|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1244 |
20.6.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1244 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Meitheamh 2025
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le rúin áirithe a ndéanfar vótáil orthu ag an 23ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin áirithe (‘na dréachtrúin ó OIV’) agus d’fhéadfadh sé go nglacfadh sí na rúin sin sa chéad Chomhthionól Ginearálta eile a bheidh aici an 20 Meitheamh 2025. Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na dréachtrúin ó OIV, dá nglacfaí iad, de réir bhrí Airteagal 218(9) den Chonradh. |
|
(2) |
Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017 dheonaigh OIV don Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV. |
|
(3) |
Tá 20 Ballstát an Aontais ina gcomhaltaí de OIV freisin. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin ó OIV a mholadh, agus iarrfar orthu na dréachtrúin ó OIV a ghlacadh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de OIV. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe OIV i ndáil leis na dréachtrúin ó OIV a bhunú maidir le hábhair atá faoina inniúlacht. Ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad freisin an seasamh sin a chur in iúl ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais. |
|
(5) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (2), beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV. |
|
(6) |
Foráiltear le hAirteagal 80(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún, agus cleachtais fhíoneolaíocha á n-údarú aige, na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a chur san áireamh. |
|
(7) |
Foráiltear le hAirteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus modhanna anailíse á leagan síos ag an gCoimisiún lena gcinnfear comhdhéanamh tháirgí earnáil an fhíona, go mbunóidh sé na modhanna sin ar aon mhodh ábhartha arna mholadh agus arna fhoilsiú ag OIV mura rud é go mbeidís neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas. |
|
(8) |
Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear isteach san Aontas, go dtáirgfear na táirgí sin i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna n-údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, go dtáirgfear iad i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV. |
|
(9) |
Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, i gcás nach leagann an Coimisiún síos na sonraíochtaí íonachta agus na sonraíochtaí aitheantais, gurb iad sin na sonraíochtaí dá dtagraítear i gcolún 4 de Thábla 2 i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a thagraíonn do mholtaí OIV. |
|
(10) |
Moltar i nDréachtrúin OENO-MICRO 22-713A agus OENO-MICRO 22-713B ó OIV modh nua chun cill giosta a chomhaireamh in úrfhíonta, i bhfíonta, agus i saothráin giosta. Le Dréachtrún OENO-MICRO 23-739 ó OIV déantar prótacal caighdeánach a bhailíochtú chun meastóireacht a dhéanamh ar airíonna coipthe Saccaromicys cerevisiae. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na rúin sin, dá nglacfaí iad. |
|
(11) |
Le Dréachtrún OENO-TECHNO 14-540B ó OIV, bunaítear cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíonta páirt-dhí-alcólaithe. Le Dréachtrún OENO-TECHNO 23-730, tugtar isteach uasteorainn inghlactha de thiúchan aigéid shorbaigh i bhfíon. Le Dréachtrún OENO-TECHNO 23-738 ó OIV, tugtar isteach cleachtas fíoneolaíoch nua maidir le húsáid aigéid fhúmaraigh chun an coipeadh malalachtach in úrfhíonta a rialú. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na rúin sin, dá nglacfaí iad. |
|
(12) |
Baineann Dréachtrúin OENO-SPECIF 21-691 agus OENO-SPECIF 23-728 ó OIV le modhanna chun cóimheasa iseatópacha d’aigéad tartarach agus ciotósán a chinneadh, faoi seach. I gcomhréir le hAirteagal 80(3)(a), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus le hAirteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, is rúin iad sin a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo, dá nglacfaí iad. |
|
(13) |
Maidir leis na dréachtrúin ó OIV, a phlé saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona go fairsing, ba cheart dóibh cur le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo. |
|
(14) |
