Airgeadais (‘IFRS 9’) agus ar Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí (‘IFRS 7’) chun cuidiú le cuideachtaí tuairisciú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtaí airgeadais conarthaí leictreachais atá spleách ar an dúlra, ar conarthaí iad a struchtúraítear go minic mar chomhaontuithe ceannaigh cumhachta.

(3)

Leis na leasuithe, tugtar aghaidh ar an gcaoi a mbeadh feidhm ag na ceanglais ‘féinúsáide’, ceadaítear cuntasaíocht fálaithe má úsáidtear na conarthaí sin mar ionstraimí fálaithe, agus cuirtear ceanglais maidir le nochtadh isteach chun é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí tuiscint a fháil ar éifeachtaí na gconarthaí sin ar fheidhmíocht airgeadais cuideachta agus ar shreafaí airgid todhchaí.

(4)

Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, maidir leis na leasuithe ar IFRS 9 agus IFRS 7, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le glacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1803 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1803, leasaítear an méid seo a leanas i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo:

(a)

Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (‘IFRS’) 9 Ionstraimí Airgeadais;

(b)

IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí.

Airteagal 2

Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliana airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026, nó dá éis, ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 243, 11.9.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1606/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1803/oj).


IARSCRÍBHINN

Conarthaí ina dTagraítear do Leictreachas atá Spleách ar an Dúlra

Leasuithe ar IFRS 9 agus ar IFRS 7

Leasuithe ar IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

Cuirtear isteach míreanna 2.3A–2.3B, 2.8, 6.10.1–6.10.2, 7.1.15, 7.2.51–7.2.53, B2.7–B2.8 agus a bhfo-cheannteidil. Cuirtear isteach fo-cheannteideal roimh mhír 2.4 freisin. Leasaítear mír 2.6. Ní leasaítear míreanna 2.4 agus 2.5 ach cuirtear isteach iad chun tagairt dóibh a éascú.

Caibidil 2   Raon feidhme

...

2.3A

Níl feidhm ag míreanna 6.10.1–6.10.2 agus B2.7–B2.8 ach amháin maidir le conarthaí ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra. Na conarthaí ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra, is conarthaí iad lena bhfágtar eintiteas neamhchosanta ar inathraitheacht sa mhéid foluiteach leictreachais toisc go mbraitheann foinse na giniúna leictreachais ar dhálaí nádúrtha neamhrialaithe (an aimsir, mar shampla). Na conarthaí ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra, cuimsítear leo conarthaí chun leictreachas atá spleách ar an dúlra a cheannach nó a dhíol agus ionstraimí airgeadais lena dtagraítear do leictreachas den sórt sin.

2.3B

Ní chuirfidh eintiteas míreanna 6.10.1–6.10.2 agus B2.7–B2.8 i bhfeidhm de réir analaí maidir le conarthaí, ítimí nó idirbhearta eile.

Conarthaí chun ítimí neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol

2.4.

Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar féidir a nglanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, amhail is dá mba ionstraimí airgeadais iad na conarthaí, cé is moite de chonarthaí a rinneadh agus a leantar de bheith á sealbhú chun ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le ceannach, díol nó úsáid. Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm, áfach, maidir leis na conarthaí a ainmníonn eintiteas mar chonarthaí arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 2.5.

2.5.

Conradh chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol, ar ítim í is féidir a shocrú glan in airgead tirim nó trí bhíthin ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, amhail agus gur ionstraim airgeadais a bhí sa chonradh, féadfar an conradh sin a ainmniú go neamh-inchúlghairthe mar chonradh arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas fiú má rinneadh é chun mír neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le ceannach, díol nó úsáid. Níl an t-ainmniú sin ar fáil ach amháin ag tráth tionscanta an chonartha agus má dhíothaítear nó má laghdaítear go suntasach neamhréir aitheantais leis (dá dtagraítear mar ‘neamhréir cuntasaíochta’ uaireanta) a d’eascródh murach sin toisc nár aithníodh an conradh mar gheall é a bheith eisiata ó raon feidhme an Chaighdeáin seo (féach mír 2.4).

2.6.

Tá bealaí éagsúla ann inar féidir conradh chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol a shocrú glan in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú. Áirítear leo sin:

...

Conradh a bhfuil feidhm ag (b) nó (c) maidir leis, ní dhéantar é chun an ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le ceannach, díol nó úsáid agus, dá réir sin, tagann sé faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo. Conarthaí eile (lena n-áirítear conarthaí mar a thuairiscítear i mír 2.3A) a bhfuil feidhm ag mír 2.4 maidir leo, déantar meastóireacht orthu chun a chinneadh cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a rinneadh iad agus a leantar de bheith á sealbhú chun an ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le ceannach, díol nó úsáid agus, dá réir sin, cé acu a thagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo.

