European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1264

3.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1264 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosmhéid inneachair an bheartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta le haghaidh eisitheoirí áirithe comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 45(7), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 35(4) agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114, tá feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 45(3) den Rialachán sin ní hamháin maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, ach freisin maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha agus, i gcás ina gceanglaíonn a n-údaráis inniúla é, maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad agus maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad.

(2)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/1114, tá an Coimisiún le sonrú a thabhairt ar inneachar íosta an bheartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta chun riosca leachtachta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a bhainistiú lena n-áiritheofar gur féidir le luach an chúlchiste sócmhainní freastal ar iarrataí ar fhuascailt ó shealbhóirí comharthaí den sórt sin faoi ghnáthchásanna agus faoi chásanna struis lena n-áiritheofar gnáthleanúnachas an ghnó. Chun freastal ar aon iarraidh ar fhuascailt, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid aird ar leith a thabhairt ar luaineacht na sócmhainní dá dtagraítear i gcoibhneas leis an gcúlchiste sócmhainní agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh is gá. Chun aon riosca contrapháirtí a mhaolú, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid rioscaí comhchruinnithe choimeádaithe an chúlchiste sócmhainní a sheachaint.

(3)

Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid plean teagmhasach leachtachta a bhunú le comharthaí luathrabhaidh agus uirlisí maolaithe riosca leachtachta. Go háirithe, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid faireachán a dhéanamh mar chomhartha luathrabhaidh ar luaineacht na sócmhainní dá dtagraítear i gcoibhneas leis an gcúlchiste sócmhainní agus ar éabhlóid aon bhearna idir margadhluach na gcomharthaí agus margadhluach na sócmhainní dá dtagraítear, chun iarrataí ar fhuascailt a d’fhéadfadh a bheith ann a thuar, go háirithe i bhfianaise aon ghannmheastachán a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhargadhluach na gcomharthaí sa mhargadh. Ós rud é go bhféadfadh rómheastachán ar mhargadhluach comhartha dreasacht a chruthú chun é a dhíol, ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid aird a thabhairt ar mhéideanna agus ar phraghsanna idirbheart d’fhonn a bheith réidh chun freagairt d’aon éabhlóid dhíobhálach ar mhargadh na gcomharthaí.

(4)

Ós rud é go ndéantar cúlchiste sócmhainní le haghaidh comhartha sócmhainn-tagartha amháin nó comhartha ríomh-airgid amháin a dheighilt ó chúlchiste sócmhainní comharthaí den sórt sin, ba cheart an beartas agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta a bhaineann le gach ceann acu a leagan amach ar leithligh freisin.

(5)

Chun a áirithiú go mbeidh próifíl leachtachta athléimneach ag na cúlsócmhainní a chuireann ar chumas eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid leanúint de bheith ag feidhmiú mar is gnách freisin i gcásanna struis leachtachta, ba cheart tuairisc mhionsonraithe ar na rioscaí a chumhdaítear, na paraiméadair a shainaithnítear agus a gcalabrú chun críocha cásanna struis leachtachta a thástáil, a áireamh sa bheartas bainistithe leachtachta. Leis an athbhreithniú ar an bhfaisnéis sin, ar cheart é a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh gach cleachtadh tástála struis leachtachta, meastar go mbeidh maoirseoirí in ann cinneadh a dhéanamh maidir le bearta iomchuí chun ceanglais leachtachta na n-eisitheoirí a neartú más gá.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin, agus a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(7)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid seo a leanas:

(a)

eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha;

(b)

institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha;

(c)

eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn údarás inniúil é sin faoi Airteagal 35(4) de Rialachán (AE) 2023/1114;

(d)

institúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn údarás inniúil é sin faoi Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114.

Airteagal 2

Beartais agus nósanna imeachta chun riosca leachtachta a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú

1.   Áireofar sna beartais agus sna nósanna imeachta bainistithe leachtachta straitéisí stóinsithe, agus próisis chun riosca leachtachta a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán agus tuairisciú inmheánach a dhéanamh air thar shraith tréimhsí ama lena léirítear an riosca sin go hiomchuí.