Dréachtrún eile ó OIV a mbíonn, dá nglacfaí é, éifeachtaí dlíthiúla aige ar dhlí an Aontais agus a cuireadh faoi bhráid an Chomhthionóil Ghinearálta lena ghlacadh ná Dréachtrún OENO-TECHNO 14-540A ó OIV, lena mbunaítear cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon dí-alcólaithe, lena n-áirítear gliocról (E 422) a chur leo ar uastiúchan 50 g/L. Moladh an t-uasleibhéal ceadaithe bunaithe ar fhianaise eolaíoch neamhleor maidir leis na héifeachtaí ar an táirge agus ar shláinte tomhaltóirí. Níor cheart, dá bhrí sin, tacú leis an dréachtrún sin ó OIV go dtí go ndéanfar measúnú cuí, go háirithe maidir le huasleibhéil shábháilte ghliocról (E 422) don chatagóir táirge d’fhíon dí-alcólaithe. Ina theannta sin, ba cheart an roinn maidir le ‘Milsiú’, go háirithe an sainmhíniú ‘Milseoirí a chur le fíon dí-alcólaithe’, a léirmhíniú mar ní atá teoranta do na táirgí a liostaítear in ‘Oideasú’; ba cheart an rud céanna a thabhairt faoi deara i ndáil le Dréachtrún OENO-TECHNO 14-540B ó OIV. |
|
(15) |
Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh an chéad Chomhthionól Ginearálta eile de OIV a thionólfar an 20 Meitheamh 2025, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad freisin aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin ó OIV ar choinníoll nach n-athraítear a substaint leis na hathruithe sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 23ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), a thionólfar an 20 Meitheamh 2025, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is iad Ballstáit an Aontais ar comhaltaí de OIV iad freisin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 3
1. I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad freisin go gcuirfear an vótáil i gComhthionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go leagfar síos seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
2. Tar éis comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad freisin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin ó OIV dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo nach n-athraítear a substaint leo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. DZIEMIANOWICZ-BĄK
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an t-íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/934/oj).
IARSCRÍBHINN
Na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas ag céim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 20 Meitheamh 2025, agus beidh an tacaíocht sin faoi réir aon athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar bhonn forbairtí nua:
|
— |
OENO-MICRO 22-713A: Comhaireamh ceall giosta trí chítiméadracht sreafa a úsáid in úrfhíonta fíonchaor agus i bhfíonta; |
|
— |
OENO-MICRO 22-713B: Comhaireamh ceall giosta ag trí chítiméadracht sreafa a úsáid i saothráin giosta; |
|
— |
OENO-MICRO 23-739: Bailíochtú prótacail chaighdeánaigh chun meastóireacht a dhéanamh ar airíonna coipthe tréithchineálacha S. cerevisiae; |
|
— |
OENO-TECHNO 14-540B: Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon páirt-dhí-alcólaithe, faoi réir na tuisceana gur cheart an roinn maidir le ‘Milsiú’ agus go háirithe an Sainmhíniú ‘ Milseoirí a chur le fíon dí-alcólaithe ’ a léirmhíniú mar ní atá teoranta do na táirgí a liostaítear in ‘ Oideasú ’; |
|
— |
OENO-TECHNO 23-730: Teorainn aigéid shorbaigh i bhfíon; |
|
— |
OENO-TECHNO 23-738: Cóireáil úrfhíonta le haigéad fúmarach le haghaidh rialú micribhitheolaíoch; |
|
— |
OENO-SPECIF 21-691: Cinneadh na gcóimheas iseatópach (L+) d’aigéad tartarach 13C/12C agus 18O/16O trí mhais-speictriméadracht cóimheas iseatóip; |
|
— |
OENO-SPECIF 23-728: Cóimheasa iseatópacha ciotósáin 13C/12C agus 15N/14N a chinneadh trí mhais-speictriméadracht cóimheas iseatóip. |
Na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, faoi réir aon athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar bhonn forbairtí nua, ní thacóidh siad leis an dréachtrún seo a leanas ag céim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 20 Meitheamh 2025:
|
— |
OENO-TECHNO 14-540A: Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha le haghaidh fíon dí-alcólaithe. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1244/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)