|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1247 |
27.6.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1247 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Meitheamh 2025
lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2460 an lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cuimsíodh meatafluitrin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 30 Aibreán 2021 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
|
(2) |
An 25 Deireadh Fómhair 2019 cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘an t-iarratas’). Is é údarás inniúil na hÉireann a rinne meastóireacht ar an iarratas. |
|
(3) |
De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/327 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18. Cuireadh an dáta éaga sin ar atráth arís go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1086 ón gCoimisiún (4), agus go dtí an 30 Aibreán 2026 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2460 ón gCoimisiún (5) chun go mbeadh dóthain ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1248 (6) ón gCoimisiún, rinneadh athnuachan ar an bhformheas maidir le meatafluitrin (a athainmníodh go eipsealón-meatafluitrin) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, faoi réir na gcoinníollacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, lena n-áirítear dáta éaga an fhormheasa. Dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2460 ón gCoimisiún lena gcuirtear ar atráth dáta éaga tosaigh an fhormheasa maidir le meatafluitrin, is iomchuí é a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2460.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/327 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 64, 24.2.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/327/oj.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1086 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 144, 5.6.2023, lch. 96, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1086/oj.
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2460 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2460, 17.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2460/oj.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1248 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2025 lena ndéantar athnuachan ar an bhformheas maidir le eipsealón-meatafluitrin mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/1248, 27.6.2025, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1248/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1247/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)