2.   Áiritheofar leis na beartais agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta go gcoinneofar leibhéil leordhóthanacha cúlsócmhainní ar bun chun freastal ar iarrataí ar fhuascailt ó shealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid tráth ar bith, lena n-áirítear i gcásanna struis.

3.   Beidh na beartais agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta comhréireach le castacht, próifíl riosca agus raon feidhme oibríochta eisitheoirí na gcomharthaí sócmhainn-tagartha nó na gcomharthaí ríomh-airgid.

Déanfaidh comhlachtaí bainistíochta eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid na beartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta a fhormheas agus socróidh siad leibhéil lamháltais riosca do gach comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid.

Léireofar sna beartais agus sna nósanna imeachta bainistithe leachtachta na rioscaí leachtachta reatha agus ionchasacha atá ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid.

Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid faireachán ar na rioscaí sin ar bhonn leanúnach. Áireofar an méid seo a leanas san fhaireachán sin:

(a)

taiscí le hinstitiúidí creidmheasa, ionstraimí airgeadais fíorleachtacha agus aon chúlsócmhainní eile a shainaithint;

(b)

na critéir a shocrú chun margadhluach na gcúlsócmhainní a chinneadh;

(c)

an measúnú ar riosca comhchruinnithe, acmhainneacht creidmheasa agus fóntacht leachtachta, chomh maith le teorainneacha agus tréimhsí ama na rioscaí sin, agus comhsheasmhacht na n-airgeadraí;

(d)

na teicnící chun cobhsaíocht luach an chúlchiste sócmhainní a áirithiú i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear.

4.   Bunóidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid socruithe chun bainistiú fónta a dhéanamh ar an riosca leachtachta ionlae. Áireofar an méid seo a leanas ar na socruithe sin:

(a)

sainaithint na riachtanas agus na n-acmhainní leachtachta ionlae a bhfuiltear ag súil leo;

(b)

próisis agus nósanna imeachta a chur ar bun atá comhleanúnach le próifíl eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha nó an chomhartha ríomh-airgid agus staid theagmhasach agus ionchasach an mhargaidh.

5.   Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid faireachán ar a gcúlsócmhainní chun a áirithiú go bhfuil siad ar fáil chun luach na sócmhainní atá faoi thagairt ag comharthaí den sórt sin a chumhdach i gcónaí, lena n-áirítear, i gcásanna éigeandála, agus déanfaidh siad measúnú ar oiriúnacht an rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh, go háirithe i gcás ina bhfuil na sócmhainní atá faoi thagairt ag na comharthaí an-luaineach nó i gcás nach cuid den chúlchiste sócmhainní iad.

6.   Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid faireachán, ar bhonn rialta, ar cheapachán coimeádaithe cúlsócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2023/1114, ar na beartais chumhdaigh agus ar na socruithe conarthacha gaolmhara.

7.   Beidh bearta sonracha i bhfeidhm ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid agus bunóidh siad teorainneacha inmheánacha chun comhchruinniú an chúlchiste sócmhainní ag coimeádaí a sheachaint.

8.   Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a dhéanann tagairt do shócmhainn amháin ar a laghad nach airgeadra oifigiúil, bunóidh siad próisis agus nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a eascraíonn as cásanna nach bhfuil an cúlchiste sócmhainní comhdhéanta de na sócmhainní dá dtagraítear, lena n-áirítear socruithe chun rioscaí a bhainistiú a eascraíonn as úsáid ionstraimí díorthacha nó ionstraimí lena rianaítear na sócmhainní tagartha.

Airteagal 3

Beartas teagmhasach agus uirlisí maolaithe riosca leachtachta

1.   Mar chuid de na beartais agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta, déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid comharthaí luathrabhaidh a fhorbairt agus a chalabrú go hiomchuí. Áireofar na rabhaidh seo a leanas sna comharthaí sin:

(a)

i gcás dialltaí uasta idir margadhluach an chúlchiste sócmhainní agus margadhluach na sócmhainní dá dtagraítear sna comharthaí;

(b)

le haghaidh diallais uasta idir margadhluach na gcomharthaí agus margadhluach na sócmhainní dá dtagraíonn na comharthaí.