...

2.8.

Cuirfidh eintiteas míreanna B2.7–B2.8 i bhfeidhm freisin chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a dhéantar conarthaí ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra (mar a thuairiscítear i mír 2.3A) agus a leantar de bheith á sealbhú leictreachas a fháil i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le húsáid.

...

Caibidil 6   Cuntasaíocht fálaithe

...

6.10   CONARTHAÍ INA dTAGRAÍTEAR DO LEICTREACHAS ATÁ SPLEÁCH AR AN DÚLRA

6.10.1.

Ainmnítear roinnt conarthaí ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra mar ionstraimí fálaithe i bhfáluithe d’idirbhearta leictreachais réamhaisnéise. I dteannta na gceanglas i mír 6.3.7., i gcás gaolmhaireacht fálaithe den sórt sin, ceadaítear d’eintiteas méid ainmniúil athraitheach d’idirbhearta leictreachais réamhaisnéise a ainmniú mar an ítim fhálaithe, ar méid é atá ailínithe leis an méid athraitheach de leictreachas atá spleách ar an dúlra a bhfuil coinne lena sholáthar ag an tsaoráid ghiniúna dá dtagraítear san ionstraim fálaithe. Leanfaidh ceanglais cuntasaíochta fálaithe eile na caibidle seo d’fheidhm a bheith acu maidir le gaolmhaireacht fálaithe den sórt sin.

6.10.2.

Maidir le sreafaí airgid an chonartha ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra a ainmnítear mar an ionstraim fálaithe, má bhíonn siad coinníollach ar idirbheart réamhaisnéise a dhéanamh a ainmnítear mar an ítim fhálaithe i gcomhréir le mír 6.10.1, glactar leis go bhfuil an t-idirbheart réamhaisnéise sin thar a bheith dóchúil mar a cheanglaítear le mír 6.3.3.

Caibidil 7   Dáta éifeachtach agus aistriú

7.1   DÁTA ÉIFEACHTACH

...

7.1.15.

Le Conarthaí ina dTagraítear do Leictreachas atá Spleách ar an Dúlra a eisíodh i mí na Nollag 2024, cuireadh isteach míreanna 2.3A–2.3B, 2.8, 6.10.1–6.10.2, 7.2.51–7.2.53, agus B2.7–B2.8 agus leasaíodh mír 2.6. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2026 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm luath. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

7.2   AISTRIÚ

...

Aistriú le haghaidh Conarthaí ina dTagraítear do Leictreachas atá Spleách ar an Dúlra

7.2.51.

Cuirfidh eintiteas míreanna 2.3A–2.3B, 2.8 agus B2.7–B2.8 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 trí úsáid a bhaint as na fíorais agus na himthosca arbh ann dóibh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh (an dáta a chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair). Is é tús tréimhse tuairiscithe a bheidh i ndáta an chur i bhfeidhm tosaigh, ar tréimhse í sin a d’fhéadfadh a bheith ina tréimhse tuairiscithe eile seachas tréimhse tuairiscithe bhliantúil. Ní gá d’eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Ní cheadaítear d’eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir déanamh amhlaidh gan breathnú siar. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh sé aon difríocht idir an méid glanluacha agus an méid glanluacha ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó cuidí cothromais eile, de réir mar is iomchuí) ag tús na tréimhse tuairiscithe sin.

7.2.52.

Dá mbeadh conradh ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra (mar a thuairiscítear i mír 2.3A) lasmuigh de raon feidhme IFRS 9 mar thoradh ar na ceanglais i míreanna B2.7 – B2.8 a chur i bhfeidhm, ceadaítear d’eintiteas, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, an conradh sin a ainmniú go neamh-inchúlghairthe mar chonradh arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 2.5.

7.2.53.

Cuirfidh eintiteas míreanna 6.10.1–6.10.2 i bhfeidhm go hionchasach maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe nua a ainmnítear ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear d’eintiteas, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, scor de ghaolmhaireacht fálaithe inar ainmníodh conradh ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra (mar a thuairiscítear i mír 2.3A) mar an ionstraim fálaithe, má ainmnítear an ionstraim fálaithe chéanna i ngaolmhaireacht fálaithe nua i gcomhréir le míreanna 6.10.1–6.10.2.

Aguisín B

Treoir maidir le cur i bhfeidhm

Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo.

RAON FEIDHME (CAIBIDIL 2)

...

