European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1261

26.6.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1261 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meitheamh 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 4073)

(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún (4) an 5 Meitheamh 2025, faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429. Sonraítear ann bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir.

(5)

Go sonrach, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 go gcuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais atá le bunú ag an mBallstát sin tar éis ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(6)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ann, tá fógra tugtha ag an mBulgáir don Choimisiún faoi ráig amháin bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíocht ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach atá lonnaithe i réigiún Burgas, thart ar 90 ciliméadar ó na ráigeanna in Haskovo, lasmuigh de na criosanna cosanta agus faireachais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo.

(7)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ann maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir, agus go háirithe an ráig nua sin á cur san áireamh, ba cheart na bearta éigeandála dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 a choigeartú, ó thaobh spáis agus ama de, chun leathadh breise an ghalair sa Bhulgáir nó sa chuid eile den Aontas a chosc. Dá bhrí sin, an liosta de limistéir atá tugtha cothrom le dáta inar cheart crios srianta a bhunú sa Bhulgáir i leith na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar, é sin agus an fad tréimhse atá beartaithe do na criosanna sin, ba cheart iad a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(8)

Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán na Bulgáire, agus an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Cuirtear caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) san áireamh freisin agus fad tréimhse na mbeart á chinneadh (5). I bhfianaise na mbreithnithe sin, agus iad á gcur san áireamh i ndáil leis an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir, is gá méid agus fad tréimhse na gcriosanna cosanta agus faireachais timpeall ar an ráig i réigiún Burgas a mhéadú, chun leathadh breise an ghalair a chosc.

(9)

Dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160, ina liostaítear na limistéir nach mór criosanna cosanta agus faireachais a bhunú iontu, ba cheart an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur ina hionaid.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1160 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/948 (IO L, 2025/1160, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1160/oj).

(5)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.


IARSCRÍBHINN

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

Réigiún Haskovo

BG-CAPRIPOX-2025-00004

BG-CAPRIPOX-2025-00005

Protection zone:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7231, Long. 26.3188 (2025/4), Lat. 41.7171, Long. 26.316 (2025/5).

18.6.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7231, Long. 26.3188 (2025/4), Lat. 41.7171, Long. 26.316 (2025/5), excluding the areas contained in the protection zone.

27.6.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 41.7231, Long. 26.3188 (2025/4), Lat. 41.7171, Long. 26.316 (2025/5).

19.6.2025 - 27.6.2025

Réigiún Haskovo

BG-CAPRIPOX-2025-00006

Protection zone:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1161, Long. 26.182 (2025/6).

18.6.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1161, Long. 26.182 (2025/6), excluding the areas contained in the protection zone.

27.6.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Haskovo, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1161, Long. 26.182 (2025/6).

19.6.2025 -27.6.2025

Réigiún Burgas

BG-CAPRIPOX-2025-00007

Protection zone:

Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3872, Long. 27.2608 (2025/7).

14.7.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 15 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3872, Long. 27.2608 (2025/7), excluding the areas contained in the protection zone.

29.7.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.3872, Long. 27.2608 (2025/7).

15.7.2025 -29.7.2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1261/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)