2.   Beidh uirlisí éagsúla maolaithe riosca leachtachta i bhfeidhm agus á n-athbhreithniú go rialta ag eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, lena n-áirítear rochtain leordhóthanach ar fhoinsí cistiúcháin éagsúlaithe, chun freagairt d’aon chomhartha luathrabhaidh, faoi ghnáthchásanna agus faoi chásanna struis.

3.   Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a straitéisí, a gcomharthaí luathrabhaidh, a mbeartais inmheánacha agus a dteorainneacha ar riosca leachtachta a choigeartú, agus forbróidh siad pleananna teagmhasacha leachtachta éifeachtacha chun toradh na tástála rialta struis a chur san áireamh.

4.   Agus míreanna 1, 2 agus 3 á gcur i bhfeidhm acu, coinneoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid an doiciméadacht bheartais seo a leanas:

(a)

tuairisc ar na línte freagrachtaí maidir leis an bplean teagmhasach leachtachta a dhearadh, a fhormheas, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil cothrom le dáta, agus faireachán a dhéanamh air;

(b)

tuairisc ar na straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh leachtachta i gcásanna éigeandála;

(c)

tuairisc ar uirlisí, ina gcuimsítear na teorainneacha inmheánacha a leagtar amach sna nósanna imeachta chun riosca leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 2 a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú, chun faireachán a dhéanamh ar dhálaí margaidh lena gceadaítear d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a chinneadh, go tráthúil, an bhfuil údar le bearta a mhéadú nó a fhorghníomhú, nó an dá rud.

Airteagal 4

Leithscaradh an bheartais agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta

1.   Déanfaidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a chur i bhfeidhm ar leithligh do gach comhartha sócmhainn-tagartha nó do gach comhartha ríomh-airgid. Bunófar na nósanna imeachta chun riosca leachtachta, na beartais theagmhasacha agus na huirlisí maolaithe riosca leachtachta, na teorainneacha riosca, na huirlisí bainistíochta leachtachta agus na straitéisí dá dtagraítear sna hAirteagail seo a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú agus a thuairisciú, ina n-ábhar agus ina bhfoirm, agus na sócmhainní éagsúla dá dtagraítear leis an gcomhartha sócmhainn-tagartha éagsúil nó leis an gcomhartha ríomh-airgid suntasach éagsúil agus a gcomhghaol leis an gcúlchiste leithscartha ábhartha sócmhainní á gcur san áireamh.

2.   Maidir leis an mbeartas agus na nósanna imeachta bainistithe leachtachta a shonraítear sa Rialachán seo, beidh siad ar leithligh, ó thaobh inneachair agus foirme de, ón mbeartas leachtachta agus ó na nósanna imeachta leachtachta a bhaineann le gníomhaíochtaí an eisitheora seachas iad sin a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a eisiúint.

Airteagal 5

Próiseas agus nósanna imeachta chun cásanna struis leachtachta a thástáil

1.   Áireoidh eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid ina mbeartas bainistithe leachtachta an próiseas agus na nósanna imeachta chun cásanna struis leachtachta a thástáil agus an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach tástáil struis:

(a)

rioscaí a chumhdaítear sa tástáil struis leachtachta;

(b)

na paraiméadair a breithníodh, a gcalabrú faoi strus, agus na cásanna struis agus na tréimhsí ama a úsáideadh sa tástáil struis leachtachta;

(c)

sonraí agus toimhdí stairiúla, lena n-áirítear aon bhreithiúnas ó shaineolaithe, arna meas ag an eisitheoir i gcalabrú na bparaiméadar dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

toradh na tástála struis leachtachta agus aon leigheas a rinneadh.

2.   Áireofar sa tástáil struis leachtachta gné tástála struis droim ar ais chun measúnú a dhéanamh ar theorainn athléimneachta phróifíl leachtachta gach cúlchiste sócmhainní.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1264/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)