Conarthaí chun leictreachas atá spleách ar an dúlra a cheannach

B2.7

Le conarthaí áirithe ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra (mar a thuairiscítear i mír 2.3A), ceanglaítear ar eintiteas an leictreachas a cheannach agus glacadh le soláthar an leictreachais nuair a ghintear é. Fágann na gnéithe conarthacha sin an t-eintiteas neamhchosanta ar an riosca go gceanglófaí air leictreachas a cheannach le linn eatramh seachadta nach féidir leis an eintiteas an leictreachas a úsáid lena linn. D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon chumas praiticiúil ag an eintiteas díolacháin leictreachais nár úsáideadh a sheachaint toisc go gceanglaítear le dearadh agus oibriú an mhargaidh leictreachais ina ndéantar an leictreachas faoin gconradh go ndíolfar aon mhéid leictreachais nár úsáideadh laistigh de thréimhse shonraithe. Nuair a chuireann eintiteas na ceanglais i mír 2.4 i bhfeidhm, ní gá go mbeadh díolacháin den sórt sin ar neamhréir leis an gconradh atá á shealbhú i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le húsáid. Tá conradh den sórt sin déanta ag eintiteas agus leanann sé de chonradh den sórt sin a shealbhú i gcomhréir le riachtanais ionchasacha an eintitis maidir le húsáid más amhlaidh go raibh an t-eintiteas ina ghlancheannaitheoir leictreachais, agus ina bhfuil coinne ag an eintiteas leis go mbeidh sé ina ghlancheannaitheoir, ar feadh thréimhse an chonartha. Is glancheannaitheoir leictreachais é eintiteas má cheannaíonn sé leictreachas leordhóthanach chun díolacháin aon leictreachais nár úsáideadh sa mhargadh céanna inar dhíol sé an leictreachas a fhritháireamh.

B2.8

Agus cinneadh á dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil eintiteas ina ghlancheannaitheoir leictreachais, breithneoidh an t-eintiteas faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi (atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí) faoina idirbhearta leictreachais roimhe seo, faoina idirbhearta leictreachais reatha agus faoina idirbhearta leictreachais a bhfuil coinne leo amach anseo thar mhéid réasúnta ama. Sainaithníonn an t-eintiteas ‘méid réasúnta ama’ trí bhreithniú a dhéanamh ar an inathraitheacht sa mhéid leictreachais a mheastar a ghinfear mar gheall ar thimthriall séasúrach na ndálaí nádúrtha agus ar an inathraitheacht in éileamh an eintitis ar leictreachas mar gheall ar a thimthriall oibriúcháin. Agus cinneadh á dhéanamh cé acu a bhí nó nach raibh an t-eintiteas ina ghlancheannaitheoir, ní bheidh i ‘méid réasúnta ama’ tréimhse níos faide ná 12 mhí.

Leasuithe ar IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

Cuirtear isteach míreanna 5B–5D, 30A–30C, 44OO–44PP agus an fo-cheannteideal roimh mhír 30A. Áirítear mír 5 ar mhaithe le tagairt di a éascú.

RAON FEIDHME

...

5.

Tá feidhm ag an IFRS seo maidir le conarthaí chun ítim neamhairgeadais atá faoi raon feidhme IFRS 9 a cheannach nó a dhíol.

...

5B

Níl feidhm ag mír 30A ach amháin maidir le conarthaí chun leictreachas atá spleách ar an dúlra a cheannach a chomhlíonann na ceanglais i mír 2.3A de IFRS 9 agus atá lasmuigh de raon feidhme an Chaighdeáin sin i gcomhréir le míreanna B2.7–B2.8 de IFRS 9.

5C

Níl feidhm ag mír 30B ach amháin maidir le conarthaí a chomhlíonann na ceanglais i mír 2.3A de IFRS 9 agus a ainmníodh i ngaolmhaireacht fálaithe sreabhaidh airgid i gcomhréir le mír 6.10.1 de IFRS 9.

5D

Níl feidhm ag mír 30C ach amháin maidir le conarthaí a chomhlíonann na ceanglais i mír 2.3A de IFRS 9 agus a rinneadh maidir le ceannacháin leictreachais eintitis. Áirítear leis na conarthaí sin:

(a)

conarthaí laistigh de raon feidhme IFRS 9; agus

(b)

conarthaí lasmuigh de raon feidhme IFRS 9 i gcomhréir le mír 2.4 den Chaighdeán sin, lena n-áirítear na conarthaí sin a eisiatar i gcomhréir le míreanna B2.7–B2.8 den Chaighdeán sin.

...

SUNTASACHT IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS MAIDIR LE STAID AGUS FEIDHMÍOCHT AIRGEADAIS

...

Nochtaí eile

...

Conarthaí ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra

30A

I nóta aonair amháin ina ráitis airgeadais, nochtfaidh eintiteas faisnéis maidir le conarthaí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 5B. Go háirithe, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar na héifeachtaí a bhíonn ag na conarthaí ar mhéid, uainiú agus éiginnteacht a shreafaí airgid todhchaí agus ar a fheidhmíocht airgeadais. Chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis maidir le gnéithe conarthacha lena bhfágtar an t-eintiteas neamhchosanta ar an méid seo a leanas:

(i)

inathraitheacht sa mhéid foluiteach leictreachais (féach mír 2.3A de IFRS 9); agus

(ii)

an riosca go gceanglófaí ar an eintiteas leictreachas a cheannach le linn eatramh seachadta nach féidir leis an eintiteas an leictreachas a úsáid lena linn (féach mír B2.7 de IFRS 9).

(b)

faisnéis faoi ghealltanais neamhaitheanta a eascraíonn as conarthaí den sórt sin ar an dáta tuairiscithe, lena n-áirítear:

(i)

na sreafaí airgid todhchaí measta ó leictreachas a cheannach faoi na conarthaí sin. Cuirfidh an t-eintiteas a bhreithiúnas i bhfeidhm agus na tréimhsí ama iomchuí inar cheart na sreafaí airgid todhchaí measta a nochtadh á sainaithint aige.

(ii)

faisnéis cháilíochtúil faoin gcaoi a ndéanann an t-eintiteas measúnú ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh conradh éirí dochraideach (féach IAS 37 Soláthairtí, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha), lena n-áirítear na toimhdí a úsáideann an t-eintiteas chun an measúnú sin a dhéanamh.

(c)

faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi éifeachtaí ar fheidhmíocht airgeadais an eintitis le haghaidh na tréimhse tuairiscithe. Tá an nochtadh bunaithe ar an bhfaisnéis is infheidhme maidir leis an tréimhse tuairiscithe a d’úsáid an t-eintiteas chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh sé ina ghlancheannaitheoir leictreachais (féach mír B2.8 de IFRS 9). Nochtfaidh eintiteas faisnéis le haghaidh na tréimhse tuairiscithe faoin méid seo a leanas:

(i)

na costais a eascraíonn as ceannacháin leictreachais a rinneadh faoi na conarthaí, lena nochtar ar leithligh an méid den leictreachas a ceannaíodh nár úsáideadh tráth an tseachadta;

(ii)

na fáltais a eascraíonn as díolacháin leictreachais neamhúsáidte; agus

(iii)

na costais a eascraíonn as ceannacháin leictreachais a dhéantar chun díolacháin leictreachais neamhúsáidte a fhritháireamh.

30B

Déanfaidh eintiteas, le haghaidh a chonarthaí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 5C, an fhaisnéis a nochtann an t-eintiteas, de réir na catagóire riosca, maidir le téarmaí agus coinníollacha ionstraimí fálaithe a dhí-chomhiomlánú i gcomhréir le mír 23A.

30C

Má nochtann eintiteas faisnéis faoi chonarthaí eile ina dtagraítear do leictreachas atá spleách ar an dúlra mar a thuairiscítear i mír 5D (lena n-áirítear na conarthaí sin a dtugtar tuairisc orthu i mír 30B) i nótaí eile ina ráitis airgeadais, áireoidh an t-eintiteas crostagairtí do na nótaí sin sa nóta aonair a cheanglaítear le mír 30A.

...

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ

...

44OO

Le Conarthaí ina dTagraítear do Leictreachas atá Spleách ar an Dúlra, a eisíodh i mí na Nollag 2024, lenar leasaíodh IFRS 9 freisin, cuireadh isteach míreanna 5B–5D, 30A–30C agus 44PP. Cuirfidh eintiteas na míreanna sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé na leasuithe ar IFRS 9 i bhfeidhm. Mura n-athshonraíonn eintiteas faisnéis chomparáideach nuair a chuireann sé na leasuithe ar IFRS 9 i bhfeidhm i gcomhréir le mír 7.2.51 den Chaighdeán sin, ní sholáthróidh an t-eintiteas faisnéis chomparáideach le haghaidh na nochtaí a cheanglaítear le míreanna 30A–30C. Ar an gcaoi chéanna, i gcás eintiteas a chuireann IFRS 19 Fochuideachtaí gan Cuntasacht Phoiblí: Nochtaí i bhfeidhm, ní sholáthróidh sé faisnéis chomparáideach le haghaidh na nochtaí a cheanglaítear le míreanna 64A–64C.

44PP

Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas Conarthaí ina dTagraítear do Leictreachas atá Spleách ar an Dúlra i bhfeidhm den chéad uair, ní gá don eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a cheanglófaí murach sin le mír 28(f) de IAS 8 a nochtadh. Ar an gcaoi chéanna, i gcás eintiteas a chuireann IFRS 19 i bhfeidhm, ní gá dó an fhaisnéis chainníochtúil a cheanglófaí murach sin le mír 178(f) de IFRS 19 a nochtadh.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1266/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)